“IS ÉAGSAMHLACH NA DAOINE IAD!”
Ach do críochnuigheadh an dínnér agus tháinig deire na cainte agus d’eirigh an chuideachta. D’iar Brian ar an Legáid teacht ag triall air féin go Ceann Cora ar chuaird chómh luath agus thiocfadh san isteach le n-a chaothamhlacht. Dúbhairt an Legáid go n-oirfeadh dó raint laethanta thabhairt sa mhainistir, i bhfochair Cholla, ag socarughadh agus ag léiriughadh a lán neithe a bhain le gnóthaíbh Eagailse agus le gnóthaíbh Creidimh, ní h-amháin sa mhainistir sin Ínse Cathaigh ach i mainistiribh agus i n-eaglaisibh na Múmhan go léir. Go mbéadh an chuid ba bhruideamhla de ghnó Ínse Cathaigh déanta aige lastigh de sheachtmhain. Ansan, dá mb’ é toil an rígh é, go dtabharfadh sé cuaird go Ceann Cora. Do socaruigheadh ar sheachtmhain ó’n lá san dó chun na cuairde sin do thabhairt. Ansan d’imthigh Brian agus a chualacht abhaile agus d’fhan an Legáid sa mhainistir, é féin agus an chualacht bheag a tháinig leis ó’n Róimh.
Ar ball, nuair a bhí Colla agus an Legáid i bhfochair a chéile ’n-a n-aonar do ghlaoidh Colla ar Amhlaoibh.
Tháinig Amhlaoibh.
“Seo, a Amhlaoibh,” arsa Colla, ag síneadh na h-eochrach chuige, “imthigh agus tabhair chúghainn anso an bosca iarainn úd n-a raibh an chailís óir ann.”
D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé leis an bosca, agus chuir sé ar an mbórd é i bhfiadhnaise na beirte.
“Imthigh-se a chodla anois, a mhic ó,” arsa Colla leis. “Ní foláir nó tá codla ort agus tuirse tar éis an lae.”
Ansan d’osgail Colla an bosca iarainn agus thaisbeáin sé do’n Legáid é, agus d’inis sé dhó cúrsaí na cailíse.
“Is cuimhin liom an chailís sin go h-áluinn,” arsa’n Legáid. “Bhí sí am’ láimh agam go minic. Cailís ana dhaor ab eadh í. Anoir ó Chathair Chonstantín a cuireadh ar dtúis í ó’n Ímpire, mar bhronntanas chun an Phápa. Mise adúbhairt gur cheart í chur anso go h-Éirinn ag triall ar Bhrian. Is mór an truagh í bheith imthighthe.”
Ansan do cheistigh sé Colla go dlúth i dtaobh na n-eochrach, agus conus a bhí coimeád ortha, agus cé r’ bh’é an gabha a dhein iad, agus cé r’ bh’é an gabha a dhein an bosca iarainn. D’ imthigh sé féin amach chun an érdaim go bhfeicfeadh sé an córtha daingean n-a raibh an bosca iarainn fé ghlas istigh ann. Nuair a bhí gach aon rud feicithe, trialta, iniúchta go maith aige tháinig sé thar n-ais agus do shuigh sé agus dhein sé a mhachtnamh. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair sé.
“Inis dom, a Cholla,” ar seisean, “cá raibh an chailís sar ar tugadh do’n mhainistir seo í.”
“Bhí sí thoir i gCeann Cora gan amhras,” arsa Colla.
“Cé aige go raibh sí i gcoimeád i gCeann Cora?” arsa’n Legáid.
“Is dócha go raibh sí i gcoimeád ag an mBanríghin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.
Do stad an Legáid agus dhein sé machtnamh eile. Do labhair sé airís.
“Cá bhfuil an gabha a dhein na h-eochracha so?” ar seisean.
“Tá sé thuas i Luimneach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Isé dhein an dá eochair sin dom, agus isé dhein an bosca iarainn dom. Ceárdaidhe ana shlachtmhar, ana eólguiseach, iseadh é. Tá inntleacht aige nách gnáth a bheith ag ceárdaidhthibh d’á shórd. Bíon sé ag obair do Bhrian ag déanamh arm dó, agus deirtear gur fearr leis na fir na h-airm a dheinean sé ’ná na h-airm a dheinean aon cheárdaidhe eile d’á bhfuil ag obair ag Brian. Cruadhan sé an faobhar ar chuma éigin nách eól d’ aoinne ach dó féin, agus gleusan sé na h-airm i dtreó gur fearr a féadtar iad do bheartughadh agus úsáid a dhéanamh díobh ’ná mar a féadtar an mheághchaint chéadna iarainn agus adhmaid do bheartughadh chun gnímh ins na h-airm a dheinean aon ghabha eile, agus gur fearr a choimeádaid siad an faobhar ’ná mar a choimeádaid aon airm eile é.”
“Is dócha,” arsa’n Legáid, “ó tá an buadh san aige ar na gaibhníbh eile, gur fear saidhbhir é.”
“Iseadh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Fear ana shaidhbhir iseadh é. Nuair a fuair Brian amach an t-eólus go léir a bheith aige ar dhéanamh na n-arm thug sé fearan tailimh saor dó lasmuich de’n chathair, ar bruach na Sionainne, ar choinghíoll ná déanfadh sé aon arm d’aon rígh eile ach do Bhrian féin.”
“Cad é an ainim atá air, a Cholla?” arsa’n Legáid.
“Níor airigheas riamh an ainim a tugadh air nuair a baisteadh é. Ní’l ag an bpoibilidheacht air ach leas-ainim. ‘Meargach na Lann,’ a tugtar air, mar gheall, is dócha, ar fheabhas na n-arm a dheinean sé. Tugtar ‘Meargach Gabha’ air, leis, agus ‘Meargach Maol,’ agus ‘Meargach Dubh,’ agus ‘Meargach,’ gan aon rud a chur leis.”
Dheineadar raint eile cainte ar ghnó na mainistreach, agus ansan chuadar a chodla.
D’imthigh an tseachtmhain. Do ghluais an Legáid agus a chualacht soir go Ceann Cora. Chuaidh Colla agus Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh soir i n-aonfheacht leó. Bhí cuideachta mhór cruinnighthe rómpa thoir. Bhí a lán de ríogra agus d’uaislibh Múmhan agus Laighean ann. Bhí Tadhg Mór ua Cealla ann agus cuid de ríogra Conacht le n-a chois. Bhí Niamh ann. An áit ’n-a mbíodh Tadhg Mór ua Cealla ba ghnáth go mbíodh a inghean ann. Bhí tréithe móra maithe sa ríogan óg san agus ba mhór é uraim na ndaoine go léir di mar gheall ar na tréithibh sin. Bhí sé i mbeulaibh daoine gur bh’í an Bhanríghin, Gormfhlaith, an bhean dob’ áilne ar bith an uair sin, ach fé mar a bhí Niamh ag eirighe suas bhí daoine ’ghá rádh go mbuadhfadh a h-áilneacht ar áilneacht Ghormfhlaith féin um an dtaca ’n-a mbéadh sí ag imtheacht as na déagaibh. Bhí sí i ngar do bheith ag imtheacht asta le linn na h-aimsire sin ’n-ar tháinig sí féin agus a h-athair go Ceann Cora, go ríghtheighlach Bhriain, chun Legáid an Phápa dh’fheisgint. I n-éaghmais a h-áilneachta bhí mórán de thréithibh maithe eile inti. Bhí an Creideamh ana láidir istigh ’n-a croídhe. Bhí grádh aici do’n Chreideamh agus do gach nídh a bhain leis an gCreideamh, agus do ghealadh a croídhe i gcómhnuighe dos na daoine a bhíodh dílis do’n Chreideamh, agus do thaisbeánadh sí é nuair ba cheart é thaisbeáint. Bhí na daoine bochta go léir buidheach di, agus do tugtí fé ndeara go mbíodh sí chómh fial sa déirc leis an Lochlanach a bhéadh ’n-a ghátar agus bhíodh sí, nách mór, leis an Éireanach a bhéadh ’n-a ghátar. Bhí a ciall agus a tuisgint chómh géarchúiseach san gur bh’ ar éigin a bhíodh aon rud ar aigne a h-athar ná h-innseadh sé dhi agus ná cuireadh sé ’n-a cómhairle. Ach bhí aon tréith amháin inti do tharaing uraim na ndaoine chúichi thar gach treith eile d’á raibh inti. B’é tréith é sin ’ná an cion a bhí aici ar a h-athair. Dar léi, ní raibh fear eile beó i n-Éirinn a bhí chómh maith leis, ná chómh h-uasal leis, ná chómh ríoga leis, ná chómh fial leis, ná chómh mórchroídheach leis, ná chómh breagh d’fhear leis.
Bhí féasta mór i gCeann Cora an lá san. Bhí cuideachta ríoga bailighthe ann, agus bhí dóthin na cuideachtan de rígh i mBrian. Do thuig gach aoinne go raibh, agus bhí daoine ann a déarfadh nách i gCeann Cora ba cheart an chuideachta san a bheith i bhfochair a chéile an uair sin ach thíos i dTeamhair, agus nách ar Leath Mhogha ba cheart Brian a bheith ’n-a rígh ach gur i n-a Árdrígh ar Éirinn ba cheart é bheith. Do h-airigheadh cogarnach de’n tsórd san ar siúbhal go minic i gcaitheamh an tráthnóna agus i gcaitheamh na h-oídhche. D’airigh Brian an chogarnach, ach níor leig sé air gur airigh. D’airigh Murchadh an chogarnach, agus dúbhairt sé leis an bhfear a labhair ciall a bheith aige. D’airigh Gormfhlaith an chogarnach. Do chruadhaidh a gnúis agus do las solus ’n-a súilibh, agus níor sholus fóghanta é.
Bhí cogarnach eile, leis, ar siúbhal. Bhí Niamh agus a h-athair ’n-a suighe i n-aice chéile, agus is ar éigin fheádadh an chuideachta gan bheith ag feuchaint ortha. Is beag ná go mbuadhadh an iongnadh ar na béasaibh acu, agus ná go bhfeuchaidís níba mhó ’ná mar ba cheart i dtreó na beirte, bhí a leithéid sin de sholus áilneachta i n-aghaidh na h-inghíne. Ansan do fuaradar go léir amach, sa chogarnach dóibh, gur Mórling ab ainim di agus gur bh’ amhlaidh a tugadh Niamh Chinn Óir mar leas-ainim uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh. Thuigeadar go léir ’n-a n-aigne nár bh’aon iongnadh i n-aon chor gur tugadh an leas-ainim sin uirthi, mar gur bh’í an “Niamh Chinn Óir” i gceart í.
I n-éaghmais na cogarnaighe bhí gleó cainte sa chuideachtain a bhí árd go leór. Do cíoradh agus do slámadh agus do cuireadh tré chéile airís gach gníomh des na gníomharthaibh móra a deineadh ins na cathanaibh úd, ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna Mháma. Na fir, sa chuideachtain, ná raibh i gcath acu bhíodar i gcath éigin eile acu, agus an t-é ná féadadh tuairisg a thabhairt ar chath acu thugadh sé tuairisg ar chath eile acu, agus uaireanta d’eirígheadh argóint theith idir bheirt a bhí sa n-aon chath amháin, duine acu ’ghá áiteamh gur ’n-a leithéid seo chuma do buadhadh an cath, agus an duine eile ’ghá áiteamh nár bh’eadh ach i ’n-a leithéid siúd eile de chuma. Ansan b’ fhéidir go labharfadh an trímhadh duine agus go ndéarfadh sé go raibh an éagcóir ag an mbeirt, agus go dtabharfadh sé a mhalairt ar fad de thuairisg ar an gcuma ’n-ar buadhadh an cath. Bhí oiread san neithe tuitithe amach sa Mhúmhain i gcaitheamh beagán blianta roimis sin nár bhaoghal do’n chuideachtain aon tocht a theacht ortha le h-easba adhbhar cainte. Níor tháinig aon tocht ortha. Bhí gleó agus argóint agus áiteamh agus aighneas acu go tiugh, agus má bhí ní baoghal ná go raibh sult agus greann agus gáirí go tiugh acu, leis, agus iad ag maoidheamh go h-árd agus go suairc agus go móraigeanta mar gheall ar an gcuma ’n-a raibh Clanna Gaedhal i n-uachtar agus Lochlanaigh ar lár.
Fé mar a tháinig a ndóthin a bheith ithte agus ólta ag an gcuideachtain bhí an chaint agus an sult agus an gleó ag dul i n-aoirde. Fé dheire do bhuail Brian an cluigín. Do stad an gleó. Bhí gach aoinne ciúin. Do labhair Brian. D’iar sé ar an gcuideachtain sláinte an Phápa dh’ ól. Do mhol sé an Creideamh agus do mhol sé Ceann Sofheicse an Chreidimh, agus do gheall sé, uaidh féin, agus thar cheann a raibh láithreach d’ uaislibh Gaedhal, agus tar cheann a raibh beó de shíolrach Gaedhal, go mbéadh sliocht Gaedhal dílis do’n Chreideamh, le congnamh Dé, an fhaid a bhéadh grian ar spéir agus daoine ar talamh.
Do h-óladh sláinte an Phápa agus do guidheadh faid saoghail chuige. Ansan do labhair an Legáid. Dúbhairt sé airís os cómhair na cuideachtan san an chaint adúbhairt sé thíos i n-Inis Cathaigh. D’inis sé conus mar a bhí an Euróip go léir ag faire an uair sin ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh agus ar an ngleic uathbhásach a bhí acu ’á dhéanamh le cómhachtaibh Lochlan; gur bh’ í an ghleic uathbhásach san a bhí ag sábháil na h-Euróipe agus ag sábháil na h-Eagailse ar fuid na h-Euróipe, ó’n leirsgrios a dhéanfadh na Lochlanaigh ortha mura mbéadh an cosg a bhí d’á chur le n-a réim agus le n-a neart anso i n-Éirinn. Dúbhairt sé go mbéadh an Pápa agus cléir na Rómha agus an Eaglais ar fuid na h-Euróipe ag guidhe chun Dé do ghnáth ’ghá iaraidh ar Dhia na Glóire cabhrughadh go láidir leis na Gaedhlaibh agus le Brian sa ghleic sin, agus an buadh a bhí acu d’á thuilleamh chómh maith do thabhairt dóibh sa deire go h-iomlán.
Do thug an chuideachta trí gártha molta do’n Phápa. Ansan do thugadar trí gártha molta do Bhrian. Ansan d’iaradar d’ aon guth ar an Legáid an bheannacht a thabhairt airís dóibh. Bhí iongnadh air nuair a h-iaradh san air, ach nuair a chonaic sé Brian agus Murchadh agus an chuideachta go léir ar a nglúinibh thug sé dhóibh an bheannacht. Dúbhairt sé i n’ aigne féin ámhthach: “Is éagsamhlach na daoine iad! Gleó agus aighneas agus glór árd agus éirleach cainte—agus ansan—beannacht an Phápa! Is éagsamhlach na daoine iad!”