Niamh · Peter O'Leary

Chapter 8: An Bosca

Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur thré chéile go dtí go dtáinig aimsir codlata. Nuair a bhíodar go léir imthighthe a chodla chuir an t-Abb fios ar Amhlaoibh. Tháinig Amhlaoibh.

“Seo, a mhic,” arsa’n t-Abb, “eochair an chórtha iarainn atá sa n-érdam duit, agus tabhair chugam anso an bosca iarainn atá istigh sa chórtha. Istigh sa bhosca iarainn sin iseadh ’tá an chailís óir úd a thug Brian dúinn. Déarfaidh an t-Easbog so a tháinig ó’n Róimh Aifrean Árd anso amáireach dúinn i láthair an rígh, agus ní mór an chailís óir sin a thabhairt dó chun an Aifrinn sin do rádh.”

D’imthigh Amhlaoibh agus do rug sé an eochair leis. Níor bh’fhada gur tháinig sé agus an bosca iarainn aige.

“Cuir ansan ar an gclár é, a mhic,” arsa’n t-Abb.

Do chuir. Do thug an t-Abb leis eochair eile. D’osgail sé an bosca. D’fheuch sé isteach ann. Chuir sé a lámh isteach ann. Do lúb a chosa féi, agus bhí sé i riocht tuitim ach gur rug Amhlaoibh air.

“Cad a tháinig ort, a Athair?” arsa Amhlaoibh.

Níor labhair sé. Shín sé a mhéar chun an bhosca. D’fheuch Amhlaoibh isteach sa bhosca. Bhí an bosca folamh!

Do stad an bheirt ar feadh tamail mhaith agus iad ag feuchaint ar an mbosca. D’fheuch an t-Abb isteach ann cúpla uair. Ba dhóich le duine air gur bh’ amhlaidh nár fhéad sé radharc a shúl féin do chreideamhaint. Ansan do dhún sé an bosca airís agus chuir sé an eochair ’n-a phóca.

“Beir leat é, a Amhlaoibh,” ar seisean, “agus cuir isteach airís é sa chórtha iarainn, díreach sa n-áit ’na bhfuarais é, agus cuir an glas ar an gcórtha agus tabhair chúgham an eochair. Agus feuch. Ná labhair amach as do bhéal le h-aoinne beó ar an sgéal. Tá an chailís imthighthe. Níor bh’ fhéidir í ghuid as an mbosca san gan an dá eochair a dh’fhághail, eochair an chórtha agus eochair an bhosca san. Ó’n lá chuireas an chailís isteach sa bhosca san, agus an bosca isteach sa chórtha, tá an dá eochair agam féin. Níor sgaras le h-aon eochair acu go dtí gur thugas duit-se eochair an chórtha ó chiainibh, agus an uair úd a fuaramair an ímhágh ó Ghormfhlaith. Níor sgaras i n-aon chor le h-eochair an bhosca. Ní féidir liom an sgéal a thuisgint. Ná labhair le h-aoinne ’n-a thaobh. Cuir amach an chailís óir eile atá againn, i gcóir an Aifrinn amáireach.”

D’imthigh Amhlaoibh agus dhein sé mar a dúbhradh leis. Chuir sé an bosca folamh, agus an glas air, isteach sa chórtha láidir iarainn mar a raibh sé cheana, agus thug sé eochair an chórtha thar n-ais ag triall ar an Abb.

Ar maidin amáireach a bhí chúghainn do cuireadh gach aon rud i dtreó i gcóir an Aifrinn Aoird. Do ghluais an tuairisg, um thráthnóna an lae roimis sin, go raibh Legáid an Phápa tagaithe go h-Inis Cathaigh agus go raibh Brian agus a theighlach tagaithe ann ag cur fáilte roimis an Legáid, agus go raibh an t-Aifrean Árd le rádh, agus beannacht an Phápa le tabhairt do’n rígh agus dos na manaigh agus do’n phobul. Abhfad sar a dtáinig am an Aifrinn bhí na daoine cruinnighthe isteach ar an oileán ó’n dtír mór-thímpal i dtreó gur dhóich leat go raibh an t-oileán clúdaighthe acu.

Dúbhradh an t-Aifrean. Do tugadh beannacht an Phápa do’n phobul agus do’n rígh, agus do thug Colla seanamóin áluinn uaidh. Fear ana léigheanta, ana dheagh-labhartha, ab eadh é. Bhí ruith cainte aige agus uchtach láidir, ceólmhar, binn, agus dá mbéadh sé ag caint go h-oídhche ba bhreágh leis an bpobul bheith ag éisteacht leis. D’inis sé dhóibh conus mar a tháinig an t-Easbog san ó’n Róimh, ó’n bPápa, agus conus mar a chuir an Pápa a bheannacht ó chroídhe ar Bhrian agus ar a shlóightibh agus ar Chlannaibh Gaedhal go léir mar gheall ar na gníomhartha móra a bhí acu ’á dhéanamh i n-aghaidh namhad an Chreidimh. D’inis sé conus mar a bhí aithne an uair sin ar Bhrian, ní h-amháin ar fuid na h-Éirean go léir ach ar fuid na h-Euróipe go léir, mar go raibh gníomhartha Bhriain i gcoinnibh na Lochlanach ag sábháil na h-Euróipe ó léirsgrios de shaghas an léirsgriosa úd a tháinig uirthi nuair a tháinig na geinte fiaine adtuaidh agus ghabhdar de chosaibh i gcómhacht agus i ngradam agus i nósmhaireacht ímpireachta na Rómhánach. Dúbhairt sé, mura mbéadh Brian go mbéadh Éire ag na Lochlanaigh um an dtaca san mar áit bhunaigh chun a neart do chruinniughadh agus do ghleusadh, i dtreó go bhféadfaidís a gcómhacht do leathadh ódheas ar chríochaibh na h-Euróipe ar fad, agus ná raibh theas ná thuaidh sa n-Euróip an uair sin aon tsaghas cómhachta a dh’ fhéadfadh cosg do chur leó, murar bh’ ionan a’s sé chéad blian roimis sin nuair a bhí cómhacht na Rómhánach ann chun seasaimh éigin a dhéanamh i n-aghaidh na ngeinte fiaine. Dúbhairt sé gur thuig muintir na h-Euróipe go léir an nídh sin, agus go rabhdar ag faire ar Bhrian agus ar an obair a bhí aige ’á dhéanamh, agus gur mhór acu Brian agus gur mhór acu an obair.

Nuair a bhí a chaint ráidhte ag an Abb agus gach gnó creidimh déanta do rugadh an Legáid mhór-thímpal an oileáin agus do taisbeánadh dó gach aon rud ab fhiú a dh’fheisgint ann, go mór gach nídh go raibh aon bhaint ag ainim ná ag beatha Sheanáin naomhtha leis. Ansan do taisbeánadh dó gach lot agus gach raobadh-roilge d’ár dhein na Lochlanaigh an fhaid a bhíodar ann, agus gach nídh d’á raibh déanta ag Brian agus ag muintir na tíre agus ag an Abb agus ag na manaigh chun gach díobhála do leigheas.

An fhaid a bhítheas ag gabháil tímpal ar an gcuma san, ag taisbeáint agus ag feisgint, bhí rud agus na manaigh ’á dhéanamh sa tseómra mhór, seómra an bhídh. Bhí dínnér acu d’á ollamhughadh, dínnér do’n Legáid agus do’n rígh, agus dos na maithibh móra tuatha agus eagailse a bhí i n-aonfheacht leó. Ar ball, nuair a bhí an dínnér ollamh, chuaidh Amhlaoibh amach agus do thug sé cogar do’n Abb. Do labhair an t-Abb leis an rígh agus leis an Legáid, agus táinig an chuideachta go léir isteach sa tseómra mhór. Bhí an seómra gleusta riartha go h-áluinn, fé bhórdaibh fada, agus bia agus deoch go flúirseach ar na bórdaibh sin. Do shuigh Brian sa chathaoir ríoga. Do shuigh an Legáid ar dheis an rígh. Do shuigh Murchadh, an ríghdhamhna, ar ghualainn chlé an rígh. Do shuigh an chuid eile des na h-uaislibh, do réir a ndán agus a n-uaisleachta, do réir na nós agus na riaghal a bhí i bhfeidhm i n-Éirinn riamh roimis sin. Bhí fhiós ag gach duine de’n chuideachtain cá raibh a inead féin cun suidhte, agus chuaidh sé agus shuigh sé sa n-inead san.

Bhí an tráthnóna go suairc acu go léir. Bhí a lán ndóthin bídh agus díghe acu. Nuair airigh muintir na tíre mór-thímpal, ar gach taobh de’n abhainn, an Legáid agus an rígh agus na maithe móra go léir a bheith ag teacht chun na mainistreach, thusnuigh na báid ar theacht chun an oileáin agus fághaltas feóla, agus aráin, agus ime, agus uachtair, agus b’ fhéidir fághaltas fíona, ar gach bád acu. Ní raibh aon amhgar sa tseómra mhór. Níor ghádh do Cholla aon eagla bheith air go raghadh d’á chuid lóin bídh ná díghe, pé tarang a déanfaí ortha.

Bhí an chuideachta go soilbhir agus go séimh. Dheineadar a lán cainte agus a lán suilt i gcaitheamh an tráthnóna i dteannta a ndóthin a dh’ ithe agus a dh’ ól. Do tráchtadh airís, fé mar a tráchtthí i gcómhnuighe an uair sin ins gach cruinniughadh de’n tsórd, ar na cathanaibh móra a bhí buaidhte ag Brian agus ag Dál gCais i gcoinnibh na Lochlanach. Aoinne go raibh aon rud le rádh aige i dtaobh na gcathana san ba mhaith leis labhairt an uair sin ó bhí Legáid an Phápa ag éisteacht leis. Do h-innseadh do’n Legáid conus mar a cuireadh teitheadh ar na Lochlanaigh ar an Móin Móir. Conus mar a chuir Mathúin, dritháir Bhriain, an ruag ortha ag Loch Gair. Conus mar a chuir an bheirt drithár, Mathúin agus Brian, ár agus dearg-ruathar ortha sa chath a buaileadh ag Sulchoid, mar ar marbhuigheadh trí mhíle acu, agus conus mar a leanadh isteach go cathair Luimníghe an méid acu nár thuit sa chath, agus conus mar a tógadh an chathair agus mar a sgartáladh agus do loisgeadh í. Do h-innseadh dó conus mar a tháinig Maghnus mac Arailt agus slóighte móra Lochlanach aige, agus conus mar a dhein sé mainistir Ínse Cathaigh do robáil agus do losgadh. Ansan do h-innseadh dó conus mar a bhí daingean láidir déanta dhóibh féin ag na Lochlanaigh sa mhainistir sin ’n-a raibh an chuideachta ’n-a suidhe an uair sin, agus conus mar a tháinig Brian agus Dál gCais agus conus mar a bhriseadar an daingean agus chuireadar na Lochlanaigh chun báis, agus conus mar a thuit an Maghnus mac Arailt úd sa chath. Ansan do tugadh cúntas dó ar chath Bhealaigh Leachta; agus ar an gcath ag Fán Conradh; agus ar an gcath mór fíochmhar fuilteach a troideadh i nGleann Mháma, mar ar thuit chúig mhíle fear des na fearaibh ba thréine ar shlóightibh Lochlan; agus gur bh’é an cath san Ghleanna Mháma do mhill ar fad cómhacht Lochlanach i n-Éirinn agus do chuir Leath Mhogha, gan chosnamh, fé láimh Bhriain.

Do tugadh an uile shaghas cúntais ar na gníomharthaibh móra san do’n Legáid, agus bhí a lán daoine ag caint ag tabhairt na gcúntaisí dhó. An rud nár chuimhin le duine ba chuimhin le duine eile é, agus an rud a theidheadh amú’ ar dhuine thugadh duine eile sa cheart leis é.

Do tugadh an méid seo fé ndeara, ámhthach. Na fir ba thréine gníomh i ngach cath des na cathanaibh úd, níor bh’ iad ab aoirde glór sa n-innsint. Is ar éigin a labhair Brian ná Murchadh aon fhocal sa n-innsint. Do thuig an Legáid an nídh sin. Fear géarchúiseach ab eadh é.

Bhí na manaigh ag frithálamh ar na h-uaislibh, agus bhí an deacon, Amhlaoibh, an Lochlanach óg, ins gach aon chúinne ag freagairt do na manachaibh fé mar a ghlaoidís, agus ag déanamh gach aon tsaghas frithálmha fé mar a h-órduightí dhó. Bhí sé ag éisteacht leis an gcaint go léir i dtaobh na gcathana móra, agus ní fhéadfadh aoinne a dh’innsint ó n-a chúntanós ciacu thuig sé an chaint nó nár thuig, nó cé’cu ba Lochlanach é nó nár bh’eadh. Dhein sé an gnó a bhí idir lámhaibh aige agus dhein sé go maith é, agus bhí a aigne chómh daingean ar an ngnó san go ndéarfadh duine ná raibh blúire suime aige sa chaint a bhí ar siúbhal. Bhí Tadhg Óg ua Cealla ag déanamh an fhrithálmha, leis, agus bhí sé ag éisteacht leis an gcaint a bhí ar siúbhal. Nuair airigheadh sé an chaint b’fhearr leis go mór gan Amhlaoibh a bheith ag éisteacht léi. Ach nuair fheuchadh sé ar Amhlaoibh agus nuair a chíodh sé an neamhshuim, dar leis, bhíodh a aigne sásta. Thuigeadh sé ná bíodh aon chorbhuais ag an gcaint ’á chur ar Amhlaoibh. Ansan airís, ní ró mhaith a thaithneadh an neamhshuim sin leis. Thuigeadh sé i n’ aigne dá mba Lochlanach é féin agus go mbéadh caint de’n tsórd san ar siúbhal ’n-a láthair ná féadfadh sé fulang léi pé dícheal a dhéanfadh sé air. Do thaithn leis nár ghoill an chaint ar Amhlaoibh, ach ’n-a thaobh san ba mhó an meas a bhéadh aige ar a charaid, ba dhóich leis, dá ngoilleadh an chaint air agus dá gcuireadh sí fearg air. Níor ghoill, agus níor chuir.