Do ghluais suim aimsire. Tháinig easbog ó’n Róimh go h-Éirinn. Go h-Inis Cathaigh a thug sé aghaidh ar dtúis. Do cuireadh sgéala soir go Ceann Cora ’ghá innsint do’n rígh, do Bhrian, go raibh sé tagaithe ann. Bhí cómhairle agus teachtaireacht ó’n bPápa aige do Bhrian i dtaobh a lán neithe a bhí ag baint leis an Eaglais agus le gnó na h-Eagailse i n-Éirinn an uair sin. Bhí gach aon rud a bhain le gnóthaíbh Creidimh briste, stolta, stracaithe as a chéile, ag na Lochlanaigh leis an ndroch obair a bhí acu ’á dhéanamh i n-Éirinn ar feadh breis agus cúpla céad blian roimis sin. Bhí Brian ag déanamh a dhíchil chun na díobhála do leigheas. Níor bh’fhéidir dó an leigheas a dhéanamh sa cheart agus é dhéanamh do réir dlíghe na h-Eagailse ar gach aon tsaghas cuma, mar ba chóir, gan cómhairle agus teagasg agus stiúrughadh a bheith aige ó cheann an Teampuil, ó Fhear Inid Íosa Críost.
Chómh luath agus d’ airigh Brian an t-Easbog a bheith tagaithe ó’n Róimh go h-Inis Cathaigh tháinig sé féin agus uaisle a theighlaigh anoir ó Cheann Cora chun na mainistreach chun teachtaire an Phápa do ghlacadh mar ba chóir. Tháinig Brian um thráthnóna. Fuair sé féin agus na h-uaisle a tháinig i n-aonfheacht leis beannacht an Phápa ó’n Easbog. Ansan thug sé féin agus an t-Easbog mórán aimsire i bhfochair a chéile, agus thug Brian cúntas cruinn do’n Easbog, le breith thar n-ais chun na Rómha ag triall ar an bPápa, ar an gcuma ’n-a raibh an Creideamh i n-Éirinn an uair sin, ar an léirsgrios a bhí déanta ag na Lochlanaigh ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh agus ar sgoileanaibh, agus do léirigh sé dhó an obair mhór nár bh’ fholáir a dhéanamh chun na díobhála do leigheas, agus conus mar ná raibh aon bhreith ar an ndíobháil do leigheas go h-iomlán, mar nár bh’fhéidir na mairbh a thabhairt tar n-ais as an gcré. D’inis an t-Easbog do’n rígh, do Bhrian, cad é an grádh a bhí ag an bPápa dhó, agus méid na h-urama a bhí ag an uile dhuine íseal agus uasal dó ar fuid na h-Euróipe go léir; ná raibh i mbéalaibh ríghthe agus daoine ar fuid na Críostaidheachta ach na gníomhartha iongantacha a bhí ag Brian ’á dhéanamh i n-Éirinn i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh na sluagh págánach a bhí tar éis gabháil de chosaibh um an dtaca san i Sasana agus i n-Albain, agus a bhí ag súil le brúth ódheas ar mhághaibh míne na Fraince agus na h-Iodáile, fé mar a dhein a sínsear na céadta blian roimis sin.
“Tuigean an Pápa, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “agus tuigid na daoine go léir, mura mbéadh an cosg atá agat-sa agus agat’ shlóightibh Gaedhal ’á chur le cómhacht na nDanar anso i n-Éirinn go mbeidís chúghainn ódheas fadó ag marbhughadh agus ag losgadh agus ag creachadh. Níor mhaith leó aghaidh a thabhairt ódheas go dtí go mbéadh greim i gceart acu ar Éirinn, agus a gcómhacht suidhte daingean acu sa n-oileán. Dá mbéadh Sasana agus Alba agus Éire acu fé n-a lán-smacht do bhéadh caoi acu go h-áluinn ar a gcómhacht do leathadh ódheas ar an Euróip, i ndiaigh ar ndiaigh, agus bhéadh na h-oileáin seo acu mar chúl dín agus mar bhunáit chun ollmhúcháin. Mura mbéadh tusa, a rígh, do bhéadh an greim a bhí uatha acu ar oileán na h-Éirean um an dtaca so, fé mar atá acu ar Shasana. Ní h-eadh ach abhfad roimis an taca so. Ansan iseadh bhéadh an sgéal go h-olc ag an gCreideamh agus ag gach nídh i bhfuirm léighinn agus eóluis agus nósmhaireachta ar fuid na Críostaidheachta. Tá an saoghal go léir buidheach díot, a rígh, agus tá gach aoinne ag guidhe go cruaidh chun Dé ar do shon, ’ghá iaraidh ar Dhia neart cuirp agus neart aigne do bhronnadh ort agus faid saoghail a thabhairt duit, chun na h-oibre atá agat ’á dhéanamh do chríochnú’ go beacht.”
“Cuirean sé áthas mór orm, a Thighearna Easboig,” arsa Brian, “a fhios a bheith agam go dtuigean an Pápa chómh maith san an obair seo atá againn ’á dhéanamh anso i n-Éirinn. Is truagh chráidhte ná tuigid ár ndaoine féin, leath chómh maith, brígh agus bunús an sgéil. Dá gcuirimís go léir le chéile d’ fhéadfaimís a bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do mharbhughadh nó do dhíbhirt i n-aon cheithre h-uaire fichid amháin. Ní’l aon nídh is deacra chur isteach i n-aigne na nGaedhal, cuid acu pé ’r domhan é, ’ná aon bhaoghal a bheith go bhféadfaidh Lochlanaigh choídhche greim daingean a dh’fhághail ar an oileán so na h-Éirean. Ní’l rígh cúige againn ná measan go bhféadfadh sé féin a bhfuil de Dhanaraibh i n-Éirinn do mharbhú’ nó do dhíbirt amáireach dá mba mhaith leis é, gan cabhair ná congnamh ó aon rígh cúige eile. Siné atá ag briseadh mo chroídhe ionam, a Thighearna Easboig. Ní fhéadaim choídhche a chur fhiachaibh ar aon rígh cúige cabhrughadh liom i gcoinnibh na Lochlanach gan gabháil go maith ar an rígh cúige sin féin ar dtúis. B’ éigean dom gabháil ar Mhaolmuaidh, ar rígh Ua Neathach. Ansan b’éigean dom gabháil ar Dhómhnall, rígh na nDéise. Ansan b’éigean dom éirleach uathbhásach a dhéanamh ar Lochlanachaibh Átha Cliath agus ar Ghaedhlaibh Laighean, agus ar chuid de Ghaedhlaibh Mumhan leó, i nGleann Mháma. Tá Leath Mhogha fé m’ láimh anois agam, idir Ghaedhlaibh agus Lochlanaigh. Tá an méid sin de thír na h-Éirean sámh, síthchánta, socair. An Eaglais ar a suaimhneas. Na sgoileana ar siúbhal. An talamh d’á shaothrughadh. Lucht ceárd agus ealadhan ag obair gan eagla. Lucht foghla iompuighthe ar mhacántacht mar go dtuigid siad ’n-a n-aigne gur b’ í an mhacántacht is fearr agus is torthamhla agus is rathmhaire. Ach feuch, a Thighearna Easboig. Ní’l ann go léir ach mar a bhéadh lá breagh samhraidh ansan a bhéadh go h-áluinn agus go grianmhar agus go brothalach agus ná feadair aoinne cad é an neómat a dh’iompóch’ sé chun splancracha agus chun tóirthnighe agus chun éirligh. Ní thuigid na daoine an sgéal. Tuigim-se é. Is cuma leó, na daoine bochta, ach an tsíthcháin agus an suaimhneas do shealbhughadh go sámh an fhaid a fágfar acu an tsíthcháin agus an suaimhneas.”
“Nách mór an truagh, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “gan rud éigin a dhéanamh do thabharfadh síthcháin sheasamhach dos na daoine? Dá dtuigeadh daoine i gceart tairbhthe na síthchána ba chóir go ndéarfaidís leó féin go gcuirfidís i n-áirighthe dhóibh féin í ar ais nó ar éigin. Tá síthcháin curtha i bhfeidhm agat-sa anois, a rígh, sa taobh so theas d’ oileán na h-Éirean. Nár chóir go ndéanfadh an t-Árdrígh an tsíthcháin chéadna do chur i bhfeidhm sa taobh thuaidh de’n oileán?”
“Ba chóir, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Fear maith iseadh M’lsheachlainn. Fear tréan cuthaigh iseadh é. Ach ní dóich liom go bhfuil aon ghrádh ró mhór aige dhómh-sa. Is maith leis congnamh a dh’fhághail ó Dhál gCais nuair a bhíd na Lochlanaigh ag brúth ró dhian air, ach tá fhios agam go maith gur bh’ fhearr leis go mór iad do chur fé chois le neart a láimhe féin, dá bhféadadh sé é, ná aon chongnamh fhághail uaim-se.”
“Ba dhóich liom, dá dtuigeadh sé a dhualgas Árdrígh i gceart gur b’ amhlaidh a dh’ iarfadh sé an congnamh ort agus go dtabharfadh sé le tuisgint duit gur bh’é a cheart an congnamh a dh’fhághail. Ba dhóich liom gur b’é ceart an Árdrígh a bheith ar a chumas glaodhach chuige ar a bhfuil de neart sa n-oileán go léir, agus an neart go léir do ghleusadh agus do stiúrughadh i n-aghaidh namhad iasachta,” arsa’n t-Easbog.
“Siné a déarfadh fir Éirean, a Thighearna Easboig. Siné a déarfadh aoinne a dhéanfadh machtnamh ar an sgéal. Is eagal liom ná tuigean an t-Árdrígh an nídh sin i gceart. Siné fé ndeara dhom an tsíthcháin seo atá anois againn i Leath Mhogha do chur i gcomparáid le lá breagh gréine ná feadair aoinne cathin a dh’iompóch’ sé chun tóirthnighe agus chun éirligh. Dá dtagadh aon neart mór des na Lochlanaigh seo isteach chúghainn agus go mbéadh M’lsheachlainn a d’iaraidh iad do chlaoidh le neart a theighlaigh féin i n-inead neart na h-Éirean go léir do chruinniughadh agus do ghleusadh ’n-a gcoinnibh, do bhuadhfaidís ar Mh’lsheachlainn. Ansan do bhuadhfaidís ar Éirinn go léir i ndiaigh chéile, mar ní bhéadh aoinne chun nirt na h-Éirean do chruinniughadh agus do ghleusadh agus do stiúrughadh ’n-a gcoinnibh.”
“Ba dhóich liom, a rígh,” arsa’n t-Easbog, “gur b’ shin rud agus gur cheart d’fhearaibh Éirean feuchaint chuige i n-am. Ba cheart a chur ar a shúilibh do’n Árdrígh gur b’é a leas, agus leas na tíre go léir, gan bheith ag feitheamh le namhaid iasachta do theacht chuige thar faraige sar a ndéanfadh sé é féin d’ ollamhughadh dhóibh. An t-Árdrígh ná h-ollmhóchaidh é féin roim ré, ach a bheidh ag feitheamh go dtagaidh an namhaidh, tiocfaidh an namhaid air agus ní bheidh sé ollamh.”
“Is fíor san, a Thighearna Easboig,” arsa Brian. “Ba cheart d’ Árdrígh Éirean neart na h-Éirean a bheith gleusta i gcómhnuighe aige, i n-aghaidh namhad na h-Éirean, fé mar a bhí an Fhian ag Fionn, nó fé mar a bhí curaí na Craoibhruaidhe ag Conchubhar. Dá mbéadh san amhlaidh d’ fhanfadh Lochlanaigh amach anois fé mar a dh’fhan slóighte na Rómha amach an uair sin.”