Niamh · Peter O'Leary

Chapter 6: Caibidiol Vi

ADHBHAR AN tSAGAIRT.

Nuair a tháinig an sgéal nua go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór ar gach aoinne i gCeann Cora agus ar gach aoinne i n-Uíbh Máine, agus ní raibh duine i gCeann Cora ná i n-Uíbh Máine ba mhó áthas ’ná Niamh. Nuair a tháinig Amhlaoibh go h-Uíbh Máine agus é tar éis an Chreidimh a ghlacadh, do fuair sé an osgailt croídhe ó gach aoinne, ach ní raibh aoinne ba mhó a thug osgailt croídhe dó ná mar a thug Niamh. Ach má seadh níor leig sí uirthi gur thug. Bhí sí díreach mar a bhí an chuid eile de’n teighlach, chómh fada agus a dh’ fhéad aoinne a thuisgint.

Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim aimsire do labhair Amhlaoibh airís le n-a chara, le Tadhg Óg ua Cealla.

“Táim ’á chuimhneamh, a Thaidhg,” ar seisean, “gur mhaith liom bheith am’ shagart.”

“Labhair le Colla mar gheall air sin,” arsa Tadhg.

Do labhair.

“B’fhéidir, a mhic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t’ aigne féin i gceart agat i dtaobh na h-inntinne sin. Is fearr machtnamh a dhéanamh ar an sgéal. Imthigh leat agus tabhair aire do t’ chuid léighinn, agus tar chúgham airís mí ó ’ndiu má’s maith leat é, agus i gcaitheamh an mhí bí ’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe Sheanáin, tú sheóladh ar do leas.”

D’imthigh an mí. Tháinig Amhlaoibh airís ag triall ar Cholla.

“Tá sé socair am’ aigne, a Athair,” ar seisean, “gur am’ shagart is ceart dom mo shaoghal do chaitheamh.”

“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.

Do cuireadh isteach é ameasg na mac léighinn a bhí d’á n-ollamhughadh d’ Órd Bheannuighthe. Níor bh’ fhada gur h-airigheadh i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine gur deineadh. Dúbhairt a lán daoine gur mhaith é. Dúbhairt a lán eile gur mhór an truagh sagart a dhéanamh d’óigfhear chómh breágh chómh dathamhail. D’airigh Niamh é. D’airigh sí daoine ’ghá rádh gur bh’ áluinn an sagart a dhéanfadh sé. D’airigh sí daoine ’ghá rádh gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé. Bhí lán a croídhe d’iongnadh agus d’ alltacht istigh ’n-a h-aigne féin, ach ní baoghal gur leig sí amach aon phioc de’n iongnadh. Níor dhóich le h-aoinne beó uirthi go raibh sí ag cuimhneamh i n-aon chor air féin ná ar conus ba mhaith leis a bheatha do chaitheamh. Ach do bhí. Bhí dhá mhachtnamh ’n-a h-aigne ’n-a thaobh agus bhí sé ag teip uirthi glan an dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile,--an grádh úd a thaisbeáin sé a bheith aige dhí féin ó’n gcéad lá do chonaic sí é, agus an socarughadh so a bhí déanta anois aige ar bheith ’n-a shagart. Gan amhras dob’ fhíor nár labhair sé aon fhocal riamh léi ’ghá innsint di go raibh an grádh san aige dhi, ach níor dhein san blúire deifrígheachta sa sgéal. Rud ab eadh é nár ghádh labhairt ’n-a thaobh. Bhí stoirm ’n-a h-aigne, ach do choimeád sí istigh é. Bhí sí chómh séimh, chómh solusmhar, chómh gealgháiriteach agus ba ghnáth léi bheith. B’ í an gath gréine céadna í ag teacht i gcuideachtain. Do tugadh fé ndeara, ámhthach, gur bhánuigh a h-aghaidh. Ach is ’mó trúig a dh’fhéadfadh bheith leis sin, agus níor chuir aoinne aon tsuim ann nuair nár thaisbeáin sí aon easba sláinte.

Nuair a bhí raint aimsire caithte ag Amhlaoibh ag déanamh na foghluma i gcóir na n-Órd do thug sé féin agus a chomrádaidhe cuaird soir go Ceann Cora. Bhí áthas mór ar gach aoinne agus gach aon tsaghas urama agus onóra acu á thabhairt d’ adhbhar an tsagairt, agus ba mhó an t-áthas a bhí ar an mBanríghin, ar Ghormfhlaith, ’ná ar aoinne. Thug sí féin agus é féin ana chuid de’n lá i bhfochair a chéile. Níor bh’ aon iongnadh é sin. Bhí a lán neithe aici le h-innsint dó i dtaobh a mhuintire féin, lastoir i gcríochaibh Lochlan, agus a lán cainte acu araon le déanamh ’n-a dtaobh, nídh nár bh’ iongnadh.

Thug an bheirt, Tadhg Óg agus Amhlaoibh, cuaird óthuaidh go h-Uíbh Máine. Bhí an fháilte ba ghnáth rómpa, agus bhí an fháilte fé leith roim adhbhar an tsagairt, agus an onóir fé leith ’á tabhairt dó, agus an uraim fé leith. Thug Niamh an onóir dó a thug gach aoinne eile dhó. Bhí a h-aigne smachtuighthe aici um an dtaca san, agus bhí socair aici, i láthair Dé, go raibh ceangailte uirthi féin gan teacht, ar aon tsaghas cuma, idir é agus an ghairm bheannuighthe a bhí, dar léi, ceapaithe ag Dia dhó. Ach bhí an t-aon mhearbhall amháin úd os cómhair a h-aigne. Cad chuige gur thaisbeáin sé an grádh úd di an chéad lá má bhí aon chuimhneamh aige ar bheith ’n-a shagart? Má bhí grádh aige dhi do réir mar a thaisbeáin sé a bheith, conus fhéad sé a aigne d’atharughadh? Níor réidhtigh an chuaird an mearbhall. An suim laethanta a bhí le caitheamh i n-Uíbh Máine do caitheadh iad, agus d’ imthigh an bheirt abhaile go h-Inis Cathaigh, agus bhí an measgán mearaídhe ar a h-aigne ag Niamh nuair a bhíodar imthighthe, chómh mór díreach agus bhí sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin. Níor dhein sí ach a toil do chur le toil Dé, agus bheith ’á iaraidh ar Dhia agus ar Mhuire Mháthair agus ar Sheanán í chur ar a leas.

Nuair a tháinig an t-am chuige do cuireadh Amhlaoibh ins na mion Órdaibh. Do deineadh deacon dé. Ansan, an deacon go raibh cúram an érdaim[A] air go dtí san, do críochnuigheadh ’n-a shagart é, agus do cuireadh go dtí an Róimh é ar ghnó éigin, agus do cuireadh cúram an érdaim i n-Inis Cathaigh ar Amhlaoibh. Bhí sé ag déanamh an ghnótha san go maith agus go cruinn agus go slachtmhar, agus bhí na sagairt go léir ana shásta leis. Bhí gach nídh i n’áit féin aige agus an glanachar ins gach aon bhall aige.

[A] Ní’l aon fhocal nua-Ghaedhilge againn ar “érdam” ach “sacristí.”