Niamh · Peter O'Leary

Chapter 59: An Gath Gréine Céadna

Do ghluais an dá bhuidhin, muintir Uíbh Máine agus muintir Uíbh Fhiachrach Áidhne, siar óthuaidh i dtreó a dhá ndúthaigh féin. Bhí i n-aonfheacht leis an méid acu a tháinig ó Chill Mhaighneann an méid a tháinig ’n-a gcoinnibh go Ceann Cora, i gcás ná raibh aon uaigneas ortha. Nuair a thánadar i gcomhngar do’n bhaile do sgaradar ó chéile. Ba bheag ná gur eirigh an gol agus “na mílte ologón” airís nuair a shroiseadar an t-aos óg agus na seandaoine nár fhéad dul go Ceann Cora. Ach do cuireadh cosg leis an mbuairt. Do h-innseadh cad ’dúbhairt Colla nuair a bhí sé ag caint leis an bpobal mór thíos ag Ceann Cora. Do cuireadh na seandaoine chun suaimhnis.

Chómh luath agus bhí a dtuirse curtha dhíobh ag an muintir a tháinig abhaile ó’n gcath, thusnuighdar ar bhualadh um a chéile agus ar bheith ag caint agus ag cuimhneamh ar cad a déanfaí feasda. Bhí an saoghal ana chiúin, ana shuaimhneasach acu, agus an aimsir ag dul i mbreaghthacht. An phráing agus an bhruid agus an fásgadh aigne a bhí ar na daoine i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal i gcóir an chogaidh, agus an fhaid a bhí na slóighte ag imtheacht ó bhaile agus ag cruinniughadh chun an chatha, agus an fhaid do lean an sgannradh i dtaobh conus a gheóbhadh an cath, bhíodar go léir imthighthe. Bhí gach aon rud ciúin, suaimhneasach, socair.

Do h-óirdneadh Conn ’n-a rígh ar Uíbh Fhiachrach Áidhne, agus do h-óirdneadh Tadhg Óg ua Cealla ’n-a rígh ar Uíbh Máine. Bhí raint gnótha le déanamh acu araon ar feadh tamail ag socarughadh neithe idir chlainn na bhfear a fágadh i gCluain Tairbh. Do deineadh a lán cleamhnaisí sa tsocarughadh. Dhein Niamh dhá chleamhnas, cleamhnas do Thadhg Óg le drifiúr do Chonn, agus cleamhnas do Chonn le drifiúr di féin.

Nuair a bhí an méid sin déanta thug Niamh agus a dritháir cuaird ódheas go h-Inis Cathaigh. Bhí áthas mór ar Cholla nuair a chonaic sé iad. Cé bhéadh ann rómpa, ar chuaird, ach Caoilte! Ba bheag ná gur baineadh radharc a shúl airís de Chaoilte nuair a chonaic sé iad, díreach mar a baineadh an chéad lá úd a chonaic sé Niamh. Bhí sé ’n-a rígh an uair sin ar Chiarraighe Luachra i n-inead a athar. D’innseadar dó conus a bhí gach aon rud socair lastuaidh i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne, agus d’inis seisean dóibh gach aon nídh a bhí aige le h-innsint i dtaobh a dhútha féin.

“Ba mhaith liom an chailís úd a dh’ fheisgint, a Athair, má ’sé do thoil é. Ní fheaca riamh fós í,” arsa Niamh.

Do rug sé isteach sa n-érdam iad agus thaisbeáin sé an chailís dóibh.

Ba bhreagh an radharc le feisgint í. D’ fhéadfadh duine fanmhaint ar feadh leath an lae ag feuchaint uirthi agus ní bhéadh a shúile ná a aigne cortha dhi. D’á fhaid a bhéadh sé ag feuchaint uirthi is amhlaidh ba mhaith leis tamal eile thabhairt ag feuchaint uirthi. Choimeádfadh saidhbhreas an óir greim ar a shúilibh. Choimeádfadh uaisleacht agus ealadhntacht a h-órnáide greim ar a shúilibh, agus é ’ghá fhiafraighe dhé féin conus a dh’ fhéad lámh duine riamh a leithéid d’obair a dhéanamh. Choimeádfadh an crios, na clocha loghmhara, greim ar a shúilibh, agus iad ag taithneamh agus ag spréacharnaigh, agus eisean ’ghá fhiafraighe dhé féin cá bhfuaradar an solus! D’á n-éaghmuis sin go léir bhí sa riocht ’n-a raibh an chailís sin cúmtha rud éigin a choimeádadh greim ar shúilibh an t-é a chíodh í, agus do chuireadh áthas isteach i n’ aigne tré n-a shúilibh.

D’fheuch Niamh uirthi, go dlúth agus go daingean, ach níor labhair sí aon fhocal amach as a béal. D’fheuch an bheirt eile uirthi go dlúth agus go daingean, leis, agus níor stadadar ach ’ghá moladh.

“Ba mhaith liom labhairt leat-sa, a Athair,” arsa Niamh le Colla.

D’imthighdar i leith taoibh.

“A leithéid seo, a Athair,” ar sise. “Tá m’ aigne socair agam le mórán aimsire ar mé féin a thabhairt suas do’n tSlánuightheóir i dtigh ban riaghalta. Ba mhaith liom do chómhairle dh’fhághail, a Athair, i dtaobh an teighlaigh ban riaghalta ionar ceart dom dul, do réir do bhreitheamhantais.”

“Ar mhiste dhom a dh’fhiafraighe, a ’nghean ó,” ar seisean, “cad é an fhaid aimsire ó shocaruighis an nídh sin at’ aigne ar dtúis?”

“Bhí sé am’ aigne, a Athair, ar feadh abhfad,” ar sise, “sar ar dhainginigh sé ann. Ní dóich liom go bhféadfainn a dh’innsint duit cruinn, a Athair, cad é an fhaid atá sé daingean, ach tá sé daingean le tamal maith.”

Do stad sé ar feadh tamail.

“An dóich leat, a ’nghean ó,” ar seisean, “an bhféadfá a dh’innsint dom cad a chuir an nídh sin isteach at’ aigne ar dtúis?”

“Féadfad,” ar sise. “Nuair a thusnuigh an t-ollmhúchán i gcóir an chogaidh mhóir seo atá curtha dhínn againn thugas fé ndeara conus mar a bhí na fir go léir ’ghá cheapadh agus ’ghá shocarú’ ’n-a n-aigne go ndéanfaidís ídhbirt anama ar son na h-Éirean agus ar son an Chreidimh. Ní raibh aoinne ba ghéire ’ghá gcur go léir suas chun na h-ídhbirte sin a dhéanamh ’ná mise. Ansan do thuigeas am’ aigne, nuair ná raibh ar mo chumas an ídhbirt a dhéanamh ar an gcuma ’n-a rabhdar-san ’ghá déanamh, gur bh’ é ba lúgha ba ghann dom í dhéanamh ar an gcuma ’n-a raibh ar mo chumas í dhéanamh. Dheineas ar an gcuma san í. Ghabhas orm féin i láthair Dé ceangal gan céile eile do ghlacadh choídhche ach an Slánuightheóir, moladh go deó leis! Siné mo chuid-se de ’n ídhbirt, a Athair. Tá an ceangal san orm. Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair an fhaid a bhí sé beó. Ní’l aon rud anois chun mé chosg ar dhul isteach i dteighlach ban riaghalta agus an ídhbirt do chur i ngníomh.”

“I dtreó ná béadh aon bhaoghal go ndéanfaí aon dearmhad, a ’nghean ó,” arsa Colla, “ba mhaith liom aon cheist amháin eile do chur.”

“Cuir aon cheist is maith leat chúgham, a Athair,” arsa Niamh, “agus neósfad an fhírinne dhuit.”

“Nuair a dheinis an ídhbirt sin; nuair a thugais tu féin suas mar sin do’n tSlánuightheóir, an dóich leat a’ raibh aon éileamh ag aoinne eile ort?”

“Ní raibh, a Athair,” ar sise, “aon éileamh ag aoinne eile, ná ní’l anois.” Do stad sí.------“Ach is dócha,” ar sise, “gur ceart dom an méid seo a dh’innsint duit. Is cuimhin leat an t-ógánach Lochlanach úd a tháinig anso fadó, nuair a bhí mo dhritháir Tadhg anso?”

“Is cuimhin liom é go maith,” arsa Colla.

“Chuaidh sé suas go h-Uíbh Máine i n-aonfheacht le Tadhg. An chéad uair a chonac é tháinig ana chion agam air. Tháinig grádh agam dó. Siní an fhírinne. Thuigeas am’ aigne go dtáinig an grádh céadna aige-sean dómh-sa. Níor labhramair. Ach do tuigeadh an sgéal eadrainn.----Nuair a tháinig an sgéal go raibh sé ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór orm. Ansan, nuair a tháinig an sgéal go raibh sé chun bheith ’n-a shagart, níor bh’fhéidir liom an sgéal a thuisgint i n-aon chor. B’é deire mo mhachtnaimh ar an ngnó gur thuigeas am’ aigne go raibh ceangailte orm é chur as mo chroídhe ar fad. Do dheineas san.--Ní raibh aon bhaint i n-aon chor, a Athair, ag an méid sin sgéil leis an gceangal so adeirim leat do ghlacas orm féin i dtaobh an tSlánuightheóra.”

“Tá go maith, a ’nghean ó,” arsa Colla. “Déanfad-sa an nídh seo atá agat d’á iaraidh orm. Ní mór dhom, ámhthach, beagán aimsire chuige. Cuirfead sgéala chúghat óthuaidh chómh luath agus bheidh an áit ceapaithe agam agus gach aon rud socair agam.”

Do sgaradar. Bhí Tadhg agus Caoilte imthighthe ar fuid na mainistreach; Tadhg ag taisbeáint na mainistreach do Chaoilte, agus Caoilte ag cur aithne ar na manachaibh, go mór mór ar an muintir go raibh sean-aithne ag Tadhg ortha.


Seachtmhain díreach i ndiaigh an lae sin tháinig Colla féin go h-Uíbh Máine. D’imthigh Tadhg agus Niamh agus é féin soir go Cill Dara, go teighlach Bhríghde. Bhí áthas nár bh’fhéidir a dh’innsint ar Chómharba Bhríghde agus ar an uile dhuine des na mnáibh riaghalta nuair a fuaradar go raibh Niamh le fanmhaint acu. D’fhan sí acu, agus má ba ghath gréine í fadó, ag teacht i gcuideachtain, i dteighlach a h-athar, b’í an gath gréine céadna í ag gluaiseacht ameasg na maighdean naomhtha, i dteighlach Bhríghde, go dtí gur lean sí a h-athair.

The end.