Niamh · Peter O'Leary

Chapter 58: Caibidiol Xvii

“NA MÍLTE OLOGÓN.”

Nuair a tháinig Niamh agus a cualacht go Ceann Cora bhí dubhadh na gcnuc agus na gcoillte de’n uile shaghas daoine cruinnighthe roímpi ann. Do h-airigheadh i n-Uíbh Máine go raibh na trí buidheana, i n-aon bhuidhin amháin, ag dul i n-aonfheacht go Ceann Cora, agus do ghluais an uile dhuine sa dúthaigh sin n-a raibh ann siúbhal i n-aon chor, soir ódheas go Ceann Cora. Do h-airigheadh an sgéal céadna i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus do deineadh an ghluaiseacht chéadna. Tháinig, i n-aonfheacht leis an dá chine sin, gach aon treabhchas go raibh cuid d’á ndaoine sa chath, feuchaint an mór acu a bhí ag teacht abhaile slán, nó beó féin.

An rud a h-airigheadh thiar i n-Uíbh Máine agus i n-Uíbh Fhiachrach Áidhne do h-airigheadh é theas i gCiarraighe Luachra agus ins na tíorthaibh mór-thímpal, agus do ghluais na daoine as na tíorthaibh sin, díreach mar a ghluais na daoine as na tiorthaibh thuaidh, fé dhéin Chinn Cora.

Nuair a tháinig na trí buidheana do cuireadh trí gártha móra fáilte rómpa. Do tógadh na gártha airís agus airís eile, bhí a leithéid sin d’ áthas ar na daoine a bhí ag feitheamh nuair a chonacadar tagaithe an mhuintir a bhí uatha. Bhí áthas an domhain ar an muintir andeas nuair a chonacadar Caoilte agus Lonán. Bhí áthas ba mhó ’ná an t-áthas san féin ar mhuintir Uíbh Máine nuair a chonacadar Niamh agus a dritháir, agus bhí áthas chómh mór leis an áthas san ar mhuintir Uíbh Fhiachrach Áidhne nuair a chonacadar Conn. Ní h-ar a mhuintir féin amháin a bhí áthas mór i dtaobh Chuinn do teacht slán, ach ar an uile dhuine d’á raibh tagaithe sa n-áit. Ógánach deagh-chroídheach, uasal, fóghanta, diadha, ab eadh é, mar ba dhual athar dó bheith, agus bhí cion ag gach aoinne, thuaidh agus theas, air.

Tar éis na bhfáiltí do tháinig an fiafraighe. Fuair muintir Uíbh Máine amach gur fágadh Tadhg Mór agus formhór na bhfear a bhí le n-a chois sínte thíos i gCluain Tairbh. Fuair muintir Uíbh Fhiachrach amach gur bh’é an sgéal céadna acu féin é. Fuair muintir Chiarraighe amach gur fágadh a rígh féin agus na fir a bhí aige sa n-áit chéadna. Ar ball do fuair gach aoinne amach gur fágadh duine leis féin thíos, nó b’fhéidir beirt, nó b’fhéidir triúr. Ansan iseadh dh’ eirigh na gártha, agus níor ghártha áthais iad ach gártha goil. Ansan iseadh dh’ eirigh “na mílte ologón”! Na mná do thusnuigh é. Bhíodar ag sileadh ar dtúis ar feadh tamail. Ansan do chas bean ologón. Ansan do ghluais an t-éirleach lógóireachta ó n-a raibh de mhnáibh sa n-áit. Ní raibh bean ann gan a fear nó a mac nó b’ fhéidir an bheirt i n-aonfheacht i n-easnamh uirthi.

Ansan dúbhairt duine éigin, “Ó! cá bhfuil Brian!”

Dúbhairt duine eile, “Cá bhfuil Murchadh! Agus cá bhfuil Dúlainn! Agus cá bhfuil Connla!”

Ansan do chas na fir “na mílte ologón,” agus bhuaileadar a mbasa. Fir láidire cruadha. Fir go raibh taithighe acu ar bhás agus ar chogadh agus ar ár, agus gur ró dheacair osna bhaint ó’n gcroídhe acu ná deór a bhaint ó n-a súilibh.

Is ’mó duine a dh’fhéadfadh éisteacht le gol agus le h-ologón ó mhnáibh agus ná bainfí aon choruighe as a chuid fola. Ach nuair a bhainean buairt uathbhásach fásgadh a’ croídhe fir i dtreó go gcaithean sé an t-ologón do sgaoileadh amach ’n-a lán neart nó go bpléasgfadh a chroídhe istigh ’n-a chliabh, is deacair d’ aoinne éisteacht le gol an fhir sin gan tocht agus fásgadh do teacht ar a chroídhe féin ná sgarfaidh a chuimhne leis an chuid eile d’á shaoghal.

Nuair a ghluais an gol bhí Niamh ag sileadh. Níor airigh aoinne a guth an fhaid ná raibh ag gol ach na mná. Ach nuair eirigh gol na bhfear, agus nuair airigh sí ainim Bhriain agus ainim Mhurchadh agus ainim Chonnla agus ainim a h-athair, do ghluais an t-ologón uaithi chómh h-árd agus do ghluais sé ó aoinne eile d’á raibh ann.

Bhí Colla ann, agus cuid des na sagairt agus des na manaigh, aníos ó Inis Cathaigh. Do sgaoil sé leis an ngol ar feadh tamail. Ansan tháinig sé anáirde ar árdán agus chrom sé ar chaint. Do stad an gol i n-aice na h-áite ’n-a raibh sé ag caint. I ndiaigh ar ndiaigh do stad an gol ins gach aon bhall, agus bhí na daoine go léir ag éisteacht leis. Seo mar a labhair sé:--

“A dhaoine,” ar seisean, “ní h-aon iongnadh dhúinn go léir buairt ár ndóthin a bheith orainn.” (Bhí a dhá shúil féin fliuch go maith.) “Tá cúis ghuil againn má bhí sé ag aon daoine riamh. Ach seo rud nách ceart dúinn a dhearmhad i lár ár mbuartha. Tá ádhbar áthais againn indiu má bhí ádhbhar áthais ag aon daoine riamh. Do buaileadh, thíos i gCluain Tairbh, an lá fé dheire, cath nár buaileadh a leithéid i n-Éirinn ní fios cad é an fhaid ó shin. Do buaileadh an cath san idir Ghaedhlaibh Éirean agus Lochlanaigh an domhain. Dá bhfaghadh na Lochlanaigh an lámh uachtair sa chath san is ag na Lochlanaigh a bhéadh an t-oileán so na h-Éirean indiu. Ní fágfaí oiread agus fód de thalamh na h-Éirean againn! Thug na Lochlanaigh leó a mná agus a gclann, bhíodar chómh ceapaithe sin ar thalamh na h-Éirean do ghlacadh chúcha féin agus ar shliocht Gaedhal do dhísgiughadh, do chur chun báis, do ghlanadh as an oileán gan oiread agus duine acu dh’fhágáilt beó ann. Thug Dia dhúinn, (moladh agus glóire agus buidhchas leis!) gur bhuaidh Brian agus a mhór-shluagh ortha. Do thuit Brian agus a lán d’á mhór-shluagh sa chath. Dá dtugadh Dia, mar geall ar ár bpeacaíbh-ne, an buadh dos na Lochlanaigh, do thuitfeadh Brian agus a mhór-shluagh go léir, agus ansan do thuitfimís-ne go léir, ins gach aon pháirt d’ Éirinn. Dá mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh ní fhágfaidís Brian ná aoinne d’á mhór-shluagh beó, agus bhéidís ag gluaiseacht anois ar fuid na h-Éirean ag marbhú’ na bhfear aosda agus na mban agus na leanbh agus ní bhéadh Brian ná aoinne d’á mhór-shluagh ann chun iad do chosaint.

“Má fheuchaim am’ thímpal anois anso agus má fhéadaim a dh’fhághail amach cé h-í an bhean is mó atá creachta leis an gcath so, deirim léi, agus is fíor dhom é, gur mó go mór an t-ádhbhar áthais atá tabhartha ag an gcath dhí ’ná an t-ádhbhar buartha atá tabhartha aige di. Is mó atá sí buaidhte leis an gcath ’ná mar atá sí caillte leis. Pé méid d’á muintir atá tuitithe sa chath, bhéidís tuitithe ann d’á ngabhadh an cath ’n-ár gcoinnibh, agus bhéadh sí féin agus an chuid eile acu marbh um an dtaca so ag an sluagh Lochlanach a bhéadh leathta anois ar fuid na h-Éirean agus iad ar buile ag déanamh díoltais orainn mar gheall ar dhéine an chatha.

“Cuirimís uainn an gol, d’á bhrígh sin, agus an bhuairt, agus i n-inead bheith ag gol agus ag déanamh buartha tugaimís ár mbuidhchas ó chroídhe do Dhia na glóire mar gheall ar an gcuma ’n-ar thug sé saor sinn ó n-a leithéid de chontabhairt. Nuair a dh’eireóchaidh an bhuairt i n-ár gcroídhe cuirimís chúghainn féin an cheist seo. Conus a bhéadh an sgéal againn anois dá mb’ ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh?

“Tá fhios agaibh-se chómh maith agus atá fhios agam-sa conus mar a bhí socair go daingean i n’ aigne ag an uile dhuine des na fearaibh a dh’fhág an baile chun dul sa chath so, ar gan teacht beó ó’n gcath pé taobh ar a mbéadh buadh. Tá sé buailte isteach am’ aigne mura mbéadh an socarú’ san a bheith déanta roim ré acu, ná déanfaidís an troid chómh dian agus dheineadar é. An beagán acu do tháinig ó’n gcath, bhí a n-aigne socair ar gan teacht chómh daingean agus bhí ag an muintir a thuit sa chath. Ach do tháinig as an socarú’ go raibh an troid chómh dian san gur briseadh an cath ar na Lochlanaigh sar ar thuit a thuille d’ár ndaoine. Áthas, d’á bhrígh sin, is ceart dúinn a bheith orainn indiu agus ní buairt.

“Tá ádhbhar eile áthais againn, a dhaoine. Na fir a thuit sa chath so is ar son Creidimh Chríost do thuiteadar. Tá fhios againn go léir, an t-é a dh’ fhuilingean bás ar son an Chreidimh go dtugtar aoibhneas na bhFlathas dó láithreach. Ní ceart dúinn bheith ag déanamh buartha nuair a thuigimíd i n-ár n-aigne go bhfuil aoibhneas na bhFlathas anois, le congnamh Dé, ag an muintir a baineadh dínn sa chath so.”

Dhein sé a lán cainte leó ar an gcuma san, níos fearr go mór ’ná mar a thagan liom-sa an chaint a chur síos anso. Chuir sé a n-aigne chun suaimhnis. Thuigeadar gur cheart bheith sásta le toil Dé.

Le n-a linn sin cé chífidís ag teacht chúcha, an bóthar anoir, ach Donchadh, mac Bhriain, agus an méid a bhí beó de’n bhuidhin a tháinig leis ó’n longphort i gCill Mhaighneann. Bhí cuid mhaith acu ar chrócharaibh, mar ní rabhdar ábalta ar siúbhal, agus bhí an chuid eile ’ghá n-iompar.

Cuir Colla an cogar tímpal ameasg na ndaoine a bhí ann ’ghá rádh leó gan a thuille guil a dhéanamh. Níor bheag san. I n-inead aon ghuil a dhéanamh is amhlaidh a cuireadh suas go bríoghmhar gáir mholta agus fáilte.

D’inis na fir a tháinig conus mar a chuir Mac Giolla Pádraig an ríghneas ortha ar an slígh, agus conus mar a mheas sé cath do chur ortha. Bhí fearg mhór ar gach aoinne mar gheall air sin. Do feuchadh chun na bhfear ngunta agus do cuireadh gach aon chóir ortha.

Ní raibh Donchadh agus a chualacht abhfad tagaithe nuair a labhair Colla airís.

“A ríghthe agus a uaisle agus a dhaoine,” ar seisean, “do thuit Brian i gcath Chluain Tairbh. Do thuit Murchadh sa chath, leis. Tá Árdrígh againn i n-inead an Árdrígh do thuit. Isé Donchadh mac Briain Árdrígh Éirean anois!”

Ansan iseadh do cuireadh suas an liú mhólta i gceart. Do tógadh an liú airís agus airís eile.

Ansan do tháinig a raibh de dhaoine ann chun na h-áite ’n-a raibh Bile Mór Mágha Adhair agus do h-óirdneadh Donchadh mac Briain i n’ Árdrígh ar Éirinn. Dhein Colla an obair i láthair na ndaoine, agus bhí áthas agus móráil ar gach aoinne.

Níor ghlac fir Éirean, ’n-a dhiaigh san, ámhthach, Donchadh i n’ Árdrígh ar Éirinn, ach do glacadh é ’n-a rígh ar an Múmhain.

Nuair a bhí an méid sin déanta bhí gach aoinne sásta. Do sgar na daoine agus d’imthigh gach treabhchas abaile chun a ndútha féin. Chuaidh Caoilte agus Lonán abhaile go dúthaigh a n-athar. Chuaidh Conn óthuaidh go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne. Chuaidh Niamh agus Tadhg Óg ua Cealla óthuaidh go h-Uíbh Máine. Bhí Conn agus iad féin i n-aonfheacht, ámhthach, an tslígh go léir nách mór.