Nuair a tháinig Niamh agus an mhuintir a bhí le n-a cois go dtí an longphort, agus corp Chonnla acu, bhí Donchadh, mac Bhriain, tagaithe thar n-ais ó Chúige Laighean agus mórán creach aige. Bhí iongnadh ar Dhonchadh nuair a fuair sé go rabhthas tar éis an mhóir-chatha do throid. Bhí iongnadh, leis, air féin agus ar gach fear des na fearaibh a bhí i n-aonfheacht leis, mar gheall ar dhéine an chatha agus ar mhéid an áir ar gach taobh. D’fhiafraigh sé conus a thárla gur deineadh a leithéid de dhísgiughadh ar Dhál gCais agus ar na Conachtaigh agus ar na Muímhneachaibh, agus M’lsheachlainn Mór agus a shluagh bheag do dhul as chómh maith.
Do h-innseadh dó conus mar a tharaing M’lsheachlainn agus a dheich gcéad siar ó’n gcath i dtusach an lae agus conus mar a chuireadar an pháirc threabhtha idir iad agus an cath. Ach do h-innseadh dó conus mar a dheineadar rud maith um thráthnóna, gur ghluaiseadar ar thóir na Lochlanach, agus mura mbéadh iad go mb’ fhéidir ná brisfí an cath ar na Lochlanaigh chómh h-iomlán agus a deineadh. Pé’r domhan é ná curfaí ar na Lochlanaigh an t-ár a cuireadh ortha mura mbéadh M’lsheachlainn agus a dheich gcéad.
“Ar ghluais sé ar thóir na Lochlanach,” arsa Donchadh, “sar a’ raibh fhios aige go raibh m’ athair marbh?”
Níor fhéad aoinne an cheist sin do fhreagairt dó.
Bhí sé i n-aigne gach aoinne, ámhthach, lasmuich de’n méid a bhí beó de Dhál gCais, gur bh’ é M’lsheachlainn Mór a bhéadh i n’ Árdrígh ar Éirinn i ndiaigh Bhriain.
D’ oibrigh M’lsheachlainn agus Donchadh, agus na h-uaisle eile, a’ láimh a chéile, go dtí go raibh gach aon rud déanta chun na marbh a dh’ adhlacadh mar ba chóir, agus go dtí go raibh corp Bhriain tabhartha suas do’n chléir le breith óthuaidh go h-Árdmhacha.
Nuair a bhí corp Bhriain tabhartha do’n chléir do labhair Caoilte.
“Bhí Murchadh le h-ais Bhriain,” ar seisean, “ins gach cath d’ár throid sé riamh ó chath Bhealaigh Leachta go cath Ghleanna Mháma. Is le láimh Mhurchadh do thuit laochra agus uaisle Lochlan agus Laighean i gcath an lae indé. Ní ceart Murchadh agus Brian do dheighilt ó chéile anois!”
Do tugadh corp Mhurchadh do’n chléir le breith óthuaidh go h-Árdmhacha i n-aonfheacht le corp Bhriain.
Ansan do labhair Niamh.
“Tá sé chómh ceart,” ar sise, “gan a mhac do choimeád ó Mhurchadh agus atá sé gan a mhac do choimeád ó Bhrian.”
Níor gádh dhi a thuille cainte dhéanamh. Do tugadh Connla do’n chléir agus do rugadh óthuaidh é go h-Árdmhacha, i n-aonfheacht le Murchadh agus le Brian, agus do h-adhlacadh thuaidh an triúr.
Ansan do chruinnigh Donchadh an méid a bhí beó de Chlainn Chais, agus thug sé féin agus iad féin aghaidh siar ódheas fé dhéin Chinn Cora.
Aoinne gur maith leis a fhios a bheith aige conus a dh’eirigh leó ar an slígh, ní’l aige ach leabhar an tseanachais do sholáthar agus do léigheadh. Chífidh sé raint neithe ná cuirfidh puínn áthais air sa tseanachas san. Chífidh sé gníomh grána ó Mhac Giolla Pádraig úd n-ar thrácht Brian ar a ainim nuair a bhí sé ag labhairt leis an sluagh maidion lae an chatha. Chuir sé i n-aice ’chéile Mac Giolla Pádraig agus M’lsheachlainn Mór. Isé cúis gur chuir sé i n-aice ’chéile iad mar bhí an gníomh céadna déanta acu araon. Do dhiúltuigh Mac Giolla Pádraig do’n chath nuair a chuaidh giollaí turais Bhriain ag triall air ’ghá rádh leis teacht. Do sheachain M’lsheachlainn an cath os cómhair súl fear Éirean go léir, maidion lae an chatha. Chuir Brian an bheirt i n-aice ’chéile ’n-a chaint ’ghá thaisbeáint go raibh gníomh Mh’lsheachlainn ar aon dul le gníomh Mhac Giolla Pádraig chómh fada agus a chuaidh náire agus aithis agus spriúnlaitheacht.
Nuair a fuair Mac Giolla Pádraig go raibh Clann Chais lag d’eirigh sé chúcha agus cheap sé smacht a chur ortha. Níor eirigh leis, ámhthach, mar a chífir sa tseanachus má leighean tú é.
Ní le Clainn Chais ná le Mac Giolla Pádraig a bhainean an sgéal so, ámhthach, ach le Niamh, agus le Caoilte, agus le Conn. Bhí Tadhg Mór ua Cealla marbh, agus bhí Niamh gan a h-athair. Bhí uirthi déanamh gan a h-athair fé dheire. Ba chruaidh an cás é. Ach ní raibh leigheas air. Bhí Maolruanaidh na Paidre marbh, leis. D’fhág san Conn gan athair chómh maith le Niamh. Agus bhí athair Caoilte marbh. D’fhág san Caoilte agus Lonán gan athair.
Níor bh’ fholáir do Chaoilte agus do Lonán dul agus buidhean a n-athar, an méid a bhí beó acu, do chruinniughadh agus do chur i dtreó chun dul ódheas abhaile. Níor bh’fholáir do Chonn dul agus an rud céadna dhéanamh do bhuidhin Ua bhFiachrach Áidhne, do’n mhéid a bhí beó dhíobh, agus níor mhór é. Bhí a neart agus a mhisneach ag casadh ar Thadhg Óg ua Chealla i dtreó go raibh sé ábalta, maith go leór, é féin agus Niamh, ar mhuintir Uíbh Máine do ghleusadh agus do chur i dtreó chun dul abhaile.
Ach níor mhaith le Conn ná le Caoilte sgaramhaint le Niamh go dtí go bhfeicfidís thiar sa bhaile i ríghtheighlach a h-athar í.
“Socaruighmís an sgéal ar an gcuma so,” arsa Tadhg Óg ua Cealla. “Deinimís aon bhuidhean amháin des na trí buidhnibh agus gabhmís aon bhóthar amháin go dtí go mbeidhmíd i gCeann Cora.”
“Déanfaidh san an gnó go h-áluinn,” arsa Caoilte, “agus ní chuirfidh sé aistear ar aon bhuidhin againn, mar tá aghaidh na mbóithre is fearr agus is díríghe, ar Cheann Cora, ó’n áit seo; agus ansan, is ó Cheann Cora atá na bóithre is fearr agus is díríghe ag gach buidhin dínn chun dul abhaile.”
Bhí aithne ag Caoilte ar na bóithribh. Do socaruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do tugadh na trí buidheana chun a chéile. Níor ghluaiseadar chun bóthair ró thapaidh. Ghlacadar a suaimhneas go dtí go mbéadh na fir ghunta a bhí ortha láidir a ndóthin chun gluaiste. Ba mhór an mhaith dos na trí buidhnibh iad do thabhairt chun a chéile ar an gcuma san agus aon bhuidhean amháin a dhéanamh díobh. Bhí cuideachtanas a chéile acu, agus congnamh a chéile nuair ba ghádh é. Bhí na Conachtaigh beirthe go mór leis an socarughadh mar bhí an dochtúir acu. Dá n-imthigheadh na Muímhnigh leó féin ní bhéadh Lonán ag na Conachtaigh. Chaithfeadh sé imtheacht le n-a mhuintir féin. Nuair a bhí na trí buidheana i dteannta chéile bhí Lonán acu go léir. Ba mhaith an bhail ortha san. Bhí a lán acu, idir Chonachtaigh agus Muímhnigh, gunta go dian, agus gheóbhdís bás i n-aimhdheóin gach aon rud mura mbéadh Lonán a bheith ag feuchaint chúcha agus an t-eólus thar na beartaibh a bheith aige ar a ghnó. Fuair cuid acu bás i n-aimhdheóin a dhíchil.
Bhí eólus maith ag Niamh, leis, agus tuisgint mhaith, agus bhíodh sí coitchianta ameasg na n-othar, ag tabhairt aire dhóibh, agus ag cur misnigh ortha, agus ag frithálamh ortha, agus mheasaidís ná bíodh aoinne ba thúisge thuigeadh cad a bhíodh i n-easnamh ortha ’ná mar a thuigeadh Niamh é. An t-áthas croídhe a thagadh ortha nuair a thagadh sí ag frithálamh ortha shamhluighdís go gcuireadh sé feabhas sláinte ortha. Bhí aithne aici ar gach duine fé leith de mhuintir Uíbh Máine agus Uíbh Fiachrach, agus níor bh’fhada go raibh aithne aici, leis, ar gach duine fé leith des na Muímhneachaibh.
Bhí Lochlanaigh ann. De mhuintir Ospaic ab eadh cuid acu. Do marbhuigheadh Ospac féin sa chath. Dritháir do Bhruadar ab eadh é. Tar éis an chatha chuaidh cuid d’á mhuintir i mbuidhin Dhonchadh, mhic Bhriain, agus tháinig cuid acu i mbuidhin Thaidhg Óig uí Chealla. Bhíodh Caoilte mar fhear teangan idir iad agus na Gaedhil. Bhí cuid acu gunta go dian, agus do tugadh aireachas dóibh chómh maith díreach agus a tugadh dos na Gaedhlaibh féin.
Cáirde ab eadh muintir Ospaic, ach bhí cuid de mhuintir a dhrithár ann, leis, agus do tugadh an t-aireachas céadna dhóibh, bíodh gur bh’é an dritháir sin a dhein an gníomh ba mheasa ar na Gaedhlaibh d’ár deineadh sa chath, .i. marbughadh Bhriain.
Bhí aon fhear amháin ann agus níor féadadh a dhéanamh amach ar feadh abhfad cé ’r bh’é ná cár bh’ as é. Bhí sé ar éadtromacht. Bhain éirleach an lae sin a mheabhair shaoghalta dhé. Bhí focal éigin aige d’á rádh coitchianta, ach níor thuig aoinne é go dtí gur tháinig Caoilte chuige. Fuair Caoilte amach uaidh gur adtuaidh ar fad ó Inis Tuile a tháinig sé. Isé focal a bhíodh ’n-a bhéal aige, agus nár tuigeadh, ’ná: “A Pheadair Naomhtha tabhair saor ó’n lá so mé agus raghaidh mé trí h-uaire go dtí an Róimh ag triall ort am’ mhaidirín!”
Do tugadh saor ó’n gcath é. Tháinig a mheabhair dó i ndiaigh chéile nuair a fuair sé an caradas agus an t-aireachas. Ansan ní shásóch’ aon rud é ach go gcaithfeadh Niamh an Creideamh a mhúineadh dhó. B’éigean do Chaoilte bheith sa mhúineadh, leis, go dtí go raibh an fear bocht ábalta ar an nGaeluinn a thuisgint.
Do ghlac na Lochlanaigh eile a bhí ann an Creideamh, leis, chómh luath agus do féadadh é mhúineadh dhóibh. Is amhlaidh a deiridís, an Creideamh a bhí ag Niamh go raibh sé maith a dhóthin d’ aoinne sa domhan; ná féadfadh sé gan bheith ’n-a Chreideamh fhóghanta agus é bheith ag Niamh. Ansan, nuair a múintí dhóibh é, do thuigidís a mhaitheas agus a thairbhthe ann féin.
Fé dheire thiar thall bhí na daoine gunta, an méid ná fuair bás díobh, ag dul i bhfeabhas. Bhí an aimsir, leis, ag dul i bhfeabhas agus na laethanta ag dul i bhfaid, agus bhí an focal i mbéal gach aoinne gur mhithid bheith ag cuimhneamh ar an mbaile. Do gabhadh na capail agus do cuireadh na h-ualaí ortha. Do cuireadh na daoine leicthe ar charaíbh agus leapacha fútha. Bhí oiread san capal agus caraí acu nár ghádh d’aoinne beith ’n-a chuis. Bhí mórán lóin acu, agus mórán earaí, agus mórán stuic. Bhí ba agus caoire a ndóthin acu, loiligheacha chun bainne, agus ba seasga chun mairtfheóla. Chuireadar gach aon rud i dtreó chun gluaiste agus ghluaiseadar an bóthar siar ódheas fé dhéin Chinn Cora.
Sar ar fhágadar an chómharsanacht chuaidh Niamh go Sórd chun go bhfeicfeadh sí uaigh Dhúlainn agus uaghna na n-uasal eile a bhí curtha ann. Chuaidh Tadhg Óg agus Caoilte agus Conn agus Lonán i n-aonfheacht léi. Ghoileadar a ndóthin ar uaigh Dhúlainn agus ar na h-uaghnaibh eile. Bhí uaigh Thaidhg Mhóir agus uaigh Mhaoilruanaidh i n-aice ’chéile. D’fhan Niamh abhfad os cionn uagha a h-athar. Ba mhaith léi, dá mb’ é toil an Tighearna é, uaigh eile beith le h-ais na h-uagha san agus í féin a bheith sínte ann, agus a h-anam a bheith i bhfochair anama a h-athar. Ach do thuig sí nár bh’é toil Dé é, agus go raibh gnó eile curtha ’n-a chúram ag Dia uirthi, agus d’fhág sí an áit.
Chomáin na trí buidheana leó, agus iad i n-aon bhuidhin amháin, an bóthar siar ódheas, go breagh réidh socair. Ní fhéadfaidís gluaiseacht ró mhear, dá mba ná béadh aon nídh chun ríghnis a chur ortha ach na slóighte daoine a bhíodh ag teacht rómpa ar an slígh ag fáiltiughadh rómpa agus ’ghá moladh agus ag cur gach aon tsaghas beannacht ortha. Bhí tuairisg an chatha tar éis leathadh ar fuid na h-Éirean um an dtaca san, agus bhí ualach tógtha de chroídhe na ndaoine. Bhí na daoine ag imtheacht as a meabhair le neart áthais agus le neart buidhchais ar Dhia agus ar na fearaibh do throid an cath agus do bhuaidh an cath. Bhí fhios acu go maith cad a bhí ’n-a gcóir go léir dá mba ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh sa chath san. Bhí fhios acu, leis, ag an uile dhuine acu, gur ag na Lochlanaigh a bhéadh an buadh mura mbéadh a thréine do throid na Gaedhil. Agus bhí fhios acu ná raibh fir sa chath ba thréine do throid ’ná na trí buidheana san a bhí an uair sin ag gluaiseacht an bóthar san siar ódheas, i n-aon bhuidhin amháin. D’á bhrígh sin is amhlaidh a bhídís ’n-a gcéadtaibh agus iad ar a nglúinibh, ar dhá thaobh an bhóthair, agus iad ag liúirigh agus ag gol agus ag gáirí, ag breith a mbuidhchais le Dia mar gheall ar an bhfuasgailt a tugadh ar Éirinn, agus ’ghá iaraidh ar Dhia na glóire a bheannacht do chur go deó, sa tsaoghal so agus ar an saoghal eile, ar na fearaibh a dhein an troid uathbhásach agus do bhuaidh an cath uathbhásach.
Thar gach aoinne eile d’á raibh ann bhíodh na daoine a d’iaraidh radharc fhághail ar Niamh. Bhí a h-ainim i mbéalaibh daoine ins gach aon bhall. Bhí sé i n-aigne na ndaoine, pé cuma ’n-ar cuireadh isteach ’n-a n-aigne é, gur mhó a congnamh chun slóighte Bhriain do ghleusadh agus do dhlúthughadh le n-a chéile, agus chun na h-árd-aigne a bhí acu do dhúiseacht ionta i gcóir an chatha, ’ná congnamh aon duine eile lasmuich de Bhrian féin. D’á bhrígh sin, pé duine eile a chídís ní bhídís sásta go dtí go bhfeicidís Niamh. Bhíodh na fir agus na mná ar na h-árdánaibh agus ar na clathachaibh agus iad ag iniúchadh agus ag cuardach le n-a súilibh go dtí go bhfeicidís Niamh. Ansan bhídís ag árdughadh n-a leanbh suas ’n-a lámhaibh i dtreó go bhfeicfidís Niamh.
Níor ghádh do’n chualacht aon eagla bheith ortha go mbéadh aon rud i n-easnamh ortha ar an slígh. Bhí an t-im agus an bainne agus na h-uibhe, agus an uile shaghas toradh talmhan, ag teacht chúcha isteach ó gach taobh de’n bhóthar. Ní raibh aon ghádh acu leis. Bhí breis agus a ndóthin de gach aon tsaghas bídh acu féin. Thugadar san le tuisgint dos na daoine. Ní raibh aon mhaith ann. Tháinig an bia. Dúbhairt Niamh é chur i gcoimeád agus go bhféadfaí é thabhairt do dhaoine bochta ar ball.