AN t-ÁR-MHÁGH.
Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla ’n-a dhiaigh, agus ansan do rith an méid a bhí gan marbhughadh de mhuintir Shíguird. Do ghluais ar a dtóir an méid a bhí ábalta ar ruith des na Conachtachaibh. Do ghluais Caoilte sa tóir i n-aonfheacht leó. Níor chuaidh Caoilte abhfad. Bhí fhios aige go raibh Niamh sa n-áit ’n-a raibh a h-athair sínte marbh. Do chas sé thar n-ais le h-eagla go gcasfaí buidhean Lochlanach sa treó agus go mb’ fhéidir go mbéadh Niamh gan chosaint.
Nuair a tháinig sé is amhlaidh a fuair sé a lán de mhuintir Uíbh Máine ann roimis, agus de mhuintir Mhaoilruanaidh na Paidre. Bhíodar ró chréachtnaidhthe chun leanmhaint ar an dtóir, ach bhíodar ábalta ar Niamh a chosaint go maith. Bhí sise ar a glúinibh ag ceann cuirp a h-athar. Bhí sagart ann, leis, agus manach. Ag tabhairt aire do Thadhg Óg ua Chealla iseadh bhí an sagart. Ní raibh Tadhg Óg marbh, bíodh go raibh sé gortuighthe go maith. Níor thug Amhlaoibh “a cheart féin do’n fhaobhar.” Bhí clogad maith láidir ar cheann Thaidhg. Do chuir an tuagh stangadh doimhinn sa chlogad agus do gortuigheadh an ceann, ach níor gearadh an clogad ná an ceann. Bhí Lonán ann agus níor bh’fhada go raibh Tadhg tagaithe chuige féin fé láimh Lonáin.
Bhí ceann Thaidhg Mhóir, ámhthach, ’n-a dhá leath, ach níor choruigh Niamh uaidh.
Bhí Conn ann agus é tar éis teacht ó’n áit ’n-a raibh a athair féin, Maolruanaidh na Paidre, sínte marbh. Do mhair Maolruanaidh tamal maith tar éis a ghunta, agus bhí sagart i n’ aice ó fuair sé an ghuin go dtí go bhfuair sé bás.
Nuair a chonaic Niamh Caoilte agus Conn do labhair sí leó.
“Cá bhfuil Connla?” ar sise.
“D’ imthigh sé ar thóir na Lochlanach, a rígan,” arsa Caoilte.
“Is truagh san!” ar sise. “Má imthíghean aon nídh air tá Éire creachta glan.”
Bhí tuille des na Conachtaigh ag teacht ó’n dtóir. Chuir sí tuairisg Chonnla ortha. Ní fheacaidh aoinne Connla ach do chonaic gach aoinne Murchadh agus é ar thóir Bhruadair agus Bruadar ag teitheadh uaidh.
“Ní fhéadfadh Murchadh bheith ar thóir Bhruadair,” arsa duine a tháinig, “mar tá Murchadh ansúd thall sínte agus beirt shagart i n’ fhochair. Do thuit Murchadh díreach nuair a bhí an teitheadh agus an tóir ag tusnú’.”
“An é radharc mo shúl a mheasfá a bhaint díom!” arsa’n chéad duine. “Ná feacaidh mo dhá shúil Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir!”
“Ní fheacaís Bruadar ag teitheadh,” arsa Niamh, “mar do leag m’ athair é trí h-uaire as a chéile, agus ansan do rith sé isteach sa choill bheag san thuas.”
Le n-a linn sin d’fhéachadar suas agus cad a chífidís ach Bruadar féin ag ruith ’n-a dtreó ó’n áit ’n-a raibh pubal an Árdrígh, agus é ag liúirigh:--
“Sgaoiltear an focal ó bhéal go béal!” ar seisean, “gur mhairbh Bruadar Brian!”
Siúd chuige an bhuidhean chosanta do fágadh ar phubal Bhriain. Do ritheadar ar thóir na Lochlanach agus d’fhágadar an pubal gan chosnamh. Tháinig Bruadar amach as an gcoill, mar a raibh sé i bhfolach. Fuair sé an t-Árdrígh gan chosnamh, agus chuaidh sé isteach agus mhairbh sé an t-Árdrígh. Do rug an bhuidhean chosanta ar Bhruadar agus chuireadar chun báis é. Ba shuarach an leigheas é sin ar an ndíobháil a bhí déanta. Dá dtugaidís aire do’n ghnó a cuireadh ’n-a chúram ortha tá gach aon deabhramh go mbéadh a mhalairt de sgéal againn go léir, riamh ó shin agus indiu, seachas mar atá.
Deir cuid de’n tseanachus gur chosain Brian é féin go cródha. Ní fheadar cé ’cu a dhein nó nár dhein, agus is cuma liom. B’fhearr liom go mór a bheith ar chumas an tseanachuis a rádh gur chosain na fir é n-ar cuireadh mar chúram ortha é chosaint. Is truagh gan a n-ainimneacha againn! Chuireadar pionós ar Bhruadar. Ba mhór go léir an leigheas é sin ar an bhfaillígh a dheineadar féin; nár bh’ eadh!
Ag teacht thar n-ais ó thóir na Lochlanach a bhíodar nuair a bhuail Bruadar umpa agus an gníomh déanta aige. Dheineadar go h-aindeis a ngnó!
Nuair a fuair Niamh go raibh Brian marbh d’ eirigh sí ’n-a seasamh:--
“Téanam!” ar sise le Caoilte agus le Conn. “Caithfimíd Connla dh’fhághail. Tá Brian marbh, agus is dócha go bhfuil Murchadh marbh. Tá Árdrígh againn fós, ámhthach, má tá Connla beó.”
Siúd chun siúbhail iad. Do leanadar an treó do lean na Conachtaigh sa tóir. Bhí cuid des na Conachtaigh ag teacht thar n-ais. D’iompuighdar i n-aonfheacht leis an dtriúr nuair a fuaradar cad a bhí uatha. Dheineadar gach aon tsaghas cuardaigh agus chuireadar gach aon tsaghas tuairisge, ach ní bhfuaradar aon bhlúire eóluis. D’inis fiche duine dhóibh go bhfeacathas Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thoir, ach ní fheacaidh aoinne Connla.
Bhí an oídhche ag tuitim. Bhí an machaire go léir lán de chorpaibh, agus bhí a lán des na Lochlanaigh a leagadh sa tóir agus ná rabhdar marbh ar fad, agus go raibh fonn ortha sleagh nó tuagh nó sgian do chaitheamh le h-aon Éireanach a chífidís. Do tuigeadh go raibh sé ró chontabharthach leigint do Niamh dul níba shia sa chuardach. Do socaruigheadh ar dhul thar n-ais. Go mb’fhéidir go raibh Connla tagaithe ann um an dtaca san. Mura raibh go bhféadfadh na fir teacht airís ag cuardach agus Niamh a dh’fhágáilt ar a suaimhneas, i n-áit a bhéadh gan bhaoghal.
Thánadar thar n-ais. Ní raibh aon tuairisg ar Chonnla. Bhí an oídhche dhubh ann um an dtaca san, agus chun na h-oídhche dhéanamh níba duibhe do leath ceó isteach ó’n bhfaraige i dtreó ná feicfeadh duine a lámh dá síneadh sé í.
Ní raibh aon rud le déanamh ach dul fé dhéin an longphuirt i gCill Mhaighneann. Dhein muintir Thaidhg Mhóir agus muintir Mhaoilruanaidh dhá chróchar agus do rugadar leó an dá chorp chun an longphuirt. Bhí na sagairt agus na manaigh ann, agus bhíodar ag cantainn úrnuighthe na marbh ar an slígh. Nuair a thánadar go Cill Mhaighneann fuaradar go raibh a lán sochraidí beaga eile tagaithe ann rómpa, agus ag teacht ann ’n-a ndiaigh, agus an obair chéadna ar siúbhal acu. Bhí na sagairt agus na manaig go léir ann, ó Shórd Cholum Cille, agus an uile shaghas córacha tabhartha leó acu, mar atá, líon geal chun cneádhthach do dhúnadh agus fuil do chosg, agus deocha chun nirt, agus banndaí línéadaigh, agus cliathacha chun cnámh do chur, agus mar sin. Bhí flúirse des na neithibh sin tabhartha leó ó’n mbaile ag na mnáibh a tháinig, ach níor mhiste an tuille.
Bhí na buidheana beaga ag teacht i gcaitheamh na h-oídhche agus a nduine marbh féin ag gach buidhin díobh. Tháinig cuid de theighlach Mhurchadh agus Murchadh ar chróchar acu, ach ní raibh sé marbh. Mhair sé go dtí amáireach a bhí chúghainn. Bhí na sagairt i n’ aice sa n-áit ’n-ar thuit sé, anuas ar mhac rígh na h-Ioruaidhe. D’fhan sagart i n’ fhochair go dtí gur tharaing sé an anál.
Ní raibh aon bhuidhean a tháinig mar sin i gcaitheamh na h-oídhche ná raibh Niamh a’ faire ortha feuchaint cathin a chífeadh sí buidhean ag teacht agus Connla acu, nó feuchaint cathin a chífeadh sí Connla féin ag teacht ar bhuidhin acu agus duine aige ’á thabhairt leis. Níor tháinig sé mar seo ná mar siúd.
Tháinig solus an lae. Do ghlan an ceó.
“Téanamh,” arsa Niamh le Caoilte agus le Conn, “go gcuardaighmíd an machaire feuchaint a’ bhfaighmís Connla beó nó marbh.”
Ghluaiseadar amach. Thánadar ar áit an chatha. Ba ghrána an radharc an uair sin é mar mhachaire. Bhí an talamh go léir, ó Bhinn Éadair go h-Ath Cliath agus ó chiúmhais na trágha abhfad amach sa tír, clúdaighthe le corpaibh daoine. Bhí, anso agus ansúd ar fuaid an mhachaire, rudaí beó ag gluaiseacht ameasg na gcorp. Daoine ab eadh cuid des na rudaíbh beó san, daoine a bhí ag lorg corp a gcarad féin. Bitheamhnaigh ab eadh cuid des na rudaíbh beó; bitheamhnaigh a bhí ag guid an tsaidhbhris agus na n-órnáidí a bhí ar chorpaibh na Lochlanach uasal agus na n-Éireanach uasal. Gaidhir ab eadh cuid des na rudaíbh beó, leis; gaidhir ghrána mhóra, chontabharthacha, a tháinig isteach ó’n dtír nuair a rug an ghaoth balaith na fola amach ag triall ortha.
Shiúbhluigh Niamh agus a cualacht an machaire, soir agus siar agus anonn agus anall, ach ní bhfuaradar aon radharc ar aon chorp go raibh aon cosamhlacht aige le Connla. Do chíodh Niamh uaithe, go minic, corp a bhíodh, dar léi, cosmhail le Connla. Ansan nuair a thagaidís i n’ aice chíodh sí nár bh’ é é, agus bhíodh áthas uirthi.
Bhí an mhaidion ag gluaiseacht agus an ghrian ag druidim suas ar an spéir, agus fir ag teacht go tiugh, as gach aon treó baill, le h-órdúghadh na sagart, agus ráinní agus sluaiste acu, chun na gcorp do chur fé thalamh. Dó leath na fir sin iad féin ins gach aon bhall ar fuaid an mhachaire agus do chrom gach aon triúr nó ceathrar acu ar thrínse dh’ osgailt. Ba gheár go raibh oiread san acu ann go mb’éigean dos na gaidhir agus dos na bitheamhnaigh glanadh as an áit. Má bhí saidhbhreas le fághail ar chorpaibh na marbh do thuig na fir a bhí ag déanamh na h-oibre gur bh’ iad féin dob fhearr ceart chun an tsaidhbhris sin. Bhí an obair ar siúbhal ins gach aon pháirt de’n mhachaire, agus ins na h-áiteanaibh ’n-a raibh na cuirp ’n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile b’ éigean trínsí móra leathana doimhne dhéanamh, agus na cuirp a chur ’n-a gcruachaibh fé thalamh, díreach mar a bhíodar ’n-a gcruachaibh os cionn tailimh. Bhí an taoide lán airís agus bhí cuirp na mban agus na leanbh aici ’á chaitheamh isteach ar an dtráigh. Fé mar a dhruid an taoide amach bhí sí ag fágaint na gcorp ar an dtráigh ’n-a diaigh. B’éigean trínsí móra leathana doimhne dhéanamh dóibh sin, leis, agus iad do chur ’n-a gcruachaibh fé thalamh. Nuair a bhí na trínsí sin lán des na corpaibh agus an chré curtha suas ortha is amhlaidh a bhí árdán mór árd sa n-áit ’n-ar deineadh gach trínse. Táid na h-árdáin sin le feisgint sa n-áit fós, nó cuid acu.
Chonaic Niamh, agus an mhuintir a bhí le n-a cois sa chuardach, a lán daoine cruinnighthe tímpal na h-áite na dtéidhean an Tulcainn isteach sa bhfaraige. Thánadar chun na h-áite. Bhí an Tulcainn lán de chorpaibh na Lochlanach i dtreó go rabhdar ag coimeád uisge na h-abhan siar ó’n dtaoide do leanmhaint. Bhí na fir ag tógaint na gcorp as an abhainn agus ’ghá síneadh ar an bport i n-aice ’chéile. Nuair a tháinig Niamh chonaic sí dhá chorp sínte ar an bport i n-aice ’chéile. D’aithin sí láithreach iad. Amhlaoibh agus Connla isiad a bhí ann. D’ aithin gach aoinne Connla. Mheas cuid de’n lucht oibre gur bh’ é Bruadar an fear eile. D’innseadar do Niamh, agus do’n mhuintir a bhí le n-a cois, gur bh’ amhlaidh a fuaradh an bheirt agus cruach mhór de chorpaibh Lochlanach anuas ortha, agus dhá láimh Chonnla daingean i bhfolt Amhlaoibh, agus a chorp anuas ar chorp Amhlaoibh.
D’fheuch Niamh ar an mbeirt agus iad sínte i n-aice ’chéile, go breagh socair. Bhí dhá shúil Amhlaoibh ar dian-leathadh, agus bhí ’n-a sheasamh ionta, agus ’n-a ghnúis ar fad, an sgeón millteach a chonaic sí ionta díreach nuair a thuit an tuagh as a láimh agus do theith sé. Bhí gnúis Chonnla chómh sámh, chómh socair, chómh suaimhneasach agus dá mba ’n-a chodla bhéadh sé. Chómh luath agus do chonaic sí iad do bhánuigh a h-aghaidh i dtreó go dtáinig Caoilte agus Conn ’n-a h-aice, duine acu ar gach taobh di. Mheasadar go raibh sí i riocht tuitim. Ní raibh. Do gháir sí nuair a chonaic sí an t-eagal ortha. Tháinig sí ar a glúinibh i n-aice Chonnla agus chrom sí ar phaidir a rádh le n’ anam. Tháinig an bheirt eile ar a nglúinibh agus dúbhradar an phaidir i n-aonfheacht léi.
“Go maithidh Dia do pheacaí dhuit, a Amhlaoibh!” ar sise, “agus dúinn go léir.”
D’eirighdar. Dheineadar cróchar agus chuireadar corp Chonnla air, agus do rugadar leó é chun an longphuirt.
“Dob’ uathbhásach an cath é!” arsa Conn agus iad ag teacht, “agus is fada a bheidh cuimhne i n-Éirinn air.”
“Is fada,” arsa Caoilte, “agus an bhfuil fhios agat cad a chuirfidh iongnadh ar an saoghal go deó?”
“Cad a chuirfidh?” arsa Conn.
“An deich gcéad úd go raibh na h-éidí mitil ortha tá an uile dhuine acu marbh!” arsa Caoilte.
“An uile dhuine acu?” arsa Conn.
“An uile dhuine riamh acu,” arsa Caoilte.