Um an dtaca ’n-a raibh Brian socair ’n-a chábán agus an lucht cosanta ’n-a thímpal bhí an dá shluagh i ngioracht cúpla péirse dh’á chéile. Do léim fear mór amach a’ sluagh na Lochlanach agus do labhair sé.
“An bhfuil Dómhnall mac Éimhin anso?” ar seisean.
“Tá sé anso,” arsa Dómhnall ag teacht amach a’ sluagh na nGaedhal.
Thug an bheirt aghaidh ar a chéile. Do bhuail gach fear díobh aon bhuille amháin ar an bhfear eile agus do thuit an bheirt marbh ar an bhfód.
Ansan do séideadh na h-adharca ar gach taobh, do rith an dá shluagh chun a chéile agus do thusnuigh an t-éirleach. Bhí solus na gréine ag neartughadh agus ní raibh an solus ins na súilibh ar aon tsluagh acu, mar bhí an ghrian ag taithneamh anoir díreach, ar láimh dheis na Lochlanach agus ar láimh chlé na nGaedhal. I dtusach an chómhraic ní raibh puínn des na fearaibh ag tuitim ar aon taobh, mar bhí an chosaint chómh maith leis an mbualadh. Aon áit sa tímpal ’n-a raibh cnucán ná árdán bhí mná agus daoine óga anáirde ar na h-árdánaibh ag faire ar an gcómhrac. Níor mhar a chéile cómhrac an uair sin agus cómhrac anois. Ní fhéadfadh aoinne dul i n-aon ghaor do chómhrac anois mar gheall ar an arm teine. An uair sin d’fhéadfadh mná agus mion-daoine teacht achamair go maith do’n chómhrac. Bhí mná na Lochlanach cruinnighthe ins gach sórd áite ’n-ar fhéadadar aon radharc a dh’fhághail ar an gcómhrac. Do chonacadar na claidhmhte d’á gcasadh agus iad ag taithneamh sa ghréin. Chonacadar gach buille d’á chosaint, le faobhar nó le sgiath, chómh tiugh agus do thagadh sé. D’ airighdar fuaim na mbuillí ar na sgiathibh agus sgreadach na bhfaobhar i gcoinnibh a chéile, agus guthana árda na dtaoiseach ag labhairt leis na fearaibh, agus dranntán na namhad chun a chéile le linn na mbuillí do bhualadh dhóibh, agus do mheasg na fuaimeana san ar a chéile ó dhachad míle namhad, i dtreó dá ndúnadh duine a shúile agus éisteacht leis an ngleic, gur dhóich leis gur choill mhór a bhí tré theine, agus an lasair ag búirthigh agus an t-adhmad ag cnagarnaigh le neart na teine.
Do lean an cómhrac ar an gcuma san ar feadh abhfad agus an ghrian ag druidim suas ar an spéir, agus is go h-ana mhall a bhí sí ag druidim suas. Ansan do thusnuigh na fir ar thuitim. Bhí saothar agus tuirse ag teacht ar chuid acu agus bhí an chosaint ag teip.
Maolmórdha agus a Laighneacha isiad a bhí aghaidh ar aghaidh le Dál gCais agus bhí sluagh mhór des na Lochlanaigh ag cabhrughadh leó.
Nuair a bhíodh tuirse ag teacht ar a namhaid iseadh ba ghnáth le Dál gCais breis nirt agus breis fuinnimh do theacht ionta. Bhí san ag teacht ionta an uair sin. Bhí idir Laighneacha agus Lochlanaigh ag tuitim fé n-a mbuillibh, agus bhí an chuid nár thuit díobh ag dul i ndiaigh a gcúil, go ríghin. Ba dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil. Bhí greim maith acu ar an bhfód.
Ach bhí Clann Chais ábalta ar a ngreim a bhogadh ó’n bhfód. Bhí Murchadh ann agus a dhá chlaidheamh aige, mar ba ghnáth, agus nuair a thugadh sé aghaidh ar fhear do thuiteadh an fear san gan a thuille cáirde. Bhí Dúlainn ann agus é chómh tapaidh, chómh marbhuightheach leis an león. “Fear na mbuillí dtroma,” a thugadh na Lochlanaigh air. Bhí mac Mhurchadh ann agus an dá chlaidheamh aige, mar a bhíodh agá athair. Dar leis na Lochlanaigh bhí sé chómh h-olc le n’ athair. Ní h-aithneófaí ó chéile iad ach gan an fhéasóg a bheith ar an mac.
B’é focal deirineach a dúbhairt Niamh ar maidin le Dúlainn ’ná, “A Dhúlainn, ná tabhair do cheann leat ó’n gcath so má leigean tú buille i gceann Chonnla!”
Ní rabhdar abhfad sa cath nuair a chonaic Dúlainn nár ghádh d’ aoinne ceann Chonnla do chosaint; go raibh a lámh dheas féin ábalta ar a cheann do chosaint go feilimionta. Agus ar nós Clainne Chais go léir, is ag dul i bhfuinneamhlacht a bhí a chroídhe agus a ghéaga fé mar a bhí an cath ag dul i ndéine. Bhí an namhaid ag dul i ndiaigh a gcúil, agus iad ag tuitim, agus Dál gCais ag brúth ortha agus ’ghá leagadh; agus bhí an ghrian ag druidim suas ar an spéir, go mall. Bhí an ghaoth anoir agus í go maith láidir, ionfhuar, anamamhail, agus ba mhór an tairbhthe an méid sin dos na fearaibh, ar gach taobh, mar bhí allus ag teacht ortha agus teas an chómhraic ag cúr ortha, go mór mór ar an gcuid acu ná raibh taithighe ró mhaith acu ar an saghas san oibre. Níor ghoill teas an chómhraic puínn ar Dhál gCais. Do cruadhadh iad go maith leis an ngleacaidheacht a bhíodh ar siúbhal coitchianta i gCeann Cora. Nuair a bhíodar sa mhór-chath is amhlaidh a bhíodar ar nós an chapail ráis n-a mbíon an fholuigheacht ann. Nuair ba dhóich le duine gur cheart tuirse bheith ag teacht air is amhlaidh a bhíon buile nirt agus misnigh agus fuinnimh ag teacht ann.
Bhí cuid des na Lochlanaigh a bhí ar an gcuma gcéadna, agus ba ró dheacair iad do chur i ndiaigh a gcúil. Ach bhíodar ag druidim siar agus bhí Dál gCais ag brúth ortha go dian. Bhí Maolmórdha ag déanamh a dhíchil chun iad do choimeád gan dul siar, ach ní fhéadadh sé é. Thugadh sé aire mhaith, ámhthach, gan teacht aghaidh ar aghaidh le Murchadh ná le Dúlainn. Mheasadh sé go bhfeiceadh sé dhá Mhurchadh ann, an Murchadh go raibh an fhéasóg air agus an Murchadh ná raibh, agus go raibh an Murchadh ná raibh an fhéasóg air chómh contabharthach de theangabhálaidhe leis an Murchadh go raibh.
An fhaid a bhí san mar sin sa cheann san de’n chath, bhí neithe ar a mhalairt de chuma sa cheann eile. Bhí Lochlanaigh Átha Cliath agus an deich gcéad fear ó’n Ioruaidh go raibh na h-éidí práis ortha i gcoinnibh na Muímhneach eile (lasmuich de Dhál gCais), agus bhí lucht na n-éidí práis ag brúth na nGaedhal rómpa agus ’ghá marbhughadh go tiugh. Ba mhó go mór an t-éirleach a bhí ag lucht na n-éidí práis ’á dhéanamh ar Ghaedhlaibh an chinn sin de’n chath ’ná mar a bhí ag Dál gCais ’á dhéanamh ar Lochlanaigh an chinn eile. Bhí Bruadar ar tusach ar lucht na n-éidí, agus bhí na Muímhnigh ag tuitim ’n-a srathanaibh ins gach treó ’n-a dtugadh sé aghaidh.
Bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas ar bara ríghtheighlaigh Shitric agus iad ag feuchaint ar an éirleach a bhí ag lucht na n-éidí ’á dhéanamh ar na Muímhneachaibh.
“Is maith na buanaidhthe iad san, a Bhéibionn!” arsa Gormfhlaith. “Táid siad ag leagadh an arbhair go tiugh. Beidh uathbhás oibre déanta acu i gcóir na h-oídhche.”
“Tá an lá óg fós, a Árdrígan,” arsa Béibionn. “Is ’mó cor a dh’fhéadfadh an saoghal a chur dé ’dir seo agus an oídhche.”
Chonaic Murchadh conus a bhí lucht na n-éidí ag marbhughadh na Muímhneach rómpa. D’fheuch sé ’n-a thímpal. Ní raibh Caoilte abhfad uaidh.
“Téanam, a Chaoilte,” ar seisean. “Ní mór cosg do chur leó súd thiar. Beir ar do thuaigh agus lean mé. Déin-se an rud céadna,” ar seisean le Dúlainn. “Agus tusa, a mhic,” ar seisean le Connla. “Seasuigheadh an chuid eile an fód anso.”
D’imthigh an ceathrar siar as an gcath agus siúd siar ódheas iad chun na h-áite ’n-a raibh lucht na n-éidí agus iad ag marbhughadh rómpa.
“An tuagh! An tuagh! An tuagh, a fheara!” arsa Murchadh.
Le n-a linn sin do léim sé chun Lochlanaigh mhóir a bhí ag déanamh éirligh agus ná téidheadh aon bhuille chlaidheamh i bhfeidhm air. Dhein Murchadh dhá leath d’á cheann, idir phrás agus cloigean, le buille thuaigh. Bhí na tuaghana go léir anáirde láithreach. Ansan iseadh do chonacthas an obair.
“Tugtar sleagh dhom!” arsa Murchadh.
Do tugadh. Thug sé sádh d’fhear mhór eile de lucht na n-éidí. Do rith an tsleagh tríd an éide mar a ruithfeadh snáthad tré bhréid, agus do thuit an fear. Ansan iseadh do fíoradh an focal adúbhairt Brian ar maidin. “Ná cuiridh suim ’n-a gcótaíbh iarainn,” ar seisean. “Cótaí troma iseadh iad.” Chuimhnigh gach aoinne ar an bhfocal. Do sheasaimh na Muímhnigh an fód. D’oibrighdar an tuagh agus an tsleagh. Níor bh’fada go raibh lucht na n-éidí ag tuitim go tiugh. Níor chuadar i ndiaigh a gcúil mar ní ró mhaith a dh’fhéadfaidís é. Bhí tuirse agus allus ortha, agus bhí an éide ró throm. Níor dheineadar ach seasamh agus iad féin a chosaint chómh maith agus dob’ fhéidir leó é. Níor ró mhaith a dh’fhéadadar iad féin a chosaint, mar bhí an bhuile agus an fhearg ar na Muímhneachaibh nuair a fuaradar go raibh ar a gcumas na h-éidí uathbhásacha san do ghearadh le tuaigh nó do shádh le sleagh chómh saoráideach. Níor thuit puínn eile des na Muímhneachaibh an uair sin, agus do chosain lucht na n-éidí iad féin maith go leór. Do coireadh iad, ámhthach, agus fé mar a coirtí iad ní fhéadaidís aon chosaint a dhéanamh ortha féin, agus ansan do marbhuightí iad.
Do lean an cómhrac, gan stad gan staonadh, ó cheann ceann de pháirc an chatha. Na h-Éireanaigh lán cheapaithe, fé mar a bhí socair go daingean acu abhfad roim ré, ar bhás a dh’fhághail sa chath san, pé taobh ar a mbéadh buadh an chatha. Iongnadh agus alltacht ar na Lochlanaigh go léir, idir ríghthe agus daoine, a rádh go raibh a leithéid de sheasamh ag na Gaedhil ’á dhéanamh. “Má seasuightear i n-ár gcoinnibh puínn eile aimsire ar an gcuma so buadhfar orainn!” a deiridís le n-a chéile, agus iongnadh a gcroídhe ortha. Ghéaruighdar sa chómhrac, mar ’dh eadh go sguabfaidís na Gaedhil rómpa. Do chaitheadar iad féin i gcoinnibh na nGaedhal díreach mar a chaithean an fharaige í féin i gcoinnibh na caraige lá gaoithe. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Do sheasaimh Clanna Gaedhal ’n-a gcoinnibh díreach mar a sheasuighean an charaig i gcoinnibh uisge na faraige.
Thug na Lochlanaigh nídh eile fé ndeara. Thugadar fé ndeara ná raibh blúire eagla roimis an mbás ag na h-Éireanaigh, ná aon dothal acu roimis an mbás. I ndiaigh ar ndiaigh do chuaidh ’n-a luighe ar aigne na Lochlanach ná raibh aon tsúil go n-iompóchadh na h-Éireanaigh ó’n gcath. Go seasóchaidís an fód an fhaid a bheidís beó, agus gur le h-áthas a ghlacfaidís bás.
Níor bh’fhéidir leis na Lochlanaigh an nídh sin do thuisgint. Do thuigfidís é, b’fhéidir, dá mbéadh ’fhios acu cad é an socarughadh aigne a bhí déanta ag na Gaedhlaibh abhfad sar a dtáinig lá an chatha san; do thuigfidís é dá mbéadh ’fhios acu go raibh Naomh Ídhbirt an Aifrinn d’á dhéanamh chun Dé, ó thainig an chéad leus de sholus an lae an mhaidion san, ins gach eaglais agus ins gach mainistir i n-Éirinn. Do thuigfidís é dá dtuigidís conus mar a bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta ar fuid na h-Éirean, i gcaitheamh na maidine sin agus i gcaitheamh na h-oídhche roim ré, ag briseadh a gcroídhe ’ghá iaraidh ar Dhia na glóire, tré ímpídhe na Maighdine Muire, agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan buadh an chatha san do leigint leis na Lochlanaigh. Do thuigfidís é dá mbéadh ’fhios acu conus mar a bhí an t-Árdrígh aosta, an fear a thaisbeáin an Chrois Chéasda do’n tsluagh an mhaidion san, an fear a bhí ceapaithe ag Dia an uair sin chun cómhacht na Lochlanach do bhriseadh agus do chlaoidh i n-Éirinn, conus mar bhí sé ar a dhá ghlúin, istigh ’n-a chábán, ’ghá iaraidh go cruaidh ar an Slánuightheóir Gléigeal gan an buadh do leigint le namhaid an Chreidimh. Ní raibh aon phioc d’ fhios an méid sin go léir ag na Lochlanaigh, agus d’á bhrígh sin níor thuigeadar cad fé ndeara dos na Gaedhlaibh a leithéid de sheasamh a dhéanamh sa chath agus bás do ghlacadh le n-a leithéid d’ áthas.
Do lean an cómhrac gan sos gan staonadh gan lagughadh, agus bhí an ghrian ag druidim, go ríghin, chun a h-áite ar an spéir i meadhan lae. Bhí an bualadh agus an t-éirleach cómh-dhian, ba dhóich le duine, ó cheann ceann de’n mhachaire. Bhí na mná agus na mion-daoine ar na h-árdánaibh ag faire. Bhí buairt agus eagla ag tusnughadh ar theacht ar na mnáibh a tháinig ar na loingeas. Ní raibh aon choinne acu go leanfadh an cath chómh fada, ná go seasóch’ na Gaedhil an fód chómh daingean. Bhí a lán d’á bhfearaibh féin, agus d’á macaibh, sínte marbh ar an bpáirc. Bhí ag dul ’n-a luighe ar a n-aigne gur bhaoghal ná raibh seilbh i dtalamh na h-Éirean le fághail acu chómh saoráideach agus do mheasadar. Ach do ghluais an cómhrac agus shamhluighdar gur ag dul i ngéire agus i ndéine agus i dtruime a bhí an chaismirt, agus gan aon chlódh lagachair ná aon deabhramh géille ar shlóightibh na nGaedhal. Dá ndúnadh bean acu a súile an uair sin agus éisteacht leis an ngleó, d’ aireóchadh sí an choill mhór tré theine agus an lasair ag búirthigh agus an t-adhmad ag cnagarnaigh, agus d’ aireóchadh sí mar a bhéadh dachad míle fear agus dachad míle tuagh acu agus iad ag gearadh na gcrann agus ’ghá leagadh!
Bhí na crainn ag tuitim, na crainn bheaga ar dtúis agus ansan na crainn mhóra, agus ní raibh aon taobh ag déanamh aon ghéille do’n taobh eile, nó má géilltí beagán ar taobh anois agus airís, do buaidhtí an beagán san thar n-ais gan puínn ríghnis; agus bhí an ghrian ag druidim siar. Bhí ceó éigin odhar ag eirighe ó’n machaire, agus bhí an ghaoth ag séideadh an cheóidh sin os cionn na bhfear a bhí ag troid, agus isteach fé ’n dtír. Ceó fola ab eadh an ceó san. D’ eirigh, leis, as an machaire, fuar-bhalaith grána trom, balaith na fola. Bhí an balaith chómh láidir, chómh trom san go mb’éigean do chuid des na mnáibh a bhí ar na h-árdánaibh imtheacht. Nuair a chuaidh an balaith sin fútha d’iompuigh a ngoile, bhí an balaith chómh trom san. Ach níor chuir faobhar ná fuil, ceó ná balaith, fhiachaint ar lucht an chómhraic staonadh ó’n gcath ar aon taobh. Chomáineadar leó ag bualadh agus ag leagadh agus ag tuitim, an duagh agus an saothar agus an cruadhtan ’ghá dtnáthadh agus an tart ’ghá losgadh, agus an ghrian ag druidim siar, go ríghin.
Tá tobar breagh fíor-uisge sa mhachaire ar a raibh an cómhrac ar siúbhal. Deirtear go dtéidheadh na taoisigh Ghaedhlacha chun an tobair sin, ó am go h-am, chun a lámh a dh’ fhuaradh sa n-uisge agus chun díghe dh’ól, agus ansan go bhfillidís chun an chómhraic agus a lán neart acu. Thug na Lochlanaigh fé ndeara an nídh sin. Bhí buidhean chosanta ag na Gaedhlaibh ar an dtobar. Tháinig buidhean Lochlanach chun an tobair a bhaint díobh. Do throid an dá bhuidhean go fíochmhar. Do loiteadh an tobar. Nuair a tháinig taoiseach Gaedhlach chuige ar ball bhí sé lán d’fhuil agus de chré, agus na cuirp ’n-a gcruachaibh air.
Ní fheadar féin conus fhéad na fir Ghaedhlacha imtheacht ó’n gcath chun díghe dh’ ól as an dtobar mura b’ amhlaidh a dheinidís uanuigheacht ar a chéile. Pé rud a dheinidís do lean an t-éirleach gan sos gan staonadh, agus bhí an ghrian ag druidim siar, go mall.
Isé Sígurd, Iarla Ínsí h-Orc, agus a shluagh, a bhí i ngleic leis na Conachtachaibh. I dteannta na gConachtach a bhí ceapaithe do Mh’lsheachlainn Mhór seasamh. Nuair a dh’imthigh M’lsheachlainn agus a dheich gcéad as an gcath d’fhág sé easnamh mór agus leath-lámh mór ar na Conachtachaibh. Ach do sheasaimh na Conachtaigh an cómhrac, gan dul órlach i ndiaigh a gcúil, i gcaitheamh an lae go léir. Thug an dá shluagh fé ndeara na gníomhartha uathbhásacha a dhein Tadhg Mór ua Cealla i gcaitheamh an lae. Thug a lán des na fearaibh láidire a bhí ar na Lochlanaigh aghaidh air, i gcaitheamh an lae, ach do thuit gach fear díobh le n-a láimh. Fé dheire do thug Bruadar féin aghaidh air. Bhí éide ana chruaidh ar Bhruadar. Bhí a shleagh i láimh Thaidhg Mhóir. Thug sé sádh de’n tsleagh do Bhruadar. Níor chuaidh an tsleagh tríd an éide ach do caitheadh Bruadar siar ar fleasg a dhroma, bhí a leithéid sin de neart leis an sádh a tugadh dó. D’eirigh sé agus thug sé foghadh eile fé Thadhg. Do leagadh airís é ar an gcuma gcéadna. Thug sé an trímhadh foghadh. Do baineadh an trímhadh leagad as. D’eirigh sé agus do rith sé isteach i gcoill a bhí i n-aice na h-áite. Le n-a linn sin tháinig Sígurd i ngar do Thadhg, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar a shleagh do bheartughadh airís do bhuail Sígurd sa cheann é le tuaigh. Do thuit Tadhg marbh. Is ar éigin a bhí sé ar lár nuair a bhí Sígurd ar lár, chómh marbh leis, agus a cheann agus a chabhail, síos go caol a dhroma, sgoilte glan le buille thuaigh ó Mhurchadh. Chonaic an dá shluagh an buille sin. Do bhrúigh sluagh Shíguird isteach chun báis a rígh do dhíoghalt. Bhí Dúlainn agus Caoilte agus Connla i n-aice Mhurchadh. Do dhruid na Conachtaigh amach ’n-a dteannta. Bhí sluagh Shíguird ag tuitim láithreach chómh tiugh agus do féadtí na buillí do tharang ortha. Chonaic beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe an t-éirleach san. Do ritheadar araon fé dhéin na h-áite. Le n-a linn sin tháinig Tadhg Óg ua Cealla chun na h-áite ’n-a raibh a athair sínte. Bhí bean ar a glúinibh ag ceann an athar agus a cheann idir a dhá láimh aici.
Bhí Murchadh ag ruith fé dhéin na beirte a bhí ag teacht ’n-a choinnibh. Bhí na Conachtaigh ag déanamh an éirligh ar mhuintir Shíguird. Caroll Cnút an chéad duine de’n bheirt a tháinig i gcoinnibh Mhurchadh. Do thuit Caroll láithreach fé thuaigh Mhurchadh. Pé rud a bhí imthighthe ar láimh dheis Mhurchadh chaith sé uaidh an tuagh. Tháinig Anrud chuige agus é ar buile mar gheall ar mharbhughadh a dhrithár. Do chosain Murchadh é féin air leis an gclaidheamh a bhí n-a láimh chlé aige. Thug sé únfairt éigin dó i dtreó gur leag sé é. Ansan do chuir sé an claidheamh i gcoinnibh a uchta féin agus a bhara ar ucht Anruid agus do luigh sé le n’ucht ar an gclaidheamh agus chuir tré éide agus tré chliabh Anruid é. Nuair a chrom Murchadh chuige sin do thug Anrud snap ar an sgiain a bhí i gcrios Mhurchadh. Do tharaing sé an sgian as a truail agus sháidh sé suas i n-ucht Mhurchadh í, agus do thuit Murchadh anuas air.
An fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal bhí Tadhg Óg ua Cealla ag déanamh an éirligh, i dteannta na gConachtach, ar shluagh Shíguird, ag díoghailt bháis a athar ortha. Bhí a athair sínte lastiar dé agus an bhean ar a glúinibh agá cheann. Cé ’léimfeadh chuige amach a’ lár an namhad ach Amhlaoibh agus a thuagh ’n-a láimh aige.
“Tabharfad a cheart féin do’n fhaobhar anois, a Thaidhg!” arsa Amhlaoibh, agus sar a raibh uain ag Tadhg ar an iongnadh a tháinig air do chur dé ná ar aon chosaint a dhéanamh air féin, do bhuail Amhlaoibh sa cheann é leis an dtuaigh. Do thuit Tadhg. Chómh luath agus do thuit Tadhg cé chífeadh Amhlaoibh ’n-a seasamh ar a aghaidh amach ach Niamh!
D’fhéuch an bheirt ar a chéile. Níor bh’ ionan an fheuchaint sin agus an chéad fheuchaint úd a thug an bheirt chéadna ar a chéile. Pé rud a chonaic Amhlaoibh sa chéad fheuchaint chonaic sé sa tarna feuchaint rud éigin uathbhásach, rud éigin a bhain a mheabhair dé glan. Do thuit an t-arm as a láimh. Do leath a bhéal agus a dhá shúil. D’iompuigh sé ar a sháil agus do rith sé as an áit. Do rith sé i n-am agus ní raibh ann ach san. Bhí Connla díreach ag teacht agus a thuagh ’n-a láimh aige, tuagh a bhí chómh dian ar na Lochlanaigh an lá san le tuaigh Mhurchadh féin. Nuair a rith Amhlaoibh do rith Connla ’n-a dhiaigh.
Bhí Amhlaoibh chómh cosmhail sin le Bruadar gur measadh go minic i gcaitheamh an lae gur bh’é Bruadar Amhlaoibh agus gur bh’é Amhlaoibh Bruadar. Do deineadh an dearmhad céadna go minic i gcaitheamh an lae i dtaobh Mhurchadh agus Chonnla, go mór mór nuair druideadh amach sa lá agus nuair a bhí na fir go léir clúdaidhthe le fuil agus le salachar i dtreó nár bh’fhéidir a dh’fheisgint cé ’cu a bhí féasóg ar dhuine nó ná raibh.
Nuair a chonaic an dá shluagh an bheirt ag ruith do buaileadh isteach láithreach i n-aigne gach aoinne gur bh’é Bruadar a bhí ag teitheadh agus gur bh’é Murchadh a bhí ar a thóir. Nuair a chonaic na Lochlanaigh, dar leó, Bruadar ag teitheadh agus Murchadh ar a thóir d’iompuighdar go léir agus do theitheadar. D’ eirigh an liú fhiaigh ó-s na Gaedhlaibh mór-thímpal i dtreó gur chrith an machaire fé chosaibh na bhfear. Nuair airigh an deich gcéad a bhí ag M’lsheachlainn an liú uathbhásach san níor fhéadadar fanmhaint socair a thuille. Bhí páirc threabhtha idir iad agus an cath. Siúd amach iad, treasna na páirce agus siúd ar thóir na Lochlanach iad. Dheineadar obair mhaith, d’á dhéanaighe a thánadar. Mura mbéadh iad ní curfaí ar na Lochlanaigh an t-ár uathbhásach a cuireadh ortha. Bhí na fir a bhí sa chómhrac fan lae ró bhuailte amach le tuirse, an méid díobh ná raibh cneadhacha go tiugh ortha agus mórán fola caillte acu.
Do ghluais an teitheadh agus an tóir agus an marbhughadh. Thug na mná aghaidh ar na bádaibh chun dul ar bórd na loingeas. Chuaidh an iomad acu isteach ins gach bád. Chómh luath agus dhruid na báid amach do chuadar fé uisge agus do báthadh na daoine a bhí ortha. Thug formhór na bhfear a bhí ag teitheadh aghaidh ar ríghtheighlach Shitric i n-Áth Cliath. Bhí an Tulcain ar an slígh rómpa, agus bhí sí ana dhoimhinn, mar bhí an taoide lán um an dtaca san. Do báthadh na céadta dhíobh sa n-abhainn sin.
Bhí Gormfhlaith agus Béibionn thuas ar bhara an ríghtheighlaigh. Chonacadar an teitheadh agus an tóir.
“Measaim,” arsa Béibionn, “gur fearr na buanaidhthe atá ag obair anois ’ná iad súd a bhí ag obair i dtusach an lae.”
Níor dhein Gormfhlaith ach buille dhorn a thabhairt sa bhéal di, agus cúpla fiacal a bhaint aisti.