Ar eirighe lae ar maidin Dé h-Aoine, ar maidin Aoine an Chéasta, bhí Béibionn agus Gormfhlaith thuas i mbara ríghtheighlaigh Shitric i n-Áth Cliath, agus iad ag feuchaint anonn treasna an chuain ar na línte fada cábán. Chonacadar na slóighte go léir ag gluaiseacht amach agus ’ghá gcur féin i n-eagar. Níor bh’ fhada go bhfeacadar na h-íodhna fada ’ghá riaradh féin, fan na trágha, lasmuich des na cábánaibh.
Chonacadar lasmuich airís, abhfad amach, ar aghaidh na Lochlanach anonn, íodhna eile ’ghá gcur féin i n-eagar, agus do thuig an bheirt rígan go raibh na h-íodhna amuich chómh fada, chómh líonmhar, chómh láidir ar gach aon tsaghas cuma, le h-íodhnaibh na Lochlanach.
“Ní mheasaim go bhfuil puínn sa mbreis ag aon taobh acu ar a chéile i dtaobh nirt slógh,” arsa Béibionn.
“Ní líonmhaire a dheinean neart i gcómhnuíghe,” arsa Gormfhlaith, “ná ní h-é a bheirean buadh.”
“Is fíor,” arsa Béibionn. “Dá bhfeicinn-se m’ athair agus Murchadh agus Dál gCais i láthair catha agus a dtrí n-oiread nirt slógh ’n-a gcoinnibh ní bhéadh aon eagal orm ná go mbéadh an buadh acu.”
“Fan leat go fóil,” arsa Gormfhlaith, “go bhfeicir lucht na n-éidí práis úd thall ag tabhairt aghaidh ortha. Ansan iseadh chífir cad a dhéanfaidh Murchadh agus Clann Chais.”
“Is fíor!” arsa Béibionn.
Bhí na h-íodhna catha, ó gach taobh, ag teacht fé dhéin a chéile. Bhí na Lochlanaigh ag gluaiseacht go h-ana réidh. D’órduigh na ríghthe agus na taoiseacha dhóibh siúbhal go réidh i dtreó ná béadh saothar ortha nuair a thiocfaidís lámh le láimh agus ucht le h-ucht leis an namhaid. Bhí íodhna na nGaedhal, leis, ag teacht go réidh agus go stuamdha.
Do h-órduigheadh dos na Gaedhlaibh stad. Do stadadar.
Nuair a bhíodar ’n-a stad tháinig an t-Árdrígh amach os a gcómhair agus é ar muin capail agus beirt fhear ag ceann an chapail agus greim acu ar an sriain. Bhí a chlaidheamh nocht anáirde ag an Árdrígh, ’n-a láimh dheis, an claidheamh a bhí tar éis rian a bhéil do chur ar Lochlanachaibh ins gach aon pháirt de’n Mhumhain agus ins gach aon pháirt d’Éirinn. D’ aithin an tsluagh go léir an claidheamh san, agus nuair a chonacadar anáirde é thugadar trí gártha molta dó féin agus do’n Árdrígh. Le linn na ngártha san a thabhairt dóibh d’ árduigh gach fear a chlaidheamh féin. Bhí an ghrian díreach ag eirighe. Do thaithn solus na gréine ar na claidhmhtibh go léir agus iad anáirde, i dtreó gur mheas Béibionn agus Gormfhlaith go raibh slóighte Bhriain tré theine.
Do thóg Brian anáirde, ’n-a láimh chlé, an Chrois Chéasta agus íomhágh an tSlánuightheóra uirthi. Ansan do cuireadh an capal ag siubhal go réidh, fan na n-íodhna, ar aghaidh na slógh amach, agus do labhair an t-Árdrígh mar seo:--
“A Chlanna Gaedhal, a ríogra Éirean, táimíd go léir le tamal maith ’ghár n-ollamhughadh féin i gcóir an lae seo. Tá aon nídh amháin socair againn agus measaim gur fearr d’ ollamhughadh é ’ná aon ollamhughadh eile atá déanta againn. Tá socair ag gach fear againn gur b’é an lá indiu lá a bháis féin pé taobh ar a mbeidh buadh. Má’s ag ár namhaid a bheidh buadh ní bheidh a smacht orainne, mar ní bheimíd beó acu chuige. Má’s againne a bheidh buadh an lae seo bíodh a thoradh ag an muintir atá i n-ár ndiaigh sa bhaile.
“An t-é go bhfuil socair i n’ aigne aige ar bhás d’fhághail sa chath so atá le troid againn ní baoghal go n-iompóchaidh sé ó’n gcath. Dá mba ná béadh aon nídh eile chun buadh do chur i n-áirighthe dhúinn, cuirfidh san i n-airighthe dhúinn é. Dá mbéadh fhios ag an namhaid go bhfuil ár n-aigne socair mar sin againne ní ró mhór an misneach a bhéadh anois ortha. Gheóbhaid siad amach ar ball é.”
Do labhair sé focal fé leith le gach rígh agus le gach cineil fé mar a tháinig sé ar a n-aghaidh amach, focal éigin a chuir a n-uaisleacht féin agus a gcródhacht i gcuimhne dhóibh, agus conus mar a bhí Dia agus daoine ag faire ar an gcuma ’n-a ndéanfaidís gníomh an lae a bhí rómpa. Nuair a tháinig sé ar aghaidh Dál gCais, dúbhairt sé:--
“A Chlann Chais, a shliocht ríoga! A mhuintir na n-arm ngéar agus na gcruadh-lámh, nár staon agus nár stríoc do namhaid fós riamh, i gcath d’á thruime, i n-éigin d’á ghéire, i spéirlinn d’á dhéine, mo sheasamh indiu oraibh!”
Ansan d’ árduigh sé a ghlór agus do sheinn a ghuth mar a sheinnfeadh fuaim adhairce, i dtreó gur h-airigheadh agus gur tuigeadh an uile fhocal uaidh ó cheann ceann de’n mhór-shluagh:--
“Feuch ansúd iad!” ar seisean, ag síneadh a chlaidhimh i dtreó na Lochlanach, “cruinnighthe cnuasta os bhúr gcómhair. Tá rian bhúr lámh go daingean cheana ortha. Ní thugan san ciall dóibh. Is minic le fiche bliain a chuireabhair-se anaithe agus teitheadh agus ár agus dearg-ruathar ortha, ar fuid réidhthe agus gleannta agus machairí Éirean. Is mór d’á gcuid fola agus feóla atá ag cur geamhair agus féir ghlais ag fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba chuma iad nó cormhíola; d’á mhéid a marbhuightí dhíobh ní samhluightí easnamh ná laighead ortha. Is fada sinn cráidhte acu, iad ag faire ar ár gcuantaibh agus ar ár mbailtibh puirt, ag preabadh chughainn isteach nuair ná bíodh coinne leó, ag braduíol agus ag sgiobadh agus ag cosgar. Is minic a leigeadh as iad agus croch tuillte acu. B’é a mbuidhchas teacht airís agus feall níba mheasa do dhéanamh. An fada a cuirfear suas leis an obair sin? Is dócha gur dóich leó go leigfear as indiu iad mar a leigeadh chómh minic cheana. Bíodh san de dhearmhad ortha, a chlann ó! Ná téidheadh fear innste sgéil abhaile dhíobh! Níor cuireadh fios ortha. Do thánadar uatha féin. Is minic a dúbhradh leó go dtiocfaidís agus ná h-imtheóchaidís. Deintear deimhin indiu dé dhóibh. An amhlaidh a cheapadar ná raibh aoinne ’n-a chómhnuighe ar an oileán so? Má deineadar dearmhad bíodh ortha féin anois.
“Tá aon mhaith amháin sa dearmhad atá déanta acu. Do thánadar go léir. Feuchaidh, a chlann ó, feuch an tsloigisg sin. Tá ’an chráin ’s a h-ál go léir’ ansan agaibh. Tá a bhfuil beó de chlannaibh Lochlan ansan agaibh. Táid siad bailighthe ansan agaibh ó Bhreatain agus ó Shasana, ó Albain agus adtuaidh ó-s na h-oileánaibh, anall ó Mhanain agus anoir ó chríochaibh Danmarg agus ó riasgaibh na h-Ioruaidhe. Ní’l a thuille ’n-a ndiaigh sa bhaile gur fiú iad d’áireamh. Múchaidh an satha san indiu, agus tá deire le réim Lochlan go bráth na breithe!”
Le n-a linn sin do chonacadar go léir M’lsheachlainn agus a dheich gcéad fear ag imtheacht as a n-inead. Dúbhairt Brian:--
“Chím cuid agaibh ag amharc anonn treasna na páirce sin. Ní maith an radharc atá le feisgint ann. Is mairg do Mh’lsheachlainn, díreach mar is mairg do Mhac Giolla Pádraig agus d’á Laighnibh, caismirt an lae indiu do sheachnadh. Déanfar gníomh an lae indiu gan a gcabhair. Béarfar buadh an lae indiu os cómhair a súl agus gan iad páirteach ann. Beidh san de mhasla agus de ghuith ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá ’s an fhaid a bheidh grian ar spéir agus daoine ar talamh.
“Tá cuid d’ár muintir féin amuich uainn. Ná bac san. Tá oiread againn anso agus shocaróchaidh cúntas leis an sloigisg sin thall. Is cúntas fada é. Is mithid é shocarughadh. Anois an t-amh chun é shocarughadh. Isiad ár namhaid iad. Isiad namhaid ár gCreidimh iad. Tá rian na teine ar eaglaisíbh agus ar mhainistríbh Éirean ’n-a ndiaigh. Beidh lámh Dé linn ’ghá dhíoghalt san indiu ortha.
“Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine. Is í Aoine an Chéasda féin í,” agus d’árduigh sé an Chrois Chéasda i radharc an tslóigh go léir. “I gcuimhneamh an lae indiu,” ar seisean, “iseadh d’fhuiling ár Slánuightheóir Íosa Críost bás ar chrann na Croise chun an Chreidimh do chur ar bun. Táimíd-ne anso indiu ag tabhairt aghaidh ar an mbás chun an Chreidimh do chosnamh. An dóich leat ná go mbeidh lámh chómhachtach an tSlánuightheóra linn sa ghleó? An dóich leat ná go mbeidh meanmna ó Dhia indiu i gcroídhe gach fir a thabharfaidh aghaidh ar an namhaid sin? Beidh; agus má’s anso atá fód ár mbáis beidh bás an tSlánuightheóra féin mar urúdhas againn air go raghaidh ár n-anam saor ó’n bhfód so go Flathas na ngrást.”
Ansan d’eirigh a ghlór níob’ aoirde agus níba bhinne:--
“Gabhaidh chúcha, a chlann ó, i n-ainim Dé agus Mhuire. Tugaidh an faobhar dóibh! Gabhaidh do chosaibh ionta! Ní h-é an chéad uair agaibh é. Ná téidheadh aon mhac máthar acu beó uaibh. Ná cuiridh suim ’n-a gcótaibh iarainn. Cótaí troma iseadh iad. Tá aon mhaith amháin ionta; coimeádfaid siad na fir daoibh-se chun na gceann a bhaint díobh. Do thánadar chun fanmhaint. Fanaidis, i n-ainim Dé. Tá slígh fé’n bhfód anso dhóibh. Tugtar dóibh é go fial!”
Ansan do labhair sé le Dál gCais:--
“A chlann ó, a óga mo chroídhe, a chine uasal! Is maith is eól dómh-sa bhúr ngníomh. Feiceam an gníomh san indiu uaibh, agus geallfad daoibh go mairfidh a thoradh agus a chlú an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás i n-Éirinn!”
Um an dtaca ’n-a raibh an méid sin cainte déanta ag Brian bhí an namhaid ag teacht i gcómhngar. Tháinig Tadhg Mór ua Cealla agus Murchadh agus tuille des na ríghthibh, agus cuireadar fhiachaibh ar Bhrian dul agus fanmhaint ’n-a chábán, mar go raibh sé ró aosta chun dul sa chath, agus dá dtuiteadh sé sa chath go gcuirfeadh san misneach ar an namhaid. Dhein sé rud ortha, agus do cuireadh lucht cosanta tímpal ar an gcábán.