Dá mhéid a bhí deimhne ag Bruadar agus ag Amhlaoibh, agus ag an gcuid eile acu, ar bhuachtaint sa mhór-chath a bhí ag teacht, iseadh ba mhó a bhíodar ag feuchaint rómpa amach agus ag cuimhneamh ar na neithibh a dhéanfaidís tar éis an chatha.
Do labhair Amhlaoibh le Bruadar.
“A leithéid seo, a rígh,” ar seisean. “Is tusa a bheidh i n-Árdrígheacht na h-Éirean tar éis an chatha so.”
“B’fhéidir é,” arsa Bruadar, “ach cá bh’fhios duit-se sin?”
“Táim deimhnightheach dé,” arsa Amhlaoibh. “Do gheall Sitric duit go dtabharfadh sé mo mháthair duit. Ní foláir dó an gheallamhaint sin do sheasamh. Ansan, an t-é go mbeidh an Árdrígan aige beidh an Árdrígheacht aige.”
“Mheasas,” arsa Bruadar, “gur chun na h-Árdrígheachta thabhairt do Shitric a tusnuigheadh an obair seo ar dtúis.”
“Mheasas-sa, leis, é,” arsa Amhlaoibh, “ach measaim rud eile anois. Chím atharughadh ar aigne mo mháthar ó thusnuigh na slóighte móra so ar chruinniú’ fé n-a súil. Ní déarfainn ná go bhfuil fhios agat féin, a rígh, gur duit a tabharfar an Árdrígheacht, agus nách indiu ná indé do thusnuighis ar a fhios a bheith agat.”
“Nár gealladh Árdrígan agus Árdrígheacht do’n Iarla?” arsa Bruadar.
“Ní ceist ag lorg eóluis í sin, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Tá freagra na ceiste sin agat féin cheana agus ní gádh dhómh-sa í fhreagairt duit.”
“Is fíor, a mhic ó,” arsa Bruadar, “ach cad ’tá uait? Tá fhios agam go dteastuighean uait nídh éigin a dh’iaraidh orm nuair a bhéad am’ Árdrígh, agus gur maith leat an nídh sin do chur i n-áirighthe dhuit féin roim ré.”
“Siné díreach a theastuighean uaim, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
“Tá go maith. Comáin leat. Ach ba dhóich liom, ó ’tá fhios agat anois cé h-é thu, go dtuigfeá ad’ aigne ná fuil aon ghádh leis an gcur i n-áirighthe roim ré. Ach comáin leat;” arsa Bruadar.
“Nuair a bhíos-sa i n-Inis Cathaigh,” arsa Amhlaoibh, “chuireas aithne ann ar mhac do Thadhg Mhór ua Chealla. Tá aithne agat ar Thadhg Mhór ua Chealla.”
“Tá. An fear so adeirtear atá níos treise agus níos cródha ’ná Murchadh féin,” arsa Bruadar.
“Siné é,” arsa Amhlaoibh. “Chuireas aithne ar a mhac. Buachail bocht símplidhe iseadh é. Ach do chuadhmair ar chuaird óthuaidh go h-Uíbh Máine, go ríghtheighlach Thaidhg Mhóir. Chonac rígan óg ansan, inghean do Thadhg Mhór. Niamh a tugtí uirthi. Ní fheacaidh mo dhá shúil riamh roimis sin, ná ó shin, aon nídh i riocht duine chómh h-áluinn léi. Mheasas gur bhain a h-áilneacht mo radharc díom. Ach sa n-am gcéadna, ar an gcéad amharc, do buaileadh isteach am’ aigne go raibh sí go h-olc. Ní h-í a bhí go h-olc ach mise. Tháinig sí go Ceann Cora ’n-a dhiaigh san chun bheith ag faire ar mo mháthair le h-eagla go dtabharfadh sí nimh do Bhrian. Chuir mo mháthair aithne uirthi. Bhíos ag caint le m’ mháthair uair, i gcaitheamh na h-aimsire ’n-a raibh Brian ar a chuaird rígh. Dúbhairt sí liom go raibh dearmhad mór déanta agam i dtaobh Niamh. Thuigeas gur bh’ fhíor di é. Do chaitheas a gheallamhaint di dá n-eirigheadh ár n-obair linn go bpósfainn Niamh.”
“An ndúbhairt sí leat,” arsa Bruadar, “go bpósfadh Niamh thu?”
“Táim féin deimhnightheach, ó’n gcéad amharc úd, go bpósfaidh. Isé rud atá agam le h-iaraidh ort, nuair a bhéir-se i n-Árdrígheacht na h-Éirean, go dtabharfair ríghe Conacht dómh-sa agus do Niamh.”
“Ambasa, a mhic ó,” arsa Bruadar, “tabharfad agus fáilte. Tabharfad ríghe Conacht duit pé ’cu thógfaidh sí thu nó ná tógfaidh.”
I n-áit eile, sa mhór-shluagh chéadna, bhí beirt eile agus iad ag feuchaint rómpa ar an gcuma gcéadna agus iad ag socarughadh, neithe go h-áluinn, dar leó. B’iad beirt iad san ’ná Maolmórdha agus Sitric. Níor ró fhuiriste do Shitric neithe do shocarughadh i gcómhairle le Maolmórdha, mar fear ró bhaoth, ró bhéalsgaoilte, ab eadh Maolmórdha, agus ní féadfaí aon eólus a thabhairt dó ach eólus nar mhiste a leigint amach.
“Is dócha, a rígh,” arsa Sitric le Maolmórdha, “ná fuil aon teip ná go mbuadhfaimíd sa chath so atá le troid Dé h-Aoine.”
“Ní’l, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Ní fhéadfadh a bheith. Chuirfeadh an deich gcéad fear so ins na h-éidíbh práis i n-áirighthe dhúinn é dá mba ná béadh aon nídh eile chun é chur i n-áirighthe dhúinn. Ach tá a lán neithe chun é chur i n-áirighthe dhúinn. Airighim-se go bhfuil socair ag M’lsheachlainn Mór ar tharang siar ó’n gcath chómh luath agus thusnóchaidh an cath. Ní h-aon iongnadh i n-aon chor go mbéadh socair aige ar a leithéid.”
“Agus cad ’n-a thaobh nár fhan sé thiar sa bhaile agus gan teacht i n-aon chor, fé mar a dh’ fhan tuille acu?” arsa Sitric.
“D’fhanfadh, leis, ach go bhfuil socair aige ar níos mó díobhála dhéanamh do Bhrian ’ná mar a dhéanfadh sé dhó dá bhfanadh sé thiar sa bhaile,” arsa Maolmórdha.
“Agus cad é an díobháil eile atá beartuighthe aige a dhéanamh?” arsa Sitric.
“Tá sé ag brath air go mbéarfaidh sé leis as an gcath beirt nó triúr eile des na ríghthibh atá dílis fós do Bhrian. Ní fhéadfadh rígh na nDéiseach aon ghrádh ró mhór a bheith aige do Bhrian; ná rígh Ua n-Eachac Múmhan; ná tuille acu,” arsa Maolmórdha.
“Agus cogar, a rígh,” arsa Sitric, “cad is dóich leat a dhéanfaidh mo mháthair tar éis an chatha?”
“Cad a dhéanfadh sí,” arsa Maolmórdha, “ach an rud atá geallta aici ó thusach, tusa chur sa n-Árdrígheacht?”
“Mura dtiocfadh aon lucht droch chómhairle chúichi a chuirfeadh suas í chun a h-aigne d’ atharughadh,” arsa Sitric.
“Cé h-é an droch chómhairleóir a dh’ fhéadfadh í chur suas chun a h-aigne dh’ atharú’?” arsa Maolmórdha.
“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric, “ach tá raint neithe agam ’á thabhairt fé ndeara le déanaighe agus ba ró mhaith liom do chómhairle-se dh’ fhághail ’n-a dtaobh. B’fhéidir go bhfuil an éagcóir agam. Má tá ’sin mar is fearr é. Ach ní dhéanfaidh do chómhairle-se aon díobháil dom pé ’cu ’tá an éagcóir agam nó ná fuil.”
“Cad tá agat d’á thabhairt fé ndeara?” arsa Maolmórdha.
“Tá so agam ’á thabhairt fé ndeara,” arsa Sitric. “I dtusach na h-oibre seo is dómh-sa a thugadh sí an chuid ba mhó d’á h-aigne. Am’ chómhairle-se a chuireadh sí gach aon rud, go mór mór na neithe ba mhó a dheineadh buairt di. Ansan, fé mar a ghluais an aimsir, bhíodh an triúr againn i n-aonfheacht ins gach cómhairle, mise agus Amhlaoibh agus í féin. Táim ’á thabhairt fé ndeara le déanaighe gur d’ Amhlaoibh a thugan sí a h-aigne ar fad. Nuair a chuir sí óthuaidh mé chun a dh’iaraidh ar Bhruadar teacht agus a neart slógh thabhairt leis, dubhairt sí liom a gheallamhaint dó, dá mba rud é ná cuirfeadh aon rud eile fhiachaint air teacht, a gheallamhaint dó go dtabharfainn í féin dó agus Árdrígheacht na h-Éirean, dá mbeirimís buadh. Mheasas an uair sin ná raibh ins na geallamhnaibh ach neamhnídh. Is eagal liom anois nách neamhnídh i n-aon chor iad. Agus is eagal liom go bhfuil ’fhios ag Amhlaoibh nách neamhnídh iad.”
“Ó ’seadh!” arsa Maolmórdha, “agus go bhfuil Amhlaoibh ag cabhrughadh le Bruadar sa n-obair!”
“Bhuailis do mhéar air, a rígh,” arsa Sitric.
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Maolmórdha. “Is maith a dheinis an méid sin a dh’innsint dom. Ná leig aon nídh ort leó. Nuair a bheidh an ruagairt curtha againn ar shlóightibh Bhriain iompó’míd araon, tusa agus mise, ar shluagh Bhruadair, agus dísgeó’míd iad. Ansan ní bheidh aoinne chun teacht idir thusa agus an Árdrígheacht.”
Shocaruighdar an méid sin chun a dtoile go h-áluinn. Nuair a bhí an socarughadh déanta acu, ámhthach, bhí socarughadh nár bh’é i n’ aigne féin ag gach duine acu.
“Is agam-sa féin a bheidh an Árdrígheacht i ndeire bára, agus ní h-agat-sa ná ag Bruadar!” arsa Maolmórdha, i n’ aigne féin.
“Ní h-aon iontaoibh tu, a dhritháir mo mháthar,” arsa Sitric, i n’ aigne féin. “Ní’l agam,” ar seisean, “ach an úsáid is fearr a dh’fhéadfad, a dhéanamh díot, agus ansan----mé féin do sheachaint ort chómh maith agus d’ fhéadfad é!”
Bhí beirt eile i n-áit eile, sa mhór-shluagh, agus bhí caint eatartha, leis. B’ iad beirt iad san ’ná Cnút agus Anrud, beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe.
“Ar airighis, a dhritháir,” arsa Cnút, “cé ’tá le bheith i n’ Árdrígh ar Éirinn i ndiaigh an chatha so a troidfear Dé h-Aoine?”
“D’ airigheas a lán ráflaí,” arsa Anrud, “ach ní fheadar an ceart puínn suime chur ionta. D’airigheas ar dtúis gur do Bhruadar a tabharfaí an Árdrígheacht agus an Árdrígan. D’airigheas ansan gur do Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath, a tabharfaí an Árdrígheacht. Ach tá muintir an Iarla deimhnightheach gur b’é an t-Iarla a bheidh i n’Árdrígh; gur gheall Sitric an Árdrígheacht agus an Árdrígan i n-aonfheacht dó.”
“Tá an sgéal go léir cruinn agat,” arsa Cnút. “Is léir, as na ráflaíbh sin ná fuiltear socair i gceart ar cé aige go mbeidh an Árdrígheacht.”
“Is fíor san, a dhritháir,” arsa Anrud, “ach cad é sin dúinne cé ’cu atáthar socair air nó ná fuiltear?”
“Is mórán neithe dhúinn é,” arsa Cnút. “Ar thánamair-ne anso, sinn féin agus ár mór-shluagh, tar éis mórán costais do chur ar ár dtír féin, treasna faraigí fuara, chun ár n-anama dh’ imirt i bhfriothghuin chatha, i gcoinnibh Bhriain agus Dál gCais, i dtreó go bhfaghadh Bruadar Árdrígheacht agus Árdrígan?”
“Ní mheasaim gur chuige sin a thánamair,” arsa Anrud.
“Ar thánamair i dtreó go bhfaghadh an t-Iarla iad?” arsa Cnút.
“Ní mheasaim gur thánamair,” arsa Anrud.
“Ar thánamair chun Árdrígh dhéanamh de Shitric?” arsa Cnút.
“Ní mheasaim é,” arsa Anrud. “Ní cneasta an fheuchaint a thabharfadh ár n-athair orainn nuair a raighmís abhaile dá mba ná béadh de bhár ár gcuarda againn ach Árdrígh dhéanamh de Shitric,” ar seisean. “Ach cad ’tá beartuighthe agat?”
“Neósfad-sa san duit,” arsa Cnút. “Tá sé daingean am’ aigne, chómh luath agus bheidh buaidhte againn ar mhór-shluagh Bhriain go n-eireóchaid na ríghthe seo go léir chun a chéile agus go mbeidh sé ’n-a chogadh dhearg eatartha. Leigimís dóibh a chéile do dhísgiughadh, agus ansan bíodh Éire againn féin!”
“Is maith an chómhairle í,” arsa Anrud. “Nuair a bheidh Éire againn féin tiocfaidh m’ athair anall agus déanfaimíd Árdrígh dhé.”
“Thar a bhfeacaís riamh!” arsa Cnút.
Níor chodail an bheirt sin puínn an oídhche sin ach ag socarughadh an sgéil sin, agus shocaruighdar é chun a dtoile go h-áluinn.