Um an dtaca ’n-a raibh slóighte na Lochlanach agus a lucht conganta socair ’n-a gcábánaibh ar an machaire, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de chuan Átha Cliath, bhí slóighte Bhriain ag teacht go tiugh isteach ar mhachaire Cille Maighneann, mar ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh i gcómhnuíghe nuair a thagadh sé féin agus a shlóighte andeas ó’n Múmhain, ag cur smachta ar Lochlanachaibh Átha Cliath, nó ag cur eagla a chómhachta ar na Gaedhlaibh a ghabhadh a bpáirt. Chuaidh gach rígh des na ríghthibh a tháinig andeas an uair sin chun na h-áite ’n-ar ghnáth leis dul, é féin agus a bhuidhean, agus chuireadar suas a gcábáin ann, fé mar ba ghnáth leó a dhéanamh. Bhí gach rígh agus a bhuidhean féin ag cur a gcábán suas fé mar a shroisidís an áit, agus ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuidhin eile, ná ní raibh aighneas ná diospóireacht ná abhcóidigheacht ar siúbhal.
Bhí cábán Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit ’n-a mbíodh sé i gcómhnuíghe, i n-aice le cábán an Árdrígh, agus bhí cábán Mhaoilruanaidh na Paidre i n-aice le cábán Thaidhg Mhóir. D’fhág san caoi ag Conn agus ag Tadhg Óg ua Cealla ar bheith go minic i bhfochair a chéile, agus bhíodh Caoilte agus Lonán i bhfochair na beirte sin chómh minic agus d’fhéadaidís é. Minic go maith ab eadh san, mar ní raibh cábán a n-athar ró fhada ó’n áit. D’fhág san, leis, caoi ag Niamh ar bheith go minic n-a bhfochair go léir, agus ar a lán eóluis a dh’fhághail ó Chaoilte ar an gcuma ’n-a raibh an tsluagh go léir suidhte, agus ar cad é an saghas an namhaid agus cad a bhí acu d’á dhéanamh. B’é gnó an ghiolla turais gach eólus de’n tsórd san do sholáthar agus do bheith aige, agus ní baoghal ná go raibh Caoilte tugtha go maith chun an ghnótha san do dhéanamh, agus chun gach aon bhlúire eóluis, fé mar a thagadh sé suas leis, do thabhairt ag triall ar Niamh. Do thugadh sé ag triall ar Niamh é chómh luath agus thugadh sé ag triall ar Bhrian é.
Bhí cuid mhaith des na Lochlanaigh a bhí ’n-a gcómhnuíghe i n-Éirinn an uair sin, ar mhór-shluagh Bhriain, i gCill Mhaighneann, ag cabhrughadh leis sa chath san, agus bhí ceart Éireanach, do réir dlighthe na h-Éirean, curtha i bhfeidhm aige dhóibh féin agus d’á sliocht, mar gheall ar an gcabhrughadh san.
Bhí Ospac ann agus an méid nirt slógh a tháinig adtuaidh leis ó-s na h-oileánaibh nuair a dh’euluigh sé ó Bhruadar. Do ghlac sé féin agus a dhaoine an Creideamh, agus do bhaist Colla iad i n-Inis Cathaigh, agus chuireadar fé chomairce Sheanáin iad féin. Ansan do thánadar, i n-aonfheacht le mór-shluagh Bhriain, chun an mhór-chatha. Do thuigeadar go raibh an cath le troid ar son an Chreidimh, agus bhí fhios acu go raibh neamh le fághail ag an t-é do thuitfeadh i gcath a troidfí ar son an Chreidimh.
Bhí M’lsheachlainn Mór ann, rígh na Mídhe, agus deich gcéad fear aige.
Tháinig a lán d’fhearaibh Uladh ann agus do luighdar isteach ins na buidhnibh, fé mar a bhí aithne acu ar na fearaibh nó ar na ríghthibh. Fir ab eadh iad ná leigfeadh a gcroídhe ná a n-aigne dhóibh fanmhaint sa bhaile nuair a bhí a leithéid de chath le bualadh, agus Éire go léir i n-a leithéid do chontabhairt, agus an Creideamh i n-a leithéid de chontabhairt.
Bhí an dá rígh ó Albain ann agus neart maith láidir de Ghaedhlaibh Alban i n-aonfheacht leó.
Do réir gach seanachais bhí suas le fiche míle fear ag Brian i gCill Mhaighneann an uair sin nuair a bhíodar go léir cruinnighthe. Do réir na gcúntaisí gcéadna bhí aon mhíle fhichid ag an namhaid. Ach bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ar thaobh na Lochlanach, agus do measadh gur mhó le rádh an deich gcéad san, i bhfriothghuin catha, ’ná deich míle des na fearaibh ná raibh ortha ach na “léinteacha sróil.”
Bhí Caoilte agus na giollaí eile ag teacht isteach coitchianta ó bheith ag feuchaint ar an namhaid agus ’ghá mbreithniughadh.
As na tuairisgibh a thugadar leó do mheas Brian ná tiocfadh an namhaid amach chun catha go ceann seactmhaine eile pé ’r domhan é. Bhí Luan na Failime an uair sin ann. Bhí a neart go léir cruinnighthe i n-aice Átha Cliath ag rígh Laighean i gcóir an chatha. Bhí Cúige Laighean gan chosaint. Dob’ ana mhaith an rud, an fhaid a bhéifí ag feitheamh leis an gcath, an Chúige sin do sgrios agus bia do’n mhór-shluagh do thabhairt aisti; a chur fhiachaint ar rígheacht Mhaoilmhórdha an mhór-shluagh do chothughadh.
Chuir Brian amach a mhac, Donchadh, chun Cúige Laighean do sgrios. Do ghluais Donchadh i dtusach na h-oídhche, i dtreó ná feicfí ag imtheacht é agus go mbéadh na creacha istigh aige sar a’ mhothóch’ an namhaid go raibh an gnó ’á dhéanamh i n-aon chor. Níor rug Donchadh leis ar an gcuaird sin puínn thar cúig nó sé chéadaibh fear. Ní raibh aon ghnó aige d’á thuille.
An oídhche do ghluais Donchadh ó Chill Mhaighneann, chun na h-oibre sin a dhéanamh, b’shiní díreach an oídhche do chuir Gormfhlaith Amhlaoibh leis an dteachtaireacht, ó ríghtheighlach Shitric, ag triall ar Bhruadar, a gan fhios do Shitric agus a gan fhios do Bhéibionn. Bhí Amhlaoibh ábalta ar cheilt a chur air féin i n-a lán de riochtaibh, agus ar é dhéanamh go maith. Nuair a bhí sé ag imtheacht ó’n ríghtheighlach do chuimhnigh sé i n’ aigne gur mhaith an rud dó gabháil tré Chill Mhaighneann feuchaint an bhféadfadh sé teacht suas le h-aon bhlúire eóluis a bhéadh tairbhtheach do Bhruadar. D’ aimsigh sé mála agus chuir sé ar a mhuin é, mar ’dh eadh ná raibh ann ach duine de lucht leanamhna an tslóigh agus go raibh sé ag díol neithe beaga a bhéadh áiseach d’ fhearaibh an tslóigh. Cá dtabharfadh sé aghaidh ach i dtreó an bhaill ’n-a raibh Donchadh agus a bhuidhean ag tusnughadh ar ghluaiseacht ódheas. Bhí iongnadh air. Do luigh sé ar chaint le cuid de’n lucht leanamhna a thárla i n’ aice. Níor bh’ fhada gur bhailigh sé uatha an toisg ar a raibh an bhuidhean ag imtheacht ódheas, agus cé bhí ’n-a cheann ortha. Do bhailigh sé é féin amach ó’n lucht leanamhna chómh tapaidh agus d’ fhéad sé é gan aon droch amhras a tharang air féin. Chómh luath agus bhí sé bailighthe uatha thug sé aghaidh soir óthuaidh, agus níor bh’fhada go raibh sé ag caint le Bruadar. Ní baoghal gur ag triall ar Mhaolmhórdha a chuaidh sé chun a innsint dó go raibh buidhean fear imthighthe ódheas chun a thíre do sgrios. Dá ndeineadh, b’fhéidir go ngluaiseóch’ Maolmórdha ódheas chun a thíre do chosaint, agus do lagóch’ san mór-shluagh na Lochlanach i gcóir an chatha. Ag triall ar Bhruadar a thug sé aghaidh.
“Is maith a dheinis é, a mhic ó!” arsa Bruadar leis. “Tá súil agam ná faghaidh rígh Laighean amach go bhfuil san ar siúbhal ’n-a thír. D’imtheóch’ sé uainn láithreach agus ní oirfeadh dúinn sgaramhaint le h-oiread agus aon fhear amháin. Tá an sgéal céadna díreach anso sa leitir seo agam ó d’ mháthair, pé cuma n-a bhfuair sí amach é. Deir sí gur ceart dúinn an cath do troid láithreach sar an mbeidh uain ag Donchadh ar theacht thar n-ais.”
“Isé mo thuairim-se, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “go mbeidh easnamh níos mó ’ná easnamh Dhonchadh agus a bhuidhne ar an Árdrígh nuair a thiocfaidh an cath.”
“Cad é an t-easnamh eile a dh’fhéadfadh a bheith air?” arsa Bruadar.
“Tá rígh cúige éigin ag déanamh a dhíchil chun a chur fhiachaint ar chuid des na ríghthibh eile tarang siar ó Bhrian agus ó Dhál gCais nuair a thusnóchaidh an cath,” arsa Amhlaoibh.
“Dar so ’s súd ach má deintear san beidh an cath ar ár dtoil féin againn!” arsa Bruadar. “An dóich leat,” ar seisean, “an bhfuil ag eirighe leis an rígh cúige sin?”
“Do réir mar airigheas an chaint,” arsa Amhlaoibh, “do bheartuigheas go raibh ag eirighe leis maith go leór.”
“Ó, is maith é sin!” arsa Bruadar. “Imthigh, a laogh,” ar seisean, “agus cuir chúgham an draoi.”
Fear ab eadh Bruadar a dhein, i dtusach a bheatha, an rud céadna díreach a dhein Amhlaoibh nuair a bhí sé i n-Inis Cathaigh. Do ghlac sé an Creideamh, agus ansan do ghlac sé na h-Úird i dtreó gur deineadh deacon dé. Dhá dheacon ab eadh é féin agus Amhlaoibh. Ansan níor lean Bruadar de’n Chreideamh. Do shéan sé é agus chaith sé uaidh é, díreach mar a dhein Amhlaoibh. Nuair a chaith sé uaidh an Creideamh d’ iompuigh sé ar dhiablaidheacht agus ar dhraoidheacht agus ar dheamhanaibh agus ar phiseógaibh, agus ar an uile shaghas deismireachta de’n tsórd san, i dtreó go ndeirtí go raibh ar a chumas a lán neithe iongantacha do dhéanamh le cómhacht deamhan.
Tháinig an draoi. D’inis Bruadar dó conus mar a bhí cuid de shluagh Bhriain imthighthe amach ag creachadh Cúige Laighean, agus conus mar a bhí cuid des na ríghthibh ag iompáil i gcoinnibh Bhriain.
“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do chómhairle dhom? Is mise, mar is eól duit, is fear cinn riain ar an mór-shluagh so. Is agam atá lá an chatha do cheapadh. Dá dtugainn an t-órdú’ anois,” ar seisean, “bheimís ollamh chun an chatha do thusnú’ go moch ar maidin Dé h-Aoine. Cad deirir liom?”
Do stad an draoi ar feadh tamail. Tar éis machtnaimh do labhair sé.
“Má troidtear an cath so Dé h-Aoine,” ar seisean, “tuitfidh Brian. Má troidtear an cath aon lá eile tuitfidh sibh-se go léir.”
Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’iompuigh sé ar a sháil agus d’imthigh sé chun a chábáin féin.
Do stad an bheirt, Bruadar agus Amhlaoibh, ag feuchaint ’n-a dhiaigh. Nuair a bhí sé imthighthe as a radharc do labhair Bruadar.
“Tuigim é,” ar seisean. “Má throidimíd Dé h-Aoine beidh Donchadh gan filleadh agus beidh an rígh cúige seo a deirir-se i n-earaid le Brian. Má fantar níos sia gan an cath do throid beidh Maolmórdha imthighthe chun a chúige do chosaint, beidh Donchadh tagaithe thar n-ais agus na creacha aige. Chífidh an rígh cúige seo a deirir-se an dá nídh sin, Maolmórdha imthighthe agus Donchadh tagaithe agus na creacha aige, agus luighfidh sé isteach i n’ inead féin sa chath. Ansan beidh Brian ró láidir dúinn go léir. Siné brígh na cainte sin adúbhairt an draoi. Ní foláir an focal do chur amach anois ameasg na slógh so go léir go bhfuil an cath le tusnú’ ar maidin Dé h-Aoine.”
Do cuireadh amach an focal. Do h-innseadh, leis, do’n mhór-shluagh go léir, an focal adúbhairt draoi Bhruadair, dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine go dtuitfeadh Brian, ach dá bhfágtí gan troid é níba shia ’ná go h-Aoine go dtuitfeadh na Lochlanaigh agus a lucht conganta go léir. Do thuig an mhór-shluagh as san dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine a bhí chúghainn go mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh.
D’á bhrígh sin, chómh luath agus fuaradar an focal thusnuighdar go léir ar iad féin d’ ollamhughadh i gcóir an chatha. Ní raibh puínn thar ocht n-uaire a’s dachad acu an uair sin chun an ollmhucháin a dhéanamh. Níor bheag leó an méid sin aimsire. D’á luathacht a troidfí an cath dob’ eadh b’fhearr é, dar leó. Bhíodar deimhnightheach go mbuadhfaidís. Bhítheas tar éis a chur ’n-a luighe ortha go daingean ná raibh ag Brian de mhór-shluagh ach sloigisg a bhí níba thugtha go mór chun iompáil ar a chéile ná mar a bhíodar chun troda dhéanamh le namhaidh. Go raibh cuid des na ríghthibh cúige agus ná rabhdar ach ag feitheamh leis an gcath do thusnughadh chun druim lámha thabhairt le Brian agus é féin agus Clann Chais do thréigean. Go raibh cúis a ndóthin agá lán acu chuige sin, mar go raibh lámh Bhriain ana dhian ortha, agus d’á dhéine a bhí lámh Bhriain ortha gur thuigeadar go mbéadh lámh Mhurchadh níba sheacht ndéine ortha nuair a thiocfaidís fúithi. Nuair a thusnóch’ an cath gur bh’ eadh do chífí an neamhghus a bhí i gcómhacht Bhriain, d’á mhéid leatha a bhí faoi agus d’á aoirde cáil a bhí air. Ach pé breith a bhéadh aige ar bhuachtaint sa chath dá mbéadh an dá shluagh mar a chéile i dtaobh arm, ná raibh aon bhreith i n-aon chor aige ar bhuachtaint nuair a bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ag na Lochlanaigh. Go siúbhlóch’ an deich gcéad fear san rómpa tré mhór-shluagh Bhriain agus go ngeóbhdís de chosaibh ionta. D’á luathacht, d’á bhrígh sin, a troidfí an cath dob’ eadh b’ fhearr é, dar leó, mar b’ shin mar ba thúisge a dh’ fhéadfaidís iad féin do leathadh isteach ar mhachairibh breaghtha míne na h-Éirean agus seilbh a ghlacadh ionta. Bhí fonn agus flosg agus giodam agus meanamna agus mórchroídhe, d’á bhrígh sin, ortha féin agus ar a mnáibh, agus fuadar an domhain fútha, nuair a rith an focal mór-thímpal eatartha go dtroidfí an cath ar maidin Dé h-Aoine a bhí chúghainn. Níor chodail aoinne acu an chuid eile de’n oídhche sin, bhí a leithéid sin d’ fhothram agus de ghleó ar siúbhal ó cheann ceann de’n longphort.
Níor bh’fhada go bhfuaradh amach i longphort Bhriain cad a bhí ar siúbhal, agus cad fé ndeár an gleó agus an fothram. Bhí Caoilte agus a ghiollaí turais anso agus ansúd, fé cheilt, ameasg na Lochlanach. Thugadar leó ag triall ar mhór-shluagh Bhriain tuairisg cruinn ar an ollmhúchán. Thusnuigh na Gaedhil ar iad féin d’ ollamhughadh láithreach. Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go tréan sa dá longphort i ndeire na h-oídhche sin agus i gcaitheamh an lae amáirigh, agus i gcaitheamh na cod’ eile de’n aimsir as san go h-Aoine.