Níor chodail Sitric aon néal an oídhche sin. Chómh luath agus tháinig solus an lae bhí sé thuas ar bhara an ríghtheighlaigh agus é ag feuchaint soir-óthuaidh ar an líne fada loingeas a bhí sínte ar an uisge ó Bhinn Éadair go h-Áth Cliath, agus ar an líne cábán a bhí sínte fan chiúmhais na trágha, amuich ar an dtalamh tirm, agus é chómh fada le líne na loingeas. Bhí an machaire, lasmuich des na cábánaibh, clúdaighthe le slóightibh dúbha daoine agus iad ag cur neithe i dtreó dóibh féin i gcóir bhéile na maidine. Bhí Sitric ag feuchaint ar na loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóighte daoine, agus bhí a aigne ana thré n-a chéile.
“Is eagal liom,” ar seisean i n’ aigne féin, “nách é mo leas a dheineas nuair a thugas ansan sibh. Dá mbéadh sibh go léir sa bhaile airís, gach duine agaibh ’n-a dhúthaigh féin, bhéadh sibh ann tamal sar a’ dtabharfainn-se as sibh. Tá sé déanach agam anois bheith ag cuimhneamh air sin.”
Níor mhothuigh sé an Bhanríghin, Béibionn, ag teacht i n’ aice. Chuir sí a lámh ar a chuislinn agus bhí méar na láimhe eile ar a béal féin aici, mar chómhartha dó gan fothram a dhéanamh. D’fheuch sé uirthi.
“Ná labhair, a rígh!” ar sise leis i gcogar. “Tá nídh agam le h-innsint duit. Tar chun mo sheómra.”
An fhaid a bhí an méid sin cainte aici d’á rádh bhí a méar sínte aici i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas agus na slóighte, mar ’dh eadh gur ortha a bhí sí ag feuchaint agus ag trácht. Níor mhór di an gliocas. Ní raibh ach an cogar críochnuighthe aici nuair a bhí Gormfhlaith laistiar di. Do lean sí ag caint go réid, mar ’dh eadh nár mhothuigh sí Gormfhlaith ag teacht:--
“Nách seóig a’ bhfuil ann díobh!” ar sise. “Feuch,” ar sise, “is dócha gur b’í an long mhór san i lár baill long an Iarla.”
“Ní h-í, a rígan,” arsa Sitric. “Siní long Bhruadair. An bhfeicean tú an long mhór eile úd thoir ar fad? An long go bhfuil an buthaire mór deataigh ag eirighe aisti?”
“Chím í,” arsa Béibionn.
“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.
“Is moch ar maidin atáthaoí araon ’ghá n-iniúchadh, a chlann ó,” arsa Gormfhlaith laistiar de’n bheirt.
Do baineadh geit dáiríribh a’ Sitric mar níor mhothuigh sé ag teacht í. Do leig Béibionn uirthi gur baineadh geit aisti féin, leis, agus dhein sí an leigint uirthi chómh maith san gur shamhluigh an Árdrígan gur baineadh.
Thug an triúr tamal sa n-áit ag breithniughadh na loingeas agus na slógh. Ansan dúbhairt Béibionn go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Níor bh’ fhada go ndúbhairt Gormfhlaith gur bh’ fhíor do Bhéibionn é, go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Chómh luath agus a thuig Sitric ná raibh aoinne ’ghá thabhairt fé ndeara tháinig sé go seómra Bhéibionn.
“Cad é seo ort, a Bhéibionn?” ar seisean.
“Tá sé buailte isteach am’ aigne, a rígh,” ar sise, “go bhfuil éagcóir ’á déanamh ort, éagcóir throm.”
“Cad a bhuail an nídh sin isteach ad’ aigne?” ar seisean.
“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí chómh cruinn agus d’fhéadfair ar na focalaibh, cad í an chaint a dúbhradh idir an gceathrar agaibh indé, idir thusa agus Bruadar agus Amhlaoibh agus do mháthair.”
D’inis sé dhi an chaint chómh maith agus d’fhéad sé é. D’éist sí leis go dtí go raibh an chaint ráidhte aige.
“Seadh!” ar sise, “thugais leat an chaint cruinn go leór.”
Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag teacht.
“Bhíos ag éisteacht libh aréir,” ar sise, “a gan fhios daoibh. Admhuighim é agus ní’l aon náire ’n-a thaobh orm. D’ airigheas do mháthair ’ghá rádh libh dul a chodla. Chuadhabhair a chodla. Ní fheadar ar chuais-se a chodhla ach tá fhios agam ná déigh Amhlaoibh a chodla. D’fhill sé thar n-ais agus thug sé féin agus do mháthair tamal maith de’n oídhche ag caint. Do taraingeadh anuas an uile fhocal de’n chaint a bhí eadraibh ar bórd na loinge. Dheineadar ana shult de’n chuma ’n-ar dhein sí amach ná rabhais-se ach fiche bliain d’ aois agus gur bh’é Amhlaoibh an mac léi a rugadh tar éis bháis a athar, ’sé sin tar éis bháis Amhlaoibh, agus gur mar gheall air sin a tugadh Amhlaoibh óg air. Ba dhóich leat go gcuirfidís araon an t-anam amach ag gáirí, fé n-a n-anál, an fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal acu. Ach níor bh’ aon rud an méid sin suilt seachas an sult a bhí acu nuair a tharaingeadar chúcha conus mar a chuir do mháthair cosg leis an gcaint ar eagla go leigfeadh Bruadar amach sgéal áirighthe éigin, nídh éigin a theastuigh ó’n dtriúr a choimeád uait-se.
“Sidiad anois agat, a rígh, na ceisteana atá os cómhair m’ aigne agus atá ag déanamh buartha dhom. Cad é an nídh é seo atá acu d’á choimeád uait-se? Cad é an t-eólus é seo atá ag Bruadar agus ná fuil agat-sa, agus nár bh’fholáir an chaint do chosg ar eagla go leigfeadh Bruadar amach, ad’ láthair, aon bhalaith dhé? Cad é an brígh a bhí ag Amhlaoibh leis an sult a dhein sé, ad’ láthair féin, amuich ar an loing, de’n rud gur dhóich le h-aoinne go n-eistfeadh sé a bhéal ’n-a thaobh?--‘Cad ’n-a thaobh, a bhitheamhnaigh,’ arsa Bruadar, ’nár innsis dom ná feacaís t’ athair riamh?’--‘Le h-eagla,’ arsa Amhlaoibh, ‘go ndéanfainn bréag,’ agus, ’nách shiní mo mháthair ’ghá innsint duit ná feaca m’ athair riamh.’--Tá sé daingean am’ aigne, a rígh, go bhfuil níos mó idir an dtriúr ’ná mar a thuigean aoinne ach iad féin. Tá uisge-fé-thalamh d’á dhéanamh ad’ choinnibh, a rígh, agus neósfad duit cad é an t-uisge-fé-thalamh é. Má thuitean m’ athair-se táthar chun Árdrígh dhéanamh de Bhruadar.’
“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do mheabhair.”
“Feuch isteach sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breithnigh é, agus meaghaigh é, agus cuirfead geall go ndéarfair go bhfuil an ceart agam. Cad tá acu d’á choimeád uait? Siní an cheist. Cad tá acu le coimeád uait? Níor choimeádais-se aon nídh uatha-san riamh. Cad é an sgéal é seo atá idir iad féin agus Bruadar agus nách maith leó aon ghaoth dhé do leigint chúghat-sa?”
Do léim Sitric ’n-a sheasamh. Siúbhluigh sé an seómra síos agus suas ar feadh tamail, díreach mar a dhéanfadh a mháthair. Nuair a bhí greas rástála déanta aige do stad sé ar aghaidh na Banrighne amach:--
“Dar so ’s súd, a Bhéibionn,” ar seisean, “ach tá an ceart agat! Chím anois é go soiléir. Cad a dhall mé? Nách é é ’n-a steilibheathaigh! Agus ó, nách aithreamhail an mac é! Ó, cad a dhall mé! Cad a dhall mé! Déanfaidh sí Árdrígh dhé! Ansan déanfar Árdrígh d’Amhlaoibh ’n-a dhiaigh. Táim-se sa tslígh. Cad a chómhairleófá dhom a dhéanamh, a Bhéibionn?”
“Ná leig ort go bhfuil aon bhlúire droch amhrais agat ortha,” ar sise. “Sgaoil leó. Tá sluagh mhaith láidir agat-sa féin i gcóir an chatha so. Leig iad súd i dtreó Dhál gCais sa chath. Socaró’id Clann Chais a lán des na ceisteanaibh seo.”
“Is maith í do chómhairle, a Bhéibionn,” ar seisean. “Is truagh chráidhte nách í do chómhairle a ghlacas ó thusach i n-inead cómhairle Ghormfhlaith. Ó, nach baileach a choimeád sí uainn an méid úd!”
“Nuair a bhí Amhlaoibh i gCeann Cora agus i n-Inis Cathaigh iseadh thug sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.
“Is uathbhásach an bhean í!” arsa Sitric, “agus tá Amhlaoibh maith a dóthin di. Tá sé aithreamhail, máithreamhail.”
“Tá,” arsa Béibionn, “ach ní h-é an taobh fóghanta de’n dúchas a thug sé leis ó athair ná ó mháthair.”
“Ní puínn fóghantachta a dh’fhéadfadh sé a thabhairt ó aon taobh acu,” arsa Sitric.
Bhí an t-am ann chun dul fé dhéin béile na maidine. Chuadar isteach i seómra an bhídh. Bhí Gormfhlaith istigh rómpa.
“Móra dhaoibh, a chlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnadh liom a lán cainte bheith agaibh le déanamh indiu. Ní dócha go mbeidh puínn eile caoi ar chaint agaibh go dtí go mbeidh buadh an mhór-chatha so ar taobh éigin. Ansan beidh gach aon nídh ar bhúr dtoil agaibh má bhíon an buadh ar an dtaobh gceart.”
“Agus má bhíon an buadh ar an dtaobh eile, a mháthair, cad a dhéanfaimíd?” arsa Sitric.
“Má bhíon an buadh ar an dtaobh eile,” arsa Gormfhlaith, “ní bheidh aon ghádh le caint againn. Deineadh gach fear a ghníomh féin sa chath agus ní baoghal ná go mbeidh an buadh ar ár dtaobh féin.”
“Cad tá ag coimeád Amhlaoibh?” arsa Béibionn.
“Ní fheaca indiu é,” arsa Gormfhlaith. “Is dócha go mb’fhéidir go bhfuil tuirse air tar éis an lae ’ndé.”
Chríochnuighdar an béile. Níor tháinig Amhlaoibh.
“Is fearr glaodhach air,” arsa Sitric. “Raghad agus glaodhfad air.”
D’imthigh sé. Níor bh’fhada gur fhill sé.
“Ní’l sé ’n-a sheómra,” ar seisean.
“Is mór an iongnadh,” arsa Gormfhlaith, “é dh’eirighe chómh moch. Má’s ag feuchaint ar ár mór-shluagh a bhí sé nách mór an iongnadh ná feacamair é.”
“Níor luigh sé ar a leabaidh i n-aon chor aréir, a mháthair,” arsa Sitric.
Tháinig iongnadh uirthi, díreach mar a thiocfadh dá mb’ a gan fhios a thiocfadh an sgéal uirthi. Níor bh’ eadh. Bhí fhios aici go maith nár chodail sé sa ríghtheighlach an oídhche roim ré. Dhein sí an iongnadh chómh maith san gur mheas an bheirt eile go raibh an iongnadh uirthi dáiríribh.
Bhí Amhlaoibh imthighthe amach go loing Bhruadair agus teachtaireacht aige do Bhruadar ó Ghormfhlaith.
Do ghluais Gormfhlaith ar fuid an ríghtheighlaigh ag ceistiúchán ar na seirbhísigh feuchaint cé ba dhéanaighe a chonaic an tighearna óg, Amhlaoibh, agus canad a chonacthas é. Ní bhfuair sí aon tuairisg air, nídh nár bh’iongnadh. Ní fheacaidh aoinne acu é ó chonacadar go léir é féin agus an rígh agus an Ardrígan ag teacht isteach ar an mbád um tráthnóna indé roimis sin.
Dhein Gormfhlaith dearmhad. Dhein sí an iomad ceistiúcháin. Nuair a chonaic Béibionn an ceistiúchán thuig sí ná raibh ann ach púicín. Thug sí cogar do’n rígh.
“Ní’l sa cheistiúchán san ach púicín, a rígh,” ar sise. “Tá fhios ag Gormfhlaith cá bhfuil Amhlaoibh imthighthe. Pé ball ’n-a bhfuil sé imthighthe, a rígh,” ar sise, “ní ar mhaithe le rígh Lochlanach Átha Cliath atá a thriall.”
“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuchaint go cruinn chun an méid sin sgéil,” ar seisean.
Ansan do labhair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le Gormfhlaith.
“Feuchaíg, a ríogna,” ar seisean. “Indiu an Mháirt. Ní dóich liom gur ró fhada uainn an cath. Tá slóighte an Árdrígh nach mór cruinnighthe i gCill Mhaighneann. Ní mór dóm-sa imtheacht agus neart slógh Lochlanach na h-Éirean do chur sa n-inead atá ceapaithe dhóibh ar talamh an chatha. Beid siad féin agus slóighte rígh Laighean i n-aice chéile. Is dóich liom go bhfuil na Laighnigh ollamh cheana féin. Fágfar anso oiread nirt agus chosanóchaidh an ríghtheighlach so pé cuma ’n-a ngeobhaidh an cath. Fanaigh-se araon anso istigh go dtí go mbeidh an buadh ar thaobh éigin. Má bhíon an buadh ag Brian ní baoghal go ndéanfaidh sé aon anchor a thabhairt d’ aoinne agaibh-se. Má bhíon an buadh againn féin beidh gach aon rud go maith.”
D’imthigh sé agus d’fhág sé ansan an bheirt.
B’ shiniad an bheirt ná raibh aon ghrádh ró mhór acu d’á chéile. Ach an t-é a chífeadh iad i bhfochair a chéile ní h-é sin ba dhóich leis.