Nuair a tháinig an mhaidion d’ fheuchadar amach ar an gcuan. Bhí cabhlach loingeas a bhí dhá uair chómh mór le cabhlach an Iarla tar éis teacht isteach sa chuan agus tar éis inead do ghlacadh laistigh de chabhlach an Iarla, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de’n chuan. Bhí a lán des na fir, a’ cabhlach an Iarla, tar éis imtheacht as na loingeas agus dul i dtír, lastuaidh de’n chuan, agus cábáin a chur suas dóibh féin, agus teinte do lasadh chun bídh a dh’ ollamhughadh agus leapacha dhéanamh dóibh féin agus tuirse na faraige chur díobh. Bhí na daoine a bhí sa chabhlach mhór a tháinig i gcaitheamh na h-oídhche ag tusnughadh ar an rud céadna dhéanamh. Bhí na báid, agus iad lán de dhaoine agus d’ adhbhar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag imtheacht amach tré chúbhar na trágha, chun an tailimh tirim.
Níor bheag d’uathbhás a raibh de loingeas sa dá chabhlach. Nuair a bhí na h-ancaireacha curtha amach acu agus iad ’n-a stad, agus iad i n-aon líne amháin, fan na trágha, do shrois an líne ó Bheinn Éadair go h-Áth Cliath nách mór.
Do ghluais bád Shitric amach airís ó’n gcalaith i n-aice an ríghtheighlaigh, agus do ghluais sé i dtreó na loinge ar a raibh Bruadar. Chuaidh Gormfhlaith agus Sitric agus Amhlaoibh ar bórd na loinge sin. Chuir Bruadar na mílte fáilte rómpa.
“Ó,” ar seisean le Gormfhlaith, “nách óg a dh’fheuchan tú, a Árdrígan!”
“Ní h-aon iongnadh é sin, a rígh,” ar sise. “Ní h-aon iongnadh mé bheith ag feuchaint óg an fhaid atáim óg. Ní rabhas ach seacht mbliana déag nuair a rugadh é seo,” ar sise, (b’é sin Sitric) “agus ní’l sé seo puínn thar fiche bliain fós. Ní ceart seana bhean a thabhairt orm go dtí go mbeidh mé a dachad an chuid is lúgha dhé.”
“Ní tabharfar seana bhean ort choídhche, a Árdrígan,” ar seisean. “Taoín tú ag feuchaint chómh h-óg an neómat so agus bhís an lá a phósais Amhlaoibh. Mheasas ná raibh agat ach aon mhac amháin le h-Amhlaoibh agus go bhfuair Amhlaoibh bás sar ar rugadh an mac san.”
“Is iongantach an fear chun plámáis tú, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Dheinis tuathal ar dtúis nuair a dheinis an iongnadh d’ í bheith ag feuchaint chómh h-óg, ach do leighsis an tuathal nuair a dúbhrais go mbéadh sí ag feuchaint óg go deó.”
“Tá dearmhad ort sa méid úd, a rígh,” arsa Gormfhlaith. “Sidé an mac a rugadh tar éis bháis Amhlaoibh.”
“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Amhlaoibh Óg. Cad ’n-a thaobh nár innsis riamh dom cé r’ bh’é t’ athair, a bhitheamhnaigh?” ar seisean le h-Amhlaoibh.
“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Nách shiní an Árdrígan tar éis a rádh leat ná feaca-sa m’ athair riamh. Conus fhéadfainn a dh’innsint duit cé r’ bh’ é agus ná feaca riamh é?”
“Is fíor,” arsa Bruadar. “Ach is cuma dhuit cé ’cu. Tá géarchúis do mháthar agat, agus tá a croicean agus a bláth ort.”
Níor thug Gormfhlaith uain dó ar a thuille plámáis a dhéanamh. Níor bheag léi a raibh ráidhte aige. Bhí sé ag taighde ar neithibh nár oir di é féin ná aoinne eile bheith ag taighde ortha.
“Thánamair chun go bhfeicfimís do neart slógh, a rígh,” ar sise.
“Tá go maith, tá go maith, a Árdrígan,” ar seisean.
Do rugadh ó loing go loing iad, agus do taisbeánadh gach aon rud dóibh. Conacadar na slóighte fear armtha, agus ba bhreagh an radharc iad. Fir mhóra láidire chumasacha, agus na h-airm ar áilleacht acu. Do taisbeánadh dóibh an deich gcéad fear n-a raibh na h-éidí mitil ortha. Dúbhairt Bruadar leis na fearaibh na h-éidí do chur umpa go bhfeicfeadh an Árdrígan iad. Do chuireadar.
“Ó!” arsa Gormfhlaith. “Geóbhaid siad san tré shlóightibh Bhriain mar a gheobhadh buanaidhthe tré pháirc cruithneachtan a bhéadh aibigh!”
Do rugadh iad chun na loinge ar a raibh beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe, Carrol Cnút agus Anrud.
Ní fheacaidh an bheirt sin Gormfhlaith riamh go dtí san, ach d’ airighdar teacht tháirse. D’ airighdar daoine a chonaic í ag trácht ar a h-áilneacht. Bhí fhios acu gur bhean áluinn thar bár í. Ach nuair a chonacadar í ba dhóbair dóibh a mbéasa agus a stuaim do chailleamhaint, chuir a h-áilneacht a leithéid sin d’iongnadh ortha. Ní fhéadaidís gan bheith ag feuchaint uirthi, agus ansan nuair fheuchaidís uirthi ní fhéadaidís a súile bhogadh dhi.
Bhí an tsluagh ar an gcuma gcéadna. An fhaid a bhíodh sí ag gabháil thórsa ní fhéadaidís aon rud a dhéanamh ach bheith ag feuchaint uirthi. Dá mb’ iad na mná féin iad bhí an sgéal ar an gcuma gcéadna acu. Nuair a ghabhadh sí thórsa do rithidís tímpal chun teacht roímpi agus radharc eile dh’ fághail uirthi.
Thugadar a lán de’n lá ag gabháil tímpal ó loing go loing. Nuair a bhí an fheuchaint déanta acu thánadar abhaile go ríghtheighlach Shitric.
“Seadh!” arsa Gormfhlaith, nuair a bhíodar ’n-a suidhe ar a suaimhneas i n-aice na teine, “tá m’ aigne sásta. Ní’l aon bhreith ag Brian ar bhuachtaint sa chath so atá le troid anois aige. Bhí an t-eagla i gcómhnuíghe orm roim Mhurchadh agus roim Dhál gCais, ach an deich gcéad úd ins na h-éidíbh práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais. Nuair a bheidh deire le Dál gCais beidh deire le cómhacht Bhriain. Má dheinean Mícheál Ruadh an bheart atá geallta aige a dhéanamh is amhlaidh is fearr é, ach pé ’cu dhéanfaidh nó ná déanfaidh ní’l baoghal orainn anois.”
“Is maith liom mar a thaithnean an mhór-shluagh leat, a mháthair,” arsa Sitric. “Do fuaradh a lán d’á duagh. Níor bh’ aon ghnó ró shuarach an dá chabhlach loingeas san, agus na mílte fear san, do thabhairt ansan amuich ar uisge an chuain sin chúghat! Tá obair mhór déanta ag rígh Lochlan agus ag rígh na h-Ioruaidhe agus ag an Iarla, d’á mhéid de bheithigheach é. Tá obair mhór déanta acu go léir. Ní deintear obair mhór de’n tsórd san gan súil le díol as.”
“Cad í an ghruaim seo anois ort?” arsa Gormfhlaith.
“Tá eagal air,” arsa Amhlaoibh, “má bhuadhaid na ríghthe seo ar Bhrian go gcoimeádfaid siad toradh an bhuadha dhóibh féin.”
“Bhuailis do mhéar air, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. “Ní sheasuighean sé le cóir ná le ceart ná le résún go dtiocfadh na fir seo anso agus go dtroidfidís cath fuilteach dúinne i gcoinnibh Bhriain, agus ansan, nuair a bhéadh Brian marbh, agus Murchadh, agus M’lsheachlainn Mór, agus Dál gCais go léir, go n-árdóchaidís a seólta agus go n-imtheóchaidís soir abhaile, agus óthuaidh abhaile, airís agus go bhfágfaidís Éire againne.”
“Cad é sin agat d’á rádh mar sin!” arsa Gormfhlaith. “Ná fuil slígh dhóibh go léir, agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn!”
“Siné díreach atá orm, a mháthair,” arsa Sitric. “Tá eagal orm ná fuil, ’sligh dhóibh go léir agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn.’ An focal úd adúbhairt an t-Iarla, an ‘beithigheach,’ a ndúbhraís féin, an focal úd adúbhairt sé le rígh Laighean tá sé daingean am’ chroídhe ó shin mar a bhéadh dealg. ‘Beidh an Árdrígheacht ag Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus ag an bhfear a phósfaidh í.’ Is dócha go bhfuil an rud céadna istigh i n’ aigne féin ag Bruadar. Agus tá fhios ag an saoghal nách chun na h-Árdrígheacht do chur i n-áirighthe dhómh-sa, ná d’ aoinne de’n bheirt sin, a tháinig beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe anso go h-Éirinn agus loingeas a n-athar acu, agus slóighte a n-athar, agus a dtír féin curtha fé chostas mhór throm acu. Tá eagal orm go bhfuil aimhleas, agus nách aimhleas beag é, déanta againn, agus nách fios conus a thiocfaimíd uaidh. B’ fhearr liom bheith fé Árdrígheacht Bhriain, a mháthair, ’ná fé Árdrígheacht aoinne de’n cheatrar.”
“Ní mac duit-se an fear san i n-aon chor, a mháthair!” arsa Amhlaoibh. “Mac d’ Amhlaoibh iseadh é. Deir a lán daoine liom nách mac d’ Amhlaoibh mise. Measaim go bhfuil an ceart acu. Mac duit-se iseadh mé. Cad is gádh dhuit-se, a Shitric, bheith fé smacht aoinne de’n cheathrar! Cuir i gcás go ndéanfaid na buanaidhthe an obair ar an gcruithneacht aibigh, agus go mbeidh Brian agus Dál gCais ’ar slígh na fírinne,’ mar adéarfadh Colla, cad a thuitfidh amach? Iompó’idh Bruadar agus an ‘Beithigheach’ ar a chéile agus troidfid siad cath fuilteach feuchaint cé aige go mbeidh Gormfhlaith agus an Árdrígheacht. Iompó’id beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe ortha araon, nó ar an t-é a bheidh beó dhíobh, ’ghá chur i n-iúil nách ag aoinne acu is ceart an Árdrígheacht so do bheith ach ag duine acu féin, mar gur b’iad is sia ó bhaile do tháinig ’ghá h-iaraidh. Measaim, nuair a bheidh a gcuid coímhsgair déanta ag an gceathrar ná beidh puínn éilteóirí ag teacht idir thusa agus an Árdrígheacht, a mhic t’athar!----Inis an fhírinne, a mháthair; nách é an coímhsgar san idir an gceathrar an rud a chuir tusa ag cur an anama amach ag gáirí aréir nuair a h-innseadh duit go rabhais geallta do bheirt acu?”
“Fágaim le h-uadhacht, a Amhlaoibh,” arsa Gormfhlaith, “gur bhuailis do mhéar go cruinn ar an rud a chuir ag gáirí mé. Ní rabhas, ámhthach, ag cuimhneamh ach ar an mbeirt, ar Bhruadar agus ar an Iarla. Do chonac go soiléir conus a féadfaí an bheirt sin do chur ag dísgiú’ a chéile agus gur mé féin a dh’ fhéadfadh an bheart san a dhéanamh. Ach chím anois go bhféadfar an ceathrar do chur ag dísgiú’ a chéile go feilimionta. Féadfar é dhéanamh agus déanfar é. Ná bíodh ceist ná eagal ort, a Shitric. Dísgeó’id siad cómhacht Bhriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó’id siad a chéile dhuit. Ansan beidh Árdrígheacht na h-Éirean agat ’n-a ndiaigh go léir!”
“Ní’l aon teóra libh!” arsa Sitric. “Ach déinig feuchaint bheag a thabhairt ar an dtaobh so de’n sgéal. Cuir i gcás go bhfuil a ngnó déanta ag an meithiol buanaidhthe seo atá cruinnighthe againn, agus go bhfuil an gort cruithneachtan ar lár. Chím an ceathrar i gcómhairle.
“‘Is liom-sa an Árdrígheacht agus an Árdrígan,’ adeir an t-Iarla.
“‘Cad a bhéarfadh gur leat-sa iad?’ adeir Bruadar.
“‘Mar do gheall Sitric féin dom iad, agus mura mbéadh gur gheall ní thiocfainn anso,’ adeir an t-Iarla.
“‘Ní dhuit-se a gheall Sitric iad,’ adeir Bruadar. ‘Is dómh-sa a gheall sé iad.’
“‘B’fhéidir,’ adeir duine de mhacaibh rígh na h-Ioruaidhe, ‘gur gheall sé do bheirt agaibh iad,’ agus cuirean sé gáire as. Gheibhtear amach gur thugas an gheallamhaint do’n bheirt. Eirighid siad ar buile.
“‘Téanaíg,’ adeirid siad. ‘Cuirimís ár neart le chéile agus tugaimís do Shitric an rud atá tuillte aige!’----B’fhéidir go neósfadh Amhlaoibh agus a mháthair do mhac Amhlaoibh cé air go ndéanfar dísgiú’ ansan.”
“Stad go fóil, a mhic Amhlaoibh,” arsa Amhlaoibh. “Cá bh’fhios duit an ’mó duine de’n cheathrar a thiocfaidh saor ó’n gcath?”
“Ní fheadar; ná an ’mó duine againn féin a thiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Sitric.
“Agus ar nóin, an t-é ná tiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Amhlaoibh, “cad é sin dó san cad a dhéanfaidh an Árdrígheacht?”
“Ná an Árdrígan, an eadh?” arsa Sitric.
“Is dóich liom, a bhuachailí,” arsa Gormfhlaith, “nách fearr rud a dhéanfaidh beirt agaibh anois ’ná dul a chodla.”
Chuadar a chodla.