Tar éis suim aimsire tháinig an bheirt airís go Ceann Cora agus bhí lá gleacaidheachta eile acu agus oídhche shuairc ’n-a dhiaigh. Níor bh’ fhada gur dheineadar taithighe de bheith ag teacht, agus bhíodh súil leó agus fáilte rómpa ag gach aoinne sa teighlach. Bhíodh gach aoinne mór leó, agus gach aoinne ag déanamh cúraim díobh, agus ní raibh aoinne ba mhó a dheineadh cúram díobh ’ná an Bhanríghin. Dheineadh sí ana chúram de’n bheirt, ach nuair a chuadar i dtaithighe bheith ag teacht do thárla go mbíodh Amhlaoibh agus í féin go minic ag caint agus ag cogarnaigh fé leith. Níor dhein aoinne aon iongnadh dhé sin. Lochlanach ab eadh é, agus mac rígh ab eadh é, agus níor bh’ aon iongnadh mórán a bheith aici le rádh leis an mbuachail i dtaobh a thíre féin agus i dtaobh a mhuintire.
Nuair a tháinig an t-am ’n-ar mhithid do Thadhg ua Chealla cuaird a thabhairt óthuaidh go h-Uíbh Máine, ag feuchaint a mhuintire féin, ní shásóch’ aon rud é gan Amhlaoibh do dhul óthuaidh i n-aonfheacht leis. Chuaidh an bheirt óthuaidh. Má ba mhór an fháilte a bhíodh roimis an mbeirt i gCeann Cora, agus má ba mhór an cúram a deintí dhíobh ann, ba mhó ’ná san an fháilte a bhí rómpa thuaidh, agus ba ghrádhmhaire, agus ba mhó an cúram a deineadh díobh ann. Bhí Tadhg Óg ua Cealla i dteighlach a athar féin nuair a chuaidh sé óthuaidh go h-Uíbh Máine, agus is ’mó rud fhéadfadh sé a dhéanamh ann chun cúraim a dhéanamh de charaid ná féadfadh sé a dhéanamh i ríghtheighlac Bhriain i gCeann Cora. Do dhein sé gach aon rud fé mar a thaithn leis chun a thaisbeáint cad é an cion a bhí aige ar a chomrádaidhe. Nuair a chonaic an t-athair, Tadhg Mór féin, an cúram go léir ’á dhéanamh de’n ógánach Lochlanach do dhein sé féin cúram dé, chun a mhic do shásamh. Ansan do dhein an mháthair, agus an chuid eile de’n chlainn, an cúram céadna dhé, chun Taidhg Óig do shásamh. Níor dheacair dóibh sin, mar, chómh luath agus tháinig sé ’n-a measg, agus chómh luath agus do chonacadar é agus do labhradar leis, tháinig báigh chómh mór san acu féin leis go mbéadh fáilte acu roimis agus go ndéanfaidís cúram dé ar a shon féin dá mba ná béadh Tadhg Óg i n-aon chor ann. Bhí saoghal maith aige an fhaid a bhí sé thuaidh.
Do críochnuigheadh an chuaird agus tháinig an bheirt thar n-ais go h-Inis Cathaigh.
Do ghluais raint aimsire. Bhí Amhlaoibh ag déanamh na foghluma go tiugh. Lá d’á raibh an bheirt i bhfochair a chéile ar imeal an oileáin, ar bruach na faraige, do labhair Amhlaoibh. Dubhairt sé gur mhaith leis an Creideamh a ghlacadh. Bhí áthas mór ar Thadhg.
“Is fearr labhairt leis an Abb,” ar seisean.
Do labhradar leis an Abb.
“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Ní foláir an Creideamh a mhúineadh dhuit ar dtúis.”
Do ceapadh sagart chun an Chreidimh a mhúineadh dhó. Do glacadh an sgéal go réidh. Do tugadh a dhóthin aimsire dhó chun an Chreidimh a dh’ fhoghluim. Do tugadh níba mhó ’ná a dhóthin aimsire dhó. Fear eagnaidhe ab eadh Colla. Thuig sé gur “bh’ fhearr feuchaint roime dhuine ’ná dhá fheuchaint ’n-a dhiaigh,” gur bh’fhearr deimhne dhéanamh sar a’ ndéanfaí dithineas. Gur bh’ fhearr “bheith díomhaoín ’ná droch ghnóthach.” Ach do múineadh an Creideamh d’Amhlaoibh, agus do chuir sé an ríghneas go léir dé go breágh réidh foidhneach. Ba léir do gach aoinne go raibh sé dílis, dáiríribh. Do baisteadh é. Tar éis raint eile aimsire do dhein sé faoisdin agus do cuireadh fé láimh Easboig é. Ansan, tar éis tuille aimsire dhein sé faoisdin agus ghlac sé Comaoine. Bhí áthas mór sa mhainistir agus buidhchas mór ’á thabhairt do Dhia mar gheall ar a thabharthaistí.
Tháinig an t-am do’n bheirt chun dul soir go Ceann Cora ar chuaird. Chuadar soir. Bhí míle fáilte rómpa mar ba ghnáth. Ach bhí rud éigin tagaithe sa bhfáilte ná bíodh ann roimis sin. Bhí an osgailt croídhe ann a bhainean leis an gCreideamh. Ní h-aithnightear cad a bhainean leis an osgailt croídhe sin go dtí go mothuightear beó é. Ní raibh aon phioc d’á fhios ag Amhlaoibh cad a bhain leis go dtí gur mhothuigh sé beó é. An cion a gheibheadh sé i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine sar ar ghlac sé an Creideamh, níor thug sé fé ndeara go raibh aon rud i n-easnamh air. Bhíodh gach aoinne geal dó. Níor mheas sé go bhféadfaidís bheith níba ghile dhó. Nuair a tháinig sé, tar éis an Chreidimh a ghlacadh dhó, ansan iseadh thuig sé cad a bhain leis an osgailt croídhe. Do chonaic sé ansan go soiléir nár bh’é an duine céadna i n-aon chor acu é, agus nár bh’é an cion céadna i n-aon chor a taisbeánadh dó. Gur h-osgaladh dó, i gcroídhthibh na ndaoine, seómra éigin a bhí, ní h-amháin dúnta uaidh roimis sin, ach a bhí ann a gan fhios dó agus ná raibh aon phioc d’á fhios aige é bheith ann i n-aon chor.
Bhí áthas ana mhór ar mhuintir Thaidhg Óig uí Chealla nuair a tháinig an bheirt chucha agus Amhlaoibh tar éis an Chreidimh a ghlacadh. Dá mba bhuachail Tadhg go bhféadfaí éad a chur air do bhéadh éad a dhóthin air, do dheineadh a mhuintir a leithéid de chúram d’ Amhlaoibh.
Bhí drifiúr ag Tadhg. Mórling ab ainim di. Bhí sí fionn ar nós a drithár. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Bhí a gruaig ar dhath an óir. Bhí idir ghruaig agus dath chómh saidhbhir sin gur tugadh “Niamh Chinn Óir” mar ainim-cheana uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh beag. D’oir an ainim chómh maith san di gur lean sé dhi. Ansan do thug daoine mar bhéas dóibh féin an cómhngar a ghlacadh ar an ainim agus gan a thabhairt uirthi ach Niamh. Sa n-am ’n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin. Deirtí gur dhóich le duine go mbíodh mar a bhéadh sgáil éigin soluis ’n-a tímpal, i dtreó, nuair a thagadh sí isteach i gcuideachtain, gur chuma é nó gath gréine do theacht isteach ann. Bhí a lán d’uaislibh óga na tíre agus ba ró mhaith leó bheith ’n-a cuideachtain agus bheith go mór léi, ach bhí dhá shúil ghorma, sholusmhara, ríoga ’n-a ceann, agus ní raibh aon duine des na h-uaislibh óga san a dh’ fhéadfadh an fheuchaint a bhí ins na súilibh sin do sheasamh dá dtugadh a shúile féin, ’n-a gcoinnibh, aon fheuchaint nár cheart. Bhí an fhuil uasal inti, an fhuil ríoga. D’inis a dhá súil duit, ar an gcéad amharc, gur bh’ í inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla a bhí agat, agus pé ’cu b’í nó nár bh’í, gur bh’é do bhuac bheith chómh múinte chómh béasach agus d’fhéadfá bheith.
I dtaobh an óigfhir, ámhthach, a thagadh i n-aonfheacht le n-a dritáir andeas ó mhainistir Ínse Cathaigh, chonaic sí an ghruaig chíordhubh air, an t-ualach gruaige go raibh dóthin trír ann, agus é ag tuitim síos leis na h-uiseanaibh a bhí ar dhath an tsneachtaidh; ar na slinneánaibh breaghtha láidire leathana; síos go caol an droma, caol droma a bhí chómh seang le caol droma an chapail ráis, agus go raibh neart suidhte ann mar a bhéadh i ndrom an chapail ráis. Chonaic sí an dá shúil a bhí ’n-a cheann agus iad chómh dubh leis an sméaramhán, agus, nuair a gháireadh sé, an teine chreasa ag teacht as na súilibh sin le neart suilt agus deagh-mhéinne, ba dhóich leat. Chonaic sí na neithe sin go léir an chéad lá a tháinig an t-Amhlaoibh sin go h-Uíbh Máine, agus má chonaic do thug sí grádh agus taithneamh a croídhe agus a h-aigne dhó go h-iomlán agus go beacht, láithreach bonn, gan aon dá chuid a dhéanamh díobh. Do thuig Amhlaoibh gur thug, agus do thuig sise gur tugadh an grádh agus an taithneamh céadna dhi, agus bhí a h-aigne sásta. Níor labhair aoinne de’n bheirt aon fhocal. Ní raibh gádh le caint. Bhí an sgéal go léir socair eatartha ar an gcéad fheuchaint. Dheineadar an chaint a dhein an chuid eile a bhí láithreach, agus níor tugadh aon phioc d’á fhios d’aoinne d’á raibh láithreach go raibh an sgéal san socair eatartha.