Niamh · Peter O'Leary

Chapter 49: Geallta Do Bheirt

An uair úd do rith an cailín isteach mar a raibh Sitric agus Maolmórdha agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag caint, agus adúbhairt sí go raibh an cuan lán de loingeas, do rith, mar a dúbhradh, an ceathrar amach go bhfeicfidís na loingeas. Chonacadar iad ach ní raibh oiread acu ann agus mheasadar ba cheart a bheith ann. Ní raibh ann ach loingeas Shíguird ó Ínsibh Orc. D’ aithin Sitric iad.

“Is ceart dúinn dul amach chun cainte leis an Iarla,” arsa Gormfhlaith.

“Is fíor san, a mháthair,” arsa Sitric, “ach ní mór dhom nídh áirighthe a dh’ innsint duit-se ar dtúis.”

“Cad é an nídh é?” ar sise.

“Nídh a bhainfidh gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.

“Sgaoil chúghainn é!” ar sise. “Má bhainean sé gáire asainn ní miste dhuit é sgaoileadh chúghainn. Cad é an greim atá agat air?”

“Gheallas nídh do’n Iarla so. Ní thiocfadh sé liom go dtí gur thugas an gheallamhaint dó.” Do stad sé airís. (Bhí Maolmórdha láithreach.)

“Ochón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a gheallais dó?”

D’iompuigh sé uirthi agus d’ fheuch sé uirthi.

“Gheallas tusa dhó!” ar seisean.

“Is maith a dheinis é,” ar sise, “rud a gheallamhaint dó ná raibh ar do chumas a thabhairt dó. Ní dóich liom, ámhthach, gur maith a dhein seisean é agus an gheallamhaint sin do ghlacadh uait.”

“Do ghlac sé an gheallamhaint agus do tháinig sé. Mura mbéadh gur thugas an gheallamhaint dó ní thiocfadh sé. Dar leis, agus dar leó go léir, ní’l bean eile sa domhan chómh breagh leat-sa.”

“Agus conus a bheidh an sgéal agat ar ball má dhiúltuighim-se do’n gheallamhaint do chómhlíonadh?”

“Bhí san sa mhargadh. Gheallas go bhfaghadh sé thu le m’ lán toil-se. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh sé thu dh’fhághail i gcoinnibh do thoile féin. Mar a deirir, is ceart dul amach agus labhairt leis, agus fáilte chur roimis agus roime n-a mhuintir, roimis na daoine a tháinig i n-aonfheacht leis. Ná leig ort leis, a mháthair, go bhfuil fhios agat gur gheallas dó go bhfaghadh sé thu, ach bí chómh séimh chómh cneasda leis agus a dh’ fhéadfair a bheith. Fear láidir tréan cuthaigh iseadh é, agus má gheibhean sé thusa séimh gealgháiriteach leis is troime-de a bheidh a bhuille ar fhearaibh Éirean nuair a thiocfaidh an cath.”

“Tá go maith, a mhic ó,” ar sise. “Teánam agus feicimís é, agus feiceadh sé sinn.”

Do ghluais an ceathrar síos chun an chalaith. Ag gabháil síos an uair sin dóibh iseadh chonacadar an cailín agus an bosca fíona aici agus í ag dul siar go Sórd. Níor chuireadar aon tsuim inti. Chuirfidís suim inti dá mbéadh fhios acu go raibh an dá leitir úd istigh ’n-a brollach aici. Ní raibh aon phioc d’á fhios acu, agus chomáineadar leó gan aon tsuim a chur inti.

Chuadar isteach sa bhád, bád an rígh. Bhí fir an rígh ann i gcómhnuíghe agus iad ollamh ar an mbád do ghleusadh, fé sheóltaibh dá mbéadh gaoth ann, nó fé bhataíbh ramha dá mba ná béadh gaoth ann. Bád breagh mór órnáideach ab eadh é, agus bhí gach aon chóir d’á uaisleacht agus d’á dhaoire ar bórd air, mar ba cheart a bheith ar bhád an rígh. Pé áit ’na bhfeictí ar an gcuan é do h-aithnightí é mar gheall ar ghlaine agus ar uaisleacht a dhathana.

Bhí gaoth ann an lá san agus do cuireadh suas na seólta. Do ghluais an bád an cuan amach, i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas iasachta. D’ aithin Sitric long an Iarla. Do tugadh aghaidh ar an loing sin. Do tagadh ’n-a h-aice. Chómh luath agus bhíodar i n-aice na loinge d’aithin an t-Iarla Sitric. Do cuireadh an dréimire síos láithreach idir an long agus an bád agus chuaidh an ceathrar ar bórd na loinge. Chuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an rígh, rígh Lochlanach Átha Cliath, agus roim Ghormfhlaith. Ní raibh aithne roimis sin aige ar Mhaolmórdha ach do cuireadh aithne acu ar a chéile. Bhí sean aithne aige ar Amhlaoibh. Théidheadh Amhlaoibh óthuaidh go minic go h-Ínsibh Orc ag breith teachtaireachtaí ag triall ar an Iarla ó Shitric, agus ag tabhairt eóluis dó ar an gcuma ’n-a mbíodh gach nídh ag dul chun cinn i n-Éirinn. Bhí Amhlaoibh tar éis a dh’innsint do’n Iarla, ar na cuardaibh sin, conus mar a bhí Brian ana aosta agus conus mar a bhí gnó ar siúbhal a chuirfeadh Brian as an slígh, díreach um an dtaca ’n-a mbéadh cómhacht Lochlan ollamh ar theacht go h-Éirinn chun an ghnímh a dhéanamh. Ní baoghal, ámhthach, gur thug Amhlaoibh aon eólus do’n Iarla ar cia a bhí chun an ghnótha dhéanamh do Bhrian nuair a thiocfadh an t-am. D’á bhrígh sin ba bheag ná gur bh’ í céad cheist a chuir an t-Iarla chúcha ’ná conus a bhí Brian.

“Tá sé chómh maith, a rígh,” arsa Maolmórdha, “agus is féidir d’fhear a bheith sa n-aois atá aige, ach ní fheadramair cad é an neómat a gheóbhmís tásg a bháis.”

“An amhlaidh atá aon bhreóiteacht air, a rígh?” arsa’n t-Iarla.

“Ní h-amhlaidh, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Is amhlaidh atá duine curtha agam-sa ag tabhairt aireachais dó, duine d’á mhuintir féin, duine de’n bhuidhin a bhíon ’n-a seasamh i n’ aice coitchianta, duine d’á bhuidhin chosanta. Curfar sleagh ’n-a chroídhe nuair is lúgha a bheidh coinne aige leis. Ansan ní bheidh ’n-a mhór-shluagh ach mór-shluagh gan cheann. Tuitfidh a chómhacht as a chéile. Beidh Éire againn féin, agus beidh Sitric i n’ Árdrígh ar Éirinn.”

D’fheuch an t-Iarla ar Shitric, chómh maith le n-a rádh, “An é sin a gheallais-se dhómh-sa?” Do labhair sé:--

“Do réir mar a thuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá n-imthigheadh aon nídh ar Bhrian anois bhéadh Éire ag an Árdrígain, agus ag an bhfear a phósfadh í.”

Do phreab aigne Ghormfhlaith nuair airigh sí an focal san. “Ó,” ar sise, ’n-a h-aigne, “Ní mise a bhéadh uait ach an Árdrígheacht! ‘Mo ghrádh thu agus rud agat.’”

Ní raibh focal a’ h-aoinne ar feadh tamail. Do labhair Amhlaoibh agus é ag gáirí.

“Gan dabht!” ar seisean. “Dá n-imthigheadh aon rud ar Árdrígh Éirean is ag an Árdrígain a bhéadh an Árdrígheacht, agus ag an t-é go dtabharfadh sí dhó an Árdrígheacht. Marbhuighmís Brian ar dtúis agus ansan beidh fhios againn cad a dhéanfaidh an Árdrígan.”

“Is fíor,” arsa’n t-Iarla. “Marbhuighmís Brian ar dtúis. Ní’l brígh ná éifeacht le caint go dtí go mbeidh san déanta ar dtúis. An fear san a chuiris-se ag tabhairt aire do Bhrian,” ar seisean le Maolmórdha, “má dheinean sé a ghnó go maith, agus go luath, beidh caoi ag an Árdrígan ar a taobh féin de’n ghnó dhéanamh. Ansan iseadh bheidh éifeacht le caint. Go dtí san ná deintear a thuille cainte.”

“Dar so ’s súd!” arsa Gormfhlaith ’n-a h-aigne féin, “ach má bhíon Árdrígheacht agam-sa le tabhairt d’ aoinne ní baoghal gur duit-se thabharfad í, a bheithigh allta! Ó! is mór idir thu agus Brian, d’á olcas é! Agus is mór idir thu agus Bruadar!”

“Bara na teangan go mbaintear amach as do bhéal, a bhrealláin!” arsa Sitric, i n’ aigne féin, le Maolmórdha.

“Ba mhaith linn na fir a thugais leat a dh’fheisgint, a rígh,” arsa Amhlaoibh leis an Iarla.

Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus thaisbeáin sé a shluagh dhóibh. Ní ró shuaimhneasach an aigne a bhí ag aoinne de’n cheathrar tar éis an méid úd cainte, agus ní suaimhneas ar fad a chuir an radharc a taisbeánadh dóibh ortha. Chonacadar fir mhóra láidire agus airm mhaithe ghéara ’n-a lámhaibh acu, agus a dheabhramh ortha go rabhdar ábalta ar úsáid a dhéanamh go neamh-eaglach agus go cródha des na h-airm. Chuir san sásamh aigne ar an gceathrar. Ach do chonacadar, i n-éaghmuis na bhfear, sloigisg ban agus leanbh agus gan ionta, nách mór, ach daoine fiaine. Is ceart a dh’ admháil go dtáinig uabhar agus bochtaineacht ar an uile dhuine de’n cheathrar nuair a thuigeadar n-a n-aigne cad é an cor a bhéadh ar Éirinn agus ar Ghaedhlaibh Éirean nuair a leigfí an tsloigisg sin isteach ortha agus an buadh acu. Ach má bhí uabhar agus bochtaineacht ortha do bhrughdar fútha é. Choimeádadar istigh é. Níor dheineadar oiread agus a dh’admháil d’á chéile ’n-a gcaint gur mhothuighdar istigh é. Sin mar a bhíon i gcómhnuighe ag an t-é a dheinean an droch ghníomh. Chun sásamh aigne thabhairt dó féin iseadh dhéinean sé an droch ghníomh, agus ar ball isé rud a thagan as dó ’ná mí-shásamh aigne, agus seirbhthean aigne, agus buaireamh aigne, agus cancar agus tré chéile aigne. Ansan bíon an tré chéile aigne laistigh aige agus an gealgháire lasmuich aige, agus is mór an truagh é.

Tháinig an ceathrar abhaile go ríghtheighlach Shitric agus dheineadar an ceann ab fhearr de’n ghnó, chómh maith agus d’fhéadadar é, ’n-a gcaint. Mholadar an t-Iarla mar gheall ar a mhéid agus ar a neart. Dar leó, ní raibh aon fhear ar theighlach Bhriain a dh’ fhéadfadh seasamh ’n-a láthair agus é throid: Mholadar na fir a bhí aige, agus na h-airim a bhí acu. Ní dúbhradar puínn i dtaobh na mban agus na leanbh. Níor mhaith le Gormfhlaith cuimhneamh ortha i n-aon chor, bhíodar chómh grána chómh salach chómh fiain.

D’imthigh Maolmórdha. Bhí a shlóighte féin ag teacht isteach ó árdaibh Cúige Laighean. Níor mhór dó dul agus feuchaint chúcha.

Nuair a bhí sé imthighthe do labhair Sitric.

“Greadadh chuige,” ar seisean, “ba dhóbair dó an donus a dhéanamh orainn! Mura mbéadh Amhlaoibh bhí an donus déanta aige. Nách uathbhásach an sgéal ná féadfadh sé a bhéal a dh’ osgailt gan toirmeasg éigin a dhéanamh! Mura mbéadh a thapamhlacht a labhair Amhlaoibh do dhéanfadh sé an donas.”

“Tá ’fhios ag an dtalamh,” arsa Amhlaoibh, “gur mheasas go mbéadh an sgéal go léir sgaoilte amach aige sar a mbéadh uain agam ar labhairt!”

“Ní fheicim cad é an díobháil a bhéadh déanta dá dtigeadh leis an sgéal go léir do sgaoileadh amach,” arsa Gormfhlaith.

“Ní bheidhfeá mar sin, a mháthair,” arsa Sitric, “dá mbéadh fios an sgéil go léir agat. Dá mbéadh an chuid eile de’n sgéal agat chífeá go h-áluinn cad é an díobháil a dhéanfadh sé agus cad é an díobháil ba dhóbair dó a dhéanamh.”

“Aililiú!” ar sise. “Inis-se dhom an chuid eile de’n sgéal, a Amhlaoibh, nuair ná neósfadh sé seo dhom é.”

“Ní’l puínn deifrigheachta,” arsa Amhlaoibh, “idir an dtaobh atá agat agus an taobh eile. Gheall Sitric go dtabharfadh sé thusa do’n Iarla. Ansan, nuair a bhí sé ag caint le Bruadar, gheall sé dhó go dtabharfadh sé thusa dhó! Taoín tú geallta dhóibh araon, a mháthair. Má gheibhid siad araon amach é beidh spórt againn!”

Chaith sí í féin i gcathaoir agus ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam aisti le neart gáirí. Do gháir sí, agus do gháir sí airís.

“Ó!” ar sise fé dheire, “feuch air sin! An ’mó duine eile gur gheallais mé dhóibh?” (Bhí ’fhios aici go raibh sí geallta do Bhruadar.)

“Níor gheallas tu ach do’n bheirt sin, a mháthair,” arsa Sitric.

“Ach!” ar sise, “is olc a dheinis é! Bhíos ag brath air go mb’fhéidir gur gheallais mé do bheirt mhac rígh na h-Ioruaidhe. Ar gheallais-se d’ aoinne mé?” ar sise le h-Amhlaoibh.

“Níor gheallas, a mháthair,” ar seisean, “ach is dócha go mbeidh Bruadar, agus loingeas rígh Lochlan aige, ag teacht isteach sa chuan so ar maidin amáireach. Chuadhmair amach chun cainte leis an Iarla, leis an bhfear mór mileata meirgeach. Ní foláir dul amach chun cainte le Bruadar nuair a thiocfaidh sé. Dá n-airigheadh sé gur chuadhais-se amach chun cainte leis an bhfear meirgeach agus gan tu dhul amach chun cainte leis féin b’fhéidir go dtiocfadh éad air.”

“Tá go maith,” ar sise. “Raighmíd amach chun cainte leis.” Agus chuir sí sgeartadh gáire eile aisti.

“Seachain, a mháthair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeadh sé uait go bhfuilir geallta do’n Iarla.”

“Ní baoghal duit,” ar sise. “Is amhlaidh a bheidh sé a d’ iaraidh a thuisgint go bhfuilim deimhnighthe dhó féin.”