Niamh · Peter O'Leary

Chapter 48: Connla

Bhí mac ag Murchadh agus Toirdhealbhach ab ainim dó. Ní raibh sé ach trí bliana dh’ aois nó mar sin nuair a tháinig Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh go h-Inis Cathaigh chun na sgoluigheachta dh’ fhághail. Tímpal na h-aimsire céadna san do rugadh an leanbh siar go ríghtheighlach Mhaoilruanaidh na Paidre, toisg an gaol a bheith ann. Ní fada a bhí sé thiar sa ríghtheighlach san nuair a tháinig Niamh ann ar chuaird, ó ríghtheighlach a h-athar i n-Uíbh Máine. Do chuir an leanbh aithne ar Niamh. Má chuir do cheangail sé suas di. Nuair a bhí sí ag dul abhaile bhí an leanbh ag briseadh a chroídhe ag gol. B’éigean dóibh leigint dó imtheacht i n-aonfheacht léi go h-Uíbh Máine. As san amach is mó d’á aimsir a chaith sé i n-Uíbh Máine ’ná i n-aon áit eile. Bhíodh sé ann nuair a thagadh Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh ar a gcuardaibh ó Inis Cathaigh ainíos ann. Tháinig árd chion aige ar Amhlaoibh an chéad uair a chonaic sé é. Bhí cion aige ar Thadhg Óg, agus bhí cion aige ar Thadhg Mhór, agus ar gach aoinne sa teighlach. Ach do fuair Amhlaoibh inead ’n-a chroídhe ná fuair aon duine eile an uair sin, lasmuich de Niamh féin.

Chonaic Niamh an nídh sin. Chonaic gach aoinne é, ach níor chuir aoinne eile puínn suime ann. Ní raibh ann, dar leó, ach mian leinbh. Chonaic Tadhg Óg é, agus bhí áthas air, mar, dar leis, tháinig mian an leinbh agus an caradas a bhí idir é féin agus an Lochlanach óg isteach le n-a chéile. Chuir Niamh suim ana mhór i mian an leinbh an uair sin, ach níor leig sí uirthi gur chuir. Do chuir sí an suim ann mar, dar léi, do thaisbheáin an cion san a tháinig ag an leanbh san ar Amhlaoibh an uair sin, nách gan adhbhar a tháinig an nídh eile úd ’n-a h-aigne agus ’n-a croídhe féin an uair chéadna i dtaobh an Amhlaoibh chéadna.

Bhí san mar sin. Bhíodh Niamh agus an leanbh i bhfochair a chéile coitchianta. Ní raibh aon teóra leis an leanbh san chun ceistiúcháin, agus Niamh a caitheadh na ceisteana go léir a fhreagairt dó. Bhíodh ceisteana aige le cur chúichi i dtaobh an uile shaghas nídh; an spéir; an talamh; na cnuic; na h-aibhní; an ghrian; an ghealach; an duine; an bás; an saoghal eile; gach aon rud ar a bhféadadh sé cuimhneamh. Bhí an chiall agus an breitheamhantas go h-áluinn aici-sin agus, gan a leigint uirthi go raibh sí ’ghá dhéanamh, chuir sí isteach i n-aigne an leinbh sin eólus ar an gCreideamh chómh cruinn agus chómh h-iomlán agus chómh fórlíonta agus a dh’fhéadfadh Colla féin a dhéanamh. Ní déarfainn ná gur dhein sí an gnó níb’ fhearr ’ná mar fhéadfadh Colla é dhéanamh. Mar gheall ar an gcion a bhí ag an leanbh uirthi, agus aici air, do tugadh an t-eólus agus do glacadh an t-eólus ar chuma nár bh’ fhéidir é thabhairt ná é ghlacadh dá mb’ é Colla, nó duine mar é, a bhéadh i n-inead Niamh.

Nuair a bhíodh na ceisteana a bhaineadh leis na neithibh a thagadh fé n-a shúilibh réidhtighthe dó d’iompuigheadh an leanbh ar na ceisteanaibh a thagadh os cómhair a aigne, agus ansan ar na ceisteanaibh a bhain le h-Éirinn agus le ríghthibh Éirean, agus le naoimh na h-Éirean, le teacht an Chreidimh go h-Éirinn agus le dílse na nGaedhal do’n Chreideamh. Ansan, do cheistigheadh sé í ar theacht na Lochlanach agus ar an léirsgrios teine agus fola a dheinidís i gcómhnuighe nuair a thagaidís, agus d’innseadh sí dhó gach aon rud fé mar a bhíodh le h-innsint. Ní baoghal ná gur mhínigh sí dhó go soiléir na gníomhartha móra a dhein a shean-athair ar na Lochlanaigh i gcaitheamh a shaoghail, agus na gníomhartha a dhein a athair féin, Murchadh, ortha, agus dritháracha a athar.

Leanbh mór ab eadh é d’á aois. Nuair a bhí sé chúig bliana dh’ aois bhí sé chómh mór le leanbh a bhéadh seacht nó h-ocht de bhlianaibh. Bhí an dúchas garbh ann agus thug sé leis an dúchas. Níor bh’fhada go raibh sé ag breith suas ar bheith chómh h-árd, geall leis, le Niamh féin. Chíodh na daoine i n-aonfheacht iad ag gluaiseacht ar fuid na mbánta agus an ceistiúchán ar siúbhal.

Nuair a chíodh na daoine mar sin iad do chuimhnighdís ar “Eachtra Thaidhg mhic Céin,” agus ar “Chonnla Ruadh,” mac Cuinn Chéadchathaigh, agus ar an mnaoi do rug léi Connla. Bhí ’fhios ag gach aoinne gur bh’ óigbhean ana naomhtha, ana dhiadha, Niamh, agus bhí ’fhios acu go raibh Toirdhealbhach óg lán de naomhthacht agus de Chreideamh agus de gach aon tsaghas eile deagh-thréithe aigne, mar gheall ar an oileamhaint aigne a bhí aige d’á fhághail ó Niamh.

Níor bh’fhada gur thug na daoine “Connla” mar ainim cheana air. Níor thugadar “Connla Ruadh” air, mar ní ruadh a bhí sé ach donn. Nuair a bhí “Connla” ag gach aoinne air is “Connla” a bhíodh ag Niamh air.

Nuair a tháinig an sgéal áthais go h-Uíbh Máine go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas ana mhór ar Chonnla. Bhí oiread áthais air agus bhí ar Niamh.

“A Niamh,” ar seisean léi, “an bhfuil ’fhios agat cad a dhéanfainn-se dá mbéinn am’ Árdrígh?”

“Ní fheadar, a Chonnla,” ar sise. “Is dócha gur rud éigin fóghanta a dhéanfá.”

“Chuirfinn fheuchaint ar na Lochlanaigh go léir,” ar seisean, “an Creideamh do ghlacadh.”

“Ach, a Chonnla,” ar sise, “ní bhéadh aon tairbhthe sa ghníomh san.”

“Cad ’n-a thaobh, a Niamh?” ar seisean.

“Ní féidir Creideamh a ghlacadh,” ar sise, “ach le saor thoil. Ní Creideamh i n-aon chor é mura nglactar é le saor thoil.”

“Tuigim,” ar seisean. “D’fhéadfadh duine a rádh, ‘Creidim,’ ’n-a chaint, agus gur, ‘Ní chreidim,’ a bhéadh istigh ’n-a chroídhe.”

“Go díreach,” arsa Niamh.

“Má ’seadh,” arsa Connla, “chuirfinn an Creideamh d’á mhúineadh dhóibh, agus ansan, nuair a bhéadh an t-eólus acu do ghlacfaidís an Creideamh le saor thoil.”

“Ní dhéanfadh an t-eólus féin an gnó, a Chonnla,” arsa Niamh, “gan rud eile i dteannta an eóluis.”

“Cad é an rud eile bhéadh uatha, a Niamh?” arsa Connla. “Ar nóin nuair a bhéadh eólus ar an bhfírinne ag duine ní fhéadfadh sé gan an fhírinne chreideamhaint.”

“D’fhéadfadh duine cur i gcoinnibh an Chreidimh, a Chonnla,” arsa Niamh, “pé eólus a múinfí dhó ar na fírinníbh, mura bhfaghadh sé congnamh agus solus ó ghrásta Dé.”

“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ghrásta do’n t-é a dheinean a dhícheal ó n-a thaobh féin.”

“Tugan,” arsa Niamh, “agus tugan sé a ghrásta do’n duine sin chun an díchil sin a dhéanamh.”

“Moladh go deó le Dia!” arsa Connla.

Tháinig an tuairisg go raibh Amhlaoibh chun bheith n-a shagart. Ansan iseadh bhí an obair ag Niamh chun gan a leigint uirthi le Connla go raibh an dá mhachtnamh úd os cómhair a h-aigne agus é ag teip uirthi iad do thabhairt d’á chéile. Dhein sí an bheart, ámhthach, maith go leór. Bhí Connla ró óg. Ach d’á óige a bhí sé do chuaidh ’n-a luighe ar a aigne nár thaithn an sgéal ró mhaith le Niamh. Níor fhéad sé dul a thuille.

Nuair a tháinig an sgéal uathbhásach ná raibh aon tuairisg ar Amhlaoibh bhí iongnadh agus alltacht i gceart ar Chonnla. Chonaic sé an bhuairt go léir ar Thadhg Óg ua Chealla. Bhí uaigneas agus buairt a dhóthin air féin. Chonaic sé go raibh buairt ar Niamh, ach níor mheas sé gur bh’í an bhuairt cheart í. Do lean sé ar feadh tamail ag cur ceisteana chúichi ’n-a thaobh, ’ghá fhiafraighe a’ raibh aon tuairisg air; cad ba dhóich léi a bhí imthighthe air; a’ raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais; cé r’ bh’ iad a mhuintir; agus a lán ceisteana de’n tsórd san. Ní raibh aon eólus aici le tabhairt dó go dtí go bhfuair Caoilte gach aon rud amach i dtaobh Amhlaoibh. Ansan féin do coimeádadh an sgéal ó Chonnla go dtí go raibh an Árdrígan, Gormfhlaith, imthighthe agus na slóighte ar na bóithribh ag dul go h-áit an choinne chun an chatha mhór do throid i gcoinnibh na Lochlanach.

Nuair a bhí an t-ollamhughadh chun gluaiste d’á dhéanamh i ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora do measadh Connla dh’fhágáilt thíos i n-Inis Cathaigh fé láimh Cholla. Ní fhanfadh she ann.

“Táim chúig bhliana déag,” ar seisean. “Ní raibh m’ athair ach chúig bhliana déag nuair a mhairbh sé Maolmuaidh i mBealach Leachta. Ní raibh mo shean-athair ach chúig bhliana déag nuair a thóg sé claidheamh i gcoinnibh na Lochlanach. Tá sé chómh ceart agam-sa claidheamh a thógaint agus mé i n-aois mo chúig mblian ndéag agus bhí sé agam’ athair agus agam’ shean-athair.”

B’éigean a shlígh féin a thabhairt dó, agus do tugadh. Bhí áthas ar Bhrian agus ar Mhurchadh nuair a fuaradar é chómh ceapaithe ar dhul sa chath. Bhí rud eile, leis, sa sgéal. Bíodh ná raibh Connla ach na chúig bhliana déag, ba bheag ná go raibh sé chómh h-árd le n’ athair agus bhí an ghairbheacht agus an neart ins na géagaibh aige mar a bhí agá athair. An Lochlanach a thiocfadh ’n-a choinnibh sa chath níor bh’ fholáir dó bheith láidir go maith nó bhéadh Connla maith a dhóthin dó.

Nuair a bhí an méid sin socair agus an mhór-shluagh ar an slígh, do labhair Connla le Niamh.

“A Niamh,” ar seisean, “tá ceist agam le cur chúghat, agus caithfidh tu labhairt agus an cheist do fhreagairt dom.”

“Deanfad gan amhras, a Chonnla,” ar sise, “má fhéadaim é.”

“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé agat-sa. Tá an t-eólus céadna ag Tadhg Óg. Ar feadh tamail tar éis Amhlaoibh a dh’imtheacht bhí ana bhuairt ar Thadhg, díreach mar a bhí orm féin, agus mar is dóich liom a bhí ort-sa. Le déanaighe, má thráchtan aoinne ar Amhlaoibh i láthair Thaidhg dubhan gnúis Thaidhg. Tá fuath fíochmhar aige d’ Amhlaoibh. Siní mo cheist, a Niamh. Cá bhfuil Amhlaoibh? An bhfuil sé beó? Pé ’cu beó nó marbh dó, inis dom cad a dhein sé ar Thadhg?”

B’éigean di teacht i dtusach an sgéil agus é go léir a dh’innsint dó, ó thusach go deire.

D’éist Connla le Niamh an fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil agus é ’n-a shuidhe le n-a h-ais sa chárbat, agus iad féin agus an tsluagh ag gluaiseacht go réidh. D’inis sí dhó i dtaobh na cailíse; i dtaobh na h-eochrach; i dtaobh an phúicín a cuireadh ar Chaoilte thall i gCathair na Beirbe; i dtaobh na leitire a tugadh dó nuair a bhí sé ar an loing ag teacht anall go Corcaigh; agus i dtaobh conus mar a dheineadar amach gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh agus gur chun caoi a dh’ fhághail ar an gcailís a ghuid do leig sé air an Creideamh a ghlacadh agus na mion-Úird do ghlacadh. D’éist Connla leis an sgéal go léir gan focal do labhairt. Bhí iongnadh ar Niamh a rádh go raibh sé chómh ciúin. Bhí a chúis féin aige leis.

Nuair a chonaic sé Amhlaoibh ag teacht ar dtúis go Ceann Cora agus go h-Uíbh Máine agus nuair a bhíodh an rince ar siúbhal, ba chuimhin leis gur airigh sé an focal: “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Níor thaithn an focal an uair sin leis, d’á óige a bhí sé. Ba leis féin Niamh, dar leis, agus níor theastuigh uaidh aon éileamh a bheith ag Amhlaoibh ná ag aoinne eile uirthi. Bhí cion an uair sin aige ar Amhlaoibh, mar a bhí ag gach aoinne, ach má bhí féin níor thaithn an focal úd leis.

An fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil dó bhí sé ag cuimhneamh ar an bhfocal úd agus bhí uabhar agus bochtaineacht agus fearg agus diombágh agus buile seirbhthin ’n-a chroídhe, a rádh gur labhradh an chaint sin riamh agus gur cuireadh i n-aice ’chéile sa chaint Niamh agus a leithéid de ropaire fill agus éithigh agus díthchreidimh.

Nuair a bhí cúrsaí na cailíse innste aici dhó d’inis sí dhó gnóthaí Ghormfhlaith agus conus mar a bhí sí féin i gCeann Cora chómh fada agus í ag faire le h-eagla go dtabharfadh Gormfhlaith nimh do’n Árdrígh.

Níor bhain sí aon fhocal cainte as go dtí gur inis sí obair Lonáin dó. Ansan do gháir sé a dhóthin, agus nuair a bhí an sgéal go léir innste dhó do sgeartadh sé ar gháirí, as a mhachtnamh, nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcleas a dhéin Lonán.

Ach do lasadh an fhearg airís, ar buile, gach aon uair a chuimhnigheadh sé ar an bhfocal úd, “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Agus a fhios aige ná raibh ag Amhlaoibh ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach feall!

Bhí an doimhneas ann, ó n-a shean-athair, agus níor thug Niamh fé ndeara i n-aon chor go raibh a leithéid d’ fhearg air. Ach bhí.