Niamh · Peter O'Leary

Chapter 47: Caibidiol Vi

ÉIGEAN AR RÍGHEACHT NA bhFLATHAS.

Nuair a bhíodh Caoilte i n-Albain ag breithniughadh an nirt a bhí ag Lochlanaigh i n-Ínsibh Orc agus ins na h-oileánaibh eile ann, is i dteighlach Dhómhnaill mhic Éimhin, i Mágh Geirrghinn, a chaitheadh sé an chuid ba mhó de’n aimsir. Thugadh sé, sa chaint a bhíodh eatartha, tuairisg cruinn do Dhómhnall ar an gcuma ’n-a raibh gach aon rud ag dul chun cinn i n-Éirinn. Bhiodh Dómhnall coitchianta ’ghá cheistiú’ i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Dhál gCais go léir.

Thugadh Caoilte cuid d’á aimsir, leis, i bhfochair Mhuireadhaigh, Mórmhaor Leamhna, agus chaitheadh sé na tuairisgí céadna thabhairt dó san ar an gcuma ’n-ar sheasaimh cómhacht Bhriain, agus ar gach dóchas a bhí go bhféadfadh sé seasamh i n-aghaidh na mór-chómhacht a bhí ag cruinniú’ as gach áird ’n-a choinnibh.

Bhí ana bháigh ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaedhlaibh. Níor bh’iongnadh báigh a bheith ag Dómhnall le Brian, mar ó Oilioll Olum do shiólraidh an bheirt. Ó Ghaedhlaibh a shiolraidh Muireadhach leis. D’á éaghmuis sin, níor bh’ aon iongnadh dúil mhór a bheith ag an mbeirt go mbuadhfadh Brian sa mhór-chath a bhí ag teacht, mar dá mb’ ag na geintibh a bhéadh an buadh do chuirfidís deire leis an gCreideamh a mhúin Colum Cille do Ghaedhlaibh agus do Chruithneachaibh Alban, agus níor mhiste deimhin a dhéanamh dé go ndéanfaidís Gaedhil Alban do dhísgiughadh.

Bhíodh Caoilte ’ghá innsint do’n bheirt cad é an saghas fir Brian, agus cad é an saghas fir Murchadh, agus cad é an saghas fir Dúlainn, agus Maolruanaidh na Paidre, agus Tadhg Mór ua Cealla.

“Agus,” arsa Dómhnall, “cad é an saghas an cailín seo, inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go bhfuilimíd bodhar ag gach aoinne ag moladh a h-áilneachta?”

Nuair a cuireadh an cheist sin chuige do las Caoilte go bun na gcluas. Ansan do bhánuigh sé chómh bán le cailc.

D’ fheuch Dómhnall air agus thuig sé an sgéal go léir láithreach, dar leis féin.

“Is dócha,” ar seisean, “gur fíor an chaint a deirtear, go bhfuil sí níos áilne ’ná Gormfhlaith féin.”

“Is fíor, a rígh,” arsa Caoilte. “Tá sí níos áilne ’ná mar a bhí Gormfhlaith riamh. Ní h-é an saghas céadna áilneachta atá ionta. Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a rígh,” ar seisean le Dómhnall.

Ansan tháinig sé i dtusach an sgéil agus d’inis sé do Dhómhnall, ó thusach go deire, gach aon rud a bhí aige le h-innsint i dtaobh Niamh; conus a bhain a h-áilneacht a mheabhair shaoghalta dhé an chéad uair a chonaic sé í; conus mar a bhí éad ar Chonn chuige mar gheall uirthi; conus mar adúbhairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na ríghthibh óga, go raibh socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh i n-aon chor, ach fanmhaint i bhfochair a h-athar an fhaid a mhairfeadh a h-athair, agus ansan maireachtaint singil ar an saoghal so go dtí go leanfadh sí é.

Fear breagh dathamhail uasal cumasach ab eadh Dómhnall. D’éist sé le Caoilte an fhaid a bhí Caoilte ag caint. Thuig sé i n’ aigne nár bh’fholáir nó gur bh’uathbhásach an áilneacht a bhí sa rígan óg san. Dúbhairt sé leis féin gur dhócha gur bh’é cúis go ndúbhairt sí go raibh a h-aigne socair ar gan pósadh mar nár thaithn aoinne des na fearaibh óga san léi. Go mb’ fhéidir dá bhfeiceadh sí an fear a thaithnfeadh léi go n-atharóchadh sí an socarughadh san. Níor leig sé air le Caoilte go raibh aon mhachtnamh de’n tsórd san i n’ aigne. Bhí sé i mbéalaibh na ndaoine go léir go raibh Sitric chun a mháthar féin, Gormfhlaith, a thabhairt le pósadh d’ Iarla Ínsí h-Orc. Bhí tuairim ag daoine go raibh sí geallta aige do níba mhó ’ná an t-Iarla san. Gan amhras bhí Gormfhlaith ag dul amach ins na bliantaibh. Ach má bhí féin bhí na geallamhna úd ann. Is dócha gur thuig Sitric go mb’fhéidir go socaróch’ an cath, nuair a thiocfadh sé, a lán de’n tsaghas san geallamhna.

Thuig Dómhnall i n’ aigne dá bhféadadh sé féin Niamh a dh’ fhághail go mbéadh bean aige a bhéadh níob’ áilne, agus níob’ fhearr ar gach aon tsaghas cuma, ’ná an bhean so a bhí ’á geallamhaint do gach aoinne ach teacht ag cabhrughadh le Sitric.

Pé ’r domhan é, bhí Dómhnall socair ar theacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian i gcoinnibh na Lochlanach, ach nuair airigh sé an moladh a dhein Caoilte ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla bhí sé socair níba dhaingine, naoi n-uaire níba dhaingine, ar theacht, agus ar an uile fhear a dh’ fhéadfadh sé, do thabhairt leis. Do labhair sé leis an Mórmhaor eile, Mórmhaor Leamhna a tugtar air sa tseanachus, agus chuir sé suas é chun a nirt go léir do chruinniughadh ar an gcuma gcéadna agus teacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian.

“Má buaidhtear ar Bhrian,” ar seisean, “sa chath so atá ag teacht, tá sé chómh maith ag Gaedhlaibh imtheacht a’ h-Albain. Dísgeófar sinn go léir. Is fearra dhúinn tuitim i gcath ag cabhrughadh le Brian ’ná na Lochlanaigh a theacht agus sinn a mharbhughadh anso sa bhaile má buaidhtear ar Bhrian.”

Do chruinnigh an bheirt a neart go léir. Tháinig chúcha an uile shaghas fir a dh’ fhéadfadh aon nídh i bhfuirm airm do láimhseáil. Níor fhan sa bhaile ach seandaoine agus mná agus leanbhaí.

Is ró bheag d’á chuimhneamh a bhí ag Niamh gur bh’ í fé ndeár an méid sin de’n chongnamh a tháinig ag triall ar Bhrian a bheith chómh láidir agus bhí sé. Díreach mar a bhí sí gan aon phioc d’á chuimhneamh aici, nuair a bhí sí ag faire ar Ghormfhlaith chun gan leigint di nimh a thabhairt do Bhrian, nách leis an bhfaire do chosain sí Brian ach leis an gcosg a chuir a cómhluadar fóghanta, agus a cuideachtanas fóghanta, agus a h-anál fóghanta, le droch íntinn Ghormfhlaith, a gan fhios di féin agus a gan fhios do Ghormfhlaith.

An fhaid a bhí na slóighte ar an slígh bhí mórán tairbhthe ag Niamh ’á dhéanamh, a gan fhios di féin, ar an gcuma san. Bhí dúil ag na fearaibh go léir gach gnó dhéanamh ar an gcuma ba dhóich leó dob’ fhearr a thaithnfeadh léi; agus i mbuidhnibh na mban ní raibh aon nídh ba mhó ag na mnáibh ’ná focal molta dh’fhághail uaithi nuair a bhíodh sí ag gabháil eatartha ag feuchaint ar an gcuma ’n-a mbíodh a ngnó acu ’á dhéanamh. Dheinidís go léir a ngnó níob’ fhearr go mór, ar gach aon tsaghas cuma, ’ná mar a dhéanfaidís é dá mba ná béadh sí ann.

Ach dhein sí, leis, mórán tairbhthe agus ní h-a gan fhios di a dhein sí é, ach le h-iomláine feasa agus machtnaimh.

Do h-innseadh cheana cad é an chúis gur tugadh “Maolruanaidh na Paidre” ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Gur thuig sé i n’ aigne a bheith ceangailte ar an gCríostaidhe bheith coitchianta ag guidhe chun an Athar Síoruidhe, agus ná fuil aon chaint is oireamhnaighe chun labhartha leis an Athair Síoruidhe, moladh a’s glóire leis, ’ná an chaint a mhúin ár Slánuightheóir dúinn.

Do labhair Niamh anois a’s airís le cuid des na fearaibh. Do thrácht sí leó ar an gcuma ’n-a rabhdar go léir lán cheapaithe ar’ gan teacht thar n-ais ó’n gcath. Chuir sí i gcuimhne dhóibh gur ar son an Chreidimh, chómh maith le h-ar son na h-Éirean, a bhí an ceapadh san déanta acu go léir. Bhí focal aici le rádh, ó am go h-am, ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne agus ar an gcuma ’n-a mbíodh an Phaidir ar siúbhal aige i gcómhnuighe. Chuir sí ’n-a luighe ortha go raibh gach duine acu chómh ceapaithe ar bhás a dh’fhághail sa chath a bhí rómpa agus bhí Maolruanaidh. D’á bhrígh sin, go raibh gach duine acu chómh mór i ngádh leis an bPaidir agus bhí Maolruanaidh.

“Is dócha,” ar sise, “go bhfuil oiread gádh agam féin leis agus atá ag aoinne,” agus thusnuigh sí ar an bPaidir dó rádh coitchianta.

“Má tá gádh ag Niamh leis an bPaidir,” arsa duine des na fearaibh, “is deacair a rádh ná go bhfuil gádh agam-sa leis!” agus tusnuig sé ar an bPaidir do rádh coitchianta. Níor bh’fhada go raibh an Phaidir ar siúbhal ag gach duine d’á raibh ar an mór-shluagh.

Bhí a lán sagart ar an mór-shluagh. Ní raibh gnáth-theighlach rígh ann gan sagart fé leith, nó b’ fhéidir beirt shagart dá mbéadh a lán daoine sa ghnáth-theighlach. Do chabhruigh na sagairt go mór leis an bPaidir do chur ar siúbhal ameasg na bhfear, agus ansan, ameasg na ndaoine go léir a bhí ag leanmhaint na slógh. Ní baoghal ná go ndúbradh an Phaidir sin ó chroídhe, go dúrthachtach. Thuig gach aoinne dá mba ná béadh lámh Dé go láidir le Gaedhlaibh Éirean sa chath a bhí ag teacht ná béadh an buadh acu. D’á mhéid a tuigeadh an nídh sin iseadh is dúrthachtaíghe a dúbhradh an Phaidir agus iseadh is aoirde do glaodhadh ar Dhia, le gach saghas úrnuighthe, ’ghá iaraidh air cabhrughadh le Gaedhlaibh agus leis an gCreideamh. Do glaodhadh ar an Slánuightheóir ó b’é do mhúin an Phaidir dos na Críostaidhthibh. Do glaodhadh ar an Maighdin Muire, ó b’ í Máthair an tSlánuightheóra í. Do glaodhadh ar Mhicheál Naomhtha an t-Árdaingeal, ar Naomh Eoin Baiste, ar Pheadair agus ar Phól, ar Phádraig agus ar Bhríghid agus ar Cholum Cille, agus ar na naoimh go léir, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur suas chun an tSlánuightheóra agus chun an Athar Síoruidhe ar son na nGaedhal agus ar son an Chreidimh, ionus go dtabharfadh Dia an buadh do Ghaedhlaibh sa mhór-chath a bhí rómpa.

Do thuig Brian cad a bhí ar siúbhal agus do ghaibh sé a bhuidhchas go dúrthachtach le Dia, agus do neartuigh a ghuidhe féin chun Dé ar son na slógh a bhí ’ghá leanmhaint chun an chatha mhóir, slóighte ná fillfeadh aon duine acu ó’n gcath san dá mbéadh buadh ag an namhaid, slóighte ná fillfeadh duine as an gcéad acu pé taobh ar a mbéadh buadh.

Ní sa mhór-shluagh amháin a bhí éigean d’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas ar an gcuma san le guidhe daoine. Ins na mainistiribh agus ins na h-eagailsibh, ar fuid na h-Éirean, bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta, do ló agus d’oídhche, gan bhia gan deoch gan chodla gan suan, ag briseadh a gcroídhe ag glaodhach go h-árd ar Dhia, tré impídhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, gan buadh an chatha a bhí ag teacht do leigint leis an namhaid.

Ar an gcuma gcéadna, ins gach aon pháirt d’ Éirinn, go mór mór i ngach lín-tíghe go raibh duine de mhór-shluagh Bhriain tagaithe as, bhí an t-éigean céadna ’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas, an t-athair agus an mháthair agus an chuid eile de’n chlainn ’ghá iaraidh ar Dhia an t-é a bhí amuich uatha do thabhairt saor ó’n gcath agus é thabhairt chúcha thar n-ais slán. Bhí na paidreacha agus na h-úrnuighthe ba ghnáth ar siúbhal ins gach tigh, agus i n-éaghmuis na n-úrnuighthe ba ghnáth bhíodh na h-úrnuighthe móra ar siúbhal, Mairineamh Phádraig, agus Amhra Colum Cille, agus Lúireach Phádraig, agus mórán úrnuighthe de ’n tsórd san i n-onóir do naoimh fé leith, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur chun Dé ar son duine éigin fé leith a bhí sa mhór-shluagh agus an duine thabhairt saor.

Bhí gach fear des na fearaibh a bhí sa mhór-shluagh ceapaithe ar gan filleadh o’n gcath, ach bhí a mhalairt sin d’aigne ag an muintir a bhí sa bhaile n-a ndiaigh. Bhí an mhuintir a bhí sa bhaile ag déanamh a gcroídhe dícheal ’ghá iaraidh ar Dhia iad do thabhairt abhaile slán.

Ba bheag aon treabhchas fé leith gan naomh de naoimh Éirean fé leith acu. Bhí Seanán ag muintir gnáth-theighlaigh Bhriain. Bhí Breandán ag muintir Chiarraighe. Bhí Íta ag muintir Uíbh Chonaill Ghabhra. Bhí Deaclán ag muintir na nDéise. Bhí Barra ag muintir Chorcaighe. Mar sin dóibh. Agus bhí na h-úrnuighthe ag dul suas coitchianta chun gach naoimh acu san, ó’n muíntir a bhí fé n-a chomairce, a d’iaraidh a n-ímpidhe chun Dé, an uair sin thar gach uair d’ár tháinig riamh roimis sin.

Idir mhór-shluagh ag gluaiseacht chun an chatha agus gaolta ’n-a ndiaigh sa bhaile, ní raibh ach aon-ghuth úrnuighthe ag dul suas chun Dé ó Ghaedhlaibh Éirean go léir.