Niamh · Peter O'Leary

Chapter 46: Mícheál Ruadh

Bhí Brian agus a ghnáth-theighlach tamal soir ó Cheann Cora, ar bhóthar Átha Cliath, agus iad ag gluaiseacht go h-áluinn agus go stuamdha agus go mileata. Bhí buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre ag teacht ’n-a ndiaigh. Bhí Niamh ’n-a cárbat i dtusach buidhne Thaidhg. Tháinig bean agus clóca uirthi, agus cochal an chlóca amach ar a ceann aici, i gcómhngar do’n chárbat. Bhagair sí ar Niamh. Do stad an cárbat. Do shín an bhean leitir isteach chun Niamh agus d’ imthigh sí. Do léigh Niamh an leitir. D’ fheuch sí ’n-a tímpal. Ní raibh Caoilte abhfad ó’n áit. Dúbhairt sí le duine des na fearaibh glaodhach air. Tháinig sé. Thug sí dhó an leitir. Do léigh sé í.

“Cad is fearr a dhéanamh, a rígan?” arsa Caoilte.

“Measaim gur fearr an leitir sin a thabhairt do Mhurchadh,” ar sise.

“Is fíor,” arsa Caoilte.

D’imthigh sé amach i ndiaigh ghnáth-theighlaigh an Árdrígh, agus thug sé an leitir do Mhurchadh. Bhí iongnadh ar Mhurchadh nuair a léigh sé an leitir.

“Tá go maith, a Chaoilte,” ar seisean.

Tháinig Caoilte thar n-ais.

Lar na mháireach an lae sin tháinig giolla turais ag triall ar Chaoilte, duine d’á ghiollaíbh turais féin, agus shín sé leitir chuige. Do léigh Caoilte í. Siúd ag triall ar Niamh é agus shín sé chúichi an leitir. Do léigh sí í.

“Ó!” ar sise. “Imthigh láithreach, a Chaoilte,” ar sise, “agus tabhair í seo leis do Mhurchadh.” Do dhein.

I dtreó go dtuigfear brígh agus bunús an dá leitir sin ní foláir dul siar beagán agus a dh’innsint conus a dh’imthigh le Gormfhlaith ó fhág sí Ceann Cora agus ó tháinig sí go teighlach rígh Lochlanach Átha Cliath.

Do h-innseadh i dtusach an sgéil seo conus mar a thug Brian a inghean le pósadh do Shitric, le h-ionachus go ndéanfadh an cleamhnas san a chómhacht féin do neartughadh leis an gcaradas, dar leis, a thiocfadh as idir Lochlanaigh Átha Cliath agus Clann Chais. Béibionn ab ainim do’n inghean san Bhriain, ainim a mháthar féin. Rígan ana chiallmhar, ana thuisgionach ab eadh í. Do coimeádadh uaithi an t-uisge-fé-thalamh a bhí ’á dhéanamh i gcoinnibh a h-athar an fhaid a bhí Niamh ag déanamh na faire, agus ansan, an fhaid a bhí Lonán ’ghá leigint air go raibh sé ag cabhrughadh le Gormfhlaith sa droch obair a bhí ar siúbhal aici. Choimeád a muintir féin an sgéal ó Bhéibionn i gcaitheamh na h-aimsire sin chun gan bheith ag cur buartha uirthi gan ghátar, agus i dtreó gur shuaimhneasaíghe a bhéadh an saoghal aici nuair a chífeadh Sitric go soiléir ná raibh aon phioc d’ fhios na droch oibre aici. Choimeád Sitric an t-eólus uaithi díreach mar a dhein sé a dhícheal ar é choimeád ó gach aoinne ba dhóich leis a dhéanfadh aon iaracht ar an ndroch obair do chosg.

Ach nuair a tháinig Amhlaoibh thar n-ais ó Inis Cathaigh chómh h-oban, agus nuair nár h-innseadh d’aoinne cad é an chúis, agus ansan, nuair a thug sí fé ndeara an disgréid agus an cogarnach ag Amhlaoibh agus ag Sitric, agus an bheirt ag stad de pé caint a bhíodh eatartha nuair a thagadh sí ’n-a láthair, thuig sí ’n-a h-aigne go raibh rud éigin nár bh’ fhóghanta d’á bheartughadh acu. D’á shoiléire a thuig sí an nídh sin iseadh ba lúgha a leig sí uirthi gur thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd, agus iseadh ba lúgha a bhí aon chuimhneamh acu-san gur thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd. Bhí sí ag faire ortha go géar agus ní raibh aon choinne acu go raibh. D’á fheabhas faire a dhein sí, ámhthach, níor fhéad sí teacht suas le h-aon nídh áirighthe do thabharfadh eólus cruinn dí ar cad a bhí ar siúbhal acu, ná ar cé ’n-a choinnibh go raibh an t-uisge-fé-talamh ’á dhéanamh.

Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormfhlaith go h-Áth Cliath. Ansan do thuig Béibionn go raibh donas éigin thar na beartaibh déanta. Níor bh’ fhada gur tugadh le tuisgint di ná raibh Gormfhlaith ag dul thar n-ais ag triall ar Bhrian. Ansan do stadadh de bheith ag déanamh aon choimeád ar cad n-a thaobh gur tháinig sí uaidh ná ar cad ’n-a thaobh ná raibh sí ag dul thar n-ais. Do thárla go raibh an ceathrar i bhfochair a chéile agus gur eirigh fearg Ghormfhlaith. Do léim sí agus do spriúch sí. Do chaith sí ins na súilibh ar Shitric agus ar Amhlaoibh an bob a bhuail Lonán ortha, agus ansan, an bob a bhuail sé uirthi féin nuair a chuaidh sé siar ag triall uirthi agus teistiméireacht aige uatha-san. Ansan do thuig Béibionn cad é an brígh a bhí leis an ndisgréid agus leis an gcogarnach agus leis an stad cainte nuair a thagadh sí féin. Níor labhair sí aon fhocal amach as a béal mar gheall ar an ngníomh a measadh a dhéanamh ar a h-athair. Dúbhairt sí, ’n-a h-aigne féin: “Do theip an méid sin oraibh. Ní stadfaidh sibh anois. Déanfaidh sibh iaracht eile. Ní mór dhom faire níos fearr a dhéanamh, le h-eagla go mb’ fhéidir ná teipfeadh an tarna h-iaracht oraibh.”

Níor dhein sí aon cheilt ar an ndroch mheas a bhí aici ortha, ná ar an bhfeirg a bhí uirthi mar gheall ar an rud a cheapadar a dhéanamh. Ach níor dhein sí trácht ar imtheacht as an áit mar gheall air. Níor bh’fhada gur thuit rud amach a thaisbeáin di gur mhaith a dhein sí é agus fanmhaint.

Tháinig rígh Laighean ann.

“Seadh!” arsa Gormfhlaith leis, “measaim gur dheineas éagcóir ort nuair a dúbhart gur bheithigheach iompair ag Brian tu. Measaim gur bh’fhearra dhó go sgaoilfeadh sé thairis an beithigheach. Airighim go bhfuil do neart agat d’á chruinniughadh go cuthaigh. Fíorfair an focal úd a dúbhraís le Murchadh; ‘Má cailleadh Gleann Mhámha tré m’ chómhairle,’ arsa tusa, ‘buadhfar Gleann Mháma eile tré m’ chómhairle.’ An t-annsgian! Mura mbéadh an bheirt seo bheith chómh símplidhe,” ar sise, “bhéadh sé féin agus a athair agus Dúlainn fé ’n bhfód go tréith anois.”

“Ní gádh dhuit é chur ar an mbeirt seo, a mháthair,” arsa Amhlaoibh. “Bhí aimsir do dhóthin agat chun an ghnímh a dhéanamh sar a ndéigh Lonán ag triall ort, agus níor dheinis é. Níor dheinis, agus ní dhéanfá ó shin é, pé caoi a bhéadh agat air, an fhaid a bhéadh inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla at’ aice! Is dóich liom,” ar seisean, “dá mbéadh sí abhfad at’ aice go ndéanfadh sí mírbhuilt ort, a mháthair,” agus chuir sé drana-gháire as. Níor dheas an drana-gháire é, bhí sé chómh diablaídhe agus an ghnúis chómh h-áluinn, chómh h-óg. An t-é a chífeadh an ghnúis sin an uair sin agus an drana-gháire, déarfadh sé go raibh duine i n-éaghmuis Ghormfhlaith gur bh’fhéidir a dhiabhal coímhdeachta a dh’fheisgint uaireanta. Chonaic Béibionn diabhal coímhdeachta Amhlaoibh an uair sin, agus choimeád sí cuimhne air.

“Cad é sin agat dh’á rádh, a choileáin!” arsa Gormfhlaith. “Cad í an mhírbhuilt a dhéanfadh sí orm!”

“Dhéanfadh sí naomh díot, a mháthair,” ar seisean, “agus ba mhór an mhírbhuilt é,” agus do leathnuigh an drana-gháire.

Do stad sí agus í ag feuchaint air.

“Ní dhéanfadh mírbhuilt féin naomh díot-sa!” ar sise.

“Foth, foth!” arsa Maolmórdha, “ní’l aon tairbhthe le teacht as an saghas san cainte. Cuirigh uaibh í. Ní deirim ná go bhfuil rud déanta agam-sa do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.”

Do léim Sitric agus chuir sé bas ar bhéal rígh Laighean, agus shín sé a mhéar i dtreó na h-áite ’n-a raibh Béibionn ’n-a seasamh i lúib na finneóige. Dhruid sí isteach sa lúib sin nuair a thusnuigh an chaint ar dhul i n-olcas idir Ghormfhlaith agus Amhlaoibh. D’ airigh sí an focal, ámhthach, a’ béal rígh Laighean, ach níor leig sí uirthi gur airigh. Do rith cailín isteach, duine de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn.

“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”

Do rith gach aoinne amach ach Béibionn.

“Tar a leith, a laogh,” ar sise leis an gcailín. “Tháinís anso i n-aonfheacht liom-sa,” ar sise. “Tá fhios agam nách miste dhom rún a thabhairt duit. Tá, mar is eól duit, mar is eól do gach aoinne, Lochlanaigh an domhain ag cruinniughadh a neart i n-aghaidh na h-Éirean agus i n-aghaidh Árdrígh Éirean. Tá an t-Árdrígh ag cruinniughadh neart na nGaedhal chun na h-Éirean do chosaint. Tuigid ríghthe Lochlanach dá mbéadh Árdrígh Éirean as an slígh go dtuitfeadh cómhacht na nGaedhal as a chéile agus nár dheacair an lámh uachtair a dh’ fhághail ortha. Tá, d’á bhrígh sin, iaracht mhalluighthe d’á déanamh le fada ar an Árdrígh do chur chun báis le nimh. Tá teipithe glan ar an iaracht san. Siné fé ndeara Gormfhlaith a bheith anso anois. Tá iaracht eile d’á dhéanamh anois. Tá feall éigin eile d’á dhéanamh anois ar m’ athair. D’ airigheas an focal ó chiainibh ó rígh Laighean. ‘Tá rud déanta agam-sa,’ ar seisean, ‘do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.’ Ní dúbhairt sé a thuille mar do chuir Sitric lámh ar a bhéal. Ní dóich leó gur airigheas-sa an focal. Ní mór sgéala chur láithreach ag triall ar an Árdrígh. Indiu an lá chun an fhíona do chur siar go Sórd Cholum Cille. Imthigh, a laogh, agus cuir an fíon sa bhosca mar is gnáth leat a dhéanamh, fíon Aifrinn, agus tar chúgham anso nuair a bheidh san déanta agat.”

D’imthigh an cailín agus chuir sí an fíon sa bhosca. Ba ghnáth le Béibionn an fíon san do chur chun na mainistreach san, agus d’á bhrígh sin níor chuir aoinne aon tsuim sa rud a bhí ag an gcailín ’á dhéanamh. Nuair a bhí an bosca i dtreó aici tháinig sí ag triall ar an mBanríghin mar a dúbhradh léi.

“Seó anois,” arsa’n Bhanríghin léi, “cuir chúghat an dá leitir seo. Tabhair an dá leitir do’n Airchinneach, do Ghiolla Pádraig, agus dein an rud a déarfaidh sé leat.”

D’imthigh an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an capal agus an cárbat aici, mar ba ghnáth. Chonaic Sitric agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag imtheacht í. Chonacadar an bosca fíona. Níor chuimhnighdar ar aon nídh eile bheith aici, agus níor chuireadar blúire suime inti.

Tháinig sí go Sórd Cholum Cille. Thug sí an dá leitir do’n Airchinneach. D’osgail sé leitir acu, mar dó féin ab eadh í. Do léigh sé í. Thug an cailín fé ndeara gur iompuigh a lith ann.

“An bhfuil fhios agat cad ’tá sa leitir seo atá léighte agam?” ar seisean leis an gcailín.

“Tá tuairim agam dó, a Athair,” ar sise.

“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná fuil aoinne is fearr a dhéanfaidh an gnó ’ná mar a dhéanfair-se é.”

“Agus cá bhfuil inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla le fághail?” arsa’n cailín.

“Tá sí le fághail,” arsa’n t-Airchinneach, “i mbuidhean a h-athar, sa mhór-shluagh atá ag teacht aniar ó Cheann Cora. Cuirfead cárbat agus giolla leat. Thabharfainn an leitir do’n ghiolla le breith siar ach deir an Bhanríghin gan an leitir a thabhairt d’ aoinne ach duit-se. Agus deir sí go gcaithfir do cheann a choimeád folaighthe go maith, le h-eagla go n-aithneófaí thu. Caithfidh Niamh an leitir a dh’fhághail a gan fhios d’ aoinne, agus caithfidh sí an leitir a dh’fhághail gan a fhios a bheith aici cé uaidh go bhfaighidh sí í.”

“Tá go maith,” arsa’n cailín. “Dúbhairt Béibionn liom go neósfá-sa dhom cad a bhéadh le déanamh agam.”

“Nuair a bheidh an leitir tabhartha do Niamh agat féadfair an cárbat agus an giolla do bhreith leat siar abhaile ag triall ar do mháthair. Cuirfidh Béibionn fios ort airís i ndiaigh an chatha. Ní fios cé bheidh beó an uair sin, ámhthach.”

Do gabhadh capal agus cárbat, agus do cuireadh an cailín sa chárbat agus do cuireadh an tsrian i láimh an ghiolla.

“Dein an dithineas is mó a dh’ fhéadfair,” arsa’n t-Airchinneach leis an ngiolla, “ach gan súile na ndaoine tharang ort ach chómh beag a’s is féidir é.”

Do ghluais an cárbat. Níor fhéad an giolla oiread dithinis a dhéanamh agus a measadh a dhéanfadh sé, mar bhí na bóithre go léir lán de dhaoine. Ach thánadar fé dheire chun buidhne Thaidhg Mhóir agus, mar a dúbhradh cheana, do tugadh an leitir do Niamh agus chuir Niamh chun Murchadh í. Chómh luath agus do léigh Murchadh an leitir d’imthigh sé chun na h-áite ’n-a raibh Brian agus d’ atharuigh sé na fir a bhí i n-aice le pearsain an Árdrígh.

Nuala ab ainim do’n chailín a thug an leitir sin do Niamh. Chómh luath agus bhí an leitir tabhartha uaithi aici d’imthigh sí amach chun na h-áite ’n-ar fhág sí an giolla agus an cárbat. Bhailighdar leó amach a’ brúth na slógh, agus thugadar aghaidh siar go Cúige Conacht, chun na h-áite ’n-a raibh máthair an chailín ’n-a cómhnuighe.

Isé cúis go ndúbhradh le Nuala a ceann do choimeád folaighthe ’ná so. Do thuig Béibionn go raibh Maolmórdha tar éis breibe gheallamhaint d’ fhear éigin ach dul i n-aice an Árdrígh sa ghluaiseacht agus sleagh do shádh ann, nó é chur chun báis ar chuma éigin mar sin. Bhí eagal uirthi, dá mb’ ar an gcuma san a bhéadh an sgéal, go mb’ fhéidir go n-aithneóch’ an fealltóir Nuala agus ansan go bhfaghadh Sitric amach an sgéal go léir, agus go marbhóch’ sé í féin. Níor fhág sí ar a chumas Nuala do mharbhughadh, pé rud a thuitfeadh amach, mar dúbhairt sí léi dul siar abhaile. Choimeád Nuala a ceann folaighthe agus níor aithin aoinne í. Níor aithin Niamh féin í, bíodh go raibh aithne mhaith thiar sa bhaile aici uirthi féin agus ar a máthair.

Um thráthnóna an lae, a dh’imthigh Nuala ó ríghtheighlach Shitric agus an capal agus an cárbat agus an bosca fíona aici, do thárla gur airigh duine eile de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn caint idir an dá rígh, idir Shitric agus Maolmórdha.

“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Déanfaidh Mícheál Ruadh an bheart. Tá sé i ngnáth-theighlach an Árdrígh anois le cheithre bliana, agus tá árd iontaoibh ag Brian as. Tá iontaoibh acu go léir as. Is dóich le Murchadh ná fuil fear eile sa ríghtheighlach chómh dílis leis. Gormfhlaith a thug aithne dhom air. Is cuma leis cé ’cu curfar chun báis é nó ná curfar nuair a bheidh an gníomh déanta, mar tá geallta againn dó go mbeidh fearan saor go deó agá mhnaoi agus agá shliocht má chuirean sé Brian as an slígh uainn. Dá mbéadh Brian as an slígh bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn.”

D’imthigh an bhean choímhdeachta agus d’inis sí do Bhéibionn an chaint a dh’airigh sí. D’imthigh Béibionn agus chomáin sí ar siúbhal giolla turais i lár na h-oídhche agus leitir eile aige le tabhairt do Niamh. D’ aimsigh sé capal maith. Bhí aithne ar na bóithribh agus ar na cómhngair aige. Do shrois sé an áit ’n-a raibh buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla. Thug sé an leitir do Chaoilte, mar adúbhradh, agus thug Caoilte do Niamh í, agus chuir Niamh ag triall ar Mhurchadh í. Do léigh Murchadh í. D’fheuch sé ’n-a thímpal. D’fheuch sé ar an ngárda a chuir sé, indé roimis sin, ó bheith i n-aice Bhriain. Bhí aithne mhaith aige ar Mícheál Ruadh. Ní raibh Mícheál Ruadh le feisgint i n-aon bhall. Nuair a deineadh an t-atharughadh indé roimis sin do thuig Mícheál i n’ aigne go raibh sgéidhte ag duine éigin air. D’euluigh sé sa n-oídhche as an áit. Chómh luath agus fuair Murchadh imthighthe é do sgaoil sé an focal ameasg na bhfear, breith air agus é thabhairt thar n-ais. Níor bh’ fhada gur tugadh thar n-ais é. Bhí an iomad aithne air. Do tugadh i láthair Mhurchadh é.

“Pé duine thabharfadh cúl le cath,” arsa Murchadh leis, “níor mheasas gur tusa dhéanfadh é! Seasaimh ansan at’ inead, agus ná fág an áit airís.”

Cheap Mícheál nuair a tugadh thar n-ais é go gcrochfaí é. Bhí fhios aige go raibh an chroch tuillte aige. Nuair nár deineadh ach a rádh leis dul agus seasamh i n’ inead féin bhí iongnadh air. Níor thug sé fé ndeara an bhagairt a dhein Murchadh ar na fearaibh eile.

Dá gcrochtí é b’fhéidir go raghadh an sgéal ó bhéal go béal agus go sroisfeadh sé rígh Lochlanach Átha Cliath, agus nár bh’fhearr-de Béibionn san. Dá bhféadadh sé imtheacht slán go h-Áth Cliath nuair a dh’euluigh sé thiocfadh an díobháil céadna as, b’fhéidir.

Sheasaimh sé i n’ inead féin ameasg na bhfear an lá san----ach ní feacathas ’n-a dhiaigh san é beó ’ná marbh.