Niamh · Peter O'Leary

Chapter 45: Caibidiol Iv

OSPAC I n-INIS CATHAIGH.

Ag triall ar na ríghthibh ba shia ódheas iseadh do cuireadh an chéad cuid des na leitireachaibh, ó b’iad ba shia ó áit an choinne. Ansan do cuireadh iad ag triall ar ríghthibh Conacht; ag triall ar na dúnaibh; ag triall ar rígh na nDéise, agus mar sin. Chuaidh Lonán ó dheas go Ciarraighe Luachra, ag triall ar a athair, Mac Beathach. Chuaidh Caoilte siar go h-Uíbh Máine agus leitir aige do Thadhg Mhór ua Chealla. Ní raibh puínn gádh le leitir a chur ag triall ar Thadhg. Bhí an méid nirt a bhí acu gleusta, ollamh chun bóthair aige féin agus agá mhac. Bhí ráflaí ar siúbhal ann ar conus mar ba dhóbair go gcurtí Brian agus Murchadh chun báis le nimh, agus gur bh’í an Árdrígan a mheas an gníomh a dhéanamh ach gur chaill an feartíghis uirthi nuair a bhí gach aon rud ollamh aici. Ansan gur mhairbh sí an feartíghis agus gur imthigh sí síos go h-Áth Cliath ag triall ar a mac, Sitric.

Thug Caoilte an sgéal ’n-a cheart dóibh. Nuair a tugadh dóibh an sgéal ’n-a cheart dúbhradar go léir an focal céadna adúbhairt Caoilte féin, gur mhór an truagh nár coimeádadh an Árdrígan ’n-a prísúnach.

Nuair airigh Niamh an sgéal ’n-a cheart, “Ó!” ar sise, “ní’l aon teóra libh! Ní’l aon teóra leat, a Chaoilte,” ar sise, “agus cuimhneamh ar a leithéid de chleas.”

“Mura mbéadh Lonán a bheith agam ní chuimhneóchainn air, a rígan,” arsa Caoilte. “Dheineamair dochtúir iasachta de Lonán i dtreó nár aithin a athair féin é, ná a mháthair, nuair a bhí sé socair againn. Ní raibh aon bhaoghal go dteipfeadh an t-eólus air mar is ag foghluim chun bheith ’n-a dhochtúir atá a shaoghal go dtí so caithte aige. Dhein sé a ghnó go h-áluinn. Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá an gháire sin dá mbeitheá ag éisteacht leis ’ghá innsint conus a chaith sé féin agus Gormfhlaith an aimsir, ag piocadh luibhneacha agus ’ghá mbreithniughadh.”

I lár a gcod’ cainte dhóibh, siúd chúcha isteach teachtaire ainíos ó Inis Cathaigh.

“Ó! a ríghthe,” ar seisean, “tá an fharaige go léir, ó Inis Cathaigh amach go Léim Chúchulainn, lán de loingeas iasachta. Is dócha go bhfuil an mhainistir tré theine um an dtaca so agus na manaigh go léir marbh!” agus chas sé an dá ologón déag agus é ag greadadh a dhá bhas.

Siúd gach aoinne ’ghá cheistiughadh:--

“Cathin a thánadar?”

“Cad iad na loingeas iad?”

“Ar labhair aoinne leó?”

“An bhfeacaís féin iad?”

“Cá bh’fhios duit an loingeas namhad iad?”

Ní raibh uain aige ar aon fhreagra thabhairt ar na ceisteanaibh nuair siúd isteach teachtaire eile.

“Eist do bhéal, a amadáin!” arsa’n tarna teachtaire. “Is tu dhein an fothram gan ghádh gan riachtanas! Táid na loingeas ann, a ríghthe,” ar seisean, “ach ní loingeas namhad iad. Is loingeas carad iad. Ospac is ainim do’n rígh atá ortha. Tháinig sé isteach chun na mainistreach i mbád, agus do labhair sé le Colla agus d’inis sé dhó cad a thug é agus gach aon rud. Tá an chabhlach loingeas ansúd mór-thímpal an oileáin agus tá Ospac agus Colla imthighthe soir go Ceann Cora chun labhartha leis an Árdrígh. Deir na fir atá ar na loingeas go bhfuil cabhlach eile ag Bruadar. Bhí an dá rígh (beirt dritás iseadh iad) muinteartha go maith le n-a chéile ar feadh tamail, go dtí gur thoiligh Bruadar chun an chogaidh seo atá dh’á dhéanamh i gcoinnibh Bhriain. Do thuig Ospac i n-a aigne gur bh’ éagcóir an cogadh agus dhiúltuigh sé d’ aon lámh a bheith aige ann. Bhí loingeas Ospaic agus loingeas Bhruadair istigh i n-aon chuan amháin lastuaidh i n-áit éigin. Do leath Bruadar a loingeas féin ar bhéal an chuain chun gan loingeas Ospaic do leigint amach. Cheangail sé a loingeas féin d’á chéile le téadaibh móra láidire agus cheangail sé long acu de’n talamh tirim ar gach taobh. Níor leig Ospac air gur thug sé fé ndeara an gníomh san. Nuair a tháinig an oídhche agus bhí Bruadar agus a mháirnéalaigh ’n-a gcodla, chuir Ospac a loingeas go léir i ndiaigh chéile i n-aon líne amháin agus d’ órduigh sé gan aon tsolus do lasadh ar aon loing acu. Ansan do bhog sé chun gluaiste iad i ndiaigh chéile, i dtreó na h-áite ’n-a raibh long na láimhe deise de loingeas Bhruadair ceangailte de’n talamh tirim. Chuaidh fuirean i mbád agus do ghearadar an téad gan aon fhothram a dhéanamh. Ansan do shleamhnuigh na loingeas go léir amach. Nuair a tháinig solus na maidine chonaic Bruadar an cuan laistigh dé folamh, agus loingeas Ospaic abhfad amach ar an bhfaraige agus iad ag imtheacht siar ódheas fé lán a seól. Thánadar anso go dtí an linn seo Luimnighe chun a dh’ innsint do Bhrian cad a bhí chuige, agus chun pé cabhair a bhéadh ar a gcumas do thabhairt dó. Dá mb’ áil leat-sa,” ar seisean leis an gcéad teachtaire, “beagáinín foidhne bheith agat níor ghádh dhuit an ruith a dheinis do dhéanamh anso ainíos, agus níor ghádh dhómh-sa bheith ag briseadh mo chos agus ag cur saothair orm féin ag ruith ainíos ad dhiaig chun gan leigint duit an dúthaigh a chur as a meabhair.”

“Seadh!” arsa Tadhg Mór ua Cealla, “is mithid dúinn go léir bheith ag gluaiseacht. Cad dúbhairt Ospac a bhí Bruadar ar aigne dhéanamh?” ar seisean leis an dteachtaire.

“Dúbhairt sé le Colla, a rígh,” arsa’n teachtaire, “gur bh’é a thuairim go mbéadh Bruadar ’n-a cheann ar loingeas rígh Lochlan agus go mbéadh Sígurd agus pé loingeas a bhéadh aige fé smacht Bhruadair. Agus dúbhairt sé gur bh’é a thuairim go bhfuilid siad go léir istigh i gcuan Átha Cliath um an dtaca so, nó geall leis.”

“Ó! foth, foth!” arsa Tadhg Mór. “Ní bheimíd i n-am i n-aon chor!”

Le n-a linn sin cé bhuailfeadh chúcha isteach ach Tadhg Óg ua Cealla agus Conn agus athair Chuinn, Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Do cuireadh fáilte roimis an rígh agus roim Chonn.

“Bhíomair díreach ollamh ar imtheacht,” arsa Maolruanaidh, “ach ní bhéadh Conn sásta gan teacht feuchaint an rabhabhair-se ollamh. Deir sé, agus is dócha gur fíor dhó é, gur fearra dhúinn coimeád i n-aice chéile ar an slígh, agus ansan coimeád i n-aice chéile sa chath, leis, má fhéadaimíd é.”

“Tá an ceart aige, a rígh,” arsa Caoilte. “Is ’mó cuma ’n-a ndéanfaimíd áise d’á chéile má choimeádaimíd i n-aice chéile, ’sé sin, ach gan bheith ró achmair d’á chéile. An ’mó fear a bheidh agaibh, a Chuinn?” ar seisean.

“Beidh breis agus fiche céad fear, is dóich liom,” arsa Conn. “An bhfuil Niamh ag teacht?” ar seisean.

“Tá, Niamh ag teacht,” arsa Niamh féin; “ná bíodh aon phioc d’á mhearbhall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.

“Ní fhanfaidh Niamh i n-aon bhall i ndiaigh a h-athar,” arsa Tadhg Mór ua Cealla.

“Is maith an inghean a thug Dia dhuit, a rígh,” arsa Maolruanaidh, “nuair a thug sé Niamh duit. Tá súil agam go gcuimhnighean tú go minic air sin, agus go dtugan tu buidhchas do Dhia mar gheall air.”

Rígh ana dhiadha ab eadh Maolruanaidh na Paidre. Bhíodh sé coitchianta ag machtnamh i láthair an Athar Síoruídhe, agus, as an machtnamh, bhíodh sé coitchianta ag labhairt leis an Athair Síoruídhe. Thuigeadh sé i n’ aigne ná raibh aon tsaghas cainte ba chirte chun labhartha leis an Athair Síoruídhe ’ná an chaint a chuir ár Slánuightheóir i mbéalaibh na gCríostaidhthe chun labhartha leis an Athair Síoruídhe. D’á bhrígh sin, nuair a labhradh sé leis an Athair Síoruídhe is, “Ár n-Athair atá ar neamh, &c.” adeireadh sé. Bhíodh sé ag rádh na Paidre sin coitchianta, agus do tugadh an ainim, “Maolruanaidh na Paidre,” air mar gheall air sin. Fear ana láidir, ana chródha, ab eadh é, agus mura raibh eagla ag na Lochlanaigh roime n-a Phaidir ní baoghal ná go raibh eagla acu roime n-a thuaigh.

Níor bh’ fhada go rabhdar go léir ollamh chun bóthair. Bhí cárbat áluinn ag Niamh, agus bhí beirt d’á mnáibh coímhdeachta sa chárbat i n-aonfheacht léi, ach thugadh sí a lán d’á h-aimsir ameasg na mban óg eile a bhí ag dul ó’n mbaile, i n-aonfheacht leis na fearaibh, agus í ’ghá stiúrughadh agus ’ghá thaisbeáint dóibh conus na h-éadaí lín a theastóch’ uatha ar ball, do chur chúcha agus do choimeád i n-eagar.

D’ fhan an dá bhuidhean san, buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre, i n-aice chéile ar an slígh, agus bhíodh Conn agus Caoilte i gcómhluadar a chéile go mór. B’éigean do Chaoilte an sgéal go léir ó thusach go deire a dh’innsint do Chonn, conus a chuir Sitric agus Amhlaoibh an fear ó Áth Cliath chun Briain do chur chun báis le nimh, agus gur bh’é fear a chuireadar uatha chun na h-oibre sin a dhéanamh ’ná Lonán, dritháir Chaoilte, an fear, thar a raibh d’fhearaibh i n-Éirinn, dob’ fhearr a dhéanfadh Brian do chosaint ar an mnaoi a bhí ceapaithe ar an nimh a thabhairt dó.

Do ghluais na buidheana eile ó gach aon pháirt de Chúige Conacht, na bóithre soir, i dtreó na h-áite ’n-ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Tháinig an dá bhuidhean, buidhean Ua Máine agus buidhean Ua bhFiachrach Áidhne, go Ceann Cora, chun bheith i n-aonfheacht le buidhin an Árdrígh. Ansan do ghluaiseadar féin agus buidhean an Árdrígh an bóthar soir óthuaidh.

Díreach sar ar fhágadar Ceann Cora tháinig teachtaire ó rígh Laighean ag triall ar an Árdrígh agus thug sé leitir do’n Árdrígh, agus sidiad na focail a bhí sa leitir sin.

“A Árdrígh Éirean,

“Do tugadh easonóir dómh-sa ad’ ríghtheighlach-sa i
gCeann Cora. Tar anois agus cosain thu féin orm, mar táim
ceapaithe ar an easonóir sin do dhíoghailt ort-sa agus ar
do chlainn, agus ar Dhál gCais.

“Mise Maolmórdha

“Rígh Laighean.”

Do léigh Brian an leitir. Ansan do sgríbh sé ar dhrom na leitire na focail:--

“Táim ag teacht, a dhritháir. Feuch chúghat féin.

“Mise Brian.”

“Seo, a ghiolla,” ar seisean leis an dteachtaire. “Beir thar n-ais í.”

Thóg an teachtaire an leitir agus do rug sé leis thar n-ais í.

Ní raibh um an dtaca san bóthar andeas ná bóthar aniar ná bóthar óthuaidh tré Chúige Laighean ná raibh clúdaithe leis na buidhnibh fear agus iad ag gluaiseacht ’n-a míltibh, fé n-a ríghthibh agus fé n-a dtaoiseachaibh, agus a n-airm ar a nguaillibh, agus a mbratacha breaghtha síoda anáirde ar a gcrannaibh ag lúbadh agus ag luasgadh sa ghaoith, agus a n-aghaidh go léir ar an áit ’n-ar ghnáth le Brian a longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Agus ní raibh ins na buidhnibh sin go léir oiread agus aon fhear amháin ná raibh socair go daingean i n’ aigne aige gan teacht thar n-ais beó.

“Má’s ag Lochlanaigh a bheidh buadh,” a deiridís, “is fearr gan teacht thar n-ais beó. Má’s ag Gaedhlaibh a bheidh buadh bíodh a thoradh ag an muintir atá sa bhaile i n-ár ndiaigh. Pé taobh ar a mbeidh buadh, díolfaid na Lochlanaigh as.”