Niamh · Peter O'Leary

Chapter 44: An Dá Lonán

Chómh luath agus bhí an cogar tabhartha ag Lonán do Mhurchadh agus an bosca tógtha ag Murchadh as an gcárbat, d’imthigh Lonán isteach chun an tseómra a bhí aige sa ríghtheighlach ó tháinig sé ann ’n-a dhochtúir, agus ’n-a stíobhard ar gach córughadh bídh d’á mbéadh le déanamh ann. Ní fheacaidh aoinne riamh ó shin an Lonán céadna ag teacht amach as an seómra san. Tháinig fear amach as an seómra, ach níor bh’ é an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a chonaic an Lonán a chuaidh isteach, agus ansan, an Lonán a tháinig amach. Bhí folt odhar, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a chuaidh isteach. Bhí folt breagh fionn-ruadh, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a tháinig amach. Bhí féasóg fhada liath-ghorm ar an Lonán a chuaidh isteach. Bhí féasóg ruadh ná raibh ró fhada, ar an Lonán a tháinig amach. Firín beag agus ceann mór air ab eadh an Lonán a chuaidh isteach. Níor bh’ fhear ró mhór an Lonán a tháinig amach, ach bhí an ceann tar éis dul i luighead, agus ansan níor fheuch an fear chómh beag agus d’fheuch sé fé’n gceann mór. Bhí na fáibrí imthighthe as an éadan, ach bhí an t-éadan leathan go maith agus árd go maith ag an Lonán a tháinig amach, díreach mar a bhí ag an Lonán a chuaidh isteach. Bhí an Lonán a chuaidh isteach trí fichid, mura raibh sé os a chionn. Ní raibh an Lonán a tháinig amach aon lá os cionn seacht mbliana fichid. Dá bhfeiceadh Amhlaoibh, nó Sitric, nó Gormfhlaith, an Lonán a tháinig amach thabharfaidís an leabhar ná feacadar riamh é. D’á bhrígh sin níor ghádh do’n Lonán a tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis an gcaint a bhí ar siúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach Shitric i n-Áth Cliath, nuair a bhíodar ’ghá mhaoidheamh agus ’ghá dhearbhughadh go ndéanfaidís so ’s súd leis an Lonán a bhuail an bob ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.

Isiad a bhí go loisgithe sgólta ’n-a gcroídhe agus ’n-a n-aigne, ag cuimhneamh ar an gcuma ’n-ar bhuail sé an bob san ortha, díreach nuair a mheasadar gur bh’ iad féin a bhí ’á bhualadh air-sean go h-áluinn. Bhí Caoilte i gCeann Cora an uair chéadna agus is ’mó gáire maith a bhí aige féin agus ag Lonán agus ag Murchadh agus Lonán ag seanachus do’n bheirt eile ar an gcuma ’na mbíodh sé féin agus Gormfhlaith ag toghadh na luibhneacha agus ag áireamh na gcómhacht a bhí ionta.

“Tá an méid seo agam le radh, ámhthach,” arsa Lonán leis an mbeirt. “Tríd an obair go léir ní mise do chúm ná do cheap ná do bheartuigh ná do thusnuigh aon droch nídh. Í féin a thusnuigheadh gach aon rud. Níor thugas di aon bhlúire droch eóluis ná raibh aici cheana. Nuair a bhí an bia againn d’á ollamhughadh chun an ghnímh a dhéanamh, níor dheineas ach gach aon rud do shocarughadh agus do chórughadh díreach mar a dh’órduigh sí dhom é dhéanamh.”

“Tá fhios agam-sa aon rud amháin a dheinis, a bhitheamhnaigh, agus níor órduigh sí dhuit é dhéanamh,” arsa Murchadh.

“Cad é an rud é sin, a rígh?” arsa Lonán agus iongnadh ag teacht air.

“Níor órduigh sí dhuit an bhagairt úd a dhéanamh orm-sa,” arsa Murchadh.

“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor dhuit, a rígh,” agus gháireadar, mar do baineadh iaracht de gheit a’ Lonán.

“Tá aon nídh amháin sa sgéal agus ní ró mhaith a thaithnean sé liom,” arsa Caoilte.

“Cad é an rud é?” arsa Murchadh.

“Tá Gormfhlaith i n-Áth Cliath,” ar seisean, “agus tá cead a cos aici, agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truagh nár coimeádadh anso í. Déanfaidh an bhean san díobháil dúinn. Tá sí ar dearg bhuile mar gheall ar an gcuma ’n-a bhfuil stáicín áiféis déanta dhi os cómhair an domhain. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm d’á dtéidheadh sí féin, do shiúbhal a cos dá mb’ fhéidir é, soir chun cainte le rígh Lochlan, agus as san óthuaidh chun cainte le rígh na h-Ioruaidhe, agus mór-thímpal chun gach rígh agus chun gach tíre ’n-ar dhóich léi go bhfaghadh sí a bheag nó a mhór d’ aon rud i bhfuirm nirt slógh le tabhairt léi chun díoltais a dhéanamh ar Árdrígh Éirean agus orainn go léir. Daoine ná cuimhneóch’ i n-aon chor ar theacht meallfaidh sí léi iad agus tiocfaid siad. Is mór an truagh nár coimeádadh anso í!”

“Tá an ceart agat sa méid sin, a Chaoilte,” arsa Murchadh. “Dúbhart féin leis an Árdrígh gur í choimeád anso ba cheart. Ní dhéanfadh. Ba lag leis é. Ní’l againn ach aon ghnó amháin a dhéanamh de pé neart a thiocfaidh. D’á mhéid a thiocfaidh díobh, má thugaimíd Gleann Mháma an tarna h-uair dóibh, rud a thabharfaimíd, iseadh is lúgha is baoghal iad do theacht go deó airís chúghainn. Táid siad fada a ndóthin ag teacht. Is mithid deire chur le n-a gcuardaibh. Ní raibh fir Éirean riamh chómh ceapaithe ar dheire chur le cómhacht Lochlan agus atáid siad anois. Ach ní h-ag caint is ceart dúinn a bheith. Téanaíg. Tá caint ag an Árdrígh le déanamh liom-sa agus le beirt agaibh-se.”

Chuadar i láthair an Árdrígh. Bhí a lán eile des na giollaíbh turais cruinnighthe rómpa ann. Bhí Maolshuathain ann agus leitireacha aige ’á sgrí’ chómh tiugh agus d’ fhéadadh sé an cleite chomáint. Fé mar a bhíodh gach leitir sgríobhtha aige chuireadh Brian a ainim thíos léi, agus do tugtí do dhuine des na giollaíbh turais í agus chuireadh sé sin an talamh dé.

Ag triall ar na ríghthibh agus ar na taoiseachaibh a bhí cuid des na leitireachaibh ag dul: Sidé bunús na cainte a bhí ionta san:--

“A rígh onóraigh,

“Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat a
thiocfaidh sgéala chúghainn ’ghá innsint dúinn loingeas
rígh Lochlan agus loingeas rígh na h-Ioruaidhe agus
loingeas Shíguird, rígh Ínsí h-Orc, a bheith i gcuan
Átha Cliath. Ní h-alaidh dhúinn gan bheith ollamh dóibh.
Cruinnigh do neart, a rígh, agus tabhair aghaidh ar Chill
Mhaighneann. Ní bheidh aon uaigneas ort ar an slígh. Beid
fir Éirean ’n-a míltibh ag bualadh umat. Tá socair againn
go léir i n-ár n-aigne gan teacht abhaile beó nó teacht
abhaile le buadh. Abair le gach fear d’á bhfuil agat gur
fearr go mór bás d’fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht
Lochlanach anois.

“Mise Brian.”

Bhí cuid des na leitireachaibh ag dul ag triall ar easbogaibh agus ar shagartaibh agus ar mhainistreachaibh. Seo bunús na cainte a bhí ionta san:--

“A Thighearna Easboig,

“Cuir do ghuidhe suas chun Dé ar ár son chómh dian chómh
díchealach agus chuiris guidhe suas chun Dé riamh. Tá
an lá cruaidh buailte linn fé dheire. Tá ár namhaid ag
cruinniughadh chúghainn as an uile áird. Má bheirean an
namhaid seo buadh anois orainn tá deire linn; tá deire le
sliocht Gaedhal i n-Éirinn agus tá deire leis an gCreideamh
a thug Pádraig chúghainn tré ghrásta Dé. Cuir féin do
ghuidhe suas chun Dé ’ghá iaraidh ar Dhia gan an buadh
thabhairt do’n namhaid. Iar ar na pobalaibh go léir a
nguidhe chur suas chun Dé ar an íntinn gcéadna. ‘Éistean
Dia le guidhe na ndaoine.’

“Brian.”

Chómh luath agus fuair gach rígh agus gach taoiseach a leitir do thusnuighdar ar na fir do chruinniughadh. Do thuig na daoine go léir an focal úd, “gur fearr go mór bás d’ fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht Lochlanach anois.” Thuig gach aoinne gur bh’ fhearr an fharaige do theacht isteach ar Éirinn agus gan aon Chríostaidhe dh’ fhanmhaint beó ar an oileán ’ná sliocht Gaedhal do luighe fé smacht na Lochlanach an uair sin. D’á bhrígh sin, na mná agus na seandaoine a bhí ag fanmhaint sa bhaile níor dheineadar buairt ná gol ná ologón. Má bhí an bhuairt ortha, agus is dócha go raibh, níor thaisbeánadar puínn dé.

Na mná a bhí pósta agus go raibh cúram clainne ortha d’fhanadar sa bhaile, ach má fhanadar níor airigh aoinne osna ó aoinne acu, ná ní fheacaidh aoinne deóir le n-a súil. Is dócha gur shileadar a ndóthin díobh nuair ná raibh aoinne ag feuchaint ortha. Níor fhan na cailíní óga sa bhaile. Chuadar i n-aonfheacht le n-a ndrithárachaibh chun bídh a dh’ ollamhughadh dhóibh ar an slígh agus chun éadaigh a níghe dhóibh nuair ba ghádh é, agus chun banaltranais a dhéanamh ortha tar éis an chatha dá mbéadh gádh acu leis. Bhí mná na nGaedhal go léir, óg agus críona, ana thuisgionach sa n-obair sin.

Chómh luath agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus na h-abbana ins na mainistreachaibh na leitireacha, do cuireadh an guidhe ar siúbhal ins gach aon bhall láithreach. Bhí na h-Aifrinní ins na h-eaglaisibh gach maidion ar an íntinn sin Bhriain agus na pobuil ag guidhe ar an íntinn gcéadna, agus na manaigh ag guidhe ins na mainistreachaibh, ní h-amháin sa lá ach i gcaitheamh na h-oídhche leis. Chaithidís an oídhche i láthair na h-Altórach ’ghá iaraidh ar an Slánuightheóir, tré ímpídhe na Maighdine Muire agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan an buadh thabhairt dos na Lochlanaigh sa chath uathbhásach a bhí ag theacht. Ní miste a rádh ná gur dheineadar a nguidhe go dúrthachtach, mar bhí fhios acu go dian mhaith cad a bhí le h-imtheacht ortha féin agus ar na mainistreachaibh dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh. Bhíodar go léir ollamh, gan amhras, ar bhás a dh’fhulang ar son an Chreidimh, ach bhí fhios acu, dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh an chatha san a bhí ag teacht an uair sin, go gcuirfidís an Creideamh féin ar neamhnídh i dteannta na ndaoine do chur chun báis. D’á bhrígh sin do leanadar ag guidhe go cruaidh, do ló agus d’ oídhche, agus ag déanamh trosgaidh go dian, an fhaid a lean an chontabhairt.

Níor bh’ fhada go bhfeacathas ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh, ó gach aon pháirt de’n Mhúmhain, mar a bhéadh sochraidí móra fada, na fir chródha, fir bhreaghtha óga láidire, fir go raibh socair ’n-a n-aigne acu gan teacht thar n-ais beó ó’n gcogadh dá mbéadh buadh ag Lochlanaigh. Ag machtnamh ar an nídh sin dóibh shocaruighdar ’n-a n-aigne ná tiocfaidís thar n-ais beó pé taobh a bhuadfadh. Shocaruighdar ’n-a n-aigne d’á luighead eagla bhéadh acu roimis an mbás gur bh’ eadh b’fhearr a dhéanfaidís an troid agus gur bh’eadh ba mhó an t-éirleach a dhéanfaidís ar na Lochlanaigh, agus, as san, gur bh’eadh ba dhóichígh-de an buadh bheith ag Gaedhlaibh agus an cath do bhriseadh ar na Lochlanaigh. Chuaidh an socarughadh san ’n-a luighe chómh daingean san ar a n-aigne gur ghnáth eatartha, ’n-a gcómhrádh, agus gan acu ’á dhéanamh dé ach cúis gháire, an focal, “Pé duine thiocfaidh thar n-ais ná ná tiocfaidh, ní thiocfad-sa thar n-ais.”

“Siní an chaint! Ní chun teacht thar n-ais atáimíd ag dul sa chath so!” a déarfadh duine eile.

“Caithfead bás a dh’fhághail uair éigin. Ní thiocfaidh uair choídhche a bheidh níos fearr ar gach aon tsaghas cuma chun báis a dh’fhághail ’ná an uair a chífead na bitheamhnaigh ar m’ aghaidh amach agus an t-arm am’ láimh!” adéarfadh an trímhadh duine.

“Agus d’á éaghmuis sin,” adéarfadh an ceathramhadh duine, “is bás ar son an Chreidimh é, agus an t-é a dh’fhuiling eóchaidh bás ar son an Chreidimh raghaidh a anam suas láithreach go h-aoibhneas na bhFlathas! Dá dtagainn thar n-ais agus maireachtaint fiche bliain eile, b’fhéidir nár ró mhór an deimhne a bhéadh agam air sin. Déanfaid na Lochlanaigh a ngnó go h-olc nó ní thiocfaidh aon chos díom-sa thar n-ais.”

Siné saghas cainte a bhíodh ar siúbhal acu agus iad ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh ’n-a sochraidíbh móra fada. Bhíodh na seandaoine ar na cnucánaibh ag feuchaint ortha ag gluaiseacht, agus do lasadh a gcuid fola le dásacht, agus, “Ó!” adeiridís, “Nách truagh gan mé óg airís!” Chídís na fir agus na gathana breaghtha fada ’n-a lámhaibh acu agus reana glasa, cruadha, géara na ngathana san ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin, agus na tuaghana ar ghuaillibh na bhfear, agus na bratacha ar a gcrannaibh i dtusach gach buidhne, ag luasgadh sa ghaoith; agus gach buidhean ag gluaiseacht go breagh, réidh, stuamdha, cos le cois, guala le gualainn, agus an bhuidhean ag casadh fé mar a chasadh an bóthar agus ag díriughadh nuair a dhírigheadh an bóthar. Chíodh na seandaoine ar na cnucánaibh an obair go léir, agus do ghluaiseadh an tsean’fhuil trés na sean fhéitheachaibh, ’n-a caisíbh teine, agus thagadh luas croídhe ar na seandaoinibh, agus, “Ó!” adeiridís, “Nách truagh chráidhte gan mé óg airís!”