Nuair a bhí an cárbat ag gluaiseacht bhí beirt bhan uasal sa chárbat i n-aonfheacht le Gormfhlaith, beirt d’á mnáibh coímhdeachta, beirt a tháinig léi go Ceann Cora nuair a phós Brian í. Bhí Dúlainn agus dírim marcach aige chun dul, mar ghárda, i n-aonfheacht leis an gcárbat. Le Gormfhlaith féin ab eadh cúigear dos na marcachaibh. Thánadar léi go Ceann Cora nuair a bhí sí ag teacht ann. Ní raibh aon phioc d’á fhios ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáibh coímhdeachta, cad a bhí tuitithe amach. Choimeád Gormfhlaith an gnó go léir idir í féin agus Lonán. Bhí socair aici ar imtheacht láithreach nuair a bhéadh an gníomh déanta. Dá mbéadh Brian agus Murchadh agus Dúlainn chómh marbh leis an ngaidhrín bhéadh sí féin agus Lonán, agus an méid d’á muintir féin a bhí i gCeann Cora, bhéidís leath na slíghe go h-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora tagaithe as an sgeón, dar léi. Bhéidís socair, ó bhaoghal, i n-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora ábalta ar aon tsaghas gnímh a dhéanamh, bhéadh a leithéid sin de mheasgán mearaídhe ar an áit agus ar na daoine, dar léi. Ansan d’fhéadfaí Lonán a chrochadh agus ní bhéadh fhios ag aoinne beó cé dhein an gníomh. Choimeád sí féin agus Lonán an rún chómh maith san ná raibh aon phioc d’á fhios ag aoinne ach acu féin go dtí gur sgéidh Lonán, ach amháin ag Murchadh, agus ag Caoilte, dritháir Lonáin. An mhuintir a bhí ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis an gcárbat an uair sin, lasmuich de Dhúlainn, ní raibh aon choinne acu ná go mbéidis ag teacht thar n-ais airís i n-aonfheacht leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan istigh ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a bhéadh a cuaird go h-Áth Cliath tabhartha aici.
Nuair a druideadh soir ó Cheann Cora chuir Dúlainn beirt des na marcachaibh, beirt de mhuintir Ghormfhlaith, uaidh, níba ghéire ’ná mar a bhí an chuid eile ag gluaiseacht, agus leitir acu do rígh Lochlanach Átha Cliath, ’ghá rádh leis dírim marcach a thabhairt leis agus teacht ’n-a gcoinnibh chun na h-Árdríghna do thógaint uatha agus í thionnlacan an chuid eile de’n tslígh. Ansan do ghluais Dúlainn go réidh i dtreó go mbéadh Sitric tamal maith ar an slígh ’n-a gcoinnibh.
An uair a sgar Murchadh leó do thóg sé leis an bosca agus chuaidh sé go seómra Bhriain. D’ osgail sé an bosca i láthair Bhriain, agus thóg sé rud amach as agus chuir sé ar an mbórd é.
“Cad chuige gur tugadh an chailís sin aníos ó’n mainistir, a Mhurchadh?” arsa Brian.
D’inis Murchadh cúrsaí na cailíse dó ó thusach go deire. Níor labhair Brian aon fhocal amach as a bhéal an fhaid a bhí Murchadh ag innsint an sgéil dó.
“Bhí fhios againn,” arsa Murchadh, ag críochnughadh an sgéil, “gur anso bhí an chailís agus cé r’ bh’é an bitheamhnach. D’inis Caoilte do Lonán an sgéal. Ní raibh Lonán abhfad anso nuair a fuair sé amach gur sa bhosca san a bhí an chailís. Bhí socair aici, nuair a bhéimís go léir sínte chómh marbh leis an ngaidhrín, an bosca bhreith léi. Bhí sé aici anois sa chárbat. Chonaic Lonán é agus thug sé an cogar dom. Thógas an bosca os cómhair a súl. Níor dhein sí ach feuchaint orm. Níor labhair sí focal. Labharfaidh an coileán úd léi nuair a raghaidh sí síos ag triall air féin agus ar an gcoileán eile.”
“Is fearr,” arsa Brian, “an chailís do chur síos airís go mainistir Ínse Cathaigh, mar a raibh sí cheana. I n-onóir do Sheanán iseadh thugas do’n mhainistir í. Cuir síos ann airís í, a Mhurchadh. Agus feuch. Is ceart a dh’innsint do Mheargach gur fuaradh í. Beidh áthas air. Ní deirim ná go bhfeuchfaidh sé roimis sar a ndéanfaidh sé macshamhail eochrach airís, an fear bocht! Is dóich liom, leis, go dtabharfaidh Colla aireachas níos fearr di féin agus do gach aon chailís eile d’á bhfuil aige.”
Do cuireadh síos an chailís go dtí an mhainistir. Ní miste a rádh ná go raibh áthas ar Cholla. Do h-innseadh an sgéal do Mheargach. Bhí áthas air. Bhí seirbhthean, leis, air, chuige féin. Níor bh’ fhuiriste a bhreithniughadh, ámhthach, cé ’cu ag an áthas nó ag an seirbhthean a bhí an lámh-uachtair i n’ aigne.
Do h-osgaladh an córtha láidir sa n-érdam agus do tógadh amach as an bosca iarainn a bhí folamh. Do cuireadh an chailís dhaor isteach airís sa bhosca bheag iarainn sin, mar a raibh sí cheana, sar a dtáinig an t-ógánach Lochlanach úd, an t-ógánach breagh dathamhail úd, a bhí chómh naomhtha, chómh séimh, chómh grianach, chómh gealgháiriteach, chómh h-osgailte ’n-a mheón, gur dhóich le duine ná raibh ’n-a chroídhe ar fad ach fírinne agus dílse. Dhein Meargach glas eile agus eochair eile do’n bhosca, agus ní baoghal gur dhein sé macshamhail do’n eochair sin.
Ní bhfuair Art mac Duibh amach riamh go raibh sé ar feadh tamail i n-a leithéid de chontabhairt. Ní bhfuair na manaigh amach, ó’n lá a cuireadh an chailís sa bhosca san ar dtúis go dtí an lá a cuireadh iad féin as an oileán, go raibh an bosca folamh ar feadh tamail agus an chailís dhaor imthighthe.
Tháinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta. B’ í céad cheist a chuir sé ar Cholla, chómh luath agus d’fhéad sé labhairt a gan fhios leis, ’ná, “An bhfuaradh an chailís?”
Do taisbeánadh dó í. Bhí áthas mór air. Do h-innseadh an sgéal go léir dó; conus a ghuid Amhlaoibh an chailís; conus a cuireadh Niamh ag faire ar Ghormfhlaith le h-eagla go dtabharfadh sí nímh do Bhrian; conus ab éigean Niamh a thógaint as an obair sin mar go raibh Gormfhlaith ’ghá cur chun báis le neart soilbhris agus cuideachtanais agus gealgháirí. Ansan do h-innseadh dó conus a h-imireadh an cleas ar Ghormfhlaith; conus a cuireadh Lonán chúichi ag cabhrughadh léi, mar dh’eadh, chun an ghnímh a dhéanamh, agus conus mar a bhí Brian ó bhaoghal ar fad an fhaid a bhí an cabhrughadh san ar siúbhal, agus cad é an deire a bhí ar an gcabhrughadh. Do gháireadh an Legáid airís agus airís eile nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcuma na mbíodh an bheirt, Gormfhlaith agus Lonán, ag déanamh a ngnótha chómh disgréideach, agus an disgréid go léir ag Lonán ’á thabhairt do Mhurchadh i gcaitheamh na h-aimsire.
“Ó!” a deireadh sé, “do tugadh a srian féin dí ar áilleacht an domhain! An bhean bhocht!”
Do shrois an bheirt mharcach an chathair. Thánadar go dorus ríghtheighlaigh an rígh. Do rugadh an leitir isteach. Do léigh Sitric í. Bhí Amhlaoibh ann. Bhí an bheirt ag faire agus ag feitheamh. Bhíodar ag brath, i n-aghaidh gach neómait, ar sgéal uathbhásach a dh’aireachtaint ó Cheann Cora. Nuair a tháinig an leitir bhí an bheirt deimhnightheach go raibh an sgéal a bhí uatha sa leitir. Ní raibh aon nídh iongantach sa leitir. Leitir ó Dhúlainn ab eadh í ’ghá innsint go raibh an Árdrígan ag teacht agus ’ghá iaraidh ar an rígh, ar Shitric, dul ’n-a coinnibh chun í thionnlacan go h-Áth Cliath. Tháinig an bheirt amach mar a raibh an dá mharcach. D’fheuchadar ortha, agus d’fheuchadar ar a chéile.
“Cad é an sgéal ó Cheann Cora agaibh é, a fheara?” arsa Sitric.
“Mar ba ghnáth, a rígh. Níor thugamair aon nuacht linn,” arsa duine de’n bheirt.
“Conus tá an t-Árdrígh?” arsa Sitric.
“Go h-ana mhaith, a rígh,” arsa’n fear a labhair.
“Agus an Ríghdhamhna, conus tá sé?” arsa Sitric.
“Go h-áluinn, a rígh,” arsa’n fear.
“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.
“Tá sé go maith, a rígh,” arsa’n fear. “Is fé n-a láimh atá na fir atá ag tionnlacan na h-Árdríghna,” ar seisean.
“Tá go maith,” arsa Sitric. “Téidhigh-se isteach go gcurfar cóir oraibh. Ní iarfar oraibh dul chun bóthair airís indiu.”
“Gura maith ag bhúr Soillse!” arsa’n fear, agus d’imthigh an bheirt.
“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Amhlaoibh.
“Ní féidir liom tón ná ceann a dh’fhághail air!” arsa Amhlaoibh.
D’imthigh Sitric agus chuir sé dírim marcach ar bóthar, agus ghluais sé chun siúbhail. Níor fhéad sé gan gluaiseacht ana ghéar. Chonaic an dírim eile chúcha é abhfad sar ar mheasadar a chífidís é. D’úmhluighdar d’á chéile mar ba chóir. Thug Dúlainn an Árdrígan suas d’á mac, agus d’iompuigh sé féin agus a chualacht abhaile. Níor bh’ fhada go raibh an chualacht eile sa chathair. Focal amach as a béal níor labhair Gormfhlaith go dtí go raibh an triúr i bhfochair a chéile istigh agus gan aoinne ann ach iad. Ansan do labhair sí agus níor mhaith leat bheith ag éisteacht léi.
“Seadh!” ar sise, “dheineabhair go deas é! Ní miste gnó thabhairt do bheirt agaibh le déanamh!”
“Cad a dheineamair, a mháthair?” arsa Sitric.
“Inis an méid seo dhom,” ar sise. “Cá bhfuarais Lonán? Nó an bhfuil fhios agat cé h-é?”
“Liagh tuisgionach iseadh é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus a dh’oir duit aige. Do shiúbhluigh sé chuige. Cad é sin dúinne cé h-é, ach, mar a dúbhart leat, é chrochadh chómh luath agus bhéadh an obair déanta.”
Bhí sí ag feuchaint ó dhuine go duine acu an fhaid a bhí sé ag caint.
“Ó,” ar sise, “is deacair do dhuine foidhneamh le n-bhúr leithéidí de bheirt amadán! Dritháir do Chaoilte iseadh é.” (Do léim an bheirt ’n-a seasamh.) “Tháinig sé anso chúghaibh-se ’ghá leigint air go raibh fuath aige do Bhrian. Chuireabhair-se ag triall orm-sa é, an rud a bhí uaidh. Bhí iontaoibh agam-sa as mar gheall ar é theacht chúgham uaibh-se. D’ oibríghmair araon a’ láimh a chéile. Níor chuireamair cor dínn nár inis sé do Mhurchadh chómh luath agus chuireamair dínn é. Díreach nuair a bhí an obair nách mór déanta do sgéidh sé. Chuir sé na trí miasa nímhe os cómhair an trír. Tharaing Murchadh chuige na trí miasa sar a raibh uain ar aoinne de’n bheirt eile ar an mbia do bhlaiseadh. Thug Murchadh blúire de’n bhia dom’ ghaidhrín. Thuit an gaidhrín marbh os cómhair ár súl go léir. Ansan d’inis Lonán dóibh cé r’ bh’ é agus cad é an bob a bhí buailte aige orm-sa. Ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó. Chosain sé Brian orm chómh h-áluinn agus do cosanadh aoinne riamh. Conus fhéadfainn-se aon bheart eile tharang chúgham an fhaid a bhí an iontaoibh agam a’ Lonán agus sinn ag oibriughadh a’ láimh a chéile! Níor bh’fhéidir an gníomh a dhéanamh gan sinn araon ’á dhéanamh. Níor bhaoghal do Bhrian an fhaid a bhí lámh Lonáin sa ghníomh, nídh nách iongnadh. Ní bhéadh a lámh sa ghníomh mura mbéadh é theacht chúgham uaibh-se. Ó, táid siad go léir ag cur a n-anam amach ag gáirí umainn agus ag magadh fúinn! Agus gan amhras tá a chúis acu.”
Chomáin sí léi ag caint. Níor labhair aoinne de’n bheirt eile go ceann abhfad. Ar ball do labhair Amhlaoibh.
“Ar thugais leat an chailís?” ar seisean.
“Níor thugas!” ar sise. “Bhí sí agam sa chárbat agus mé ag fágaint na h-áite. Chonac Lonán, an ropaire! ag cogarnaigh le Murchadh. Tháinig Murchadh chúgham anall agus thóg sé leis an bosca ’n-a raibh an chailís. Ó, dheineabhair an gnó go h-áluinn ar fad nuair a chuireabhair Lonán chúgham! Dá mb’áil leis teacht ar aon chuma eile chúgham ach uaibh-se! Is gasta a dhein sé é. Go deimhin ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó.”
D’iompuigh dath dubh ar ghnúis Amhlaoibh nuair a fuair sé go raibh an chailís imthighthe.
“Dá mb’áil liom-sa,” ar seisean, “a mhalairt de chúram a chur ar Fhear na gCos nuair a bhí an chaoi agam air!”
“Eist, a Amhlaoibh,” arsa Sitric. “Ní fiú biorán a’s an gnó go léir. Tá ár máthair anso againn beó. Is iongantach an sgéal iad ’ghá leigint uatha chómh bog. Beidh caoi airís agat ar shocarughadh le Fear na gCos uair éigin. Tá ár neart ollamh ins gach aon bhall. Ba mhór go léir an tairbhthe dhúinn neart Gaedhal a bheith gan cheann, dá n-eirigheadh linn. Ach tá sé ana aosta. Is cuma nó bheith gan cheann dóibh an ceann a bheith chómh h-aosta. Ná h-abraimís a thuille mar gheall ar Lonán ná ar a ghnó. Ní dóich liom go bhfuil puínn d’á fhios ag aoinne go raibh an gnó ar siúbhal. Tugaimís aghaidh ar an obair atá rómhainn. Comáinimís teachtairí mór-thímpal ’ghá rádh le n-ár neart cruinniughadh, gan a thuille ríghnis, sa chuan so amuich; go bhfuil gach aon rud ollamh. Tá Maolmórdha ar dearg-bhuile, a mháthair. Dheinis an méid sin go maith. Tá néal chun cogaidh i Lochlanachaibh na h-Éirean, agus is ag triall ar rígh Laighean atáid siad ag teacht. Buadhfaimíd fós ar Bhrian agus ar Chlainn Chais!”