Raint laethanta tar éis rígh Laighean a dh’ imtheacht i bhfeirg ó Cheann Cora bhí Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg i bhfochair a cheile i gcómhairle. Bhí a lán neithe acu ’á bhreithniughadh. Bhíodar ag áireamh na mílte fear a féadfaí thabhairt as gach triúch nuair a thiocfadh an ghlaodh. Thuigeadar gur isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath a thiochfadh an namhaid iasachta. Bhíodar ag breithniughadh na mbóithre a bhí ó Cheann Cora go Baile Átha Cliath; agus ó Uíbh Máine go Baile Átha Cliath; agus ó Chaiseal go Baile Átha Cliath; agus ó thír na nDéise go Baile Átha Cliath; agus ó Chiarraighe go Baile Átha Cliath; agus mar sin, ó gach aon áit ’n-a raibh cuid de neart slógh Bhriain go dtí an áit i n-aice Bhaile Átha Cliath ’n-a gcaithfeadh a shlóighte go léir teacht agus cruinniughadh i gcoinnibh na slógh namhad iasachta a bhí ag teacht go h-Éirinn ó’n uile pháirt de’n domhan Lochlanach. Ansan iseadh do tuigeadh go h-áluinn tairbhthe na h-oibre a bhí ag Brian ’á dhéanamh ar feadh abhfad roimis sin, nuair a bhí na bóithre breaghtha leathana aige ’á dhéanamh ins gach aon bhall agus nuair a bhí na drochaid bhreaghtha láidire aige ’á chur ar na h-aibhníbh. Do tuigeadh, leis, an uair sin gur deineadh maitheas mór nuair a rugadh slóighte Bhriain go minic roimis sin, go Cill Mhaighneann i n-aice Bhaile Átha Cliath, an áit ’nar ghnáth le Brian dul agus longphort a dhéanamh agus raint aimsire chaitheamh, nuair a bhíodh gnó aige le déanamh, aighneas a shocarughadh idir ríghthibh, nó a smacht féin do chur i bhfeidhm. Bhí aithne mhaith ag Dál gCais ar na bóithribh ó Cheann Cora go Cill Mhaighneann.
Nuair a bhí cuid mhaith aimsire caithte sa chómhairle, agus caint agus breithniughadh déanta ar a lán neithe, táinig an t-am chun dul agus bia chaitheamh. Tháinig teachtaire ’ghá rádh go raibh an bia ollamh. D’eirigh an triúr agus thánadar go seómra an bhídh. Shuighdar chun an bhúird. Tháinig Gormfhlaith agus shuigh sí i n-aice an Árdrígh. Bhí sí go séimh agus go soilbhir agus go gealgháiriteach leó, agus go mór mór leis an Árdrígh. Bhí sí ag déanamh grínn agus suilt de’n chuma ’n-ar chuir rígh Laighean fearg ar Mhurchadh nuair a dhein sé an bhagairt ar Chonáing sa chluiche.
“Níor dhéineas aon iongnadh de m’ dhritháir,” ar sise. “Fear iseadh é, is dóich liom, nár theip an tuathal riamh air. Ach go deimhin agus go dearbhtha níor mheasas go ndéanfadh Murchadh an rud a dhein sé.”
“Cad a dheineas, a Árdrígan?” arsa Murchadh.
“Nuair a thagan fearg ort, a rígh,” ar sise, “ní h-aon dóichín tu. Ach ní gnáth leat fearg a theacht ort gan puínn cúise.”
“Is fíor dhuit, a Árdrígan,” ar seisean. “Ní raibh aon cheart agam a dhéanamh de’n sgéal ach neamhnídh, mar ní raibh ann ach neamhnídh. Is truagh ná táinig sé thar n-ais nuair a tháinig an teachtaire suas leis. Dá dtagadh d’ admhóchainn láithreach go raibh an éagcóir agam agus d’iarfainn air mo leathsgéal do ghabháil.”
Níor chuir Brian ná Dúlainn aon fhocal isteach sa chómhrádh san. Níor mhaith leó trácht i n-aon chor ar an easonóir a tugadh do theachtaire an Árdrígh. Dar leó d’fhéadfadh rígh Laighean diúltughadh do chasadh agus gan an teachtaire do bhualadh. Cuid ab eadh é sin de’n tuathal nár theip riamh ar rígh Laighean.
Ba ghnáth, i ndeire gach dínnéir, sódhluist éigin, nó mísleán éigin, do thabhairt isteach agus do chur ar an mbórd. Bhí gaidhrín na h-Árdríghna ar a ghlúin ag Murchadh agus é ag cimilt a bhaise dh’á dhrom, ag feitheamh leis na mísleáin. Lonán a bhí ag frithálamh. Do tógadh chun siúbhail na miasa móra. Tháinig Lonán isteach agus trí miasa beaga aige agus sórd éigin bídh ortha, agus aon mhias bheag amháin agus dhá ubhall uirthi. Chuir sé an mhias ar a raibh na h-ubhla os cómhair na h-Árdríghna, agus na trí miasa eile os cómhair an trír fear. D’fheuch sé ar Mhurchadh. Chuir Murchadh a lámh anonn láithreach agus tharaing sé chuige an mhéisín a cuireadh os cómhair Bhriain agus an mhéisín a cuireadh os cómhair Dhúlainn. Dhein sé an méid sin go tapaidh, i dtreó ná raibh uain ag aoinne acu ar aon phioc de’n bhia chur ’n-a bhéal. Ansan do thóg sé blúire de’n bhia agus chuir sé i mbéal an ghaidhrín é agus do sgaoil sé an gaidhrín uaidh ar an dtalamh. Shiúbhluigh an maidirín beagán ar an úrlár. Ansan do thuit sé. D’ iompuigh sé na cheithre cosa anáirde. Do croth na cosa ar feadh tamail bhig agus bhí an gaidhrín marbh.
D’fheuch Murchadh ar Ghormfhlaith.
“Dheinis láidir ár ndóthin dúinn é!” ar seisean.
Thug sé fé ndeara a lámh aici ’á chur isteach ’n-a brollach. Do phreab sé anonn agus do rug sé ar an láimh.
“Ná dein é sin, a Árdrígan!” ar seisean. Is amhlaidh a bhí sgian ’n-a brollach aici agus mheas sí Lonán do shádh leis an sgiain.
Nuair a bhí greim ag Murchadh ar a láimh d’ fheuch sí ar Lonán, agus ba dhóich leat go sádhfadh sí é le n-a súilibh. An mhuintir a bhí láithreach an uair sin agus do chonaic a h-aghaidh agus í ag feuchaint ar Lonán, ní miste a rádh ná go bhfeacadar a diabhal coímhdeachta má chonaic aoinne riamh é.
“Do dhíolais mé!” ar sise le Lonán.
“Cad é an brígh atá leis an obair seo?” arsa Brian, agus d’fheuch sé ó dhuine go duine d’á raibh láithreach.
“Tá, a Árdrígh,” arsa Murchadh, “go bhfuil oiread nímhe sa méid bídh atá ar na trí miasaibh beaga san agus mharbhóch’ trí naonbhúir, ní áirighim triúr.”
D’fheuch Brian ar Lonán.
“Cad chuige dhuit a leithéid sin de ghníomh a dhéanamh?” ar seisean.
“Níor dhein sé ach an rud a dúbhradh leis a dhéanamh,” arsa Murchadh.
“Ní shaorfadh san i n-aon chor é!” arsa Brian.
“Osgail do bhéal agus inis an fhírinne do’n Árdrígh,” arsa Murchadh le Gormfhlaith.
“Osgail-se féin do bhéal,” arsa Gormfhlaith, “agus inis an sgéal go léir dó. Is dóich liom gur tu is fearr eólus air.”
“Cad é an ainim atá ort-sa?” arsa Murchadh le Lonán.
“Lonán mac Beathach, a rígh,” arsa Lonán.
“Airiú, an dritháir do Dhonn tu?” arsa Brian.
“Ó! Ó! Ó!” arsa Gormfhlaith.
“Iseadh, a Árdrígh,” arsa Lonán.
“Tar i dtusach an sgéil, a Lonáin,” arsa Murchadh, “agus inis do’n Árdrígh é, tríd síos.”
“Déanfad sgéal gairid dé dhuit, a Árdrígh,” arsa Lonán. “Thánag abhaile anso go h-Éirinn tar éis sgoileana agus coláistí an domhain do shiúbhal, ag cruinniughadh eóluis ar ghearántaibh agus ar thaomaibh an duine, agus ar na leighseanaibh is fearr ortha. Ní rabhas abhfad sa bhaile nuair a chuir mo dhritháir, Donn, nídh am’ chómhairle.
“‘Táthar ar tí an t-Árdrígh do chur chun báis le nimh,’ ar seisean. ‘Tá aireachas maith ’á thabhairt dó,’ ar seisean, ‘ach tá sgannra orainn go léir le h-eagla go bhfaighfí caoi ar an ngníomh a dhéanamh i n-aimhdheóin ár n-aireachais. D’fhéadfá-sa beart a dhéanamh,’ ar seisean, ‘a chuirfeadh an t-Árdrígh ó bhaoghal.’
“‘Cé atá ar a thí?’ arsa mise.
“‘Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus a mac, rígh Lochlanach Átha Cliath.’
“‘Cad é an tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh?’ arsa mise.
“‘Ní sa tairbhthe a dhéanfaidh a bhás dóibh atá an cheist,’ ar seisean, ‘ach sa tairbhthe is dóich leó a dhéanfaidh a bhás dóibh. Tá Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus Sitric ag obair, fé thalamh agus os cionn tailimh, chun geinte críche Lochlan agus críche na h-Ioruaidhe do chruinniughadh agus do thabhairt anso go h-Éirinn chun na nGaedhal do dhísgiughadh agus Éire bheith acu féin, agus Sitric a bheith i n’ Árdrígh ar Éirinn. Dá bhfaghadh Brian bás le linn an chruinnighthe bheith déanta do thuitfeadh, dar leó, cómhacht Bhriain as a chéile. Bhéadh ríghthe Éirean go léir ag marbhughadh a chéile chun teacht ar an Árdrígheacht, agus ba ró fhuiriste do chómhacht Lochlanach bualadh isteach agus an Árdrígheacht do sgiobadh uatha go léir. Chuige sin,’ ar seisean, ‘tá Gormfhlaith ag faire feuchaint an bhfaghadh sí caoi ar nimh a thabhairt do Bhrian, agus táimíd-ne ag faire uirthi chun gan an chaoi a thabhairt di. Thugamair Niamh, inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go Ceann Cora, chun na faire dhéanamh, ach tá Gormfhlaith ró ghlic do Niamh. D’á éaghmais sin ní réidhtighean faireachán de’n tsórd san le meón ná le h-aigne Niamh. Thugamair fé ndeara go raibh a sláinte ag imtheacht uaithi sa n-obair. Tá an aigne ró uasal ag Niamh. Do mharbhóchadh faireachán de’n tsórd san í. Díreach nuair a bhíomair i gcás ná raibh fhios againn cad ba mhaith dhúinn a dhéanamh shocaruigh Brian ar dhul ar a chuaird rígh. An fhaid a bheidh sé ar an gcuaird agus Gormfhlaith i gCeann Cora ní’l baoghal air. Ach nuair a bheidh an chuaird tabhartha ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfaimíd.’
“‘Inis an sgéal go léir do Bhrian féin,’ arsa mise.
“‘Ní bhéadh aon mhaith ann,’ ar seisean. ‘Ní chreidfeadh sé go ndéanfadh sí é, agus ansan is amhlaidh a bhéadh an chontabhairt níba mhó.’
“‘Agus cad ’tá agam-sa le déanamh?’ arsa mise.
“‘Éist go cruinn liom,’ ar seisean, ‘agus neósfad duit cad tá agat le déanamh. Ní’l Sitric sásta nuair ná fuil an gnó d’á dhéanamh chómh tapaidh agus ba mhaith leis é. D’á bhfaghadh sé duine a dhéanfadh an gnó níos tapamhla do thabharfadh sé tuarasdal maith dhó as an obair a dhéanamh. Imthigh-se go Baile Átha Cliath, ad’ dhochtúir, mar ’dh eadh. Leig do Shitric tu dh’fhághail amach. Tuigeadh sé uait, i ndiaigh ar ndiaigh, ná fuil aon ghrádh agat do Bhrian. Nuair a thuigfidh sé an méid sin measfaidh sé go ndéanfair-se an gnó. Curfar siar go Ceann Cora thu. Beidh tú ann nuair a thiocfaidh Brian abhaile. Ceapfar tu chun na h-oibre dhéanamh agus geallfar tuarasdal maith dhuit. An fhaid a bheidh an gnó ar do láimh-se ní baoghal go gcurfar ar aon láimh eile an gnó. Luigh isteach chun na h-oibre chómh maith agus dá mbeitheá dáiríribh. Dein gach aon rud díreach mar a déarfar leat é dhéanamh. Tabhair a toil féin do Ghormfhlaith. Dein rud uirthi ins gach aon nídh a chuirfidh sí os do chómhair. Ansan, nuair a thiocfaidh an t-am ceart chuige féadfair sgéidh uirthi.’
“Chuadhas go Baile Átha Cliath. Thuit gach nídh amach díreach mar a mheas Donn a thuitfeadh. Is uathbhásach an bhean í!” ar seisean, agus d’ fheuch sé anonn ar Ghormfhlaith, mar fheuchfadh duine ar éan éigin neamh-choitchianta, nó ar bheithigheach neamh-choitchianta.
D’fheuch sise air, idir an dá shúil.
“Ní foláir a dh’ admháil,” ar sise, “gur dheinis do ghnó go maith. Bhuailis bob ar Shitric, agus bhuailis bob ar fhear atá níos géire go mór ’ná Sitric. Bhuailis bob ar Amhlaoibh. Mura mbéadh san ní bhuailfeá an bob orm-sa mar a bhuailis. Is ábalta an buachail tu,” ar sise. “Tháinig amhras am’ aigne cúpla uair go mb’ fhéidir go rabhais am’ mhealladh, ach chuiris m’ aigne chun suaimhnis gach uair acu le d’ shímplidheacht. Ó, is sleamhain an bioránach tu! Is truagh nách ag triall orm féin a tháinís ar dtúis! Ach nuair a tháinís chúgham ó’n mbeirt sin cad fhéadfainn a rádh! Cad é an díobháil dom ach Amhlaoibh.”
“Cé h-é Amhlaoibh?” arsa Brian.
Chrom gach aoinne a cheann.
“Nách é sin an t-ógánach úd a thagadh anso aníos ó Inis Cathaigh i n-aonfheacht le mac Thaidhg Mhóir uí Chealla?” arsa Brian.
Níor labhair aoinne, ach do las gnúis Mhurchadh.
“Ná neósfaidh aoinne dhom cé h-é an t-óganach úd?” arsa Brian.
“Ní’l ach aoinne amháin anso a dh’fhéadfadh an cheist sin do fhreagairt duit, a athair,” arsa Murchadh, agus do labhair sé go h-ana íseal.
D’eirigh Brian ó’n mbórd agus d’ imthigh sé amach gan feuchaint ar Ghormfhlaith.
“Coimeádtar ’n-a prísúnach í,” arsa Murchadh le Dúlainn, agus d’imthigh sé amach i ndiaigh an Árdrígh.
“Tá cárbat na h-Árdríghna féin ollamh amuich chun bóthair,” arsa Lonán. “Bhíomair chun imtheacht ar cos-anáirde go Baile Átha Cliath,” ar seisean, “chómh luath agus bhéadh an gníomh déanta,” agus chuir sé gáire as.
“Imthigh amach agus inis an méid sin do Mhurchadh,” arsa Dúlainn. “Tabharfad-sa aire dhi seo.”
D’imthigh Lonán amach. Bhí Brian agus Murchadh amuich agus iad ag siúbhal síos agus suas agus Brian ag caint. D’ airigh sé an t-aon fhocal amháin ó Bhrian.
“Ní mac d’ Amhlaoibh é. Tuigim an sgéal go léir anois.”
Chonaic sé Lonán ag teacht ’n-a dtreó.
“A Lonáin, a mhic ó,” ar seisean, “tá comaoine mhór curtha agat orm! Chuiris t’anam féin i gcontabhairt ar mo shon.”
“Is suarach le rádh m’anam-sa seachas t’anam-sa anois, a Árdrígh,” arsa Lonán. “Ach a leithéid seo, a rígh,” ar seisean le Murchadh. “Tá cárbat na h-Árdríghna ollamh chun bóthair. Bhí socair aici ar dhul láithreach go h-Áth Cliath agus ar mise bhreith léi. Do crochfaí mé chómh luath agus bhéinn thíos dá mbéadh an sgéal aici mar a mheas sí a bhéadh sé. Siné tuarasdal a gheóbhainn uatha,” agus chuir sé gáire as.
“Tá san go maith! Tá san go h-ana mhaith!” arsa Brian. “Ní’l aon phioc d’á fhios ag aoinne cad ’tá tuitithe amach. Cuir isteach sa chárbat í, a Mhurchadh, agus cuir buidhean fear léi síos go Baile Átha Cliath, agus fágtar thíos í.”
D’imthigh Brian isteach ’n-a sheómra féin, agus d’imthigh Murchadh agus Lonán chun an ruda a dh’ órduigh sé do dhéanamh. Thánadar isteach mar a raibh Dúlainn agus Gormfhlaith, agus an gaidhrín marbh.
“Tuigim go bhfuilir ag dul go h-Áth Cliath, a Árdrígan,” arsa Murchadh. “Tá do chárbat féin ollamh duit.”
D’éirigh sí, gan labhairt, agus bhuail sí amach i n-aonfheacht leis. Tháinig Lonán i n-aonfheacht leis an mbeirt. Thug sé cogar do Mhurchadh. Thánadar mar a raibh an cárbat, gabhtha, ollamh chun bóthair.
“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áth Cliath, a ghiolla,” arsa Murchadh leis an ngiolla. “Tabhair aire mhaith dos na capailibh.”
D’fheuch Murchadh isteach sa chárbat. Chonaic sé bosca beag deas istigh ann. Thóg sé amach an bosca.
D’fheuch Gormfhlaith air. D’fheuch seisean uirthi. Níor labhair aoinne acu.
Do ghluais an cárbat.