Duine b’eadh rígh Laighean nár chuir aoinne puínn suime i n-aon rud a dhéanfadh sé ná i n-aon nídh a déarfadh sé. Fear baoth ab eadh é. Mheas sé féin ná raibh duine ar bith dob’ fhearr ciall agus tuisgint ’ná é, ach níor bh’é sin meas daoine eile air. Bhí sé ollamh i gcómhnuighe chun daoine eile do chómhairliughadh. Do leigeadh daoine ortha go nglacfaidís an chómhairle, ach ní ghlacaidís. Thugadh sé a aigne do gach aoinne agus ní thugadh aoinne a aigne dhó-san. Dá dtugaidís ní choimeádfadh sé rún. Bhí sé ar thaobh na Lochlanach i gcath Ghleanna Mháma agus bhí sé amuich air gur mar gheall ar chómhairle éigin a thug sé dhóibh a chuaidh an lá n-a gcoinnibh. Tar éis an chatha bhí Murchadh agus Dúlainn Óg ag gabháil tímpal ag feuchaint i ndiaigh na bhfear ngunta. Chonacadar crann agus poll dreóite ann agus a lár folamh. Bhí dhá chois duine amach as an bpoll. Do rug Murchadh ar an dá chois agus tharaing sé an duine amach a’ poll an chrainn. Cé bhéadh aige ach Maolmórdha! Dhein Murchadh agus Dúlainn gáirí a ndóthin nuair a chonacadar cé bhí acu. Do deineadh rígh ar Laighnibh ’n-a dhiaigh san dé tré chómhairle Ghormfhlaith agus Shitric.
Níor thug Gormfhlaith ná Sitric ná Amhlaoibh fios ná eólus dó ar an uisge-fé-thalamh a bhí ar siúbhal acu i gcoinnibh Bhriain agus Mhurchadh. Ní fhéadfaidís é. Do sgoilfeadh air nó do leigfeadh sé amach é. Do leigeadar dó go dtí go raibh gach aon nídh ollamh acu i gcóir an chogaidh. Theastuigh uatha ansan é féin agus slóighte Laighean a bheith ar a dtaobh féin, i gcoinnibh Bhriain, sa chogadh. Chuige sin iseadh chuir Gormfhlaith an fhearg air nuair a chuaidh sé go Ceann Cora leis na crannaibh. Dhein sí an gnó go feilimionta. Tháinig sé go Ceann Cora an uair sin agus gan idir é agus Brian ach an caradas ba threise agus ba dhílse. D’fhág sé Ceann Cora agus gan ’n-a chroídhe do Bhrian ach fuath agus fíoch agus fearg, agus a chroídhe d’á losgadh ag an bhfocal úd a chuir Gormfhlaith isteach ’n-a chluais, é bheith ’n-a “bheithigheach iompair ag Brian!” Bhí sé lán cheapaithe ar dhul, gan stad gan ríghneas, ag triall ar Shitric agus ar a dh’innsint dó cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, agus ar a iaraidh air cabhrughadh leis chun an tarcuisne do dhíoghalt ar Bhrian agus ar Mhurchadh agus ortha go léir.
Nuair a bhí san mar sin bhí a h-aidhm féin curtha chun cinn go h-áluinn ag Gormfhlaith. Bhí rígh Laighean gabhtha isteach go daingean aici ar a taobh féin, sa chogadh a bhí ag teacht, agus ní raibh aon phioc d’á fhios ag rígh Laighean ná gur bh’é a ghnó féin a bhí aige d’á dhéanamh; ná gur bh’é a fhuath féin agus a mhiosgais féin a bhí aige d’á shásamh i gcoinnibh Bhriain. Bhí gnó Ghormfhlaith aige d’á dhéanamh chun a toile go h-iomlán agus ní raibh aon bhaoghal go leigfeadh sé amach aon rún, mar níor tugadh dó aon rún.
Sar a raibh uain ag Maolmórdha ar bheith sa bhaile ó Cheann Cora bhí teachtaire Ghormfhlaith i mBaile Átha Cliath ’ghá innsint do Shitric cad a bhí déanta. Chómh luath agus do shrois Maolmórdha an baile siúd isteach go Baile Átha Cliath é ’ghá innsint do Shitric cad d’ imthigh air i gCeann Cora agus ’ghá iaraidh air a pháirt do ghabháil i gcoinnibh Bhriain.
“Geóbhad, a rígh,” arsa Sitric, “do pháirt i gcoinnibh Bhriain, agus ní mise amháin a gheóbhaidh do pháirt ’n-a choinnibh. Geóbhaidh rígh Lochlan do pháirt ’n-a choinnibh. Agus geóbhaidh rígh na h-Ioruaidhe do pháirt ’n-a choinnibh. Agus geóbhaid ríghthe nách iad do pháirt ’n-a choinnibh. Comáinfead teachtairí láithreach ag triall ortha ’ghá iaraidh ortha teacht anso go cuan Bhaile Átha Cliath chómh luath i n-Éirinn agus is féidir é, chun do pháirt-se ghabháil, agus díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar a chlainn mar gheall ar a bhfuil d’ olc déanta acu ar chlannaibh Lochlan le fada bhliantaibh. Imthigh-se abhaile, a rígh,” ar seisean, “agus cruinnigh do neart agus cuir thu féin i dtreó, agus bí anso le d’ shlóightibh nuair a thiocfaidh an neart iasachta.”
D’imthigh rígh Laighean abhaile agus dhírigh sé ar a shlóighte do chruinniughadh agus do ghleusadh. D’inis sé do gach aoinne cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, conus mar a caitheadh Gleann Mháma ins na súilibh air féin agus ar Laighneachaibh, agus conus mar adúbhairt Murchadh, mac Bhriain, leis féin agus leis na Laighneachaibh gan aon dá chuid a dhéanamh d’á ndícheal.
Do chealg an chaint sin na Laighneacha, agus dúbhradar go mbéadh lá eile acu féin agus go ndíolfadh Brian agus Murchadh, agus Clann Chais go léir, a’ Gleann Mháma. Bhíodar ag dhéanamh na h-oibre a bhí geártha amach dóibh ag Gormfhlaith, agus ní raibh aon phioc d’á fhios acu gur bh’ í sin obair a bhí acu ’á dhéanamh. Ba dhoimhinn agus ba ghasta agus ba dhroch aigeanta an bhean Gormfhlaith, agus dob’ ábalta an bhean í. Ach bhí cluiche bháis a’s bheatha aici d’á imirt le daoinibh a bhí beagán ró dhoimhinn di, agus ró ghasta dhi, agus ró ábalta dhi. Do thuigeadar an cluiche a bhí aici d’á imirt agus do sgaoileadar léi. Bhí bob aici d’á bhualadh ar rígh Laighean agus ar na Laighneachaibh, agus ní raibh aon phioc d’á fhios aici go raibh a chothrom, agus breis, de bhob d á bhualadh, i láthair na h-uaire céadna, uirthi féin.