Nuair a bhí an t-eólus san go léir fághalta ag Brian agus ag Murchadh, ó Chaoilte, do labhair Brian.
“Dúbhraís dhá uair nó trí, a Dhuinn,” arsa Brian, “gur daoine anso i n-Éirinn atá ag séideadh fé mhuintir na ndúthaí iasachta so go léir agus ’á ngríosadh i n-ár n-aghaidh. B’fhéidir go bhfuil obair de’n tsórd san ar siúbhal. Má tá ní h-uatha féin atá na daoine sin, anso i n-Éirinn, ag déanamh na h-oibre sin. Tá cómhachta atá níos treise ’ná cómhachta daona, ag oibriughadh ag bun-phréimh na h-oibre go léir. Cómhachta ifrinn isiad atá ’ghá n-oibriughadh féin i n-ár gcoinnibh, i gcoinnibh an Chreidimh atá istigh i n-ár gcroídhe. Táid cómhachta ifrinn ag spriocadh agus ag gríosadh na ndroch dhaoine atá anso i n-Éirinn againn, chun na smaointe úd do chur isteach i n-aigne ár namhad, agus tá cómhachta ifrinn, ar an gcuma gcéadna, ag spriocadh agus ag gríosadh ár namhad, ins na tíorthaibh sin go léir a shiúbhluighis, chun na smaointe sin do ghlacadh agus beart a dhéanamh d’á réir. Tá cómhacht is treise ’ná cómhacht dhaona i n-ár gcoinnibh. Ní foláir dúinne, d’á bhrígh sin, cómhacht is treise ’ná comhacht dhaona do bheith ag cabhrughadh linn sa ghleic seo atá ag teacht orainn. Ba mhaith liom bheith ag caint le m’ anamchara.”
Do tugadh chuige Maolshuathain. Dheineadar an chaint. Ansan dúbhairt Brian le Maolshuathain teachtaireacht do chur mór-thímpal ag triall ar chléir na h-Éirean, ’ghá órdúghadh guidhe na n-easbog agus guidhe na sagart agus guidhe na bpobal do bheith ag dul suas chun Dé coitchianta, as san amach, ’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille agus naomh Éirean go léir, an Creideamh agus sliocht Gaedhal do thabhairt saor as an ngleic uathbhásach a bhí ag teacht ortha.
“Tá an nídh sin d’á dhéanamh cheana, a Árdrígh,” arsa Maolshuathain. “Tá sé ’á dhéanamh ar fuid na h-Éirean ins gach áit ’n-a bhfuil sagart agus pobul, agus Aifrean d’á rádh, agus tá sé ’á dhéanamh ins gach mainistir agus ins gach conbhint ban riaghalta. Ach cuirfead an teachtaireacht tímpal, mar sin féin. B’fhéidir gur déine-de a déanfar an guidhe an teachtaireacht do chur tímpal uait-se, a Árdrígh. Ní fhéadfaidh an guidhe bheith ró dhian.”
“Ní fhéadfaidh,” arsa Brian, “ná chómh dian agus ba mhaith é bheith. Ba mhaith liom, thar gach nídh eile, go mbéadh Naomh Ídhbirt an Aifrinn d’á dhéanamh coitchianta ar an íntinn chéadna.”
“Curfar san sa teachtaireacht, a Árdrígh,” arsa Maolshuathain.
Do cuireadh an teachtaireacht san mór-thímpal na h-Éirean.
An fhaid a bhí an chaint sin ar siúbhal idir Bhrian agus Maolshuathain bhí aos óg an bhaile imthighthe amach, gach bóthar agus gach cómhngar, soir an treó ’n-a raibh rígh Laighean agus a chualacht ag teacht, chun go bhfeicfidís an rígh, agus na h-uaisle iasachta, agus na crainn mhóra. Fé dheire do chonacadar an rígh agus chonacadar na h-uaisle iasachta agus chonacadar na crainn. Bhí fiche fear, deichniúbhar ar gach taobh, fé gach crann acu. Bhíodar ag siúbhal go breagh réidh. D’iompuigh an t-aos óg leó siar agus thánadar go Ceann Cora. Tháinig Brian amach agus chuir sé fáilte roim rígh Laighean. Do leigeadh na crainn anuas ar an bpáirc bhreagh ghlas a bhí amach ó’n ríghtheighlach. Do rugadh na fir isteach agus do cuireadh gach cóir ortha. Ansan d’imthigh na fir abhaile agus d’ fhan an rígh i bhfochair Bhriain chun raint laethanta chaitheamh ag caint agus ag cómhluadar leis. Tháinig sé mar a raibh an Árdrígan, a dhrifiúr.
“Seó, a Ghormfhlaith,” ar seisean, “do chailleas an cnaipe óir a bhí sa bhrat so agam. Feuch a’ bhféadfá cnaipe do chur ann dom.”
“Conus a chaillis an cnaipe?” ar sise.
“Nuair a bhíomair ag teacht leis na trí crannaibh,” ar seisean, “bhí muintir Uíbh Fáilge fé chrann acu agus muintir Uíbh Faoláin fé chrann eile agus muintir Mhuireadhaigh fé’n dtrímhadh crann. Bhíomair ag teacht tré Shliabh an Bhogaig. Níor bh’fhéidir dos na trí buidhnibh gluaiseacht i n-aonfheacht. Níor bh’fholáir dóibh gluaiseacht i ndiaigh ’chéile. D’ eirigh eatartha feuchaint cé’cu buidhean a bhéadh ar tusach. Bhí fearg ag teacht ortha. Ní ghéillfeadh aon bhuidhean acu do bhuidhean eile. Shíleas go mbéadh sé ’n-a bhruidhin chaorthainn eatartha. Níor dheineas féin ach túirliocan de m’ chapal agus dul agus mo ghuala chur fé’n gcrann a bhí ag muintir Uíbh Faoláin. Nuair a chonaic an dá bhuidhin eile an méid sin tharaingeadar siar agus bhí an tsíthcháin againn. Nuair a tháinig meághchaint an chrainn ar mo ghualainn do sgeinn an cnaipe as an mbrat agus do chailleas é.”
Bhí Gormfhlaith ag éisteacht leis agus ag feuchaint air an fhaid a bhí sé ag caint. Nuair a stad sé níor dhein sí ach an brat do chaitheamh sa teine. Do las an brat agus do loisgeadh ’n-a luaithrigh é os cómhair na beirte agus iad ag feuchaint air. Brat ana dhaor ab eadh é. Níor bh’fhada roimis sin ó thug Brian do rígh Laighean é. Bhí iongnadh agus alltacht ar rígh Laighean nuair a chonaic sé cad a bhí déanta ag Gormfhlaith. Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag eirighe dhi. Níor fhág sí abhfad gan eólus é. Do sheasaimh sí ar a aghaidh amach agus a gnúis áluinn ar lasadh le buile feirge, agus a dhá súil, agus ba bhreagh an dá shúil iad, ag taithneamh le solus éigin nár bh’ fhóghanta. Do chaoluigh na fabhraí anuas ortha agus do dhoirchigh a h-aghaidh, fé mar a thiocfadh sgamal ar an ngréin, agus dubhairt sí, tré n-a fiacalaibh, i gcogar nách mór:--
“A rádh gur rug sé am’ beathaigh orm mo dhritháir a bheith n-a bheithigheach iompair ag Brian!”
Nuair a dúbhairt sí an focal san d’iompuigh sí uaidh agus do ghluais sí ag rástáil síos agus suas an seómra. Do leath a dhá shúil air-sean, agus ní fheidir sé cad ba mhaith dó a rádh. D’iompuigh sí airís air sar a raibh uain aige ar phuínn machtnaimh a dhéanamh.
“Ní ró fhada,” ar sise, “go mbheidh sé ’n-a bheithigheach iompair ag Murchadh, leis! Ansan iseadh a bainfear obair as an mbeithigheach. Ansan iseadh a curfar an t-ualach air, agus má chuirean sé stailc suas ní bheidh ach an bata thabhairt dó!”
“Tá an éagcóir agat, a bhean!” ar seisean. “Ná tabhair a thuille de’n chaint sin dómh-sa mar ní glacfar uait í. Níor dheineas aon rud ach an rud ba cheart do Chríostaidhe a dhéanamh chun daoine gan chiall do choimeád ó n-a chéile mharbhughadh. ’A’m beithigheach iompair ag Brian’! Is ró maith an bhail ort nách fear thu! Dá mb’ eadh ní déarfá an chaint sin. Dá n-abarthá ní déarfá an tarna h-uair í!”
Do stad sí airís ar a aghaidh amach agus do chaoluigh na súile i dtreó gur bheag ná go rabhdar dúnta.
“Ní déarfainn,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Ní gádh dhom an chaint do rádh anois. Déarfaidh daoine nách mé í. Déarfaidh muintir Uíbh Faoláin í, ag maoidheamh as an gcuma ’n-a bhfuaradar tusach ar an dá mhuintir eile. Déarfaidh an dá muintir eile í ag gearán ar an éagcóir a deineadh ortha. Raghaidh an chaint ó bhéal go béal ar fuid na h-Éirean. Raghaidh an chaint ó shliocht go sliocht an fhaid a bheidh sliocht Gaedhal beó; ‘Dhein rígh Laighean beithigheach iompair dé féin do Bhrian.’ Conus a chuirfir-se fhiachaibh ar na daoine gan an focal do rádh an tarna h-uair! Mairfidh an focal, a rígh, an fhaid a mhairfir-se, an fhaid a mhairfidh aoinne de d’ shliocht i n-Éirinn. Cad ’déarfaid Laighnigh feasta nuair a caithfear ins na súilibh ortha go bhfuil an rígh atá ortha n-a bheithigheach iompair ag Brian!”
An túisge ’n-a raibh an méid sin as a béal aici bhí sí imthighthe amach dorus a bhí i n-iachtar an tseómra agus an dorus dúnta ’n-a diaigh aici agus an eochair casta sa ghlas aici.
D’fhág sí ansúd n-a sheasamh é agus a mheabhair bainte dhé nách mór. D’fhan sé ar feadh abhfad gan aon chor a chur dé. Fé dheire bhuail sé amach. Chuir sé an dínnéar agus an tráthnóna dhé gan puínn cainte dhéanamh le h-aoinne. Nuair a bhí an dínnéar caithte agus an chuideachta sgaipithe bhuail sé isteach i seómra n-a raibh uaisle ag imirt fichille ann. Bhí Murchadh agus Conáing, beirt de mhacaibh Bhriain, ag imirt chluiche, agus iad ’á ímirt go dian. Bhí rígh Laighean ’n-a sheasamh os a gcionn ag feuchaint ar an gcluiche. Thug sé fé ndeara dá n-aistirigheadh Conáing fear áirighthe go mbuadhfadh sé an cluiche. Thug sé cómhartha éigin do Chonáing. Do dhein Conáing an t-aistiriughadh agus do bhuaidh sé an cluiche.
Bhí fhios ag Murchadh gur thug rígh Laighean an cómhartha uaidh.
“Is fearr an chómhairle a thugais do Chonáing anois, a rígh,” arsa Murchadh leis, “’ná an chómhairle thugais dos na Lochlanaigh roim chath Ghleanna Mháma. Do buadhadh ortha mar gheall ar an gcómhairle úd a thugais-se dhóibh.”
“Tabharfad cómhairle a bheidh níos fearr ’ná an chómhairle sin dóibh lá eile,” arsa rígh Laighean.
“Má ’seadh,” arsa Murchadh, “ná dein aon dearmhad de chrann a bheidh folamh ’n-a lár a bheith i n-aice na h-áite agat chun dul i bhfolach ann, fé mar a chuadhais sa chrann i nGleann Mháma. Agus bíodh an poll mór a dhóthin i dtreó go bhféadfair do chosa tharang isteach. Mura mbéadh do chosa bheith lasmuich de’n pholl a bhí sa chrann úd i nGleann Mháma ní fheicfinn tú ann i n-aon chor.”
D’iompuigh rígh Laighean agus do rith sé an dorus amach.
“Ó, a Mhurchadh,” arsa Conáing, “tá cathughadh orm nár leigeas orm nár thuigeas an cómhartha! Tá fearg air. Beidh an t-Árdrígh ar buile chúghainn mar gheall air.”
“Ná féadfadh sé é féin d’iompar!” arsa Murchadh.
“Is truagh mar a thráchtais i n-aon chor ar an gcrann!” arsa Conáing.
“Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin, a Chonáing,” arsa Murchadh, “dhéanfá an gháire sin dá bhfeicfeá é nuair a rugas ar dhá chois air agus tharaingeas amach a’ poll an chrainn é. Ní raibh aon choinne i n-aon chor agam gur bh’é a bhí agam go dtí go raibh sé taraingthe amach agam. Tá sé riamh ag gabháil páirt na Lochlanach a gan fhios. Gabhadh sé a bpáirt os cómhair an tsaoghail agus ní déarfad focal leis! Ach ’ghá leigint air go bhfuil sé dílis dúinn agus ansan ag déanamh an fhill orainn!”
Ní fheacadar rígh Laighean an chuid eile de’n oídhche. D’imthigh sé roim lá agus thug sé aghaidh soir abhaile. Nuair a tháinig an mhaidion do fuaradh go raibh sé imthighthe. Do h-innseadh do Bhrian an rud a thuit amach i dtaobh an chluiche. Chomáin Brian teachtaire i ndiaigh rígh Laighean ’ghá iaraidh air casadh agus go ndéanfaí leórghníomh sa n-easonóir a tugadh dó. Go raibh tabharthaisí ag Brian le bronnadh air mar gheall ar na crainn a thabhairt chuige.
Tháinig an teachtaire suas leis. Thug sé a theachtaireacht dó. Bhí bata ’n-a láimh ag rígh Laighean. Níor dhein sé ach cúpla buille de’n bhata thabhairt sa cheann do theachtaire an Árdrígh, agus comáint leis soir. Ar ghuaillibh fear a tugadh abhaile an teachtaire. Nuair a chonaic muintir ríghtheighlaigh Bhriain an cor a bhí ar an dteachtaire d’iaradar ar Bhrian leigint dóibh rígh Laighean do leanmhaint agus é thabhairt thar n-ais ’n-a phrísúnach. Ní thoileóch’ Brian chuige sin.
“Is do rígh Laighean a tugadh an easonóir ar dtúis,” arsa Brian. “Leigtear dó imtheacht slán abhaile. Ansan raighmíd soir agus bainfimíd sásamh dé ag dorus a thíghe féin.”
Chómh luath agus a fuair Gormfhlaith go raibh rígh Laighean imthighthe i bhfeirg agus go raibh an easonóir tabhartha aige do theachtaire Bhriain, bhí fhios aici go raibh sé n-a chogadh dhearg eatartha. Sin a raibh uaithi. Chomáin sí teachtaire go Baile Átha Cliath ag triall ar Shitric agus ar Amhlaoibh ’ghá innsint dóibh cad a bhí tuitithe amach.
“Anois an t-am agaibh!” ar sise. “Tagadh bhúr neart go léir chómh tapaidh agus is féidir é. Beidh an gnó eile déanta agam-sa agus ag Lonán sar a mbeidh bhúr neart cruinnighthe, tagaithe.”