Bhí cómhacht Bhriain ag méadughadh agus ag neartughadh agus ag leathadh go dtí go raibh sé ’n-a rígh ar leath na h-Éirean, ar Leath Mhogha, ar an leath theas de’n oileán. Ní gan mórán trioblóide agus mórán cogaidh a chuir sé an méid sin de thír na h-Éirean fé smacht a láimhe. Bhí a dhritháir, Mathúin mac Cinéide, ’n-a rígh ar an Múmhain roimis. Rígh cródha, cómhachtach, mór-aigeanta ab eadh an Mathúin sin. Chonaic ríghthe agus tighearnaí eile na Múmhan go raibh Dál gCais agus clann Chinéide ag dul i neartmhaire, agus tháinig éad agus eagla ortha.
Chonaic Lochlanaigh na Múmhan, leis, mura gcurfaí cosg éigin leis an mbeirt drithár, le Mathúin agus le Brian, ná fágfaidís Lochlanach beó sa Mhumhain. Dheineadar eatartha, na Lochlanaigh agus na h-Éireanaigh n-a raibh an t-eagal ortha, feall grána ar Mhathúin. Mharbhuighdar é i n-áit ar a dtugtí Bealach Leachta. Deir cuid de’n tseanachus gur i n-aice Mághchromtha atá an áit. Tá cloch mhór, i bhfuirm goláin, ’n-a seasamh ar bhruach an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite ’n-a dtagan an Leamhain isteach sa tSolán, agus do réir gach deabhraimh tá an chloch san ’n-a seasamh ar uaigh Mhathúna mhic Cinéide, rígh Múmhan.
B’fhearra go mór, ámhthach, do lucht an éada agus an eagla ná déanfaidís an gníomh san. Íomhar, rígh Lochlanach Luimnighe, agus Maolmuaidh, rígh Deasmúmhan, agus Donabhán, rígh Figheinte, isiad a dhein an gníomh. Do las fearg Bhriain nuair a fuair sé cad a bhí déanta. Do chruinnigh sé a neart. Siné an uair a sgrios sé na Lochlanaigh a’ Luimneach agus a’ h-Inis Cathaigh. Do bhris sé cath ar Dhonabhán agus mhairbh sé é. Do lean sé Maolmuaidh go Bealach Leachta, an áit ’n-ar marbhuigheadh Mathúin. Bhí Maolmuaidh ann agus sluagh líonmhar, láidir aige, de Ghaedhlaibh agus de Lochlanachaibh. Do bhuaidh Brian ortha, agus do thuit Maolmuaidh sa chath. Deir an seanachus go raibh Murchadh, mac Bhriain, sa chath san agus gan é ach chuig bhliana déag, agus gur le n-a láimh a thuit Maolmuaidh.
Nuair airigh Dómhnall ua Faoláin, rígh na nDéiseach, cad a bhí imthighthe ar Mhaolmuaidh agus ar a shluagh, d’eirigh sé agus chruinnigh sé slóighthe a thíre go léir, agus tháinig Lochlanaigh Phortláirge ag cabhrughadh leis. Siúd chúcha Brian. Do bhris sé cath fuilteach ortha i n-áit ar a dtugtí Fán Chonradh. Do theitheadar, idir Ghaedhil agus Lochlanaigh, isteach go Portláirge. Do lean Brian iad agus dhein sé éirleach ortha agus do loisg sé an chathair. Do thuit Dómhnall sa n-éirleach.
Bhí an Mhúmhain fé smacht Bhriain ansan. Níor ghéill a namhaid go léir dó, ámhthach. Bhí fhios acu ná géillfeadh Cúige Laighean go ró bhog dó. D’imthighdar óthuaidh. D’ eirigh na Laighnigh leó. Do cruinnigheadh sluagh ana mhór, Lochlanaigh agus Éireanaigh ó’n Múmhain, agus Lochlanaigh ó Áth Cliath, agus iomláine cómhachta na Laighneach, idir Lochlanaigh agus Éireanaigh. Cheapadar, anois nó riamh, go gcuirfidís neart Bhriain ar neamhnídh. Thuig na h-Éireanaigh a bhí ann go ndéanfaidís díoltas ar Bhrian agus ar Chlainn Chais fé dheire thiar thall. Thuig na Lochlanaigh dá mbéadh Brian agus Clann Chais ar neamhnídh nár ró fhada go mbéadh Luimneach, agus Inis Cathaigh, agus an Mhúmhain, agus b’fhéidir Éire go léir, acu féin airís. Níor thug Brian puínn aimsire dhóibh chun machtnaimh a dhéanamh. Siúd chúcha isteach i gCúige Laighean é féin agus a shluagh. Ar Gleann Mháma iseadh tháinig sé suas leó. Siúd chun a chéile an dá shluagh go fíochmhar agus go malluighthe. Do throid na Laighnigh agus na Lochlanaigh agus a lucht cabhartha go léir, go cródha agus go seasamhach, an fear ag tuitim agus fear eile i n’ inead láithreach, gan staonadh gan géilleadh, gan suim i mbás ná i mbeatha. Níor bh’ aon mhaith dhóibh é. Do bhrúigh Brian agus Murchadh agus Clann Chais isteach tré n-a lár. Do leagadh agus do marbhuigheadh iad ’n-a srathanaibh. Fé dheire do ruagadh chun siúbhail an méid nár leagadh dhíobh. Do leanadh iad ins gach treó baill ’n-ar theitheadar. Do cuireadh an mhór-shluagh ar neamhnídh glan. Do thuit sa chath san chúig mhíle fear de Lochlanachaibh agus de Laighneachaibh.
D’fhág san Leath Mhogha ar fad fé smacht Bhriain, agus thug sé le tuisgint go soiléir dos na Lochlanaigh ná raibh aon bhreith acu go deó airís ar oileán na h-Éirean do thabhairt fé n-a smacht. Ansan iseadh bhí ríghthe agus uaisle agus tighearnaí tíre ag teacht as gach áird go Ceann Cora ag tabhairt cíosa agus tabharthaistí agus bronntanas ag triall ar Bhrian agus ag snadhmadh caradais leis.
Cuid des na h-uaislibh sin iseadh bhí tagaithe ann an oídhche a bhí an bheirt bhuachailí ó mhainistir Ínse Cathaigh ann. Chuir an mhuintir a tháinig aithne láithreach ar Thadhg Óg ua Chealla. Níor fhéad aoinne puínn aithne chur ar an mbuachail eile, ar Amhlaoibh. Ní raibh fhios acu cé r’ bh’ é ná cé ’ra díobh é, ach gur bh’ ógánach uasal é a tháinig anall ó chrích Lochlan go mainistir Ínse Cathaigh ag déanamh foghluma. Do caitheadh an oídhche go suairc agus bíodh ná raibh aon aithne cheart ar an Lochlanach óg bhí gach aoinne ag déanamh cúraim dé agus ag taisbeáint báighe dó, díreach fé mar ba mhaith leó a chur i n-iúil dó, dá mba Lochlanach féin é ná raibh aon dothal acu roimis.
Tá an tréith sin sa n-Éireanach fós, go láidir. Má bhímíd muinteartha le duine iasachta is minic gur mó go mór a thaisbeánaimíd ár muintearthas dó ’ná mar a thaisbeánaimíd é d’ ár nduine féin. Chonac go minic a leithéid.
Tháinig an mhaidion. Bhí na h-uaisle a tháinig ag dul abhaile. Má thugadar tabharthaistí leó ag triall ar Bhrian do thug Brian tabharthaistí móra maithe dhóibh nuair a bhíodar ag imtheacht. Bhí brígh leis na tabharthaistíbh sin, ámhthach. An priúnsa do ghlac tabharthas mar sin ó Bhrian, d’ admhuigh sé Brian a bheith ’n-a rígh os a chionn, agus bhí ceangailte air as san amach an admháil sin do sheasamh. Thuigeadar go léir an nídh sin go maith agus ní raibh aon chur ’n-a choinnibh acu. Is amhlaidh a bhí áthas mór ortha fear a bheith os a gcionn a bhéadh ábalta ar iad do smachtughadh dá mba ghádh é.
Tháinig an bheirt bhuachailí abhaile chun na mainistreach agus chun na leabhar agus chun an léighinn.
Bhí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormfhlaith ab ainim do’n tarna mnaoi. Bhí sí ’n-a baintrigh nuair a phós Brian í. Drifiúr ab eadh í do Mhaolmórdha, an rígh a tháinig ar Laighnibh nuair a ghéilleadar do Bhrian. Bhí sí pósta ar dtúis ag rígh de ríghthibh Lochlanach Átha Cliath. Amhlaoibh ab ainim do’n rígh sin. Bhí mac aici leis an Amhlaoibh sin agus Sitric ab ainim do, agus bhí sé ’n-a rígh ar Lochlanaigh Átha Cliath nuair a bhí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.
Do réir gach seanachais d’á mbainean leis an aimsir sin ní raibh an uair sin ar mhnáibh an domhain bean eile a bhí i n-aon ghaor do bheith chómh breagh leis an mnaoi sin. Ach tá nídh eile, leis, le feisgint sa tseanachus. Ní raibh bean ar bith a bhí chómh breagh léi. Ní lúgha ’ná mar a bhí bean ar bith a bhí chómh h-olc léi. Nuair a phós Brian í ní raibh fhios aige cad é an saghas í. Bhí beartuighthe i n’aigne aige, ní h-amháin Gaedhil Éirean do dhlúthughadh le n-a chéile i dtreó gur mhóide a neart é i n-aghaidh namhad iasachta, ach, dá mb’ fhéidir é, na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn do tháthughadh leis na cineachaibh Gaedhlacha, agus aon neart amháin a dhéanamh díobh go léir. Thuig sé gur mhaith an congnamh dó chuige sin máthair an rígh a bhí ar Lochlanaigh Átha Cliath a bheith pósta aige; go dtabharfadh an cleamhnas san páirt disi ’n-a chómhacht féin agus páirt dó féin i gcómhacht a mic. Do neartuigh sé an pháirt sin a bhéadh aige féin i gcómhacht a mic, le cleamhnas eile. Thug sé a inghean féin le pósadh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.
Bhí gaol agus cómhngas achmair go leór ansan idir é agus rígh Laighean agus idir é agus Lochlanaigh Átha Cliath, agus bhí gach aon deabhramh go ndéanfadh aimsir agus foidhne agus faidearaídhe agus deaghchómharsanacht caradas do dhlúthughadh agus do bhuanughadh idir é agus iad go léir, go mór mór ó bhí san agus a mbuac féin ag teacht isteach le n-a chéile. Bhí gach aon deabhramh, leis, dá leanadh an caradas san agus an deagh-chómharsanacht san go sroisfeadh Brian Árdrígheacht na h-Éirean agus go leanfadh sliocht Bhriain i n-Árdrígheacht na h-Éirean, ó ghlúin go glúin, ar feadh mórán aimsire, agus go gcuirfeadh san rath agus séan, go saidhbhir agus go marthanach, ar Éirinn agus ar Chlannaibh Gaedhal, agus ar an gCreideamh i n-Éirinn.
Ach bhí a mhalairt sin ar fad de mhachtnamh i n-aigne na Banríghne, i n-aigne Ghormfhlaith. Ní h-ar Bhrian ná ar a shliocht a bhí sí ag cuimhneamh, i gcóir Árdrígheachta na h-Éirean, sa n-aimsir a bhí le teacht, ach ar a mac féin, ar Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Bhí Brian aosda. Ní raibh, agus a dhícheal a dhéanamh, puínn eile aimsire aige le caitheamh ar an saoghal so. B’fhearr léi í féin a bháth ’ná Murchadh dh’fheisgint i n’ Árdrígh. Níor bh’fholáir, dar léi, rud éigin a dhéanamh a choimeádfadh Murchadh as an Árdrígheacht. Chuir sí an sgéal i gcómhairle a mic. Do socaruigheadh eatartha ar nimh a thabhairt do Bhrian. Dá mbéadh Brian as an slígh do thuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ansan níor ró dheacair di cómhacht na Lochlanach do chruinniughadh agus oileán na h-Éirean do chur fé n-a smacht féin, agus Árdrígh a dhéanamh d’á mac, de Shitric. Bhí an t-uisge-fé-thalamh san ar siúbhal idir Cheann Cora agus Áth Cliath ar feadh abhfad. Bhí sé ar siúbhal, a gan fhios do’n tsaoghal, le linn na h-aimsire ’n-a raibh an bheirt bhuachailí úd ag déanamh a bhfoghluma i mainistir Ínse Cathaigh.