An lá a chuaidh Niamh agus a h-athair siar go h-Uíbh Máine, nó an lá ’n-a dhiaigh, tháinig Caoilte go Ceann Cora, agus níor bh’ fhios an mór de ’n domhan a bhí siúbhalta aige. Chómh luath agus bhí bia caithte aige, agus a thuirse curtha dhé aige, bhí sé féin agus Murchadh agus Brian i seómra fé leith agus é ag tabhairt eóluis dóibh ar a chuardaibh agus ar cad a chonaic sé.
“Anonn go crích Lochlan a chuadhas ar dtúis,” ar seisean, “a ríghthe. Dúbhart liom féin go dtabharfainn fútha pé rud a dh’imtheóch’ orm. Ní fheadar cé ’cu do h-aithnigheadh mé nó nár aithnigheadh. Má aithin aoinne mé níor leig sé air gur aithin sé mé.
“Níor fhágas aon phioc d’á neart gan feuchaint, agus do bhreithnigheas a neart chómh cruinn agus d’fhéadas é bhreithniughadh. Táid na daoine go léir as a meabhair, ba dhóich le duine, le dúil teacht go h-Éirinn agus seilbh a ghlacadh i n-oileán na h-Éirean agus cur fútha ann. Tá sé buailte isteach ’n-a n-aigne go bhfuil an t-oileán so chómh saidhbhir, agus an talamh chómh torthamhail sin ann, nách gádh dos na daoine gur leó é aon obair a dhéanamh ag saothrughadh an tailimh. Chím go soiléir go bhfuil daoine éigin anso i n-Éirinn atá ag séideadh fútha agus ag cur neithe de’n tsórd san isteach ’n-a n-aigne. Pé cúis atá leis ní’l aon mheas i n-aon chor acu ar a dtír féin, agus d’á luathacht a bheid siad tagaithe anall anso i n-aonfheacht iseadh is fearr é, dar leó. Táid na mná agus an chlann chómh mór buile chun teacht agus atáid na fir, nó níos mó. Tá oiread loingeas ollamh acu agus thabharfadh anoir fiche míle fear agus airm agus lón dóibh. Is dóich leó féin go mbeidh deich míle fear acu, agus go dtógfaid na mná agus an chlann suas oiread slíghe agus thógfadh deich míle eile fear.
“Ní mheasaim féin, tar éis na cainte go léir, go bhféadfaid siad deich míle fear do chur le chéile agus do thabhairt anso anoir. Ba mhaith an rud a bhéadh déanta acu dá dtugaidís ocht míle fear leó i dteannta na mban agus na clainne.
“Chuadhas óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe. Tá an obair chéadna ar siúbhal ansan, agus an bhuile chéadna ar na daoine go léir chun imtheacht as a dtír féin agus teacht go h-Éirinn. Ní h-aon iongnadh an dithineas a bheith ortha san chun imthighthe as a dtír féin. Ní’l sa bhaile acu ach beatha chruaidh, agus tuillid siad go cruaidh í. Talamh fuar fiain neamh-thorthamhail atá acu. Tá obair chruaidh acu le déanamh coitchianta, ag casadh leis an dtalamh a shaothrughadh, agus ansan, tar éis na sglábhuigheachta go léir, ní bhíon puínn de bhár a saothair acu. Ní h-aon iongnadh dithineas a bheith ortha chun na tíre dh’fhágáilt agus teacht chun cómhnuighthe i dtír a dhéanfaidh, dar leó, iad do chothughadh díomhaoin. Tá daoine éigin ó Éirinn ag séideadh fútha san, leis, agus ag cur na smaointe sin isteach ’n-a n-aigne. Mura mbéadh go bhfuil ní thiocfadh na smaointe chúcha.”
“An mó míle fear is dóich leat, a Dhuinn, a dh’ fhéadfaidh rígh na h-Ioruaidhe do chur le chéile agus do thabhairt leis, má thagan sé?” arsa Brian.
“Déarfainn, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “go gcuirfidh sé le chéile trí nó ceathair de mhíltibh fear. Tá beirt mhac aige, fir ana chródha. Fé’n mbeirt sin iseadh bheidh an tsluagh. Beidh, is dócha, trí nó ceathair de mhíltibh ban agus leanbh acu i dteannta na bhfear. Is mó an dithineas atá ar mhnáibh na h-Ioruaidhe chun teacht ’ná mar atá ar mhnáibh tíre Lochlan. Tá sé ’n-a n-aigne ná beidh acu le déanamh nuair a thiocfaid siad go h-Éirinn ach bualadh isteach agus suidhe síos. Tá duine éigin, nó daoine éigin, ’ghá gcur amú’, ’ghá gcur ar a n-aimhleas, ag cur an duibh ’n-a gheal ar na daoine bochta.”
“Comáin leat, a Dhuinn,” arsa Brian.
“Chuadhas óthuaidh go h-Ínsíbh Orc, a Árdrígh,” arsa Caoilte. “Chuireas mé féin i riocht file, agus thógas cláirseach liom agus thánag go ríghtheighlach an Iarla Sígurd, Iarla na n-Ínsí sin Orc. Bhí cuideachta le bheith ann. Bhí cuireadh tabhartha ag Sígurd do’n Iarla Gilli, fear atá pósta agá dhrifiúr. Tháinig an t-Iarla Gilli, fear driféur Shíguird. Tháinig a lán eile uaisle ann. Bhí glaodhach ar cheól agus thugas dóibh an ceól. Cé bhuailfeadh chúghainn isteach ach Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Do cuireadh fáilte roimis féin agus roime n-a chualacht. Bhí fear ann a tháinig adtuaidh ó Inis Tuile. Bhí cúntas aige ’á thabhairt ar cad fé ndeara dhó féin agus do raint eile de mhuintir an oileáin sin imtheacht ó’n mbaile. Dheineadar coir throm. D’eirigh idir iad agus duin’uasal fóghanta a bhí ann, agus mheasadar an duin’uasal do chur chun báis. Do theip ortha ar feadh abhfad, mar bhí clann mhac ró chródha aige agus do chosain an chlann mhac é. Fé dheire do fuaradar lom air theighlach an duin’uasail do losgadh, agus do loisgeadar ’n-a mbeathaigh é féin agus a bhean agus a chlann istigh ’n-a dtigh féin. Nial ab ainim do’n duin’uasal. B’éigean do’n mhuintir a dhein an losgadh imtheacht as an oileán. Thánadar, nó tháinig cuid acu, go teighlach Shíguird i n-Inis Orc. Gunar, nó Conchubhar, ab ainim do’n fhear a bhí ag innsint an sgéil. An fhaid a bhí an sgéal ar siúbhal tháinig fear chun an doruis, lasmuich, ach níor thaisbeáin sé é féin. Cairí ab ainim do’n fhear san, agus fear ana chródha iseadh é. Cliamhain iseadh é do’n duin’uasal a loisgeadh, agus ba dhóbair go loisgtí é féin mar bhí sé sa tigh an oídhche do déanadh an losgadh. Bhí sé ar an dtaobh amuich de dhorus ríghtheighlaigh Shíguird an uair sin, agus bhí sé ag éisteacht leis an sgéal. Duine de’n mhuintir a dhein an losgadh ab eadh an fear a bhí ag innsint an sgéil. Bhí an dá Iarla ag an mbórd agus rígh Lochlanach Átha Cliath eatartha, agus iad ag éisteacht leis an sgéal. Bhíos féin ag éisteacht leis an sgéal agus mo chláirseach fé m’ uillinn agam. Do labhair Sitric.
“‘Conus a dh’fhuiling Scraphádinn an teine, a Ghunair?’ ar seisean.
“‘Maith go leór ar dtúis, a rígh,’ arsa Gunar, ‘ach nuair a rug an teas i gceart air do liúigh sé agus do ghoil sé mar a dhéanfadh seana bhean.’
“Air éigin a bhí an méid sin cainte as a bhéal nuair a léim Cairí an dorus isteach agus suas chun na h-áite ’n-a raibh Gunar ’n-a shuidhe i n-aice an bhúird ar aghaidh an rígh agus an dá Iarla amach. Sar a’ raibh fhios ag aoinne cad a bhí ar siúbhal aige do tharaing Cairí a chlaidheamh agus le aon sguab-bhuille amháin do bhain sé an ceann de’n sgéalaídhe. Chuir sé a leithéid sin d’fhuinneamh leis an mbuille gur léim an ceann isteach ar an mbórd, ar aghaidh Shitric agus an dá Iarla amach, agus go raibh an bórd lán d’fhuil, mór-thímpal an chinn, sar a raibh uain ag aoinne ar a thuisgint cad a bhí tuitithe amach. Níor dhein Cairí ach feuchaint ’n-a thímpal agus ansan imtheacht amach. Níor lean aoinne é. Ar ball, nuair a bhí caoi agam air, do chromas ar dhuine a bhí am’ aice do cheistiughadh. Do labhras i gcaint na h-Ioruaidhe.
“‘Cé h-é an rígh sin, Sitric?’ arsa mise.
“‘Ó Éirinn andeas é sin,’ arsa’n duine liom. ‘Isé rígh Lochlanach Átha Cliath é.’
“‘Agus cad a thug anso é?’ arsa mise.
“‘Do réir mar a thuigim,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a tháinig sé ’ghá iaraidh ar an dá Iarla, ar Shígurd agus ar Ghilli, a neart do chur le chéile agus dul leis go h-Éirinn ag cabhrughadh leis sa chogadh so atá le déanamh i gcoinnibh Bhriain.’
“‘Agus cé h-é Brian?’ arsa mise go neamh-thuairimeach.
“‘Ach!’ ar seisean, ‘an amhlaidh nách eól duit cé h-é Brian!’
“‘Agus cé h-é féin asdó?’ arsa mise.
“‘Árdrígh Éirean,’ ar seisean. ‘Mheasas,’ ar seisean, ’ná raibh aoinne beó gan aithne aige ar Bhrian.’
“‘Is dócha,’ arsa mise, ‘gur droch rígh é, treás go bhfuil an cogadh mór so d’á bheartughadh ’n-a choinnibh.’
“‘Ní droch rígh,’ ar seisean. ‘Siné iongnadh an sgéil ar fad. Ní’l rígh eile beó sa domhan atá chómh maith leis. Nuair a déintear feall air maithean sé an feall an chéad uair, agus má dheinean an duine sin feall air an tarna h-uair maithean sé an feall an tarna h-uair. Ansan, má dheinean an duine céadna feall air an trímhadh h-uair tugan sé an cuirptheach suas do’n dlígh. Sin rígh fóghanta agat!’ ar seisean.
“‘Agus cad ’n-a thaobh an cogadh má ’seadh?’ arsa mise.
“‘Ní fheadar an tsaoghal,’ ar seisean, ‘murab amhlaidh atá daoine éigin ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air. Ní bhéidís ag déanamh an fhill an trímhadh h-uair air,’ ar seisean, ‘dá mb’ áil leis iad do chrochadh an chéad uair, nó, an chuid ba lúgha dhé, an tarna h-uair.’
“‘An bhfuil Sígurd ag dul le Sitric?’ arsa mise.
“‘Deir gach aoinne go bhfuil,’ ar seisean, ‘agus Gilli, agus Ospac. Deir gach aoinne,’ ar seisean, ‘nách féidir do Bhrian agus do Ghaedhlaibh seasamh i n-aghaidh na slóighte atá ag cruinniughadh as an uile áird ’n-a gcoinnibh. Go gcurfar clanna Gaedhal go léir chun báis, agus ansan go mbeidh Éire gan chíos ag an muintir a raghaidh ann anois ag déanamh an chogaidh.’”
“An mór an neart is dóich leat a dh’fhéadfaidh Sígurd agus Gilli do thabhairt leó?” arsa Brian.
“Tá mórán loingeas acu, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “agus tá mórán loingeas ag Ospac. Tá taithighe ag an uile shaghas lucht gadaidheachta agus rabála ar theacht ag triall ar Shígurd nuair a bhíon sé ag dul ar chuaird tar faraige. Bíon deimhne acu ar chuid mhaith de’n fhoghail a dh’ fhághail dóibh féin. Is deacair tuairim a thabhairt do’n méid nirt slógh a dh’ fhéadfaidh sé a thabhairt leis.”
“An bhfuil aon tuairim acu,” arsa Murchadh, “do’n neart slógh a bheidh ’n-a gcoinnibh i n-Éirinn?”
“Tá tuairim acu, a rígh,” arsa Caoilte, “nách i n-aisge a gheóbhaid siad seilbh na h-Éirean, ach ní’l aon chuimhneamh acu go bhfuil aon bhaoghal ná go bhfaighid siad an tseilbh. Tá an méid sin curtha ’n-a luighe ar a n-aigne go daingean, agus is ó Éirinn a cuireadh ’n-a luighe ar a n-aigne é.”
“Nách mór an iongnadh nár aithin Sitric thú, a Dhuinn,” arsa Brian.
“Fágaim le h-uadhacht, a Árdrígh,” arsa Caoilte, “gur bainead preab asam nuair a chonac ag teacht isteach é. Ach bhí an cheilt ró mhaith orm. Thugas aire do’n chláirsigh, agus bhí a ghnó féin ag déanamh buartha dhó-san. D’á éagmuis sin ní dóich liom go n-aithneóch’ sé mé dá mba ná béadh aon cheilt orm. Ní ró mhinic a chonaic sé riamh mé, agus níor chuir sé puínn suime riamh ionam.”
“Táimíd go léir fé chomaoine mhór agat, a Dhuinn,” arsa Brian. “Ní’l aon teóra le n-a bhfuil d’eólus tabhartha agat chúghainn, agus eólus tairbhtheach iseadh é. Ní bheimís ollamh i gceart i n-aon chor mura mbéadh a bhfuil d’eólus tabhartha chúghainn agat. Thiocfaidís a gan fhios orainn mura mbéadh tú!”
Um an dtaca ’n-a raibh deire an eóluis tabhartha dhóibh ag Caoilte do ghluais an focal tríd an ríghtheighlach go raibh Maolmórdha, rígh Laighean, ag teacht go Ceann Cora agus cualacht le n-a chois agus na trí crainn mhóra acu ’á thabhairt leó, chun na gcrann-seóil dos na loingeas a bhí le déanamh ar linn Luimníghe.