Niamh · Peter O'Leary

Chapter 38: Fód An Bháis Do Sheasamh

Nuair airigh an chuid eile de chualacht Bhriain Lonán a bheith i gCeann Cora agus an gnó a bhí aige ’á dheanamh ann, bhí iongnadh ortha agus bhíodar ag cíoradh an sgéil go tiugh. Bhídís ’á fhiafraíghe cé r’ bh’é; cá dtáinig sé; conus a fuair sé eólus ann; cé ba bhun leis an bpost san a thabhairt i n-aon chor dó; agus ceisteana de’n tsórd san. Ansan do tháinig amach gur bh’ árd liagh é, agus gur thug sé teistiméireachtaí móra leis ag triall ar an Árdrígan, agus gur thug an Árdrígan an post dó i dtreó go mbéadh liagh chómh mór san eólus agus chómh mor san tuisgint sa ríghtheighlach i gcómhnuighe, chun feuchaint i ndiaigh bídh an ríghtheighlaigh i dtreó go mbéadh an bia foláin i gcómhnuighe, agus chun feuchaint i ndiaigh sláinte na ndaoine sa ríghtheighlach, leis. I ríghtheighlach n-a raibh oiread san daoine ann nár bh’ fhios cad é an neómat, sa lá nó sa n-oídhche, do thiocfadh taom oban ar dhuine éigin de mhuintir an ríghtheighlaigh, agus ansan dá mba ná béadh liagh maith sa n-áit go mb’ fhéidir go bhfaghadh an duine bás sar a mbéadh dochtúir tagaithe ó áit eile, dá mbéadh ar an ndochtúir teacht abhfad.

“Cad dúbhairt Niamh, agus a h-athair, agus Murchadh, leis an ngnó?” a déarfaidh duine éigin, b’fhéidir.

Pé rud adúbradar leis an ngnó is eatartha féin adúbhradar é. Níor leigeadar aon fhocal dé amach ameasg na cod’ eile de’n chualacht. Bhíodar ’á chíoradh agus ’á bhreithniughadh eatartha féin, ámhthach, chómh dian, ní h-eadh ach níba dhéine go mór, ’ná mar a bhí an mhuintir a labhair ’ghá chíoradh agus ’á bhreithniughadh. Chífear ar ball cad é an breithniughadh a bhí ag Niamh agus agá h-athair agus ag Murchadh ’á dhéanamh ar an sgéal, agus cad é an chúis a bhí acu leis an sgéal a bhreithniughadh go dlúth.

Pé breithniughadh a bhí ag Niamh ná agá h-athair ná ag Murchadh, ná ag aoinne eile de chualacht Bhriain ’á dhéanamh, i gcaitheamh na cuairde san, ar an sgéal san, ná ar aon sgéal eile d’á shórd a tháinig chúcha ó Cheann Cora, bhí aon bhreithniughadh amháin acu go léis ’á dhéanamh ar na sgéalta a bhí ag teacht chúcha anoir agus adtuaidh, agus anoir-adtuaidh, ó’n uile áird de’n dómhan Lochlanach. Bhí na sgéalta san ag teacht coitchianta, agus fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht bhíodar ag teacht níba thiúgha. Isé breithniughadh a bhí ag cualacht Bhriain ’á dhéanamh ’ná so: nuair a thiocfadh na slóighte a bhí chun teacht, nuair a thiocfadh toradh ar an dtórmach go léir, nuair a thiocfadh an cogadh a bhí geallta, nár bh’ fholáir dó bheith ’n-a chogadh bháis do thaobh éigin, do Ghaedhlaibh Éirean nó dos na geintibh a bhí ag teacht. Thuig gach aoinne, agus dúbhairt gach aoinne le n-a chómharsain agus le n-a chomrádaidhe é, i gcaitheamh na cuairde sin, go raibh ceangailte ar gach aon fhear de shliocht Gaedhal gan bheith beó i ndiaigh an cogaidh sin dá mb’ ag na geintibh a bhéadh an buadh sa chogadh. Dúbhairt gach fear le gach fear eile, “Beidh buadh ag Gaedhlaibh nó ní bhéad-sa beó! Ní’l orm ach bás d’fhághail aon uair amháin. Is fearr go mór bás d’fhághail i lár an chatha ’ná bheith beó i n-Éirinn fé smacht na Lochlanach. Má bhíon an buadh acu bíodh Éire acu ach ní bhéad-sa acu! Ach geallaim an méid seo dhóibh. Má ’sé mo bhás a bheidh acu ní h-i n-aisge a bheidh sé acu!”

Fé mar a thagadh na tuairisgí bhíodh an saghas san cainte le clos níba mhinicíghe, agus bhíodh an machtnamh a bhíodh laistigh de’n chaint ag dul i ngéire i n-aghaidh an lae go dtí, fé dheire, go raibh sé socair i n-aigne gach fir ná raibh aige le caitheamh ar an saoghal so ach go dtí lá an chatha mhóir sin a bhí le teacht, pé fada gairid go dtiocfadh sé, agus do thuig gach fear i n’ aigne ná raibh a thuille saoghail uaidh. Bás a dh’fhághail an lá san, ar son Gaedhal Éirean agus ar son Chreidimh Chríost, tar éis an éirligh ba mhó a dh’fhéadfadh sé do dhéanamh ar an namhaid iasachta, air sin iseadh bhí aigne gach fir socair. Níor chuimhnigh aoinne ar cad a dhéanfadh sé ná ar conus a mhairfeadh sé dá dtagadh sé saor ó’n gcath agus an buadh ag Gaedhlaibh. Níor bheag, dar le gach duine, bheith ag cuimhneamh air sin nuair a bhéadh san amhlaidh.

Bhí aigne na bhfear socair ar an gcuma san ní h-amháin i gcualacht an Árdrígh, ar an gcuaird, ach fós i dteighlach gach rígh cúige n-ar chaith an t-Árdrígh raint laethanta ann, agus ins na daingeanaibh a bhí curtha suas ag an Árdrígh, agus ins gach aon bhall ’n-ar chuaidh caint na bhfear san agus a n-anál fé’n bpoibilidheacht. Bhí aigne na mban chómh socair air sin agus bhí aigne na bhfear. Nuair a thiocfadh an lá ní fhanfaidís sa bhaile i ndiaigh na bhfear. Do raighdís isteach sa chath agus do thabharfaidís gach congnamh dos na fearaibh, agus dá mbéadh buadh ag an namhaid iasachta ní bhéadh aon bhean acu beó i n-Éirinn i ndiaigh an chatha. Gheóbhdís bás i dteannta na bhfear. Agus dá mbéadh aon fhear chómh meathta san agus go dtaraingeóch’ sé siar ó fhód a bháis, do sheasóch’ bean ar an bhfód san agus thabharfadh sí aghaidh ar an namhaid agus do ghlacfadh sí an bás a sheachain seisean. Sin mar a labhraidís, pé rud a dhéanfaidís. Bhí cuid acu, agus níor chuid bheag é, do dhéanfadh an gníomh chómh dána díreach agus dhéanfadh aon duine des na fearaibh é. Dhéanfadh Niamh é, bíodh ná dúbhairt sí go ndéanfadh.

Dá mbéadh fhios ag an muintir a bhí le teacht, agus a bhí ag socarughadh ar a mná agus a gclann a thabhairt leó chun cur fútha i n-Éirinn, dá mbéadh fhios acu go raibh an saghas san aigne ag fás agus ag neartughadh agus ag aibiughadh i n-Éirinn ’n-a gcóir, b’fhéidir go dtiocfaidís ar atharughadh aigne agus go bhfanfaidís thall. Ach ní raibh aon phioc d’á fhios acu. Bhí daoine i n-Éirinn a bhí coitchianta ag cur tuairisgí anonn ag triall ortha, ach níor innseadar dóibh go raibh a leithéid siúd de dhásacht croídhe ’n-a gcóir. B’fhéidir nár thuigeadar féin go raibh, agus b’fhéidir gur chuma leó ach bheith ag séideadh fé ’n muintir thall, i dtreó go dtiocfaidís, pé rud a thiocfadh as, thall ná abhus. Gormfhlaith agus Amhlaoibh macánta agus Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath, a bhí ’ghá dhéanamh san. Bhéadh Maolmórdha, rígh Laighean, drítháir Ghormfhlaith, ’ghá dhéanamh leó, ach, dar leis an dtriúr eile, leath-amadán ab eadh é, agus níor bh’ aon iontaoibh é chun aon ghnó chontabharthach a thabhairt le déanamh dó.

Do críochnuigheadh an chuaird.

Tháinig Brian agus a chualacht abhaile go Ceann Cora. Bhí lán a chroídhe d’ áthas ar gach aoinne; an mhuintir a bhí sa bhaile ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a tháinig, agus an mhuintir a tháinig ag cur gach aon tsaghas tuairisgí ar an muintir a bhí sa bhaile. Nuair a bhí na ceisteana go léir curtha, freagartha, ar gach taobh, agus na tuairisgí go léir tabhartha, thusnuigh ceist ar ghabáil tímpal i dtaobh an stíobhaird nua a bhí tagaithe ann chun bheith ag feuchaint i ndiaigh an bhídh agus i ndiaigh na ndaoine a bhéadh breóite, dá mba rud é go mbéadh a leithéidí ann.

“Ce h-é sin?”

“Cad as é?”

“Cad a thug anso é?”

“Cé ’ro díobh é?”

Do freagradh na ceisteana fé mar a féadadh teacht ortha agus fé mar a bhí eólus ag an muintir n-ar cuireadh chúcha iad. Ansan do chuaidh gach aoinne isteach i n’áit féin, ag déanamh a ghnótha féin, agus chuaidh gach aon rud chun suaimhnis, gnó an ríghtheighlaigh d’á dhéanamh go cruinn agus go slachtmhar mar ba ghnáth, na ríghthe agus na h-uaisle, na sagairt agus na h-easboig, ag teacht gach aon lá chun cainte dhéanamh leis an Árdrígh, agus an t-uathbhás bídh agus díghe, an t-uathbás aráin agus ime agus fíona agus feóla, d’á chaitheamh gach aon lá sa ríghtheighlach, mar ba ghnáth.

Cúpla lá tar éis Bhriain a theacht abhaile do shocaruigh Tadhg Mór ua Cealla ar dhul siar abhaile go h-Uíbh Máine. Bhí Brian, i gcaitheamh na cuairde, tar éis a chur ar a súilibh dos na ríghthibh go léir agus do thaoiseachaibh na slógh, nár bh’ fhios cathin a thiocfadh an namhaid, agus nár bh’fholáir do gach rígh cúige agus do gach taoiseach airm agus do gach fear cinn riain, agus do’n uile dhuine a bhí i n-aon chor ábalta ar arm do láimhsiáil, bheith ollamh, chómh luath agus gheóbhdís an focal, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid pé áit ’n-a dtaisbeánfaidís iad féin. Níor bh’fholáir do Thadhg Mhór ua Chealla, nídh nár bh’ iongnadh, dul siar go h-Uíbh Máine agus a mhuintir féin do ghleusadh agus d’ollamhughadh, agus a chur ar a súilibh dóibh nár mhór dóibh bheith ollamh, chómh maith le cách, chun aghaidh a thabhairt ar an namhaid chómh luath agus thiocfadh an ghlaoidh.

Bhí Tadhg Óg ua Cealla thiar cheana, ag déanamh na h-oibre sin, agus ba mhaith chuige é, ach má bhí féin, agus má ba mhaith féin, do thuig an t-athair nár bh’ alaidh dhó féin gan dul siar, leis, agus bheith ag feuchaint i ndiaigh na h-oibre. Bhí gach rígh cúige i n-Éirinn, go mór mór na ríghthe a bhí dílis do Bhrian, ag gleusadh a neart féin, fé n-a súilibh féin, agus é daingean i n-aigne gach rígh acu gur bh’é fód an chatha, pé áit ’n-a raibh an fód san, fód a bháis. Bhí Tadhg Mór ua Cealla chómh dílis do Bhrian le h-aon rígh cúige acu, agus bhí an rud eile chómh daingean i n-aigne Thaidhg agus bhí sé i n-aigne aoinne acu. Níor bh’fhéidir dó gan dul siar.

Agus níor bh’fhéidir do Niamh gan dul siar i n-aonfheacht leis.

Is ar Thadhg Óg a bhí an t-áthas nuair a chonaic sé chuige iad.

“Ó! a Niamh,” ar seisean, “is áluinn a dh’ fheuchan tú! Dhein an chuaird sin ana thairbhthe dhuit. Tá do ghnaoí agus do dhá shúil féin airís agat.”

Thug Niamh gach aon chúntas dó ar an gcuaird, agus ar na tuairisgíbh agus ar na ráflaíbh a bhí ag gluaiseacht ins gach aon bhall i dtaobh na namhad iasachta a bhí ag teacht go h-Éirinn chun clanna Gaedhal do dhísgiughadh agus seilbh na tíre do thógaint dóibh féin. D’inis sí dhó go cruinn an obair a bhí déanta ag Brian chun neart na nGaedhal do ghleusadh i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, agus conus mar a bhí fir Éirean socair ’n-a n-aigne ar bhás a dh’fhágail sa chogadh san nuair a thiocfadh sé, nó ar bhás a thabhairt do’n namhaid.

Thug sí dhó go cruinn agus go mion tuairisg agus cúntas ar gach nídh d’ár thuit amach ins gach aon áit ’n-ar ghabhdar i gcaitheamh na cuairde. Agus d’inis sí dhó go raibh Maolmórdha, rígh Laighean, ag teacht go Ceann Cora i n-achmaireacht, ag tabhairt na gcrann leis i gcóir na loingeas a bhí le déanamh ar linn Luimnighe.

“Siné anois agat, a Thaidhg,” ar sise, “an sgéal go léir, ó’n lá fhágamair an áit seo go dtí an lá a thánamair thar n-ais ann.”