Seachtmhain díreach tar éis na h-oídhche ’n-a raibh Sitric agus Amhlaoibh agus Lonán i bhfochair a chéile istigh i dteighlach Shitric i mBaile Átha Cliath, bhí Gormfhlaith agus beirt d’á mnáibh coímhdheachta ag siúbhal ar bruach glaise bige a bhí ag gabháil thar ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora. Chonacadar ag gabháil chúcha aníos ó threó Luimníghe capal agus cárbat agus beirt sa chárbat. Nuair a tháinig an cárbat i gcómhngar na h-áite ’n-a raibh na mná uaisle do stad an cárbat.
“Siné ríghtheighlach an Árdrígh agat anois,” arsa duine de’n bheirt leis an nduine eile, “agus siní an Árdrígan féin, Gormfhlaith, an bheanuasal is aoirde de’n triúr, an bhean n-a bhfuil an t-éadach corcra uirthi.”
Tháinig an fear eile amach as an gcárbat.
“Ní dócha,” ar seisean, leis an bhfear a dh’fhan istigh, “go mbeidh a thuille gnótha agam díot-sa indiu. Tá sé chómh maith agat casadh thar n-ais.”
Dhíol sé é agus chuir sé uaidh é, agus thug sé féin aghaidh ar an áit ’n-a raibh na mná uaisle ag siúbhal. Níor stadadar d’á gcaint, ná níor shamhluigh sé gur chuireadar blúire suime ann go dtí go raibh sé ar a n-aghaidh amach. An uair sin féin gheóbhaidís thairis gan feuchaint air ná aon tsuim a chur ann mura mbéadh gur chaith sé é féin ar a dhá ghlúin ar aghaidh Ghormfhlaith amach agus gur shín sé leitir chúichi.
“Gabhaim párdún agat, a Árdrígan,” ar seisean, “ar bh’é toil do Shoillse an leitir sin do léigheadh. Ó rígh Lochlanach Átha Cliath iseadh í.”
“Déirc atá uaidh seo is dócha,” ar sise leis na mnáibh coímhdeachta, agus do rug sí ar an leitir. D’aithin sí an sgríbhinn a bhí ar an gcúmhdach. B’ fhíor do’n duine é gur ó Shitric a fuair sé an leitir le tabhairt ag triall uirthi. D’osgail sí an leitir agus chrom sí ar í léigheadh. Ar ball d’ fheuch sí ar an bhfear. D’ fheuch sí go géar air. Firín beag ab eadh é agus ceann mór air; an fear céadna a bhí istigh i dteighlach rígh Lochlanach Átha Cliath an oídhche úd, seachtmhain roimis sin, ag caint le Sitric agus le h-Amhlaoibh.
D’fheuch Gormfhlaith ar na mnáibh coímhdeachta.
“Teidhigh-se isteach, a chlann ó,” ar sise. “Oirean dom labhairt leis an nduine seo i n’ aonar.”
D’imthigh an bheirt bhan.
“Chím,” arsa Gormfhlaith leis an bhfear, “gur Lonán is ainim duit-se.”
“Iseadh, chun do thoile, a Árdrígan,” ar seisean.
“Cad chuige gur cuireadh anso thú?” ar sise.
“Do réidhtigh an rígh liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “chun go ndéanfainn, mar is gnáth a dhéanamh do rígh, aireachas a thabhairt do’n bhia agus do’n digh a curfaí os a chómhair le caitheamh, le h-eagla go ndéanfaí éagcóir air, le h-eagla go dtabharfaí nimh dó.”
“Agus cad ’n-a thaobh nár choimeád sé thú?” arsa Gormfhlaith.
“Dúbhairt sé liom, a Shoillse,” arsa Lonán, “go mb’fhéidir gur mhó an gnó bhéadh anso dhíom féin agus dem’ chuid eóluis agus dem’ chuid foghluma ’ná mar a bhí aige féin díom. Is dócha gur inis sé sa leitir cad é an gnó ba dhóich leis a bhéadh anso dhíom?”
“Do réir mar a thuigim-se an chaint atá sa leitir is ’mó gnó fhéadfadh bheith anso dhíot,” arsa Gormfhlaith.
“Ní mó na gnóthaí a dh’fhéadfadh bheith dhíom anso, a Shoillse,” arsa Lonán, “’ná na gnóthaí a dh’fhéadfainn-se a dhéanamh anso.”
“Ach go ndíolfaí thu asta, is dócha,” arsa Gormfhlaith. “Agus is dócha,” ar sise, “d’á mhéid iad na gnóthaí gur bh’ eadh ba mhó a bhéadh le díol asta?”
“Do réir dheabhraimh, a Shoillse,” arsa Lónán.
Do stad Gormfhlaith ar feadh tamail mhaith. Bhog sí a béal chun labhartha cúpla uair agus níor labhair sí. Is amhlaidh a dhún sí a béal airís agus do lean sí d’á machtnamh. An fhaid a bhí sí ag machtnamh bhí Lonán ag feuchaint uaidh ar an sruthán agus gan aon chor aige ’á chur dé. Do bhog sí a béal chun labhartha fé deire agus do labhair sí.
“Tá sé chómh maith agam an ceann a bhaint de’n sgéal duit,” ar sise. “Tá oiread anso agus chrochfadh thú seacht n-uaire dá bhfaighfí amach ort é.”
“Is fíor san, a Árdrígan,” arsa Lonán.
“Nách breagh bog a ghlacan tú é!” ar sise.
“Tá iontaoibh agam asat, a Shoillse,” ar seisean. “Dúbhart leis an rígh i n-Ath Cliath go raibh iontaoibh agam asat.”
Do chruaidh a súil agus a gnúis agus thug sí droch fheuchaint air.
“Ní fheicim,” ar sise, “cad é an chúis go mbéadh an iontaoibh sin agat asam-sa, a ghiolla. Ní’l crot na fírinne ar an gcaint sin.”
Thóg sí anáirde a lámh fé mar a bhéadh cómhartha éigin aici ’á dhéanamh. Do rith chúichi anuas ó’n ríghtheighlach ceathrar d’fhearaibh luatha láidire agus a chlaidheamh nocht i láimh gach fir acu.
“Curtar sa charcair an fear san,” ar sise, go breagh réidh. Ba dhóich le duine gur chun a dhínnéir a dh’ órduigh sí é bhreith, do labhair sí chómh cneasta san.
Do rugadh ar Lonán agus do cuireadh isteach sa charcair é. Do léigh Gormfhlaith an leitir airís, agus dhein sí a machtnamh airís ar an gcaint a bhí sa leitir. Sidí an chaint a bhí sa leitir:--
“A mháthair,
“Déanfaidh sé seo an gnó. Tá a chúis féin aige chun na
h-oibre dhéanamh. Ní miste, ámhthach, é dhíol go maith;
ansan beidh dhá chúis aige chun na h-oibre dhéanamh. Ní
h-obair thútach a dhéanfaidh sé. Tá an t-eólus tar bár aige.
“Tá ár neart go léir ollamh ar phreabadh isteach chúghainn
chómh luath agus d’ aireóchaid siad an tásg.
“Dá bhféadfaí an gnó dhéanamh chómh luath agus bhéadh an
chuaird críochnuighthe b’ shin mar ab fhearr é. Bhéadh
fios na h-aimsire againn agus d’ fhéadfaimís an aimsir d’
fhrithálamh. Déanfaidh an fear so an gnó. Ná caill.
“Is eól duit cé h-é
“Mise.”
Nuair a bhí beagán aimsire caithte agus uain fághalta ag Lonán ar sgannra theacht i gceart air, do ghlaoidh sí airís ar an gceathrar.
“Tugtar chúgham anso an fear úd,” ar sise.
Do tugadh.
Nuair a bhí an bheirt ’n-a n-aonar airís do labhair sise. Bhí Lonán ag crith.
“Cad é an chúis a bhí agat-sa le n-a rádh,” ar sise, “go raibh iontaoibh agat asam-sa?”
“Ní féidir do dhuine i gcómhnuighe, a Shoillse,” ar seisean, “a dh’innsint cad é an chúis dó iontaoibh a bheith aige as duine eile. Ach is léir, a Árdrígan, mura mbéadh iontaoibh a bheith agam-sa as do Shoillse-se ná tiocfainn anso i n-aon chor. Thánag chúghat anso, a Árdrígan, agus an téad ar mó mhuineál. Ní dhéanfainn san mura mbéadh an iontaoibh a bheith agam as do Shoillse.”
“Ní dhéanfá,” ar sise, “do réir dheabhraimh. Ní dhéanfadh aoinne é ach duine buile. Tá crot na fírinne air sin. Ach ní innsean san cad é an chúis a bhí agat leis an iontaoibh. Inis an chúis dom.”
“Tá go maith, a Shoillse,” ar seisean, “ach tabhair do bhriathar ríoga dhom ná tógfair orm é má innsim an fhírinne do d’ Shoillse.”
“A dhuine!” ar sise, agus bhuail sí speach d’á cois sa talamh, “nách í an fhírinne atá uaim!”
“Tá sgannra orm rómhat, a Árdrígan!” ar seisean.
“Mo bhriathar ríoga dhuit,” ar sise, “nách baoghal duit mé. Inis dom an rud atá ar t’ aigne.”
“Tá sé am’ aigne, a Shoillse,” ar seisean, “an gnó a thug mise anso agus an gnó ba thoil leat-sa a dhéanfainn anso gurab aon ghnó amháin iad. D’á bhrígh sin, nuair a bhíos ag teacht anso chun an ghnótha san a dhéanamh tháinig iontaoibh agam asat-sa, a Árdrígan, agus mar gheall ar an iontaoibh sin thánag anso, mar a chíon tú, agus an téad ar mo mhuineál. Ní raibh le déanamh ach mé chur suas ar an gcroich!”
“Tá go maith,” ar sise. “Táim sásta. An ndéanfair an gnó?”
“Déanfad, a Árdrígan,” ar seisean.
“Gheóbhair do thuarasdal go maith as an ngnó,” ar sise.
“Thuigeas go bhfaighinn, a Shoillse,” ar seisean.
Bhí an sgéal socair eatartha ansan. Níor bh’fhada go bhfeictí iad coitchianta ag imtheacht tríd an ínse ar bhruach na glaise bige ag stathadh na luibhneacha agus ’ghá mbreithniughadh. Do chítí sa gháirdín iad agus an gnó céadna ar siúbhal acu. Agus d’admhuigheadh Lonán gur bh’ fhearr an t-eólus a bhí ag Gormfhlaith ar na luibhneacha agus ar na cómhachtaibh a bhí ionta chun uilc nó chun maitheasa ’ná mar a bhí aige féin.
Níor bh’ fhada gur tugadh post gnótha sa teighlach do Lonán. Do cuireadh ’n-a stíobhard os cionn an bhídh é, chun feuchaint i ndiaigh an bhídh agus aireachas a thabhairt do gach aon tsaghas bídh a bhéadh le h-úsáid sa teighlach, i dtreó nár bhaoghal go dtabharfaí chun búird ann aon bhia a bhéadh mí-fholáin. Níor mhór stíobhard de’n tsórd san a bheith i dteighlach a bhí chómh mór agus n-a mbíodh oiread san bídh d’á ollamhughadh gach aon lá an tseachtmhain do dhaoinibh ann.
Ach isé gnó fé leith a bhí ceapaithe do Lonán ann ’ná feuchaint chun an bhídh a h-ollmhófaí do’n Árdrígan, le h-eagla go gcurfaí aon droch nídh ann.
Bhí Lonán ag déanamh na h-oibre sin agus ag déanamh na h-oibre go maith, agus bhí an aimsir ag gluaiseacht agus gach aoinne ag cóimhreamh na laethanta agus ag breithniughadh na h-aimsire ’n-ar dhóich leó a bhéadh an t-Árdrígh agus a chualacht ag teacht abhaile. Bhí uaigneas mór sa teighlach i ndiaigh na ndaoine a bhí amuich, agus b’é b’fhada le gach aoinne go rabhdar ag teacht abhaile. Bhítí ag trácht go minic ar Niamh agus ar a h-athair agus ar Chaoilte agus ar Chonn. Agus do cuimhnightí ar an rás agus ar an bhfeirg a bhí ar Chonn. Agus ar conus mar adúbhairt Brian leis ciall a bheith aige. Do cuimhnightí ar Mhurcadh agus ar Dhúlainn, agus ar an ngarsún óg, mac Mhurchadh, a dheineadh, a deirtí, gníomhartha nár bh’é gach fear a dh’ fhéadfadh iad a dhéanamh, agus go mbíodh daoine ’ghá rádh, nuair a bhéadh sé deich mbliana fichid go mbéadh sé chómh láidir le beirt de shaghas Mhurchadh an lá b’fhearr a bhí Murchadh riamh. Do cuimhnightí ortha go léir ar an gcuma san, agus b’é b’fhada le gach aoinne go mbéidís ag teacht abhaile, mar, nuair a thiocfaidís, ní bhéadh aon rud sa teighlach, ar feadh abhfad, ach spórt agus gleó agus pléisiúr agus caitheamh aimsire, rince agus ceól agus ól agus imirt, agus an uile shaghas aoibhnis.
Ar an gcuma gcéadna iseadh bhíodh an sgéal ag an muintir a bhí amuich. Bhídís ag feuchaint rómpa amach chun an lae ’n-a mbéadh an chuaird críochnuighthe agus iad go léir ag teacht abhaile go Ceann Cora i n-aonfheacht leis an Árdrígh, agus a gcáirde sa bhaile ag cur na mílte fáilte rómpa agus ag cur an uile shaghas ceisteana chúcha i dtaobh an chuma ’n-ar chaitheadar an aimsir an fhaid a bhíodar amuich agus i dtaobh na ndaoine a bhuail úmpa ins na críochaibh iasachta, an rabhdar fial fáilteach, nó an rabhdar go dothígheasach. I gcaitheamh na cuairde bhídís a d’iaraidh cúntas cruinn a choimeád ar gach nídh agus ar gach aicme daoine, agus go mór mór ar gach aon sgéal sultmhar a bhuaileadh úmpa, i dtreó, nuair a thiocfaidís abhaile, go mbéadh a lán le h-innsint acu, a lán a bhainfeadh gáirí agus sult amach, agus a lán a chuirfeadh daoine ag déanamh iongnadh des na rudaí a neósfaí dhóibh.
Thagadh teachtairí abhaile coitchianta ó’n áit ’n-a mbíodh an t-Árdrígh agus a chualacht, agus d’innseadh na teachtairíconus a bhíodh gach aoinne agus gach aon rud. Ansan do bheireadh na teachtairí leó thar n-ais, ag triall ar an Árdrígh agus ar a chualacht, cúntas cruinn ar conus a bhíodh gach aoinne agus gach aon rud sa bhaile.
Ní raibh Lonán abhfad socair ’n-a phost i gCeann Cora nuair a bhí a fhios go cruinn ag Murchadh agus ag Brian agus ag an gcualacht go léir go raibh sé ann. Nuair a h-innseadh an sgéal i láthair Mhurchadh níor labhair sé focal. Ní dúbhairt sé olc ná maith leis an sgéal. Nuair a h-innseadh i láthair Bhriain é níor dhóich le duine gur airigh sé i n-aon chor é, mar níor chuir sé suim ar bith ann. Ní h-air, ná ar neithibh d’á shórd, a bhí sé ag cuimhneamh. Bhí sé ag cuimhneamh ar na tuairisgíbh a bhí ag teacht chuige i n-aghaidh an lae, agus uaireanta go minic sa ló, tuairisgí ó chrích Lochlan anoir, agus ó chrích na h-Ioruaidhe, agus ó Ínsíbh Orc, agus ó áiteanaibh ná raibh chómh fada ó bhaile, agus gan ins na tuairisgíbh go léir ach fuadar agus ollmhúchán, fuadar agus ollmhúchán, chun cogaidh, agus gan fios ró chruinn ag aoinne ar cá raibh an cogadh le bheith. Bhí a fhios ag Brian agus ag Murchadh, agus ag an gcuid eile de lucht cómhairle Bhriain, cad é brígh a bhí leis an ollmhúchán agus leis an bhfuadar. Bhí fhios acu go raibh geinte Lochlan go léir, agus a lucht cabhartha agus conganta agus cómhluadair, ’ghá ngleusadh féin agus ’ghá gcórughadh féin agus ag cruinniughadh a neart chun aon iaracht amháin eile, bháis agus bheatha, do dhéanamh ar oileán na h-Éirean do shealbhughadh dhóibh féin agus d’á sliocht. D’á dhaingine a chuaidh an méid sin ’n-a luíghe ar aigne Bhriain agus ar aigne lucht cómhairle Bhriain iseadh ba dhéine a dheineadar an uile shaghas díchil, i gcaitheamh na cuairde sin, ar neart na h-Éirean do ghleusadh agus do chur i dtreó, ins gach aon bhall, ins na daingeanaibh a bhí curtha suas ag Brian, agus i dteighlachaibh na ríghthe agus na n-uasal a bhí dílis do Bhrian, ionus, nuair a tiocfadh na geinte iasachta, go bhfaighdís an tseilbh,--ach gur fé’n bhfód a gheóbhdís an tseilbh.