Bhí an bheirt istigh i seómra i ríghtheighlach Shitric i mBaile Átha Cliath agus iad ag cur ’s ag cúiteamh i dtaobh an sgéil.
“Ní dhéanfaidh sí an bheart,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l an sgairt chómh láidir aici agus do mheasas. Siné fé ndeár gan an gnó bheith déanta fadó. Do cuireadh Niamh ag faire uirthi. Isí Niamh a choisg í ar an obair a dhéanamh an fhaid a bhí Brian sa bhaile, ach ní leis an bhfaire do choisg sí í. Chuir Niamh Gormfhlaith ó’n ndroch ghníomh a gan fhios do Ghormfhlaith féin. Deirim an méid seo leat, a rígh. Dá bhfanadh Brian sa bhaile i gCeann Cora agus dá bhfanadh Niamh ann, agus í féin agus Gormfhlaith a bheith chómh mór i gcuideachtanas a chéile agus bhíodar, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh i n-aon chor. Bhéadh sí ceapaithe ar an ngníomh a dhéanamh, ach an fhaid a bhéadh Niamh ann agus í fé shúilibh Ghormfhlaith, agus a h-anál ag dul fé Ghormfhlaith, agus a guth agus a gáire ag dul fé Ghormfhlaith, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh.”
“Ach!” arsa Sitric. “Airiú, nách eólgaiseach an buachail tu! Cá bhfuarais an fháidheamhlacht go léir? Ba dhóich le duine gur ag breithniughadh aigne an duine a chaithis do shaoghal.”
“Abair do rogha rud, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “i dtaobh conus a chaitheas mo shaoghal, ach bain-se an chluas anuas ó’n gceann díom mura bhfuil an ceart sa méid úd agam. Bhéadh an rud atá uainn déanta fadó mura mbéadh Niamh a theacht go Ceann Cora. Chun na faire dhéanamh iseadh do tugadh ann í. Dhein sí an fhaire, ach ní leis an bhfaire do choisg sí an gníomh, ach le h-í féin a bheith ann.”
“Ba dhóich liom gur conus a déanfar an gníomh an cheist anois agus nách conus a coisgeadh é. Ó bhreithnighis an cosg chómh maith b’ fhéidir go bhfuil breithniughadh éigin déanta agat ar conus a curfar an cosg as an slígh,” arsa Sitric.
“Tá an breithniughadh san, leis, déanta agam, a rígh,” arsa Amhlaoibh.
“Is maith é sin. Sgaoil chúghainn toradh do mhachtnaimh,” arsa Sitric.
“Ar airighis riamh,” arsa Amhlaoibh, “conus a deineadh Árdrígh de Dhiarmaid mac Céirbheóil?”
“Do marbhuigheadh Tuathal Maolgarbh,” arsa Sitric. “Ach ar airighis-se cad d’ imthigh ar an bhfear a mhairbh Tuathal?”
“Do deineadh goin galáin dé,” arsa Amhlaoibh.
“Go díreach,” arsa Sitric; “an rud a dh’ imtheóch’ láithreach bonn ar an t-é a mharbhóch’ Brian, ach so a bheith de dheifrigheacht idir an dá sgéal. Do deineadh goin galáin de ’n t-é mhairbh Tuathal, ach tar éis an ghnímh a deineadh dé é. An fear a thabharfadh fé Bhrian a mharbhughadh, roimis an ngníomh a déanfaí goin galáin dé.”
Bhí an bheirt ag caint ar an gcuma san. Tháinig seirbhíseach isteach.
“Tá duine sa phóirse agus ba mhaith leis labhairt leat, a rígh,” arsa’n seirbhíseach.
“Tabhair anso isteach é,” arsa Sitric.
Do tugadh isteach é.
Sidé saghas duine a chonaic an bheirt nuair a tháinig sé isteach. Firín beag agus ceann mór air. Bhí folt odhar ar a cheann, folt trom agus é ag tuitim anuas ar a ghuaillibh agus siar sios ar a shlinneánaibh. Bhí mar bhéadh raca beag óir ar gach taobh d’á cheann, agá uiseanaibh, ag coimeád a ghruaige siar d’á éadan agus d’á shúilibh. Bhí éadan leathan árd air agus fáibrí treasna ann, ’ghá thaisbeáint go raibh sé, an chuid ba lugha dhé, trí fichid blian. Bhí srón fhada dhíreach air agus dhá shúil mhaithe mhóra sholusmhara aige, agus iad aibigh go maith. Bhí a cheannacha faidleicineach agus bhí féasóg throm, liath-ghorm air agus í ag dul abhfad síos ar a bhrollach. Bhí brat, nó clóca, de’n éadach saidhbhir ba cheart a bheith ar dhuin’uasal, aniar ar a shlinneánaibh.
“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a dhuine mhacánta?” arsa Sitric leis.
“Liagh iseadh mé, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Tá mórán de chríochaibh an dómhain siúbhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail. Ó’n mBreatain anall a thánag le déanaighe. Tá mórán taithighe agam ar na galaraibh a thagan ar an nduine, agus ar na neithibh is fearr chun na ngalar san do leigheas. Thánag anso go dtí an chathair seo ag brath air go mb’fhéidir go bhféadfainn úsáid a dhéanamh ann de’n eólus atá agam agus raint tairbhthe dhéanamh do dhaoine a bhéadh ’n-a ghátar. Is léir duit féin, a rígh,” ar seisean, “gur ró bheag an gnó a bhéadh agam’ leithéid ag teacht anso chun na h-oibre sin a dhéanamh gan mé féin do chur i n-iúil ar dtúis do’n rígh agus cead a dh’iaraidh air.”
“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “ach cá bh’ fhios dómh-sa nách díobháil a dhéanfá dom’ dhaoine dá dtugainn an cead san duit,” agus chuir sé gáire as. “Cá bh’fhios dom,” ar seisean, “ná gur b’ amhlaidh a thabharfá nimh dúinn go léir.”
“Cúis gháire chúgat, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Ní gádh dhom a dh’innsint duit-se, a rígh,” ar seisean, “gur b’é meón agus nádúr an liaigh gur túisge leis go mór leigheas a dhéanamh ’ná aon díobháil sláinte dhéanamh d’ aon duine. Tuigim go maith cad a bhainean le nimh, agus cad a bhainean le duine do leigheas ó nimh dá mbéadh sé tar éis an nímhe do thógaint, pé ’cu le tionóisg nó le toil a bhéadh an nimh tógtha aige. Ach ní gádh dhom bheith ’ghá innsint cad a dh’fhéadfainn a dhéanamh. Tá teistiméireachtaí anso agam ó ríghthibh agus ó uaislibh agus ó choláistíbh móra, ’ghá thaisbeáint cad é an saghas mé, agus cad é an saghas oibre a dheineas cheana ins na h-áiteanaibh eile ’n-a rabhas sar a dtánag anso.”
Tharaing sé amach beart phápéar agus shín sé chun an rígh iad. Thóg Sitric iad agus chrom sé ar iad do léigheadh. Thaisbeáin sé d’ Amhlaoibh cuid acu. Do léigh Amhlaoibh iad.
“Chím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”
“Iseadh, a rígh,” ar seisean. “Lonán m’ ainim.”
“Tá go maith,” arsa Sitric. “Tá mo chead-sa agat chun aon tairbhthe is féidir leat a dhéanamh do mhuintir na catharach so. Is dócha gur cuma leat cé ’cu Lochlanaigh nó Éireanaigh an mhuintir n-a n-imireóchair do chuid eóluis ortha?”
“Is cuma, a rígh,” arsa Lonán. “Imireóchad mo chuid eóluis ar an muintir is mó a chífead ’n-a ghátar agus ar an muintir is fearr a dhíolfaidh mé.”
“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba dhóich liom féin, ámhthach,” ar seisean, “go bhfaghadh duine a shiúbhluigh oiread agus shiúbhluighis-se ceannach ar a chuid eóluis, agus díol as, níos fearr ’ná mar a gheóbhair-se sa chathair seo.”
“Conus san, a rígh, le d’thoil?” arsa Lonán.
“Ba dhóich liom gur ’mó rígh, nó Árdrígh, gur mhaith leis tusa bheith i n’ aice i gcómhnuighe ag feuchaint i ndiaigh a shláinte dhó, agus go mb’fhéidir gur bh’ fhearr a dhíolfadh sé thú as do chuid eóluis ’ná mar fhéadfadh daoine bochta na catharach so thú dhíol,” arsa Sitric.
Do gheal gnúis Lonáin.
“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Ní’l aon rud ab fhearr a thaithnfeadh liom, má’s chuige atá t’ onóir, ’ná an gnó san a dhéanamh do t’ onóir-se. Thabharfainn aire mhaith do’n ghnó, agus is dóich liom, nuair a bhéadh taithighe agat ar m’ eólus ar feadh tamail, agus ar m’obair, nách go ró bhog ba mhaith leat sgaramhaint liom.”
“Ní h-orm féin a bhíos ag cuimhneamh nuair a labhras,” arsa Sitric. “Is ar Árdrígh Éirean, ar Bhrian, a bhíos ag cuimhneamh.”
Do dhoirchigh gnúis Lonáin. Níor labhair sé. B’fhuiriste a dh’aithint go raibh rud éigin nár bh’fhóghanta istigh aige i gcoinnibh an Árdrígh. D’fheuch an bheirt eile ar a chéile. Ar ball do labhair Lonán.
“Gabhaim párdún agat, a rígh,” ar seisean, “agus agat-sa, a rígh,” ar seisean le h-Amhlaoibh. “Tháinig ainim an fhir sin ró oban orm. Tháinig ainim an Árdrígh sin ró oban orm,” ar seisean. Do stad sé. “Mheasas gur ort féin a bhís ag trácht, a rígh,” ar seisean.
“Ní mheasaim,” arsa Sitric, “go bhfuil aon ghrádh ró mhór agat do’n Árdrígh.”
Níor labhair Lonán, ach do dhoirchigh a ghnúis airís.
“Ach bíodh nách orm féin a bhíos ag cuimhneamh ar dtúis b’ fhéidir nár bh’fhearra dhom rud a dhéanfainn ’ná cuimhneamh orm féin anois. B’fhéidir nách i gcómhnuighe a thiocfadh do leithéid-se crosta orm. Tar chugam anso amáireach agus b’fhéidir go bhféadfaimís socarughadh,” arsa Sitric.
Do gheal gnúis Lonáin airís. Ba dhóich le duine air gur rígheacht a bronnadh air bhí sé chómh h-áthasach, chómh mórálach, chómh buidheach.
D’imthigh sé. D’fheuch an bheirt ar a chéile.
“Cad é an fuadar é seo fút anois?” arsa Amhlaoibh.
“Fágaim le h-uadhacht,” arsa Sitric, “ná feadar cad é an fuadar é seo fúm!”
“Ní’l aon ghrádh ag Lonán do Bhrian,” arsa Amhlaoibh.
“Tá an méid sin soiléir go leór,” arsa Sitric. “Ní fheadar an domhan cad a dhein Brian air.”
“Is ’mó duine nách é gur dhein Brian droch bheart air,” arsa Amhlaoibh.
“Bhí sé ar bhara mo theangan dhá uair a dh’ fhiafraighe dhé cad a dhein Brian air, ach bhí eagal orm go samhlóch’ sé go raibh cúis éigin agam leis an gceist a chur chuige,” arsa Sitric.
“Tiocfaidh sé anso amáireach,” arsa Amhlaoibh.
“Ní deirim ná go dtiocfaidh,” arsa Sitric.
“Agus cad a dhéanfair leis?” arsa Amhlaoibh.
“B’fhéidir gur ’mó rud a féadfaí a dhéanamh leis,” arsa Sitric.
Do stad an bheirt agus iad ag machtnamh. Bhí Sitric ’n-a shuidhe ar chathaoir agus bhí Amhlaoibh ag siúbhal síos a’s suas. Thug an bheirt tamal maith ar an gcuma san. Ar ball do labhair Amhlaoibh:--
“Is fíor san,” ar seisean. “Is ’mó rud, b’fhéidir, a féadfaí a dhéanamh leis. Tiocfaidh sé anso amáireach. Ní gádh dhom a rádh leat aire mhaith a thabhairt. Faigh-se greim air má ’s féidir é, ach ná leig dó aon ghreim fhághail ort.”
“Ná bíodh eagal ort,” arsa Sitric. “Mar adúbhart, ní’l aon phioc d’á fhios agam fós cad a déanfar. Pé rud ar a socarófar isé Lonán féin a shocaróchaidh air, uaidh féin.”
“Siní an chaint,” arsa Amhlaoibh. “Ansan, má sgéidhean sé is air féin a sgéidhfidh sé.”
Do sgar an bheirt i gcóir na h-oídhche.