Ní raibh Brian abhfad imthighthe ó Cheann Cora, ar a chuaird rígh, agus Niamh agus a h-athair imthighthe i gcualacht Bhriain, nuair a tugadh fé ndeara daoine iasachta ag teacht ann. Níor cuireadh aon tsuim ró mhór sa méid sin. Bhíodh daoine ag teacht ó gach aon pháirt d’ Éirinn go ceártain Mheargaigh ag ceannach na n-arm. Bhí cúram teighlaigh an Árdrígh i gCeann Cora ar an Árdrígain, nídh nár bh’iongnadh, agus ba léir do gach aoinne go raibh sí ábalta ar a smacht do chur i bhfeidhm agus ar mhuintir an teighlaigh do choimeád fé n-a láimh, agus ar a gceann a choimeád fútha, agus ar a chur fhiachaibh ortha a ngnó dhéanamh mar ba cheart. D’á bhrígh sin, nuair a thagadh daoine iasachta ann, ní leigeadh eagla d’aoinne de mhuintir an teighlaigh aon rud a thabhairt fé ndeara ná aon chur isteach a dhéanamh ar neithibh nár bhain leó, dar leó féin.
I n-éaghmuis na ndaoine iasachta eile d’ár tháinig ann tháinig Amhlaoibh ann. Sa n-oídhche iseadh tháinig sé, agus bhí fhios ag Gormfhlaith roim ré go raibh sé ag teacht. Do shleamhnuigh sé isteach a gan fhios do’n teighlach. Ní fheacaidh aoinne é. B’éigean dó teacht ar an gcuma san mar bhí an iomad aithne sa n-áit air, agus dá bhfeictí ann é do shroisfeadh an ráfla Inis Cathaigh agus Uíbh Máine. Ansan do shroisfeadh sé Murchadh agus Brian agus níor bh’ fhios cad a thiocfadh as. Tháinig sé ann sa n-oídhche, a gan fhios d’aoinne. Nuair a bhí sé féin agus Gormfhlaith i bhfochair a chéile, i seómra a bhí abhfad isteach, do chuir sí na mílte fáilte roimis. B’ fhuiriste a dh’ aithint ó’n gcuma ’n-ar ghlac sí é go raibh an gaol achamair go maith eatartha. Ná féadfadh sé bheith níb’ achamaire.
“Ó! a mhic ó, a laogh,” ar sise, “nách fada gur fhéadais teacht! Shíleas ná tiocfá choídhche. Conus tá an obair ag dul chun cinn? Cathin a buailfear an buille do shaorfaidh sinn ó’n annsgian, ní h-eadh ach ó’n sluagh annsgian! Cathin a thiocfaidh an chabhair, a mhic?”
“Thiocfadh an chabhair amáireach, a mháthair,” ar seisean, “dá mbéadh do thaobh-sa de’n obair déanta.”
“Conus fhéadfainn mo thaobh de’n obair a dhéanamh anois agus gan Brian anso? An fhaid a bhí sé anso bhí an eascú san Thaidhg Mhóir ag faire orm ins gach aon chúinne gach aon rae sholuis. Ní fhéadfainn cor a chur díom gan mé féin a chur i gcontabhairt. Tá Murchadh ag faire orm. Tá Donn mac Beathach ag faire orm. ’Sé mo thuairim láidir gur dhein an t-easbog úd a bhí anso ó’n Róimh rud éigin, nó go ndúbhairt sé rud éigin, do chuir iad go léir ar a gcosaint féin orm. Thugas fé ndeara é, cupla uair, ag feuchaint orm, agus níor thaithn an fheuchaint liom. Mheasas gur fheuch sé treasna thríom. Ní fheadar an domhan cad a chuir iad go léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor dheineas aon nídh a dh’ fhéadfadh aon rud do chur ar a súilibh dóibh. An fhaid a bhí Niamh anso ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a súilibh chómh h-osgailte agus dob’ fhéidir dom é. Dheineas gach aon rud, dar liom, chun a thaisbeáint dí ná raibh brígh ná bunús leis an bhfaireachán. Dheineas níba mhó ’ná san. Thugas mé féin di chómh h-iomlán san gur dóich liom dá bhfanadh sí abhfad eile anso go mbéadh sí curtha fé ’n gcré agam!”
“Airiú, cad a chuirfeadh fé’n gcré í, a mháthair? Ar nóin ní h-amhlaidh a thabharfá dhi féin an rud n-a raibh sí ag faire ort sar a dtabharfá do Bhrian é!” ar seisean.
“Ní h-amhlaidh,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Cailín fíor uasal ’n-a h-aigne iseadh í. Do deineadh árd éagcóir uirthi nuair a cuireadh anso í. Tá sí ana ghéarchúiseach, ach tá sé bun os cionn ar fad le n-a meón agus le n-a nádúr aon rud i bhfuirm faireacháin a thabhairt le déanamh di. Ní raibh fasg agá h-athair agus í thabhairt anso. Níor dheineas-sa ach í thachtadh agus do mhúchadh le séimhe agus le soilbhreas agus le gealgháiriteacht. Go deimhin le fírinne dhuit, a Amhlaoibh, do bhíodh truagh agam do’n chailín bhocht nuair a chínn í ag casadh le gáire dhéanamh agus gan aon gháire ’n-a croídhe. Mura mbéadh a luathacht a rugadar leó chun siúbhail í bhéadh sí ar an gclár acu.”
“Bhí aithne agam uirthi,” arsa Amhlaoibh. “Chonac í thiar sa bhaile cúpla uair. Níor mheasas gur bh’ aon rud fóghanta í.”
“Aon rud fóghanta!” arsa Gormfhlaith. “Tabharfad a ceart féin di, a mhic, agus tuigim cad tá agam ’á rádh. Isí cailín í is fearr agus is uaisle agus is gile agus is glaine croídhe agus aigne d’ár bhuail riamh fós umam-sa! Déarfad an méid sin di dá ndéineadh sí oiread eile faireacháin orm. Ní’l fasg ag an muintir a chuir anso í.”
“Tá sí imthighthe anois, a mháthair, pé ’r domhan é, agus tá an áit seo fút féin. Ba chóir go bhféadfá rud éigin a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-Árdrígh seo abhaile. Nár chóir go bhféadfá bheith ollamh i dtreó nár ghádh dhuit tú féin a chur i n-aon chontabhairt nuair a bhéadh sé sa bhaile. Tá sé ana aosda. Dá dtagadh an bás air díreach nuair a bhéadh ár neart ag teacht isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn láithreach. Bhéadh Éire againn gan a bheith orainn oiread agus aon fhear amháin do chailleamhaint. Do thuitfeadh neart Bhriain as a chéile. D’éileóch’ M’lsheachlainn airís an Árdrígheacht a baineadh dé chun í thabhairt do Bhrian. D’éileóch’ Murchadh an Árdrígheacht ó ’sé an ríghdhamhna é. D’eireóch’ Ua Néill chun gan an Árdrígheacht d’ fhágáilt ag aoinne acu ach í bheith aige féin. Bhéidís go léir ag marbhughadh a chéile láithreach bonn. Níor ghádh dhúinn aon phioc d’á nduagh dh’ fhághail. Mharbhó’dís féin a chéile dhúinn. Ní bhéadh le déanamh againn ach sgaoileadh leó agus bheith ag brúth isteach ortha fé mar a bhéidís ag lagughadh a chéile. Um an dtaca ’n-a mbéidís dísgighthe agá chéile bhéimís-ne i seilbh an oileáin. Déin rud éigin, a mháthair. Tabhair congnamh éigin do Bhrian chun an tsaoghail seo dh’fhágaint. Is mithid dó imtheacht.”
“Déanfad mo dhícheal, a mhic ó,” ar sise. “Ach caithfir aon nídh amháin a gheallamhaint dom, a Amhlaoibh,” ar sise.
“Geallfad aon rud is maith leat duit, a mháthair,” ar seisean. “Cad é an rud é?”
“Geall dom,” ar sise, “má eirighean linn go bpósfair Niamh.”
“Aililiú!” ar seisean, agus do leath a dhá shúil air. “Ag magadh athaoín tú, a mháthair!” ar seisean.
“Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!” ar sise. “Lom dáiríribh atáim. Ní’l cor ’n-a croídhe ná ’n-a h-aigne ná fuil ’fhios agam. Níor bhuail a leitéid eile riamh umam. Go dtí gur bhuail sí féin umam níor mheasas go raibh a leithéid ar bith. Níor mheasas gur bh’fhéidir a leithéid a bheith ar bith. An oídhche úd a bhíobhair go léir anso nuair a chonac tu ag rince léi mheasas ná feaca riamh aon bheirt chómh h-oireamhnach d’á chéile. Ní mise amháin a mheas é. D’ airigheas an cogarnach: ‘Ó! nác áluinn an lánmha a dhéanfaidís!’ An ngeallfair dom go bpósfair í má eirighean linn?”
“Ní’l eirighthe linn fós, a mháthair,” ar seisean, “ach ní dóich liom gur miste dhom a gheallamhaint duit go bpósfad í----------má phósan sí mé. Tá sé i mbéal gach aoinne go bhfuil socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh choídhche.”
“Ó’n aithne atá curtha agam uirthi ní chuirfeadh san féin blúire iongnadh orm,” arsa Gormfhlaith. “Tá meón ana mhaith, ana naomhtha, aici. B’fhéidir go n-atharóch’ sí a h-aigne. Is cuimhin liom cogarnach eile dh’airigheas an oídhche chéadna ad’ thaobh-sa. ‘Ó,’ adeirthí, ‘nách mór an truagh sagart a dhéanamh dé!’ Cúis gháire chúghainn! Ach pósfair í má phósan sí thú?”
“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean. “Ní dóich liom, ámhthach, go bpósfaidh sí mé pé tathant a dhéanfair uirthi. Is éagsamhlach an bhean tú, a mháthair,” ar seisean. “Mheasas go marbhófá mé níba thúisge ’ná mar a leigfeá dom í phósadh!”
“Dá dtuigtheá a feabhas mar a thuigim-se é ní mheasfá san,” arsa Gormfhlaith.
Thugadar formhór na h-oídhche ag caint. Thug Amhlaoibh cúntas cruinn di ar an neart a bhí le teacht go h-Éirinn chun seilbh na h-Éirean do ghlacadh chómh luath agus gheóbhadh Brian bás. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh Lochlan agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh na h-Ioruaidhe, agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige, agus conus mar a bhí beirt mac an rígh, an bheirt óigfhear ba threise agus ba thréine i dtír na h-Ioruaidhe an uair sin, ag teacht ’n-a bhfearaibh cinn-riain ar shlóightibh na h-Ioruaidhe.
D’inis sé dhi conus mar a bhí Sígurd mac Lódair, rígh Ínsí h-Orc, chun teacht agus mór-shluagh aige d’fhearaibh luatha láidire cruadha ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsíbh Gaill, ó Sgathaigh agus ó Cheann Tíre agus ó-s na dúthaíbh sin go léir mór-thímpal.
Thug sé gach aon chúntas mar sin di ar an gcuma ’n-a raibh neart Lochlan suidhte an uair sin agus ar an gcuma ’n-a raibh an neart ag méadughadh agus ag dul i n-acfuinníghe i n-aghaidh an lae. Agus chuir sé ’n-a luighe ar a h-aigne ná raibh aon nídh ag teastubháil feasta ach bás Bhriain.
D’fhan Amhlaoibh i gCeann Cora an chuid eile de’n oídhche sin agus an lá a bhí chúghainn. Níor thaisbeáin sé é féin d’ aoinne i gcaitheamh an lae. Chómh luath agus bhí am mhairbh na h-oídhche airís ann d’imthigh sé. Thug sé aghaidh ar Bhaile Atha Cliath. Chuaidh sé chun cainte le Sitric, rígh Lochlanach Bhaile Atha Cliath, agus d’inis sé dhó an uile fhocal de’n chaint a bhí idir é féin agus Gormfhlaith.
Bhí eagal ar an mbeirt ná déanfadh Gormfhlaith an bheart. Níor thaithn leó i n-aon chor an bháigh a thaisbeáin sí a bheith aici do Niamh. Thuigeadar ’n-a n-aigne má bhí congnamh le tabhairt do Bhrian chun imtheacht as an saoghal, agus má b’ í Gormfhlaith a thabharfadh an congnamh san dó, nár bh’ fholáir congnamh a thabhairt do Ghormfhlaith féin sa ghnó.
Conus a tabharfaí an congnamh san di, ámhthach, agus cad é an saghas an congnamh a tabharfaí dhi? B’shiní an cheist acu, agus níor cheist ró bhog í.