Niamh · Peter O'Leary

Chapter 34: Ciúnas Roim Thóirthnigh

An fhaid a bhí Brian ar an gcuaird sin, mór-thímpal na h-Éirean, bhí sé ag táthughadh agus ag dlúthughadh agus ag méadughadh a nirt ar gach aon tsaghas cuma. Do bhíodh sé ag gríosadh na ndaoine a bhíodh neamh-shuimeamhail. Bhí a lán neamh-shuimeamhlachta ins na daoine i n-áiteanaibh. Ní chreidfidís go raibh aon bhaoghal go dtiocfadh namhaid go dtí go bhfeicfidís ag teacht é. Ansan, nuair a marbhófaí a leath agus nuair a fágfaí an leath eile dhíobh leath-mharbh, agus nuair a bhéadh an namhaid imthighthe agus a gcuid an tsaoghal beirthe chun siúbhail aige, ní chuirfeadh aon nidh ’n-a luighe ortha gur cheart dóibh iad féin d’ollamhughadh mar nár baoghal ná go dtiocfadh an namaidh sin airís. Nuair a thagadh Brian ameasg daoine de’n tsórd san, ar a chuaird, bhíodh sé ag chaint leó agus ag plé leó agus ’ghá ngríosadh agus ag spídiúchán ortha, go dtí go gcuireadh sé a bhfearg suas agus go socaruighdís ar na h-airm a sholáthar agus ar thaithíghe dhéanamh díobh chómh maith le cách. Bhuaileadh duine uime uaireanta, ámhthach, agus ní fhéadadh a dhícheal aon spionadh chur ’n-a mhisneach. Thug aon fhear amháin an freagra so air:--

“Ná bí liom, a Árdrígh,” ar seisean. “Dá mbéadh sé i n-áirighthe agam maireachtaint míle blian b’fhearr liom gach aon lá de’n mhíle blian san do chaitheamh ar mhulach mo chinn sa laithigh ag sglábhaidheacht ’ná aon lá amháin do throid!”

B’éigean do Bhrian eirighe as. Ní mór de’n tsaghas san, ámhthach, a bhuail uime ar a chuaird. Na fir a bhuail uime, pé neamh-shuimeamhlacht a bhí ortha sar ar labhair sé leó, do bhain a chaint an neamh-shuimeamhlacht díobh. Do tugadh dóibh na h-airm agus do cuireadh ag déanamh na gleacaidheachta iad agus stiúrthóirí ’n-a mbun, agus bhí gach aon deabhramh nár ró fhada go mbeidís ábalta ar aghaidh a thabhairt ar Lochlanach i gcath agus ar chleas a mhúineadh dhó.

Um an am ’n-a raibh an chuaird d’á críochnughadh bhí measta i n’ aigne ag Brian go mbéadh suas le chúig mhíle fhichid fear ollamh aige i gcóir na Lochlanach nuair a thiocfaidís. Do réir a bhreitheamhantais is go cuan Bhaile Átha Cliath a bhíodar le teacht. Bhí eólus maith tabhartha aige do Chlainn Chais, agus dos na cineachaibh eile sa Mumhain, ar na bóithribh go Baile Átha Cliath. Ní raibh aon bhaoghal go mbéadh na slóighte ag dul amú’ ná go mbéidís ag brúth ar a chéile ná ag teacht crosta ar a chéile.

Bhí fhios aige, dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht aige, go mbéadh breis mhór agus dachad míle fear aige, agus bhí fhios aige, dá mbéadh san amhlaidh, ná tiocfadh aon chogadh, mar ná raibh aon chómhacht lasmuich, i n-aon pháirt de’n domhan, a dh’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar chómhacht na h-Éirean dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht. Ach bhí fhios aige go maith go mbéadh cuid d’fhearaibh Éirean ar thaobh na Lochlanach, agus go mbéadh cuid acu ná raghadh i n-aon chor sa chaismirt. Dhein sé a dhícheal, sa chuaird, ar an dá aicme sin do luigheadughadh an oiread agus dob’ fhéidir é. Chuir sé go soiléir os comhair aigne na ndaoine, coitchianta, agus ins gach áit ’n-ar labhair sé leis na daoine, dá bhfaghadh na Lochlanaigh an lámh uachtair sa chogadh a bhí ag teacht go ngeóbhdís do chosaibh i nGaedhlaibh Éirean chómh tiubaisteach san gur bh’ fhearr go mór d’á raibh de Chríostaighthibh sa n-oileán bás a dh’fhághail sa chath a troidfí ’ná maireachtaint i n-Éirinn i ndiaigh an chatha san. Chuaidh an chaint sin i bhfeidhm ar fhormhór na ndaoine. Thuigeadar go raibh an fhírinne sa chaint. Shocaruighdar a n-aigne ar an lámh uachtair a bheith acu féin nuair a thiocfadh an cath nó thuitim sa chath. Chuaidh an focal san amach ameasg na ndaoine ins gach aon bhall. Ní h-ar theacht ó’n gcath a bhíodh aoinne ag trácht, ach ar thuitim sa chath nó an namhaid do thuitim. Chuaidh daoine i dtaithighe an fhocail chómh mór san go raibh a n-aigne socair acu, go breagh réidh, gan aon chorbhuais, ar dhul sa chath, nuair a thiocfadh an cath, agus ar gan teacht as. B’shiné saoghal a gheár gach fear amach dó féin, go dtí go dtiocfadh an cath san.

Ní baoghal gur fhág Brian gan cur ’n-a luighe ortha go léir coitchianta, an fear a thuitfeadh sa chath gur bhás ar son an Chreidimh dó é, agus bhí fhios acu féin, an t-é a dh’fhuilingeóch’ bás ar son an Chreidimh go raibh aoibhneas na bhFlathas i n-áirighthe dhó láithreach. Ní fhéadfadh bás i gcath sgáth ná eagla do chur ar fhearaibh go raibh a n-aigne socair ar an gcuma san. Agus níor chuir, nuair a tháinig sé.

An fhaid a bhí an chuaird sin ar siúbhal, leis, bhí rud eile ar siúbhal. Bhí Caoilte ag imtheacht coitchianta ó áit go h-áit i n-Éirinn, agus bhíodh sé go minic imthighthe tar faraige a gan fhios d’ aoinne ach do Mhurchadh. Chuaidh sé soir go minic go crích Lochlan gan spleadhchas do’n fholáramh úd a tugadh dó sa leitir a fuair sé ó chaptaéin na loinge a thug abhaile go Corcaigh é tar éis a thamal a thabhairt sa phrísún thall i gcathair rígh Lochlan. Chuaidh sé anonn airís agus airís eile, agus thug sé leis anall, gach uair díobh, ag triall ar Mhurchadh, cúntas cruinn ar an neart fear a bhí thall ag rígh Lochlan, agus ar an méid loingeas a bhí aige chun na bhfear a bhreith thar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a bhí na fir sin le tabhairt, chómh luath agus thiocfadh an t-am chuige.

Chuaidh sé óthuaidh, agus níor bh’aon uair amháin é, go h-Ínsíbh Orc agus go h-Ínsíbh Gaill, agus chonaic sé le n-a shúilibh féin cad é an neart fear a bhí ’á dhéanamh suas ins na h-oileánaibh sin, agus cé r’ bh’é an rígh a bhéadh os cionn na bhfear san. Chuaidh sé, ’n-a chuardaibh, soir óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe, agus fuair sé ansan, leis, an t-eólus a bhí uaidh, agus eólus ná raibh coinne aige leis. Nuair a bhíodh raint eóluis cruinnighthe aige thagadh sé abhaile agus thugadh sé an t-eólus do Mhurchadh, agus thugadh Murchadh do Bhrian é, ’sé sin, an méid ba mhaith a thabhairt dó dhé. Bhí cuid de’n eólus agus níor tugadh do Bhrian é go dtí ’n-a dhiaigh san.

Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht anall ó rígh Lochlan agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht anall ó rígh na h-Ioruaidhe agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht adtuaidh ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsibh Gaill agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh i mbun na slógh san. Agus do h-innseadh dó nách namhaid ar fad a bhéadh ag teacht; go mbeadh congnamh fear, agus nár chongnamh shuarach é, ag teacht anoir adtuaidh ó Ghaedhlaibh Alban, chun buille bualadh le Gaedhlaibh Éirean i gcoinnibh cómhacht Lochlan, agus go mbéadh an dá rígh uasal, an dá Mhaor Mhór, i gceannus an chongnaimh sin. Fuair Caoilte amach, leis, go raibh slóighte ag teacht anoir ó’n gceann tuaidh de’n Almáinn ag cabhrughadh le namhdaibh na nGaedhal. Bhí, ba dhóich le duine, an Phágánacht go léir, thoir agus thuaidh, ag cruinniughadh agus ag eirighe, mar a bhéadh tonn mór faraige, chun an oileáin seo na h-Éirean do bháth agus do mhúchadh agus do thraochadh d’ aon mhór-iaracht amháin.

Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go h-uathbhásach ins gach aon bhall, ar fuid na h-Éirean agus ins na dúthaíbh thall, ach ’n-a thaobh san a’s uile ní raibh ach síthcháin agus caradas ins gach aon bhall, i n-Éirinn agus thar lear. Ba chuma é nó an ciúnas roimis an dtóirthnigh. Bhí an tsíthcháin ann. D’á bhrígh sin bhí neart do Chaoilte agus d’á aicme féin ar bheith ins gach aon chúinne, ag faire agus ag fághail eóluis, agus bhí, ar an gcuma gcéadna, neart do’n namhaid ar a lucht faire bheith acu ins gach aon chúinne d’ oileán na h-Éirean, ag feuchaint agus ag iniúchadh agus ag fághail eóluis, chómh maith agus dob’ fhéidir leó é.

Pé cúis a bhí leis, bíodh go ndeigh Caoilte anonn go minic go críochaibh Lochlan, agus anonn go Cathair na Beirbe, níor deineadh aon iaracht ar aon chur isteach a dhéanamh air ná ar bhaint leis i n-aon tsaghas cuma. Thug sé féin aire mhaith gan aon dlígh a bhriseadh.

Idir an dá aicme faire ba dheacair puinn eóluis a bheith i n-Éirinn a gan fhios do’n namhaid, agus ba ró dheacair do’n namhaid aon chor a chur díobh a gan fhios do Chaoilte. Ní raibh ag gach taobh le déanamh ach bheith ’ghá neartughadh féin chómh maith agus dob’ fhéidir leó é, agus bheith a d’iaraidh eóluis a nirt do choimeád ó’n dtaobh eile chómh maith agus dob’ fhéidir leó é, go dtí go bpléasgfadh an tóirthneach eatartha.

Bhí dhá shaghas eóluis ag gach taobh de’n dá thaobh ’á chruinniughadh. Bhí gach taobh a d’iaraidh eóluis a dh’ fhághail ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh cur le n-a neart féin agus ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh baint ó neart an taoibh eile.