Niamh · Peter O'Leary

Chapter 33: Caradas Ag Fás A’ Fuath

Nuair a bhí a chuaird agus a ghnó críochnuighthe i gConachtaibh ag Brian thug sé aghaidh óthuaidh ar Chúig’ Uladh. Thug muintir na cúige sin go léir an onóir dó ba cheart a thabhairt do’n Árdrígh, agus thug Brian dóibh na tabharthaistí ba cheart do’n Árdrígh a thabhairt do ríghthibh cúigí. D’fheuch sé ar na h-eagailsíbh agus ar na mainistreachaibh agus ar na sgoileanaibh, fé mar a dheineadh sé ins gach aon bhall. Ghlaoidh sé chun na gconbhintí leis, agus ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh do theacht ’ghá bhfeuchaint agus ag feuchaint na sgoileana a bhí acu. Bhíodh mná óga acu ’n-a sgoileanaibh agus iad ag múineadh gach aon tsaghas eóluis dos na mnáibh óga san ar na neithibh a bhí riachtanach an uair sin do mhnaoi bheith ar eólus aici.

Ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh a dh’fheisgint, agus Murchadh, agus Dúlainn Óg, agus gach fear eile de mhuintir Bhriain n-a raibh a n-ainimneacha i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean an uair sin. Ach ní raibh aoinne beó ab fhearr leó a dh’fheisgint ’ná Niamh. Chuaidh a tuairisg roímpe eatartha. Do h-innseadh dóibh ná raibh rígan óg eile ar thalamh na h-Éirean an uair sin chómh breagh ná chómh dathamhail léi. Agus do h-innseadh dóibh go raibh socair ’n-a h-aigne aici gan pósadh choídhche. Go bhfanfadh sí ag tabhairt aire d’á h-athair an fhaid ab é toil Dé iad fhágáilt ar an saoghal so i bhfochair a chéile, agus ansan, dá mb’ é a h-athair ba thúisge a gheóbhadh bás, go bhfanfadh sí singil ’n-a dhiaigh ar an saoghal so go dtí go mbéarfadh Dia chuige féin í agus go mbéadh sí i bhfochair a h-athar airís ar an saoghal eile.

Sar a’ dtagadh sí chúcha bhídís ag machtnamh ar a h-áilneacht agus ag cuimhneamh ar na mnáibh óga dob’ áluinne agus ba bhreaghtha agus ba dhathamhla d’á bhfeacadar riamh, agus ’ghá shamhlughadh ’n-a n-aigne cad é an saghas í má bhí sí níba bhreaghtha le feisgint ’ná aoinne acu súd. Ansan, nuair a thagadh sí agus do chídís í, do leathadh a súile ortha agus d’ admhuighdís nár fhéad aon tsamhlughadh d’ár dheineadar teacht i n-aon ghioracht do’n radharc a chonacadar nuair fheuchadar uirthi. Ansan, ní bhíodh aon iongnadh ortha nuair airighdís i dtaobh an tsoluis ’n-a tímpal agus i dtaobh an ghath gréine. Do samhluightí dhóibh féin, nuair a thagadh sí isteach sa chonbhint chúcha, go dtugaidís fé ndeara an solus ’n-a gnaoi agus ’n-a tímpal, agus gur chuma í nó gath gréine ag teacht isteach.

Isé céad rud a dheineadh na mná riaghalta, ins gach aon chonbhint, chómh luath agus bhíodh tamal de lá caithte ann aici, ’ná cromadh ar thathant uirthi fanmhaint acu ar fad. Ghlacadh sise an tathant go breagh réidh agus go breagh séimh, ach ní baoghal go dtugadh sí aon chómharthaí uaithi ar ghéilleadh do’n tathant. Bhíodh áthas mór ortha an fhaid a bhíodh sí acu, agus bhíodh uaigneas mór ortha nuair a bhíodh cuaird na h-áite tabhartha, agus nuair a bhíodh Brian agus a chualacht ag imtheacht go h-áit eile.

Nuair a bhí Cúig’ Uladh siúbhalta do gabhadh tímpal tré Chúige Laighean. Do fanadh raint laethanta i gCúige na Mídhe, i dteighlach Mh’lsheachlainn Mhóir. Níor chuaird i n-aistear cuaird chun an teighlaigh sin. Do cuireadh cóir go fial agus go flathamhail ar an Árdrígh agus ar a chualacht ann. Dá mbéadh i gcualacht Bhriain an uair sin duine iasachta, duine ná béadh aon fhios aige ar cad a bhí tuitithe amach i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní bhéadh aon chuimhneamh i n-aon chor aige go raibh Brian tar éis Mh’lsheachlainn do chur as an Árdrígheacht. Shamhlóch’ sé gur bh’ é Brian an t-Árdrígh i gcómhnuighe agus go raibh M’lsheachlainn fé n-a smacht i gcómhnuighe. B’é an cleas céadna é ag an dá theighlach. Níor leig teighlach Mh’lsheachlainn ortha gur bh’ iad féin teighlach an Árdrígh riamh, agus níor thaisbeáin teighlach Bhriain aon mhór-is-fiú ná aon eiríghe anáirde os cionn an teighlaigh eile. Bhí an dá mhuintir go séimh agus go soilbhir le n-a chéile, agus go h-ollamh chun gach urama agus gach onóra thabhairt d’á chéile.

Chuaidh an t-Árdrígh agus a theighlach ag triall ar Shitric, ar rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do cuireadh an chuaird sin chun cinn díreach mar a cuireadh i gcás Mh’lsheachlainn nó i gcás aon rígh cúige eile i n-Éirinn. Do ghlaoidh Brian chun tighthe na gceannaighthe agus d’ fheuch sé go cruinn ar an gcuma ’n-a ndéinidís a ngnó. D’fheuch sé ar na loingeas a bhí sa chuan. Do thuig sé i n’ aigne gur mhór go léir an tairbhthe do mhuintir na h-Éirean dá mbéadh mórán des na loingeas san sa chuan san, agus ins gach cuan eile de chuantaibh na h-Éirean, agus mórán de’n obair cheannaigheachta san acu d’á choimeád ar siúbhal idir oileán na h-Éirean agus dúthaíbh iasachta. An fhaid a bhí sé ag machtnamh ar an gcuma san ar an dtairbhthe a bhí ag cuan Bhaile Átha Cliath ’á dhéanamh, do chuimhnigh sé ar an gcothrom uathbhásach uisge atá ó chathair Luimníghe síos go h-Inis Cathaigh agus amach ar fad go Léim Chúchulainn, agus chuimhnigh sé ar an dtairbhthe a dhéanfadh an cothrom uisge sin dá mbéadh sé clúdaithe le loingeas bhreaghtha mhóra do bhéarfadh earaí ceannaigheachta amach ó Éirinn go cuantaibh an domhain, agus do thabharfadh earaí iasachta isteach go h-Éirinn sa bhflúirse chéadna, ó chuantaibh an domhain.

Nuair fhág sé Baile Átha Cliath agus cuaidh sé ódheas go teighlach rígh Laighean, teighlach Mhaoilmhórdha, teighlach drithár a chéile, bhí an machtnamh céadna i n’ aigne i dtaobh uisge Béil Sionainne. D’inis sé do rígh Laighean cad a bhí i n’ aigne, agus dúbhairt sé leis gur bh’ é a thuairim féin ná raibh le fághail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile, adhmad a dhéanfadh crainn seóil do loingeas mhóra chómh maith agus do dhéanfadh an t-adhmad a bhí ag fás i gCúige Laighean.

“Dá gcurfá chúgham siar go Ceann Cora, a rígh,” ar seisean le Maolmórdha, “trí cinn de’s na crannaibh is fearr agat chun na h-oibre, do chuirfinn trí loingeas d’á ndéanamh gan a thuille ríghnis.”

“Cuirfead agus fáilte, a Árdrígh,” arsa rígh Laighean.

D’fhan an sgéal mar sin an uair sin.

Do ghluais Brian agus a chualacht ódheas isteach i n-Urmúmhain. Thug sé a chuaird chun teighlaigh rígh na nDéiseach. Mothla mac Faeláin ab ainim do’n rígh sin. Bhí sé dílis do Bhrian, bíodh ná raibh abhfad roimis sin ó bhris Brian cathana fuilteacha ar a chine. Bhí sé i n’ aigne, fé mar a bhí i n-aigne gach aoinne, go raibh tórmach cogaidh ar siúbhal, go raibh an spéir trom leis an dtórmach cogaidh sin, agus ná raibh aon fhear beó ach Brian a dh’fhéadfadh Éire thabhairt saor as an gcogadh san nuair a thiocfadh sé. D’á bhrígh sin bhí sé dílis do Bhrian.

Tháinig Brian agus a chualacht go teighlach athar Chaoilte. Fuair gach aoinne amach ansan cé r’ bh’ é Caoilte, gur mac rígh é agus gur Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach. Nuair a fuair Conn, mac Mhaoilruanaidh na Paidre, gur mhac rígh Caoilte tháinig sé chuige agus do rug sé ar dhá láimh air.

“Ó, a Dhuinn,” ar seisean, “cad ’n-a thaobh nár innsis dom cé r’ bh’ é thú! Bhí sé am’ aigne go mb’fhéidir go raibh braon éigin d’fhuil ríoga ionat, agus an bhfuil fhios agat cathin a chuimhnigheas air? Chuimhnigheas air nuair a thugas an tarcaisne dhuit agus nuair a chonac an chuma ’n-ar choimeádais srian le t’ fheirg. ‘Mura mac rígh é,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘tá an fholuigheacht ann pé ball ’n-a bhfuair sé í bheith ann.’ Dúbhart go deimhin. Nách mór an cleasaidhe Niamh! Chuir sí thusa ar theachtaireacht an lá úd. Do chuir má’s fíor bréag! Ní h-eadh ach cheap sí sinn a chur ó chéile. Do rug sí mise i láthair Bhriain, agus geallaim dhuit gur cuireadh smacht orm. ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Idir Bhrian agus an sagart agus Niamh, agus í imthighthe amach, níor fágadh léas meabhrach am’ cheann. Nuair a bhíos tagaithe amach agus raint machtnaimh déanta agam iseadh thuigeas i gceart cad a bhí imthighthe orm. ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche,’ arsa Maolshuathain, agus, ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Dheineadar amadán díom eatartha.”

“Agus nách maith nár dheinis aon dearmhad de’n fhocal amháin úd, a rígh,” arsa Caoilte.

“Cad é an focal?” arsa Conn.

“An focal úd adúbhairt Maolshuathain, ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche.’”

“Ó, ambasa is fíor dhuit é,” arsa Conn. “D’ fhan an focal san ’n-a sheasamh am’ aigne ó shin. Tá sé ’n-a sheasamh am’ aigne anois chómh gléineach agus bhí sé nuair airigheas ag teacht a’ bhéal Mhaoilshuathain amach é! ‘Tá sochair ag Niamh ’n-a h-aigne,’ ar seisean, ‘gan pósadh choídhche.’ Dá mairinn míle blian ní imtheóch’ an méid sin cainte as m’ aigne.”

“’Sé an sgéal céadna agam-sa é,” arsa Caoilte. “Dúbhairt sí an chaint sin díreach amach as a béal féin liom nuair a bhí sí a’m chur ar a’ dteachtaireacht mar ’dh eadh, agus tá an focal ’n-a sheasamh am’ aigne anois, agus beidh go deó.”

“Feuch, a Dhuinn,” arsa Conn, “is maith a dhein sí é agus a h-aigne do shocarughadh ar an gcuma san. Dá bpósadh sí thusa is dóich liom go mbainfinn an t-anam asat; agus dá bpósadh sí mise is dócha go mbainfeá-sa an t-anam asam-sa; agus dá bpósadh sí duine eile is dócha go mbainfimís araon an t-anam as san. Ach nuair ná pósfaidh sí aoinne choídhche ní bheidh aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon chun an anama bhaint as! Is dian mhaith atá an sgéal socair aici!”

“Is fíor dhuit sin, a Chuinn,” arsa Caoilte. “Shocaruigh sí é i dtreó go bhféadfaimíd bheith ag baint spóirt as, an rud atá agat-sa ’á dhéanamh anois, agus i dtreó go bhfuil ar ár gcumas bheith muinteartha caradach le n-a chéile. Tá gádh againn anois le muintearthas agus le caradas. Is dóich liom nach ró fhada go mbeidh namhaid agus eascáirde ar ndóthin againn.”

“Is fíor dhuit sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ná béadh sé chómh maith againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas daingean a bheith eadrainn, fé mar atá idir Mhurchadh agus Dúlainn, i dtreó nuair a bhéimís i lár catha go bhféadfaimís a chéile chosaint. Tá ana chion agam ort ó’n lá úd a bhuaidhis orm sa ruith.”

“Ní mó an cion atá agat orm, a Chuinn,” arsa Caoilte, “’ná mar atá agam-sa ort-sa. Agus a bhfuil fhios agat cad é an chúis go bhfuil an cion san agam ort, a Chuinn?”

“Andaigh ní fheadar, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól dom gur dheineas aon nídh riamh duit a thuillfeadh cion dom uait.”

“’Neósfad-sa dhuit cad a chuir an cion am’ chroídhe ort. An grádh a thaisbeánais a bheith agat do Niamh. Siné a dhein é.”

“Aililiú!” arsa Conn. “Ba dhóich liom gur éad, agus fuath dhom, agus gráin orm, a mhúisgileóchadh sé sin a d’ chroídhe.”

“Iseadh, leis,” arsa Caoilte, “go dtí go ndúbhairt sí liom go raibh a h-aigne socair aici ar gan pósadh choídhche. Nuair airigheas an focal san uaithi bhí fhios agam gur bh’ fhíor an focal. Ansan nuair a chonac, agus nuair a thuigeas am aigne, an grádh a bhí agat-sa dhi tháinig truagh agam duit. Ansan tháinig an cion agam ort. Sin mar a tháinig sé. Tá sé am’ chroídhe fós, chómh láidir díreach agus bhí sé an uair sin.”

“Is iongantach an sgéal é sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Isé an sgéal céadna ó m’ thaobh-sa é ach nár thugas fé ndeara é chómh géar agus thugais-se fé ndeara é. Bhí fhios agam cad é an chúis n-a mbíodh Caoilte ag teacht fé dhéin teighlaigh Thaidhg Mhóir uí Chealla. Nuair a thánag amach ó Bhrian agus ó Mhaolshuathain, agus Maolshuathain tar éis an chinn a bhaint de’n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar éis cómhairle thabhairt dom ciall a bheith agam, chómh luath agus d’ fhéadas mo mheabhair do chruinniughadh, agus níor bh’ fuiriste é, ‘Agus Caoilte bocht,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘cad a dhéanfaidh sé! Tá an sgéal chómh h-olc aige agus ’tá sé agam-sa, nó b’fhéidhir níosa mheasa.’ Tá ana bháigh agam leat ó shin. Agus feuch, níor thugas fé ndeara an chúis go dtí anois nuair a dh’innsis-se do thaobh féin de’n sgéal dom.”

Do shnadhmuigh an bheirt a gcaradas go daingean ansan, agus bhí móráil agus aiteas agus áthas croídhe ortha as san amach.

D’ admhuighdar i gcómhnuighe, as san amach, gur mhór an tabharthas ó Dhia dhóibh an caradas san a bheith eatartha, agus gur ar Niamh a bhí a bhuidhchas acu Dia do thabhairt an tabharthais sin dóibh.