Do ghluais Brian ar a chuaird rígh. Bhí cualacht uasal i n-aonfheacht leis. Bhí Murchadh i n-aonfheacht leis, agus Dúlainn Óg, agus Tadhg Mór ua Cealla, agus Niamh. Bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe siar a bhaile go h-Uíbh Máine chun aire tabhairt do’n rígheacht san, i n-inead a athar, agus chun na bhfear do chur le chéile agus do ghleusadh agus d’ ollamhughadh i gcóir an chogaidh adúbhairt gach aoinne a bhí ag teacht go luath. Ní raibh an cogadh fógartha. Bhí síthcháin idir Árdrígh Éirean agus rígh Lochlan. Bhí síthcháin idir é agus na ríghthe eile go léir, lastoir agus lastuaidh. Ach bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine, ar fuaid na h-Éirean, go raibh an cogadh ag teacht agus nár bh’fhada go mbéadh sé ann. D’á bhrígh sin bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal ins gach aon bhall. Chun an ollmhúcháin sin do chur ar siúbhal níba ghéire dá mb’ fhéidir é iseadh chuaidh Brian ar an gcuaird rígh sin. Theastuigh uaidh a dh’fheisgint le n-a shúilibh féin conus a bhí an gnó d’á dhéanamh. Bhí cuid d’á chlainn mhac, agus uaisle eile a bhí tuisgionach i ngnóthaíbh cogaidh, imthighthe roimis mór-thímpal chun na ndún agus chun na ndaingean a bhí curtha suas aige, chun a dh’innsint go raibh sé ag teacht, agus chun na bhfear a bhí ins na dúnaibh agus ins na daingeanaibh sin do ghleusadh agus do chur i dtreó, ionus go mbeidís oireamhnach ar dhul fé n-a shúil. Bhí sgéala curtha, leis, ag triall ar na ríghthibh, go raibh sé ag teacht, agus bhí gach rígh acu ceapaithe ar pé neart fear a bhí aige do bheith chómh ghleusta agus dob’ fhéidir iad a bheith, agus an méid ba mhó a dh’ fhéadfadh sé dhíobh a bheith curtha le chéile aige i gcóir an lae a thiocfadh Brian. Níor bh’ fhéidir aon bhob a bualadh ar Bhrian i neithibh de’n tsórd san. Bhí an tsúil ró ghéar aige. Do chífeadh sé ar an gcéad amharc an locht ba lúgha, ins na fir nó ins na h-airm, nó sa ghleus. Chífeadh sé, leis, ar an gcéad amharc, an raibh cóir iompair agus cóir gluaiste agus sáith lóin, ag an rígh sin dos na fearaibh sin, dá nglaoidhtí chun bóthair ortha.
Ansan, bhí árd fhormad ag na ríghthibh le n-a chéile feuchaint cé h-é an rígh a gheóbhadh moladh ó Bhrian nó cé h-é a gheóbhadh cáineadh; nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba mhó a gheóbhadh de’n mholadh. Bhí an formad san idir na fearaibh chómh mór díreach agus bhí sé idir na ríghthibh, i dtreó nár ghádh dos na ríghthibh puínn de dhuagh na bhfear a dh’fhághail chun iad a ghríosadh, mar go rabhdar féin ag gríosadh a chéile chómh dian agus dob’ fhéidir é. Ní raibh aoinne do thuig an méid sin níb’ fhearr ’ná mar a thuig Brian é, agus ní raibh aoinne dob’ fhearr a dh’ fhéadfadh toradh bhaint as ’ná mar a dh’fhéad Brian toradh bhaint as.
Siar tré Chonachtaibh a thug Brian aghaidh ar dtúis. Bhí fhios aige gur i gConachtaibh ba lúgha a bhí gádh le h-aimsir chun ollmhúcháin mar go raibh an t-ollmhúchán déanta cheana ann. Teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla an chéad theighlach i gConachtaibh ar ar thug sé aghaidh. Bhí Tadhg Óg imthighthe siar roimis agus bhí gach nídh ollamh aige roimis.
Nuair a thagadh Brian isteach mar sin ar chuaird, i dtighearnas rígh, ar an eaglais a thugadh sé aghaidh ar dtúis. Dá mbéadh gádh le h-aon nídh a dhéanamh do’n eaglais, aon nídh i bhfuirm saoirseachta, chun an tíghe chur i méid, nó chun slacht a chur air, thugadh Brian síntiús maith do rígh na tíre sin chun na h-oibre sin do dhéanamh. Ansan, dá mbéadh mainistir sa n-áit thabharfadh sé cuaird ar an mainistir, agus dhéanfadh Maolshuathain feuchaint i ndiaigh oibre na mainistreach, feuchaint a’ raibh gach aon rud ’n-a cheart, agus aon rud ba ghádh a cheartughadh dhéanfadh sé é cheartughadh.
Ba bheag eaglais ná mainistir ná conbhint ban riaghalta ná bíodh nídh éigin tairbhtheach ag Brian le bronnadh ortha nuair a thagadh sé mar sin ar chuaird, agus do curtí gach eaglais agus gach mainistir agus gach conbhint ban riaghalta sa treó dob’ fhearr ’n-ar bh’ fhéidir iad do chur nuair a bhíodh súil le n-a theacht.
Deireadh sé, i gcómhnuighe, gur dos na gnóthaíbh a bhain le Creideamh ba cheart do ríghthibh agus do dhaoine aireachas a thabhairt ar dtúis. Gur cheart gnó Dé a dhéanamh ar dtúis sar a dtabharfaí aghaidh ar ghnó an tsaoghail seo. Gur dhóichígh-de do dhuine an rath a bheith ar a ghnóthaíbh saoghalta nuair a dhéanfadh sé a dhícheal ar dhualgaisíbh an Chreidimh do chómhlíonadh. Ach, pé ’cu ba thoil le Dia an rath do chur ar ghnóthaíbh saoghalta an duine nó gan a chur, go raibh ceangailte ar an nduine aitheanta Dé do choimeád.
Do mhúin Brian dos na ríghthibh agus dos na daoine a bhí fé n-a smacht an uraim is dual do bhantracht, ach do mhúin sé dhóibh, ’n-a theannta san, an uraim is dual do’n cheart ar gach aon tsaghas cuma, agus chuir sé ’n-a luighe ar a n-aigne go daingean gur i ndlígh Dé atá brígh agus bunús agus cúis agus fáth gach urama dhíobh go léir. An t-é ná beidh eagla Dé air ná beann aige ar dhlígh Dé, go bhfuil sé fuar ag aoinne bheith ag brath air go staonfaidh an duine sin ó dhrúis ná ó chraos ná ó éagcóir a dhéanamh ar a chómharsain má gheibhean sé an chaoi. D’á bhrígh sin gur ceart ar dtúis greim daingean a thabhairt do’n Chreideamh i gcroídhe agus i n-aigne an duine. Nuair a bheidh an greim sin ag an gCreideamh gur b’eadh is féidir an duine sin a dhéanamh úmhal do gach dlígh agus do gach riaghail agus do gach dualgas bunaigh d’á mbainean leis an gCreideamh.
Na ríghthe agus na riaghaltaisí atá sa tsaoghal anois, an chuid acu go bhfuil aon admháil i n-aon chor acu do Chreideamh, do cheadóchaidís an Creideamh le h-ionachus go ndéanfadh an Creideamh na daoine úmhal dóibh. Chómh maith agus gur chuige sin a cuireadh an Creideamh ar bun, chun daoine dhéanamh úmhal do ríghthibh! Do thuig Brian nár bh’eadh. Gur chun daoine dhéanamh úmhal do Dhia a cuireadh an Creideamh ar bun. Ná fuil sa n-úmhluigheacht a chuirean an Creideamh i n-áirighthe do ríghthibh ach cuid de thoradh an Chreidimh. Gur maith an rud do ríghthibh an úmhluigheacht san a theacht mar thoradh as an gCreideamh ar an saoghal so, ach ná fuil sa méid sin de thoradh an Chreidimh ach neamhnídh seachas an toradh a fachtar as ar an saoghal eile. Go n-iompuighthear neithe taobh síos suas nuair a cuirtear suim i dtoradh an Chreidimh ar an saoghal so agus neamhshuim ’n-a thoradh ar an saoghal eile.
Do thuig Brian na neithe sin go léir agus dhein sé beart do réir a thuisgiona. Bhí an Creideamh aige ’n-a chroídhe féin istigh agus do bhí an Creideamh san le feisgint go soiléir ’n-a ghníomharthaibh. Do mhúisgil an deagh-shampla san Creideamh agus toradh an Chreidimh i gcroídhthibh na ríghthe agus na ndaoine a bhí fé n-a smacht.
Thug sé tusach do’n Chreideamh ins na h-áiteanaibh ’n-ar thug sé a chuarda. Nuair a bhíodh feuchta aige ar na h-eaglaisíbh agus ar na mainistiríbh agus ar chonbhintíbh na mban riaghalta thugadh sé aghaidh ar na sgoileanaibh, agus d’fheuchadh sé isteach go cruinn sa chuma ’n-a mbíodh an obair ag dul chun cinn. Agus thugadh sé aire mhaith,--ach níor ghádh dhó san mar do thugadh na manaigh féin aire maith dó,--pé easnamh a bhéadh, ná ná béadh, ar aon tsaghas eile ealadhan, ná caithfeadh aon easnamh a bheith, ná aon fhaillígh a bheith, sa chuma ’n-a múintí an Creideamh dos na daoinibh óga. Bhí fhios ag Brian go maith, agus bhí fhios ag an uile dhuine des na h-oidíbh a bhí ag stiúrughadh na h-oibre sin, ná fuil ach diabhal ó ifrean sa bhfear a geóbhaidh sgoluigheacht gan Creideamh. D’á bhrígh sin níor ghádh do Bhrian bheith ag feuchaint ’n-a ndiaigh chun a chur fhiachaibh ortha an Creideamh do mhúineadh. Ach do bhíodh.
Nuair a bhíodh an obair sin go léir déanta ag Brian, sa n-áit ’n-a mbíodh sé ar a chuaird, thugadh sé aghaidh ar an ollmhúchán armála a bhíodh ar siúbhal i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, dar le gach aoinne. Do tugtí na fir amach os a chómhair agus do curtí tré n-a ngleacaidheacht iad. Bhíodh oiread san eagla roime n-a shúil ag na fearaibh go léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanamh taithíghe de’n ghleacaidheacht ar feadh mórán aimsire roim ré nuair a bhíodh súil le n-a theacht. Dheinidís a ndícheal chun ná faghadh sé aon locht ortha. Agus bhíodh an formad ann, leis, idir na ríghthibh, feuchaint cé aige dob’ fhearr n-a mbéadh an t-ollmhúchán déanta, agus idir na buidhnibh, feuchaint cia’cu buidhean ba mhó a thabharfadh sásamh dó.
Thugadh sé tabharthaistí uaidh, dos na ríghthibh agus dos na fearaibh, claidheamh, nó sleagh, nó tuagh, nó brat áluinn, nó capal breagh, agus bhíodh an formad ann feuchaint cé gheóbhadh an tabharthas ba luachmhaire, mar, gan amhras, is do’n t-é ab fhearr a thabharfadh sásamh a tabharfaí an tabharthas ab fhearr.
Bhí áthas an domhain ar Niamh nuair a fuair sí gur siar chun teighlaigh a h-athar a bhí Brian ag dul ar dtúis. Chuir Tadhg Mór teachtaire siar, chómh luath agus fuair sé an t-eólus, ’ghá innsint do Thadhg Óg go raibh an t-Árdrígh ag teacht. Ba mhaith le Brian féin dul siar chun na h-áite sin ar dtúis. Is ann a bhí a ghaolta ó thaobh a mháthar, agus is ann a bhí gaolta na clainne a bhí aige le n-a chéad mhnaoi. Drifiúr do Mhaolruanaidh na Paidre ab eadh í. Agus gan amhras bhí áthas an domhain ar an muintir thiar go léir, leis, nuair a h-innseadh dóibh go raibh sé ag teacht. Tháinig Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne, agus a lán eile d’uaislibh Conacht, tamal maith de’n tslígh ’n-a choinnibh. Bhí Conn, mac Mhaoilruanaidh, i dteighlach Bhriain cheana. Thugadar go léir aghaidh ar theighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla. Do cuireadh míle fáilte rómpa. Do cuireadh gach cóir ortha d’ár cheart, go h-uasal agus go ríoga, agus dúbhairt Niamh nár tógadh an ceó i gceart d’á croídhe go dtí go bhfuair sí í féin airís i dteighlach a h-athar agus uaisle Conacht agus Cheann Cora ’n-a tímpal.
D’ admhuigh an chuideachta gur shamhluighdar an solus ’n-a tímpal, mar a bhíodh cheana, agus gur bh’í an gath gréine céadna airís í ag teacht n-a measg.
Nuair a bhí an chuaird go h-Uíbh Máine tabhartha chuadar go léir, le cois a chéile, go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus chuir Maolruanaidh cóir uasal ortha.