Bhí Tadhg Mór féin rómpa istigh agus níor bh’ aon iongnadh má gheal a chroídhe nuair a chonaic sé chuige isteach an bheirt. Ní raibh le feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg a dh’ fhéadfadh seasamh i n-aice na h-inghíne agus iomláine a h-áilneachta féin do choimeád. Pé áilneacht a chífí inti an fhaid a bhéadh sí ’n-a h-aonar do thiocfadh claoídhchlódh ar an áilneacht san nuair a curfaí ’n-a seasamh i n-aice Niamh í. Bhí daoine ag tusnughadh ar a thabhairt fé ndeara ná bíodh iomláine blátha ar áilneacht Ghormfhlaith féin, le deiriníghe, nuair a chítí Niamh ’n-a h-aice. Níor chóir puínn iongnadh dhéanamh dé sin, ámhthach, mar is ag teacht a bhí áilneacht Niamh agus bhí áilneacht Ghormfhlaith ag imtheacht, nó ag tusnughadh ar imtheacht. Agus i dtaobh an mhic. Bhí finne agus solusmhaire agus gileacht na h-inghíne ann, agus bhí folt óir na h-inghíne air; an t-ualach órdha ar a cheann agus anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí an tsúil ríoga chéadna n-a cheann, go glan agus go h-osgailte agus go neamh-eaglach. ’N-a theannta san bhí sé groídhe cumasach láidir mar ba dhual athar dó bheith. Ní raibh an chaoi fághalta fós aige ar ghníomharthaibh gaile agus gaisge dhéanamh, mar a bhí fághalta agá athair, i gcathanaibh Bhriain i n-aghaidh na Lochlanach. Ach bhí an chaoi roimis, agus bhí gach aon deabhramh go ndéanfadh sé na gníomhartha nuair a thiocfadh an chaoi, agus go mothóch’ na Lochlanaigh meaghchaint a bhuille.
Níor bh’ aon iongnadh má gheal croídhe Thaidhg Mhóir uí Chealla nuair a chonaic sé an bheirt chuige isteach.
“Dé bheatha-sa, a Thaidhg!” ar seisean. “Conus fhágais gach aon rud agus gach aoinne ad’ dhiaigh sa bhaile?”
“Go mairir-se, a athair!” arsa Tadhg. “D’fhágas gach aoinne agus gach aon rud am’ dhiaigh go maith, buidhchas le Dia! Bhí rud beag ag déanamh buartha dhom agus níor dheineas ach ruith aniar chun go labharfainn le Niamh mar gheall air.”
“An ’mó fear a bheidh agat i gcóir an chogaidh, a Thaidhg?” arsa Tadhg Mór.
“Tá chúig céad déag fear againn cheana, a athair,” arsa Tadhg Óg, “agus tá fhios agam go mbeidh chúig céad eile againn sar a’ fada.”
“Tá san ró bheag, a mhic ó,” arsa Tadhg Mór. “Ba cheart dúinn an trí mhíle slán a bheith againn.”
“Is mó an neart dhá mhíle ó Uíbh Máine, a athair, ’ná trí mhíle ó áiteanaibh eile. Tá a lán d’ ár bhfearaibh agus tá muirighean óg ortha.”
“Tá,” arsa Tadhg Mór, “agus má gheibhid Lochlanaigh an lámh uachtair orainn cad a dhéanfaidh an muirighean óg? Beart lag, a Thaidhg, iseadh d’aon fhear atá ábalta ar chlaidheamh a chasadh fanmhaint siar anois. Nách dóich leat san, a Niamh?”
“Ní dóich liom, a athair,” arsa Niamh, “go bhfanfaidh aon fhear siar i n-Uíbh Máine, aon fhear go bhfuil lúth a ghéag i n-aon chor aige.”
“Ní dóich liom go bhfanfaidh, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Ach cad é seo oraibh, a Thaidhg?” ar seisean.
D’inis Tadhg dó ansan conus a tháinig sé go h-oban ar Ghormfhlaith agus ar Niamh agus cad a chonaic sé. Mhínigh sé dhó conus mar, do réir a thuisgiona féin, a bhí beartuighthe ag Gormfhlaith sprid agus croídhe agus aigne Niamh do bhriseadh agus do mhilleadh le corp soilbhris agus le corp caradais mar ’dh eadh.
“Ní fhéadfaidh Niamh an rud san do sheasamh, a athair,” ar seisean. “Tá sí ag dul as cheana féin. Ní fhágfaidh an bhean san goile ná sláinte aici. Ní fearrde í aon uair a’ chloig de’n aimsir a chaithean sí i gcómhluadar na mná san. Crochaire mná iseadh an bhean san! Má fágtar Niamh ’n-a fochair cuirfidh sí Niamh sa n-iúir, an rud atá beartuighthe aici a dhéanamh.”
D’fheuch Tadhg Mór ar Niamh.
“Ambriathar, a ghamhain,” ar seisean, “gur dóich liom go bhfuil an ceart aige. Taoi’n tú ag dul as. Nách olc uaim nár thug fé ndeara é!”
“Ó, a athair,” arsa Niamh, “is truagh chráidhte nár fhanamair thiar sa bhaile. Tagan tocht agus ualach ar mo chroídhe nuair a chím chúgham í gach aon mhaidion agus í chómh séimh, chómh soilbhir, chómh gealgháiriteach. Bím a d’iaraidh gáire dhéanamh léi i dtreó ná tabharfadh sí fé ndeara an tocht orm, ach is beag ná go mb’fhearr liom bás d’ fhághail ’ná fanmhaint a thuille ’n-a fochair. Go maithidh Dia dhom é! ní fhéadaim gan bheith ’ghá mheas go bhfuil droch nídh ’ghá leanmhaint.”
“Ná bac í féin a thuille, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Is truagh nár labhrais níos túisge liom. Fanaigh araon ansan. Raghad anonn go teighlach Bhriain. Beidh mé chúghaibh sar a’ fada.”
D’imthigh sé amach agus anonn chun an teighlaigh. Gormfhlaith an chéad duine a bhuail uime.
“Móra dhuit, a rígh,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád Niamh uaim? Is iongantach an t-eólus atá aici ar obair shnáthaide. Tá cleas ar an obair sin aici ’á mhúineadh dhom agus isé is fada liom go mbeidh an cleas agam. An fada go dtiocfaidh sí, a rígh?”
“Tá sí gan bheith ar fóghnamh, a Árdrígan,” arsa Tadhg Mór. “Tá a dritháir ag caint léi. Is dóich liom gur inis sé rud éigin dí a chuir tré chéile aigne uirthi. Bíodh foidhne agat, a Árdrígan,” ar seisean. “B’fhéidir nách fiú biorán a’s é. B’ fhéidir go mbéadh sí chúghat gan puinn ríghnis. An bhfuil an t-Árdrígh le feisgint, le d’ thoil, a Árdrígan?”
“Anois díreach a chonac é féin agus an ríghdhamhna ag dul isteach,” ar sise.
“Gura maith agat, a Árdrígan!” arsa Tadhg Mór, agus d’imthigh sé isteach.
“Seadh!” arsa Gormfhlaith, ’n-a h-aigne féin, nuair a bhí sé imthighthe, “ní deirim ná go bhfuil teinneas croídhe curtha agam ar do pheata-sa. ‘Tá sí gan bheith ar fóghnamh.’ An cailín bocht! Dá mb’ áil leó gan í chur am’ threó. Ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di. Ach is féidir rud a dhéanamh os a cómhair. Is féidir an croídhe do chrádh inti os a cómhair.”
Pé caint a bhí ag Murchadh ’á dhéanamh leis an Árdrígh níor bh’fhada go raibh sí déanta. Ansan tháinig sé féin agus Tadhg Mór amach. D’inis Tadhg Mór a sgéal dó, agus ná féadfadh sé Niamh a dh’fhágáilt i gCeann Cora níba shia.
“Tá go maith, a Thaidhg, tá go h-ana maith,” arsa Murchadh. “Tagan san agus an rud ar a bhfuil socair isteach le n-a chéile go h-áluinn. Tá m’ athair ag dul ar a chuaird rígh. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora os cionn an rightheighlaigh. Ní féidir di aon droch nídh a dhéanamh an fhaid a bheidh an t-Árdrígh ar a chuaird. Ní foláir duit-se dul leis, a Thaidhg, agus ní foláir duit Niamh a bhreith leat. Má tá sí ag dul as tabharfaidh an chuaird tar n-ais ’n-a maise féin airís í, geallaim dhuit é.”
Do tháinig Tadhg Mór thar n-ais chun a thíghe féin. D’inis sé do’n bheirt cad air go raibh socair. Bhí áthas mór ortha araon.
“Tá mo ghuidhe tabhartha dhom ag Dia, moladh go deó leis!” arsa Niamh. “Ní’l maidion le fada,” ar sise, “nár iaras ar Mhaolshuathain mo ghuidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Idhbirt. Bhíos ’ghá iaraidh ar Dhia, tré impidhe Sheanáin, mé dh’fhuasgailt as an gcruadh-chás ’n-a rabhas. Chuir Dia thusa chúgham ar dtúis, a Thaidhg. Do labhrais-se le m’ athair. Do labhair m’ athair le Murchadh. Agus sin déanta an fhuasgailt! Moladh go deó le Dia!”
“Is maith é sin,” arsa Tadhg Óg. “Agus anois, ó tá do ghnó-sa déanta chun ár dtoile go léir, is mithid dómh-sa aghaidh a thabhairt ar mo ghnó féin. Tá mo chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh ar an ropaire fill úd agus ar ghuid na cailíse agus ar an lámh a bhí agam féin sa ghadaigheacht san.”
“Airiú, a Thaidhg, an ar buile ataoí!” arsa Niamh. “An lámh a bhí agat féin sa ghadaigheacht san! Cad é an lámh a dh’ fhéadfá-sa bheith agat sa ghadaigheacht san?”
“Mura mbéadh an caradas a chonaic Colla, agus gach aoinne eile, idir mise agus an ropaire úd, a Niamh,” ar seisean, “ní bhéadh oiread iontaoibh ag Colla as agus a bhí aige as. Mura mbéadh an iontaoibh a bhí ag Colla as ní curfaí isteach sa n-érdam é, agus ní bhfaghadh sé an chaothamhlacht a fuair sé ar an ngadaigheacht a dhéanamh. Fuair sé caradas, a Niamh, ó m’ athair agus óm’ mháthair, agus uaibh go léir, thiar i n-Uíbh Máine. Is truagh chráidhte mar a chuir sé cos leis riamh sa n-áit. Ní chuirfeadh sé cos leis sa n-áit agus ní bhfaghadh sé an caradas a fuair sé ann, a Niamh, mura mbéadh mise! Nuair a chuimhnighim air bíon náire orm ná féadfainn a dh’innsint duit!”
Nuair airigh Niamh an méid sin cainte ní miste a rádh ná go raibh náire a dóthin uirthi féin. Thuig sí go h-áluinn an uair sin, agus go minic roimis sin, cad é an saghas an grádh a tugadh di gan labhairt. Thuig sí an uair sin, agus go minic roimis sin, ó’n lá a dh’inis Caoilte sgéal an phúicín, cad é an saghas an glacadh Creidimh a dhein Amhlaoibh agus cad í an íntinn ar ar ghlac sé na h-Úird. Bhí an dá mhachtnamh úd tabhartha d’á chéile aici cruinn go leór. Bhí náire a dóthin uirthi nuair airigh sí Tadhg ’á rádh go raibh náire air. Ní dúbhairt sí aon fhocal, ámhthach, amach as a béal i dtaobh an náire a bhí uirthi ná i dtaobh ná cúise a bhí aici leis an náire; nídh nár locht ar an gcailín!
“Ó, a Thaidhg,” ar sise, “ná labhair ar an gcuma san. Bhí sé siúd chómh sleamhain chómh gealgháiriteach san go raibh báigh agus caradas ag gach aoinne leis. Mheasamair go léir go raibh sé chómh símplídhe chómh h-osgailte leis an leanbh. Chuirfinn geall go n-admhóch’ Colla féin nách mar gheall ort-sa a thug sé aon iontaoibh riamh a’ h-Amhlaoibh, ach mar gheall ar Amhlaoibh féin. Ní h-alaidh dhuit éagcóir a dhéanamh ort féin, a Thaidhg. Níor dheinis ach an rud a dheineamair go léir. Níor bhuail sé ort-sa ach an bob a bhuail sé orainn go léir.”
“Níor bhuail sé aon bhob ort-sa, a Niamh,” arsa Tadhg, agus gan aon chuimhneamh aige ar an mbrígh a bhí le n-a chaint.
“Ambriathar gur bhuail,” ar sise. “Do bhuail sé an bob orm a bhuail sé ar gach aoinne. Ní raibh aon choinne agam ná gur bhuachail shímplídhe osgailte dheagh-chroídheach é. Bhí áthas mór orm mar gheall ar charadas a bheith idir thusa agus a leithéid d’ ógánach ghealchroídheach uasal onóireach, dar liom.”
Ba mhór go léir an suaimhneas aigne ar Thadhg an chaint sin a dh’aireachtaint ó Niamh.
“Agus cad ’deirir liom,” ar seisean, “i dtaobh dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla?”
“Ní dóich liom,” ar sise, “go bhfuil aon ghádh leis. Cá bh’fhios duit ná go mb’ fhéidir go bhfuil fios an sgéil go léir ag Colla cheana chómh maith agus atá againne? Agus cá bh’fhios duit ná go mb’fhéidir gur mó an milleán atá ag Colla air féin ’ná mar atá aige ar aoinne eile? Cad is gádh dhuit-se dul agus tú féin a dhaoradh sa sgéal? I dtaobh aon droch amhrais a bheith ag Colla ar aon duine eile,” ar sise, “ní baoghal go gcuirfidh Colla aon droch amhras ar aoinne gan labhairt le Murchadh. Má labhran sé le Murchadh socaróchaidh Murchadh an sgéal dó. Isí cómhairle thabharfainn-se dhuit, a Thaidhg,” ar sise, “’ná gan aon chur isteach ná amach a bheith agat ar an sgéal a thuille an fhaid ná déanfaidh aoinne aon chur isteach ná amach ort mar gheall air. Do sgaoilfinn thorm é dá mbéinn ad’ chás.”
“Is dóich liom, a Niamh,” ar seisean, “go ndéanfaidh mé rud ort. Ní’l aon lorg i n-aon chor agam ar bheith ag dul ag caint le Colla mar gheall air. Is amhlaidh atá gráin agam air mar sgéal, agus gráin agam orm féin mar gheall ar aon bhaint a bheith agam leis.”
Níor bh’ fhada gur ghluais Brian ar a chuaird rígh mór-thímpal na h-Éirean. Do ghluais Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh ’n-a chualacht. Bhí saoghal breagh ansan ag Niamh, agus níor bh’ fhada go raibh a croídhe agus a h-aigne séin airís aici.
Do fágadh Ceann Cora fé chúram ’na h-Árdríghna. Bhí fhios aici cad é an brígh a bhí leis sin.