An fhaid a bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal mór-thímpal na h-Éirean bhí aghaidh na h-Éirean ar Cheann Cora. Ní raibh lá gan priúnsa éigin, nó buidhean éigin d’uaislibh nó de mhaithibh móra, ó cheanntar éigin de’n tír, ag teacht go ríghtheighlach Bhriain, a d’iaraidh cómhairle, nó ag socarughadh cúise, nó ’ghá fhiafraighe an ’mó fear a bhéadh ortha do chur le chéile i gcóir an chogaidh a thuig gach aoinne a bhí ag teacht. Deiridís go léir, nuair a bhídís ag imtheacht, ná raibh riamh i n-Éirinn rígh chómh mór gradam le Brian; ná raibh riamh i n-Éirinn ríghtheighlach chómh greanta le ríghtheighlach Bhriain; ná raibh riamh i n-Éirinn, ná i n-aon tír eile, fir chómh h-uasal, chómh cródha, chómh tréan i gcath le Clainn Chais.
Ansan deiridís go léir, d’á áilneacht agus d’á nósmhaireacht agus d’á uaisleacht ar gach aon tsaghas cuma, an ríghtheighlach agus a raibh ann, gur chuir an Bhanríghin agus Niamh, ar an ngradam agus ar an uaisleacht agus ar an saidhbhreas agus ar an bhflúirse agus ar an rabairne, maise ná béadh ortha i n-aon chor mura mbéadh an bheirt sin a bheith sa n-áit.
Gan amhras dob’ áluinn an bheirt iad; agus ní aithneóch’ aoinne do thiocfadh ann mar sin ar chuaird ná go raibh caradas idir an mbeirt. Is ar éigin ba dhóich le duine a thuigeadh Niamh féin uaireanta go raibh aon nídh eatartha ach caradas, bhíodh Gormfhlaith chómh caoin chómh cneasda chómh grádhmhar san léi. Bhíodh an t-Aifrean gach aon mhaidion, ag Maolshuathain, i n-eaglais an ríghtheighlaigh, agus bhíodh Gormfhlaith agus Niamh ag an Aifrean coitchianta. Do chítí go minic i gcaitheamh an lae an bheirt i bhfochair a chéile, ag caint agus ag cómhrádh go soilbhir agus go suairc agus go sultmhar, i dtreó ná bíodh aon phioc d’ á chuimhneamh ag aoinne ná raibh fios bunús an sgéil aige, go raibh aon nídh idir an mbeirt ach caradas fírinneach. Ní raibh fios bunús an sgéil ag Maolshuathain. Do tuigeadh gur bh’fhearr an sgéal a choimeád uaidh i dtreó ná taisbeánfadh sé aon sgáthamhlacht ’n-a chaint ná ’n-a chuideachtanas leis an Árdrígh ná leis an Árdrígain. Ach bhíodh iongnadh mhór air nuair a thagadh Niamh chuige chómh minic roimis an Aifrean, ar maidin, agus nuair a dh’iaradh sí chómh dian chómh dlúth air a guidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Ídhbirt.
Bhí an aimsir ag gluaiseacht ar an gcuma san. Cómhacht Bhriain ag neartughadh ins gach aon bhall istigh i n-oileán na h-Éirean, agus cómhacht Lochlan ag neartughadh ins gach aon bhall lasmuich d’ oileán na h-Éirean. Na buidheana ins na daingeanaibh ag déanamh taithíghe des na h-armaibh agus ag leanmhaint ar an dtaithíghe chómh díchealach agus ba cheart d’fhearaibh ná feidir cad é an neómat a chaithfidís na h-airm sin do láimhsiáil i gcoímhsgar machaire chun iad féin a chosaint ar namhdaibh fíochmhara fuilteacha, mar a dhein cuid acu go minic cheana. Na ríghthe agus na h-uaisle ar fuid na tíre ag cur a mbuidheana féin le chéile, ’ghá múineadh agus ’ghá ngleusadh agus ag méadughadh a neart, ag toghadh na bhfear ab fhearr agus ag cur na n-iarmharán i leith taoibh. An gabha, Meargach, ag obair go dian, na ceardaighthe dob’ fhearr le fághail aige, na teinte ar lasadh agus na builg ag séideadh aige, do ló agus d’oídhche, agus gan ar a chumas na h-airm a dhéanamh chómh tiugh agus bhí glaodhach agus ceannach ortha, bhí a leithéid sin d’ airc ar gach aon rud i bhfuirm fir chun arm a bheith n-a láimh aige. Bhí Tadhg Mór ua Cealla i gCeann Cora, ach má bhí, bhí Tadhg Óg thiar sa bhaile, agus ní baoghal ná gur ghleus sé neart Uíbh Máine chómh maith díreach agus dhéanfadh Tadhg Mór féin dá mbéadh sé thiar.
Is amhlaidh a bhí faire agus formad agus iomarbháigh idir na ríghthibh agus idir na cineachaibh, feuchaint cé b’ fhearr a dhéanfadh an t-ollmhúchán, agus cé r’ bh’ iad an bhuidhean dob’ fhearr a bhéadh gleusta agus ba mhó do thaisbeánfadh neart nuair a thiocfadh an ghlaodh.
Bhí an feall a thuig sé a bhí déanta ag Amhlaoibh air ag déanamh ana bhuartha do Thadhg Óg ua Chealla. Nuair a chuimhnigheadh sé ar an bhfeall san do choruigheadh a chuid fola agus thagadh allus teith tré n-a chroicean amach le náire. Thuig sé i n’ aigne mura mbéadh an caradas a thaisbeáin sé féin do’n ropaire fill, go mb’ fhéidir ná béadh oiread iontaoibh ag Colla as agus do bhí. Thuig sé ansan go mb’ fhéidir gur cheart dó dul ódheas chun na mainistreach agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla, sgéal Chaoilte a dh’innsint dó. Go mb’ fhéidir go dtiocfadh droch amhras ag Colla ar dhuine éigin eile, díreach fé mar a tháinig an droch amhras ag an Legáid ar an sagart óg, ar Art mac Duibh. Nuair a chuimhnigh sé ar an méid sin ba dhóbair dó preabadh ódheas láithreach. Ach ansan do chuimhnigh sé ar Niamh agus ar Mhurchadh, agus dúbhairt sé leis féin gur bh’fhearr dul soir ar dtúis go Ceann Cora agus labhairt le Niamh. Siúd soir é. Ní fhéadfadh sé fanmhaint socair. Ní fhéadfadh sé an oídhche chodladh. Ní fhéadadh sé aon tsuaimhneas fhághail ó n’ aigne ach an fhaid a bhíodh gnó éigin idir lámhaibh aige, gnó éigin a choisgfeadh é ar bheith ag machtnamh. Nuair a bhíodh sé ag siúbhal ní fhéadadh sé gan bheith ag géarughadh sa chuisidheacht go dtí ná féadfadh aoinne coimeád suas leis.
Tháinig sé go Ceann Cora. Nuair a bhí sé ag teacht i gcómhngar an ríghtheighlaigh agus é ag siúbhal go géar, chonaic sé an bheirt bhan ag siúbhal roimis amach agus é ag teacht suas leó. Bhí sé ag siúbhal géar agus bhíodar-san ag siúbhal go breagh réidh. Bhí caint éigin ar siúbhal acu a bhí ’ghá gcur ag gáirí go h-iongantach. Níor mhothuighdar ag teacht é go dtí go raibh sé nách mór buailte leó. D’iompuighdar agus thugadar aghaidh air. Do stad sé ’n-a choilg-sheasamh ar lár an bhóthair. Gormfhlaith agus Niamh isiad a bhí ann.
“Ó! Míle fáilte rómhat, a rígh!” arsa Gormfhlaith go soilbhir. “Is fada ná feacamair thu,” ar sise, agus shín sí a lámh chuige agus gáire ’n-a snua.
Do rug sé ar an láimh, ach dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé focal do labhairt.
“Is dócha,” ar sise, “ná fuairis aon tuairisg fós ar Amhlaoibh. Cuirean sé uaigneas orm, a Niamh,” ar sise le Niamh, “Tadhg a dh’fheisgint agus gan Amhlaoibh a dh’fheisgint le n-a chois. Bhí ana chion agam ar Amhlaoibh. Ní fheadar an domhan cad d’imthigh air. Ba mhór an truagh aon droch nídh a dh’imtheacht air.”
Chomáin sí léi mar sin ag caint. Níor labhair Tadhg. Ní fhéadfadh sé labhairt. Bhí sé mar a sádhfaí le sgiain é. Níor labhair Niamh ach chómh beag. Pé rud a bhí ’ghá cur ag gáirí sar a dtáinig Tadhg suas, níor fhan aon chuimhne aici air agus níor fhan aon gháire aici.
“Is dóich liom,” arsa Gormfhlaith, “go bhfuil rud éigin ag déanamh buartha do d’ dhritháir, a Niamh, agus gur maith leis bheith ag caint leat at’ aonar. Fanaigh ansan ag siúbhal daoibh féin go dtí go mbeidh bhúr gcaint déanta agaibh, agus raghad-sa isteach. Ach ná coimeád abhfad uaim í, a Thaidhg,” ar sise. “Tá cleas ar obair shnáthaide aici ’á mhúineadh dhom agus ní bheidh mé sásta go dtí go mbeidh an cleas agam.”
D’imthigh sí uatha. Níor labhair aoinne de’n bheirt go dtí go raibh sí as a radharc. Ansan do labhair Niamh.
“Airiú, a Thaidhg, a mhaoinach,” ar sise, “cad tá ort!”
“Ní’l blúire ar domhan orm,” ar seisean, “ach do bhain an bhean san a leithéid de phreib asam! Níor fhan léas meabhrach agam nuair a chonac an bheirt agaibh i bhfochair a chéile ar an gcuma san. Nách uathbhásach an ara í! Cad é mar fhéadan sí caint agus sult agus gáirí dhéanamh, gur dhóich le duine ná fuil cor ná lúb ’n-a croídhe ach oiread leis an leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh!”
“Ní fheadaraís a leath, a Thaidhg. Ní fheadaraís a leath,” arsa Niamh. “Mura mbéadh m’ athair a bheith anso am’ aice agam chomáinfeadh sí as mo mheabhair mé. Ní fheadar an tsaoghal cad a dhall Brian agus í thabhairt leis riamh! B’fhearr liom go mbeinn féin agus m’ athair thiar sa bhaile agus go bhféadfaimís fanmhaint ann.” Ansan do chrom sí ar ghol, agus bhí sí ag gol ar feadh tamail mhaith.
Níor labhair Tadhg go dtí go raibh an greas san guil curtha dhi aici. Nuair a bhí sé curtha dhi aici: “Seadh!” ar sise. “Is mór an t-éadtromughadh ar mo chroídhe an méid sin.”
“A Niamh, a laogh,” arsa Tadhg, “ní dhéanfaidh so an gnó go deó. Caithfear atharughadh dhéanamh ar an obair seo. Ní fágfar anso thusa níos sia. Tá cion agam ar Bhrian. Tá cion againn go léir air. Ach is measa liom-sa thusa ’ná é, agus ’ná a bhfuil beó d’á mbainean leis. Má thug sé leis í, agus má dhein sé dearmhad nuair a thug sé leis í, ní h-alaidh dhúinn tusa bheith thíos leis an ndearmhad san. Caithfidh Murchadh duine éigin eile do chur ag faire ar Ghormfhlaith. Bean éigin d’á saghas féin ba cheart do chur ag faire uirthi. Is maith liom mar a thánag. Ní raibh aon choinne agam go rabhais i n-a leithéid de chás aici. An bhfuil fhios agat cad ’tá ceapaithe aici? Tá sí ceapaithe ar do chroídhe a bhriseadh istigh ad’ chliabh le corp soilbhris agus síbhialtachta! Isé a nádúr féin fuath fíochmhar a bheith aici lastigh de’n tsoilbhreas agus de’n ghealgháire. Is amhlaidh a réidhtighean san le n-a goile agus le n-a sláinte. Tá fhios aici go h-áluinn nách mar sin duit-se, ná réidhtighean a leithéid le d’ ghoile ná le d’ shláinte. Tá fhios aici go gcuirfidh an obair sin sa chré thú ach leanmhaint air. Anois, ag feuchaint dom ort, chím go bhfuilir ag dul as. Caithfear duine éigin a dh’fhághail a bheidh maith a dóthin di sa chleas so atá ar siúbhal aici.”
“Is dóich liom, a Thaidhg,” arsa Niamh, “go bhfuil an ceart agat, nó pé ’n-Éirinn é, go bhfuil cuid de’n cheart agat. Tá sí, is dóich liom, ceapaithe ar mo shláinte bhriseadh, nó murab é sin é, ar mé dhíbirt as so. Is dóich liom gur cuma léi ach go mbéadh sí sgartha liom beó nó marbh. Má imthíghim anois beidh áthas uirthi agus déarfaidh sí léi féin go bhfuil eirighthe go maith léi sa chluiche a shocaruigh sí ar a dh’imirt. Ní maith liom an méid sin a thabhairt mar shásamh di agus gan cúrsaí an Árdrígh do bhac i n-aon chor.”
“Ní h-aon chomparáid i n-aon chor tusa agus í féin, a Niamh. Ní h-aon chreideamhaint duit-se an lámh uachtair a dh’fhághail uirthi ins na beartaibh atá curtha roimpi aici. Téanam agus labhraimís le m’ athair. Agus feuch airiú! Ba dhóbair dom an gnó a thug mé do dhearmhad. Táim ’ghá chuimhneamh, a Niamh, gur ceart dom dul síos go h-Inis Cathaigh agus a dh’innsint do Cholla gur b’ é Amhlaoibh a ghuid an chailís.”
“Agus ar neóin, a Thaidhg,” arsa Niamh, ag cur smuta gáire aisti, “ní’l aon deimhne ceart fós agat air gur b’ é an t-Amhlaoibh a bhí thíos i n-Inis Cathaigh do ghuid an chailís.”
“Tá deimhne mo dhóthin agam air,” ar seisean. “Nách tapaidh a tháinig an dúil sa Chreideamh aige! Bhí rud éigin ’ghá chur n-a luighe orm i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí sé ’ghá ollmhughadh féin chun an Chreidimh a ghlacadh ná raibh aon ghus sa n-ollmhuchán. Bhí eagal orm dá ngéillinn do’n smaoineamh san go mbéinn ag déanamh éagcóra ar an mbuachail, bhí sé chómh símplídhe, chómh leanabaídhe sin, an ropaire! Ansan airís, nuair a dúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart, tháinig an smaoineamh céadna chúgham. Cheapas nár mhothuigheas an gus ceart ’n-a chaint ná ’n-a mheón i dtaobh an ruda a bhí aige ’á chur roimis, dar liom. Thugas fé ndeara go minic folamhas éigin ná féadainn a thuisgint ins na gnóthaibh Creidimh a bhíodh ar siúbhal aige. An lá a bhí Brian agus na h-uaisle thíos, nuair a thainig an Legáid, d’ airigheas daoine ag cáineadh agus ag gearadh na Lochlanach os cómhair an Lochlanaigh óig. Bhí eagal orm go mbéadh fearg air. Níor chuir sé blúire suime ’n-a gcaint, an ropaire fill! Is áluinn a choimeád sé a aigne istigh, agus mise ag déanamh éagcóra ar mo dhá shúil agus ar mo bhreitheamhntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air-sean. Ní’l aon phioc d’á mhearbhall orm, a Niamh. Isé ghuid an chailís, agus is chun í ghuid do leig sé air gur ghlac sé an Creideamh, agus is chuige do leig sé air gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Bhí fhios aige, chómh luath agus bhéadh cuid des na mion-Órdaibh glacaithe aige, go gcuirfeadh Colla sa n-érdam é. Ansan bhí gach aon chaoi aige ar an gcailís a ghuid. Bhíos chun dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla, ach níor mhaith liom é dhéanamh gan é chur ad’ chómhairle-se ar dtúis. Cá bh’ fhios ná go mb’ fhéidir go mbéadh sé ar dhuine éigin eile ag Colla. Téanam go bhfeicimíd m’athair, agus sa n-am gcéadna, bí ag cuimhneamh ad’ aigne ar cad is ceart dom a dhéanamh.”
Chuadar isteach i dtigh Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus fuaradar Tadhg féin rómpa istigh.