Niamh · Peter O'Leary

Chapter 3: Inntinn Bhriain

Do caitheadh an lá ar an gcuma san, go suairc agus go soilbhir agus go muinteartha. Ansan do shuigh cuideachta mhaith uasal chun dínnéir, agus do tairbeánadh uraim agus onóir do’n dá mhac rígh sin agus d’uaislibh eile a tháinig an lá san go ríghtheighlach Bhriain ar ghnóthaíbh a bhain leó féin.

Bhí aghaidh na h-Éirean go léir an uair sin ar Bhrian agus ar Cheann Cora agus ar Dhál gCais. Bhí sé daingean i n-aigne gach aoinne, idir Ghaedhal agus Lochlanach, nár mhaith an bhail ar chine Ghaedhlach ná ar chine Lochlanach Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a namhdaibh acu, agus gur bh’ é a leas, thar gach nídh, Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a gcáirdibh acu. Gach aon chine, d’á bhrígh sin, ar fuid na h-Éirean, agus go mór ar fuid na Múmhan, a bheartuigh go bhféadfaidís caradas Bhriain do choimeád, má bhí sé acu, bhídís ag teacht go Cheann Cora agus ag tabhairt cíosa nó bronntanas leó; agus an mhuintir a bhíodh a d’iaraidh an charadais sin a dh’fhághail dóibh féin mura raibh sé cheana acu, bhídís ag teacht ar an gcuma gcéadna a d’iaraidh é thuilleamh.

Do thuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana dhoimhinn ab eadh é. Bhí beartuighthe i n’ aigne aige, agus bhí an machtnamh i n’ aigne le fada dh’aimsir, neart na h-Éirean go léir do chnuasach agus do chur le chéile i gcoinnibh na Lochlanach, agus i gcoinnibh gach namhad iasachta. Deire chur leis an obair a bhí ar siúbhal i n-Éirinn ar feadh cúpla céad blian an uair sin, nuair a bhíodh eaglaisí agus mainistreacha agus sgoileana d’á gcur suas le neart Creidimh agus dúil i léighean agus i n-eólus, agus ansan nár thúisge a bhídís thuas ’ná mar a bhíodh na Lochlanaigh ag preabadh isteach agus ’á sgartáil, ’ghá losgadh agus ag losgadh na leabhar a bhíodh ionta agus ag marbhughadh na manach. Do thuig Brian i n’ aigne, nuair a dheineadh cléir agus daoine naomhtha na h-Éirean, agus lucht léighinn na h-Éirean, na h-eaglaisí agus na mainistreacha agus na sgoileana do chur suas agus an obair do chur ar siubhal, gur bh’é ba lúgha ba ghann do ríghthibh Éirean, agus d’fhearaibh Éirean, Éire agus an obair, agus an mhuintir a bhí ag déanamh na h-oibre, do chosaint ar namhdaibh iasachta. Chonaic sé conus a bhí an sgéal ag Éire ocht gcéad blian nó míle blian roimis sin, nuair a bhí Fionn agus Fian Éirean beó, nó le linn Chonchubhair agus Chúchulainn. Bhí a leithéid sin de sgannra an uair sin ar dhúthaíbh iasachta roim fhearaibh Éirean agus roim chómhacht na h-Éirean nár leómhaidh aon chómhacht iasachta aon chur isteach a dhéanamh ortha. Dá mb’ iad na Rómhánaigh féin iad, do chuireadar an dómhan go léir fé n-a smacht ach Éire amháin. “Ach!” a déarfaidh duine, b’fhéidir, “Níor bh’fhiú leó teacht ag cur isteach ar oileán na h-Éirean. Bhí Éire ró shuarach, dar leó, agus ró imigcéineamhail.”

Nách maith ná raibh Ínsí h-Orc ró imigcéineamhail. Chuir na Rómhanaigh Sasana fé n-a smacht, agus chuireadar mórán de chrích Alban fé n-a smacht. Agus chuadar níba shia óthuaidh agus chuireadar Ínsí h-Orc fé n-a smacht, d’á fhaid óthuaidh iad, agus d’á shuaraighe le rádh iad an uair sin.

Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh’fhiú dhóibh Éire thabhairt fé n-a smacht dá bhféadaidís é. Bhí aithne mhaith acu ar an oileán, ach bhí fhios acu go maith, leis, cad é an saghas daoine a bhí ’n-a gcómhnuíghe ar an oileán. Níor thánadar ag cur isteach ortha. Níor dhein cómhacht na Rómha riamh oiread agus sméide ar oileán na h-Éirean.

Do thuig Brian, an rud a deineadh cheana go bhféadfaí é dhéanamh airís. Go bhféadfaí cómhacht na h-Éirean do chur le chéile, agus do tháthughadh i n-a chéile, agus do dhlúthughadh i n-a chéile airís, agus neart fear Éirean do ghleusadh agus do chórughadh, mar a ghleus Fionn é. Ansan nár bhaoghal ná go bhfanfadh na Lochlanaigh amach, nó dá dtagaidís gur theacht gan imtheacht dóibh é.

Is léir d’aon duine a dh’fheuchan isteach sa sgéal go raibh an machtnamh san agus an beartughadh san agus an inntinn sin, istigh i gcroídhe Bhriain ó’n gcéad uair a thusnuigh sé ar dhroch obair na Lochlanach do thuisgint i gceart. Níor bh’fhuiriste dhó, ámhthach, a bheartughadh do chur i ngníomh mar bhí ríghthe Gaedhal ar bheagán meabhrach agus ar bheagán tuisgiona an uair chéadna. Níor tháinig aon phioc d’á chuimhneamh chun aoinne acu go raibh aon bhaoghal go bhféadfadh Lochlanaigh, ná aon almhúraigh eile, Éire do chur fé n-a smacht go h-iomlán chóidhche. Do thuig Brian go raibh an baoghal ann, agus gur mhóide an baoghal a luíghead a tuigeadh é. Thuig sé, leis, go mbéadh an baoghal ann an fhaid a bhéadh ríghthe Éirean ag gabháil i gcoinnibh a chéile, agus ag troid le n-a chéile, agus ag lagughadh a chéile mar a bhíodar. D’á bhrígh sin, chómh luath agus thusnuigh a chómhacht ar dhul i méid, do thusnuigh sé ar na ríghthibh eile do thabhairt sé n-a smacht féin, agus ar a chur fheuchaint ortha oibriughadh a’ lámhaibh a chéile i gcoinnibh na Lochlanach. Níor bh’ é sin féin ach, fé mar a fuair sé an chaoi air, do ghlac sé isteach ’n-a shlóightibh armála na Lochlanaigh a bhí dílis dó, chun cogaidh a dhéanamh i gcoinnibh na Lochlanach eile. Bhí cuid acu níba dhílse dhó ’ná mar a bhí cuid des na h-Éireanaigh.