“Déanfaidh an t-annsgian san, Murchadh, díobháil dúinn, a rígh,” arsa Sitric. “Ní maith a dheinis é an fear do chur sa phrísún. B’fhearr sgaoileadh leis agus faire do choimeád air.”
“Siné díreach a dhéanfainn mura mbéadh a fhios a bheith agam go n-aithneóch’ sé mé dá bhfaghadh sé radharc orm,” arsa Amhlaoibh. “Is dóich leó i gCeann Cora go bhfuilim marbh. Ní’l aon phioc d’á fhios acu cé r’ bh’é Amhlaoibh ná an bhfuil sé beó. Dá bhfaghadh an fear úd na gcos radharc orm do neósfadh sé dhóibh cá bhfeacaidh sé mé. Tá aithne aige orm, ach is dóich leis ná fuil aon aithne agam-sa air féin. Siné ball ’n-a bhfuil an dearmhad air. D’ aithnigheas an peidléir thall chómh luath agus do leigeas mo shúil air. Dá bhfeiceadh sé mé sar a bhfeaca-sa é, agus go n-imtheóch’ sé gan mé ’ghá fheisgint, d’imtheóch’ sé abhaile láithreach agus do neósfadh sé dhóibh i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora go bhfeacaidh sé mé, agus cá bhfeacaidh sé mé. Ansan do bhéadh ’fhios acu go léir cé thóg an chailís. Chonaic Colla mé i gCeann Cora an lá fhágas an áit. Do curfaí so agus súd le chéile agus bhéadh ’fhios acu go léir cad é an gnó a bhí agam i gCeann Cora an lá san. Thabharfaidís tuairim do cá bhfuil an chailís anois. Chaithfeadh do mháthair teitheadh le n-a h-anam as an áit.”
“Mo mháthair!” arsa Sitric.
“Ár máthair, má seadh,” arsa Amhlaoibh. “Ní beag di a bhfuil le fulang aici eatartha. Is fearr gan a thuille eóluis a thabhairt dóibh. Is dóich leó go bhfuil an chailís imthighthe thar faraige. Ní féidir d’ár máthair cor a chur di, do ló ná d’ oídhche, a gan fhios dóibh, tá an faire chómh géar san uirthi. Dá bhfaighinn-se mo thoil ní raghadh fear na gcos thar n-ais ag triall ortha. Bhí eagal ar an rígh, dá dtugtí aon anchor dó go dtiocfadh cogadh as, agus gan sinn ollamh fós, dar leis.”
“Cad é an neart atá ollamh aige?”
“Tá ocht míle fear ollamh aige, i n-arm ’s i n-éide. Dá nglaoidhtí amáireach air d’fhéadfadh sé dhá mhíle fear eile do chur leis an ocht míle sin. Ní dóich leis go bhfuilimíd laeth láidir ár ndóthin. Tá sgannradh Ghleanna Mháma fós air,” arsa Amhlaoibh.
“Ní h-aon iongnadh go mbéadh,” arsa Sitric. “Dhein Clann Chais obair uathbhásach an lá san.”
“Bainfear móráil an lae sin díobh nuair a thiocfaidh an lá atá ’n-a gcóir againn,” arsa Amhlaoibh.
“Bainfear,” arsa Sitric. “Ach is fearr feuchaint rómhainn agus sinn féin d’ ollamhughadh i gceart. Cad é an neart eile, nó na nirt eile, atá ollamh, nó ag ollamhughadh, i n-éaghmuis nirt rígh Lochlan agus ár neart féin i n-Éirinn anso?”
“Tá neart d’á ollamhughadh ar oileán Mhanain,” arsa Amhlaoibh, “agus ní neart suarach é. Tá chúig céad déag fear ann, ollamh aon lá glaodhfar ortha. Ní’l oileán des na h-oileánaibh atá lastiar d’ Albain gan míle nó cúpla míle fear ollamh ann. Is dóich liom go bhfuil trí mhíle fear ollamh ar oileán Sgathaigh.”
“Tá san maith go leór, a rígh, ach an bhfuil aon eólus cruinn agat ar an ollmhúchán atá ag Brian ’á dhéanamh?” arsa Sitric.
“Ambriathar go bhfuil,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l aon mhíogarnach ar Bhrian. Tá sé ’ghá ollamhughadh féin chómh tréan agus d’fhéadfadh sé bheith ’ghá ollamhughadh féin dá mbéadh fios ár n-aigne aige chómh cruinn agus ’tá againn féin. Dá mbéadh sé deich mbliana níos óige ’ná mar atá sé bhéadh sé fuar againn bheith ag brath ar aon lámh uachtair a dh’fhághail air. Ach tá sé ana aosta. Ní fios cad é an neómat a shínfidh sé a chosa. Ansan má bhímíd ollamh beidh gach aon rud ar ár dtoil againn.”
“Mheasas,” arsa Sitric, “go raibh congnamh aige le fághail chun iad a shíneadh.”
“Is deacair an congnamh a thabhairt dó, tá an faire chómh dlúth san,” arsa Amlaoibh. “Tá inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit i gcómhnuighe agus ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di.”
“Airighim a lán daoine ag teacht tháirsi sin ’ghá rádh gur cailín ana bhreagh í. Cad é an saghas í?”
“Droch shaghas,” arsa Amhlaoibh. “Tá sí dathamhail, deabhraightheach, áluinn go maith. Déarfainn gur b’ í an bhean is áilne i n-Éirinn í, lasmuich de’n Árdrígain. Ach tá sí go h-olc.”
“Ní h-é sin adeirtear,” arsa Sitric. “Isé rud atá i mbéalaibh daoine ’n-a taobh ’ná go bhfuil áilneacht a pearsan thar na beartaibh agus gur bhuaidh uaisleacht a h-aigne agus a méinne ar áilneacht a pearsan.”
“Ná creid focal dé,” arsa Amlaoibh. “Creid a mhalairt. An chéad uair riamh a chonac í do chonac go raibh sí go h-olc. Droch shaghas iseadh í. Deirim leat é.”
“Cad é an saghas a dritháir?” arsa Sitric. “Deir gach aoinne go raibh ana chion aige féin agus ag Amhlaoibh ar a chéile; an t-Amhlaoibh úd a cailleadh nó d’imthigh amú. Deirtear go raibh sé ag briseadh a chroídhe ag gol i ndiaigh Amhlaoibh.”
“Ó, cúis gháire chúgainn! An fear bocht. Ní’l ann ach leath-amadán,” arsa Amhlaoibh. “Bhíodh ana spórt agam air uaireanta. Ní leiginn m’ aigne chuige, ámhthach. Bhíomair thuas i gCeann Cora lá agus bhí cleasaidheacht ar siúbhal ann Bhain sé an cos de mharcach bréige ann le buille thuaigh. Do leigeas féin orm nár fhéadas an cleas a dhéanamh. ’Níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar,’ ar seisean liom. Amadán iseadh é, a rígh. Ní miste fear láidir a thabhairt ar Mhurchadh, ámhthach. Ní dóich liom gur bhuail riamh fós umam fear chómh láidir le Murchadh. Deirtear gur treise d’fhear é ’ná a athair an lá is fearr a bhí a athair. Is iongantach an fear é. Ní fhéadfá do shúile thógaint dé dá bhfeicfeá ag déanamh na lúthchleas é. Ní’l aon teóra leis an neart atá suidhte ins gach ball d’á bhallaibh.”
“Tá súil agam ná buailfead uime sa chath so atá le teacht lá éigin,” arsa Sitric. “Ach feuch, a Amhlaoibh. Tá an sgéal go h-olc agat-sa.”
“Conus san airiú!”
“Caithfear an ceann a bhaint díot.”
“Ó, tuigim,” arsa Amhlaoibh. “Agus tá do bhriathar rígh tabhartha agat-sa do Mhurchadh agus do Bhrian go ndéanfair do dhícheal chun an cinn a bhaint díom. Nách símplídhe na daoine iad! Ach ar ndó, táim féin chómh símplídhe le h-aoinne acu. Dá mb’áil liom-sa an ceann a bhaint d’ fhear na gcos nuair a bhí greim agam air ní bhéadh an ceann le baint díom féin anois, agus ní bhéadh do bhriathar rígh tabhartha uait agat-sa chuige. Ach sin mar imthíghean i gcómhnuighe ar an nduine ná bainean an ceann d’á namhaid nuair a gheibhean sé an lom air. Gheóbhaidh an namhaid sin lom air féin agus bainfidh sé an ceann dé.”
“An neósfair do’n rígh gur tháinig M’lsheachlainn agus Murchadh anso?” arsa Sitric.
“Imtheóchad soir láithreach agus neósfad an uile fhocal dé dhó, agus neósfad dó go dtáinig fear na gcos anso i n-aonfheacht leó, agus ná tiocfadh d’á mb’áil leis an rígh leigint dómh-sa an ceann a bhaint dé i n-inead an phúicín a chur air,” arsa Amhlaoibh. “Chuirfinn-se púicín air a chuirfeadh deire le n-a chuid spiaireachta. Ach ní h-aon mhaith bheith ag caint anois air mar sgéal. An ceannaighe! An peidléir! Is deas an obair bheith ag tabhairt ceart ceannaigheachta d’á leithéid sin! Ceart spiaireachta atá tugaithe dhó!”
“Agus go mór mór ó’s duine tusa ná déanfadh spiaireacht i n-aon chor! Ba lag leat a leithéid a dhéanamh!” arsa Sitric.
“Cuir uait an magadh, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Ní cúrsaí magaidh é. Déanfaidh Donn mac Beathach díobháil fós dúinn, agus ní dhéanfadh dá ndeintí rud orm-sa nuair a bhí greim againn air. Ach é chur anall abhaile ’n-a shaoghal agus ’n-a shláinte! Ní féidir liom foidhneamh leis mar sgéal nuair a chuimhnighim air!”
Do sgar an bheirt. D’imthigh Amhlaoibh anonn go ríghtheighlach rígh Lochlan agus d’inis sé dhó gach nídh i dtaobh teacht Mhurchadh agus Mh’lsheachlainn go h-Áth Cliath, fé mar a dúbhairt sé go neósfadh.
“Tá go maith,” arsa’n rígh. “Is fearr go mór an sgéal a bheith mar atá sé ’ná é bheith mar a bhéadh sé dá gcurtí an fear úd chun báis. Dá gcurtí chun báis é ní bhéadh Lochlanach beó i n-Éirinn um an dtaca so ach an méid acu do cuirfeadh iad féin go daingean fé smacht Bhriain. Ní fhéadfaimís-ne cosg do chur le n-ár ndaoine féin anso. Do caithfí iad do ghleusadh agus do chur ar loingeas agus iad do breith go h-Éirinn chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Ghaedhlaibh Éirean mar gheall ar mharbhughadh a gcine. Ní bhéadh ach dithineas agus droch ollamhughadh sa n-obair. Ní raghadh ár neart go h-Éirinn i n-aonfheacht. ’N-a mbuidhnibh fé leith iseadh do shroisfidís Éire. Ansan do mharbhóch’ Brian iad ’n-a mbuidhnibh fé leith. Is fearr go mór an sgéal a bheith mar atá sé. Beidh uain againn ar thuille nirt do chur le chéile. Agus feuch, a Amhlaoibh, a mhic ó,” ar seisean, “beidh uain ag Brian ar bhás a dh’ fhághail,------má tá aon aidhm aige ar bhás a dh’ fhághail i n-aon chor!”
D’fhan an sgéal mar sin agus do ghluais an t-ollmhúchán ar aghaidh, ins gach aon pháirt de chrích Lochlan agus ins gach aon pháirt d’ oileán na h-Éirean, go mór mór ins na h-áiteanaibh a bhí dílis do Bhrian.