Niamh · Peter O'Leary

Chapter 28: Caibidiol Vii

AN tSÍDHE GAOITHE.

Nuair a bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe do labhair Murchadh le Caoilte.

“A Dhuinn,” ar seisean, “pé h-é an t-Amhlaoibh do sgríbh an leitir sin, nó do labhair an chaint atá intí, tá botún mór déanta aige. D’á ghastacht é tá dearmhad déanta aige. Bainfead-sa geit as pé h-é féin. Imthigh ag triall ar Dhúlainn Óg agus abair leis buidhean d’fhearaibh tobhtha do chur le chéile gan mhaill agus tar chúgham anso chómh luath agus bheid siad ollamh aige.”

D’imthigh Caoilte.

“Cad a mheasan tú a dhéanamh, a rígh?” arsa Niamh.

“Raghad go h-Áth Cliath, a Niamh,” ar seisean, “agus labharfad le Sitric. Béarfad teachtaireacht ag triall air ó’n Árdrígh. Táid Lochlanaigh Átha Cliath, agus Sitric leó, fé smacht an Árdrígh. Taisbeánfad an leitir sin do Shitric. Tá síthcháin idir Éirinn agus tír Lochlan. Ó ’tá an tsíthcháin sin ann tá saor chead chun gnóthaí ceannaigheachta idir an dá thír, agus tá fhiachaibh ar gach tír acu cosnamh dlíghe a thabhairt dos na ceannaighthibh a thagan ó’n dtír eile. Tá an cosnamh san againne ’á thabhairt dos na ceannaighthibh Lochlanacha a thagan go h-Éirinn. Tá geallamhaint againn ó rígh Lochlan go dtabharfaí an cosnamh céadna do cheannaighthibh Gaedhlacha dá dtéidís anonn go Danmharg ag déanamh aon ghnótha ceannaigheachta ann. Chuaidh ceannaighe Gaedhlach anonn le déanaighe. Bhí sé ag déanamh a ghnótha, gan aon chur isteach aige ’á dhéanamh ar ghnó aon duine eile, agus gan briseadh ná milleadh dhéanamh ar aon dlígh de dhlighthibh na tíre sin. Tháinig ceathrar lucht airm, de lucht airm na tíre, agus do rugadar air, gan chúis gan adhbhar, agus chuireadar i bprísún é, agus do coimeádadh sa phrísun é breis agus seachtmhain. Caithfear sásamh a dh’fhághail ó rígh Lochlan as an ngníomh san. Caithfear an ceart céadna a tugtar do cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn do chur i n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall i gcrích Lochlan. Ar sgáth na h-oibre sin, caithfear a dhéanamh amach má ’s féidir é, an bhfuil an dá Amhlaoibh ann, nó an é an t-Amhlaoibh a bhí anso againn atá anois ’n-a theachtaire idir Shitric agus an rígh thall.”

Le n-a linn sin tháinig Caoilte thar n-ais.

“Tá Dúlainn agus na fir ollamh, a rígh,” ar seisean.

“Tá go maith, a Dhuinn,” arsa Murchadh. “Tiocfair-se linn.”

“Cathin a gheóbhmíd aon sgéala uaibh, a rígh?” arsa Niamh.

“An túisge ’n-a mbeidh aon nídh le h-innsint gur fiú é é dh’innsint curfar teachtaire thar n-ais chúghat, a Niamh,” arsa Murchadh. “Ní gádh dhom a rádh leat aire mhaith a thabhairt dom’ leas-mhathair.”

“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” ar sise. “Tabharfad aire mhaith dhi. Ní chuirfidh sí cor di a gan fhios dom. Táimíd go h-ana mhór le n-a chéile. Ach tá fhios aici, is dóich liom, cad é an gnó atá anso agam, agus tá sí ag déanamh a díchil chun a thaisbeáint dúinn go léir gur dearmhad mór dúinn aon droch amhras a bheith againn uirthi. Tá an dícheal san ’ghá coimeád ar fad ó aon nídh a dhéanamh a chabhróch’ leis an ndroch amhras. Beidh m’aigne féin ana mhí-shásta, a rígh,” ar sise, “go dtí go mbeidh ’fhios agam cé h-é an t-Amhlaoibh seo, nó an aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.”

“Curfar chúghat an t-eólus, a Niamh,” arsa Murchadh, “chómh luath i n-Éirinn agus bheidh an t-eólus againn le cur chúghat.”

D’imthigh Murchadh agus Caoilte amach chun na h-áite ’n-a raibh Dúlainn agus na fir ag feitheamh leó. Ar marcaigheacht a bhíodar le h-imtheacht. Marcaigh mhaithe ab eadh iad go léir. Marcach áluinn ab eadh Murchadh agus marcach áluinn ab eadh Dúlainn. Ach ní raibh aon bhreith ag aoinne de’n bheirt, ná ag aon fhear i n-Éirinn an uair sin, agus M’lsheachlainn Mór féin do chur chuige, ar Chaoilte, chun capail a mharcaigheacht. An stail ba mhó agus ba threise agus ba thréine dob’ fhéidir a dh’fhághail, agus é bheith ag imtheacht fiain, gan lámh duine do dhul ar a cheann go dtí go mbéadh sé i n-aois a sheacht mblian, do léimfeadh Caoilte ar a mhuin, gan srian gan ialait, agus dhéanfadh sé é mharcaigheacht treasna na dútha go dtí go mbéadh an stail sin chómh mín le h-uan caoirach aige. Bhí Caoilte cúmtha chun na marcaigheachta chómh maith díreach agus bhí sé cúmtha chun an reatha. Bhí an neart agus an fuinneamh go léir agus an bhreis bheagh fhaid ins na cosaibh aige. Aon chapal a geobhfaí idir an dá chois sin ní raibh aon bhreith aige, pé léimreach a dhéanfadh sé ná pé casadh a bhainfeadh sé as féin, ar dhul ó n-a ngreim. Ní fhéadfadh sé an marcach a chur dé ach le h-é féin d’iomlasg ar an dtalamh. An túisge ’n-a gcuirfeadh an capal chun luighte bhéadh an marcach ’n-a sheasamh i n’ aice, agus ansan, an túisge ’n-a mbéadh an capal ar a chosaibh airís bhéadh an marcach ar a mhuin airís. Níor bheag de radharc, uaireanta, bheith ag feuchaint air féin agus ar chapal óg fhiain ag iomaigh le chéile go dtí go caitheadh an capal géilleadh dhó sa deire.

Do ghluais an dírim marcach ó Cheann Cora agus thugadar aghaidh soir óthuaidh ar Theamhair. Ba sheólta an ghluaiseacht acu é, fan an bhóthair áluinn a bhí go breagh leathan, leibhéalta, réidh, an bóthar a deineadh le h-órdughadh Bhriain, ó Cheann Cora go Teamhair.

Tímpal deich míle soir óthuaidh ó Cheann Cora bhí buachail ag aeireacht bhó ar an dtaobh thuaidh de’n bhóthar. D’ airigh sé, abhfad siar ódheas uaidh, mar a bhéadh séideadh beag gaoithe tré chrannaibh. Do neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an buachail gur stoirm a bhí ag teacht. Ansan do neartuigh ar an séideadh i dtreó gur mheas an buachail nár shéideadh a bhí ann ach fuaim uisge ag gabháil le fánaigh gleanna. Ansan d’airigh sé mar a bhéadh brúth agus meilt agus fuadar cuisidheachta, agus do ghluais an marc-shluagh chuige amach ó sgáth na coille a bhí ar thaobh an bhóthair agus a bhí ’ghá gclúdach uaidh go dtí san. Thánadar i n’ aice agus ghluaiseadar thairis, agus an fhaid a bhíodar ag gabháil thairis shamhluigh sé go raibh an talamh ag bogadh agus ag luasgadh agus ag crith fé n-a chosaibh le neart agus le brúth agus le fuinneamh a ngluaiseachta agus iad ag imtheacht mar imtheóch’ an tsídhe gaoithe, agus an ceó-bóthair ag eirighe ’n-a ndiaigh, agus suip agus bileóga feóchta d’á séideadh suas agus d’á gcasadh agus d’á sguabadh chun siúbhail, leis an ngaoith a tháinig ó’n ngluaiseacht. D’imthíghdar thairis agus chuaidh an ceó ’n-a shúilibh agus bhí an fothram ’n-a chluasaibh, agus nuair fhéad sé a shúile do ghlanadh agus feuchaint airís ortha, bhíodar ag imtheacht soir óthuaidh as a radharc agus bhí an fothram ag maolughadh. Do mhaoluigh an fothram go dtí ná raibh ann ach mar a bhéadh fuaim uisge. Do mhaoluigh sé ansan go dtí ná raibh ann ach mar a bhéadh séideadh gaoithe tré chrannaibh. Ansan do mhaoluigh sé go dtí ná h-airigheadh an buachail ach puth beag anois agus airís dé. Ansan bhí sé imthighthe. Do cuireadh a leithéid de sgárd i gcroídhe an bhuachala gur fhan sé ar an áit sin gan coruighe as ar feadh abhfad.

Deich mbliana agus dachad ’n-a dhiaigh san, nuair a bhí an buachail sin ’n-a sheanduine, bhíodh sé ’n-a sheasamh ar an áit gcéadna go minic agus d’airigheadh sé an tsídhe gaoithe ag tusnughadh thiar theas, mar ar thusnuigh an séideadh gaoithe an uair sin, agus thagadh an tsídhe gaoithe chuige aniar andeas le fuinneamh, agus do sguabadh sí thairis soir óthuaidh ag déanamh ceó-bóthair agus ag sgaipeadh na sop, agus bhíodh sé daingean i n’ aigne gur bh’é Murchadh agus a mharc-shluagh a bhíodh ann! Bhíodar go léir ar shluagh na marbh, an uair sin.

Ach tháinig Murchadh agus a mharc-shluagh go Teamhair. Chuir sé teachtaire isteach ag triall ar Mh’lsheachlainn ’ghá rádh leis gur mhaith leis raint cainte dhéanamh leis. Tháinig M’lsheachlainn amach agus chuir sé míle fáilte roim Mhurchadh agus rómpa go léir. Do rug sé leis isteach iad agus dhéin sé cúram mór díobh. Do cuireadh cóir bídh agus díghe ortha. Ar ball d’inis Murchadh do Mh’lsheachlainn cad a thug é. Gur cuireadh duine de cheannaighthibh na h-Éirean i bprísún, thall i bpríomh-chathair tíre Lochlan, gan chúis gan adhbhar. Ansan thaisbeáin sé an leitir.

“Táim ceapaithe, a rígh,” ar seisean, “ar dhul soir go h-Áth Cliath agus ar labhairt le Sitric, ó ’sé rígh Lochlanach Átha Cliath é, agus ar a fhiafraighe dhé an bhfuil aon eólus aige ar an t-é is bun leis an ngníomh éagcórtha so do dhéanamh orainn. Dá leigimís leó an gníomh so gan gearán a dhéanamh mar gheall air níor bh’ fhada, b’fhéidir, go ndéanfaí gníomh eile a bhéadh níba mheasa ’ná é. Is lag an bheart dúinne a rádh go mbéadh díon agus cosnamh againn ’á thabhairt do cheannaighthibh Lochlanacha i n-Éirinn, agus ná cuirfimís díon ná cosnamh i n-áirighthe do cheannaighthibh Gaedhlacha thall i dtír Lochlan.”

“Agus cá bhfuil an ceannaighe Gaedhlach do cuireadh i bprísún, a rígh?” arsa M’lsheachlainn.

“Má séantar an gníomh, a rígh,” arsa Murchadh, “beidh an ceannaighe le fághail.”

“An amhlaidh ba mhaith leat mise dhul leat go h-Áth Cliath, a rígh?” arsa M’lsheachlainn.

“Dá mb’ é do thoil teacht linn, a rígh,” arsa Murchadh, “ba dhian mhaith an rud é. Thabharfadh sé le tuisgint do Shitric, agus tré Shitric do rígh Lochlan thall, agus dos na Lochlanaigh go léir, go bhfuilimíd ar aon aigne sa sgéal. Do chuirfeadh san eagla ar an t-é dhein an gníomh pé h-é féin.”

“Tá go maith, a rígh,” arsa M’lsheachlainn. “Raghad-sa libh.”

Bhí dhá bhuidhean acu ann ansan agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath. Ní raibh i mBaile Átha Cliath an uair sin ach cathair ana bheag. Bhí an féar glas ag fás go saidhbhir ar fhormhór an tailimh atá fé thighthibh móra agus fé shráideanaibh breaghtha fada leathana anois. Níor dheacair ríghtheighlach Shitric a dhéanamh amach. Thug an dá bhuidhean aghaidh ar an ríghtheighlach. Do chonacthas ag teacht iad. Bhí Sitric agus Amhlaoibh thuas i bhfinneóig. Chonacadar an dá bhuidhean ag teacht chun an ríghtheighlaigh. D’ aithnighdar Murchadh agus M’lsheachlainn. D’ aithin Amhlaoibh Caoilte. Do rith Amhlaoibh agus chuaidh sé i bhfolach.

“Ná leig ort go bhfuil aon phioc eóluis agat, a rígh, ar cá bhfuilim-se ná an bhfuilim beó nó marbh,” ar seisean le Sitric.

Chuaidh Sitric amach ag cur fáilte roim Mh’lsheachlainn agus roim Mhurchadh. Do tugadh isteach iad féin agus na h-uaisle a bhí i n-aonfheacht leó, agus do cuireadh gach aon chóir ortha. Ar ball d’inis Murchadh cad a thug é. Bhí ana chathughadh ar Shitric nuair a h-innseadh dó an éagcóir a deineadh ar an gceannaighe Gaedhlach thall i gCathair na Beirbe.

“Ó,” ar seisean, “cuirfead-sa teachtaire anonn ’ghá innsint do’n rígh gur deineadh an éagcóir sin, agus déanfar an uile shaghas deimhne agus uruidheachta air nách baoghal go dtabharfar aon chaoi d’aoinne ar a leithéid a dhéanamh airís.”

“Tá san maith go leór, a rígh,” arsa Murchadh, “ach ní dhéanfaidh san an gnó anois. Tá órdughadh agam-sa ó’n Árdrígh, má tá an fear a dhein an gníomh san i n-Éirinn anois, lucht cuardaigh do chur amach chun beirthe air agus chun é thabhairt chun lámha. Ar mhaithe leis an dá thír, le h-Éirinn, agus le tír Lochlan, ní foláir an fear a dhein an gníomh san do chur chun báis. Is bíodhba báis do’n rígh é, mar do thóg sé chuige féin an t-ughdarás a bhainean leis an rígh. Is bíodhba báis do mhuintir na h-Éirean é, mar do dhein sé gníomh i gcoinnibh anama fir Éireanaigh. Is bíodhba báis é do Lochlanaigh, i n-Éirinn nó i n-aon tír eile, mar do dhein sé gníomh a chuirfidh fhiachaibh ar lucht gach tíre eirighe ’n-a gcoinnibh, mura ndeintear an gníomh a dh’ agairt, agus san go luath, ar an t-é a dhein an gníomh. Ar mhaithe linn go léir, a rígh,” arsa Murchadh, “ní foláir dómh-sa a bheith ar mo chumas a rádh leis an Árdrígh nuair a raghad abhaile, go bhfuil do bhriathar rígh agam uait-se chuige go ndéanfair féin do dhícheal, agus go ndéanfaidh rígh Lochlan a dhícheal, ar theacht suas leis an gcuirptheach a dhein an gníomh san agus é thabhairt chun lámha agus an bás atá tuillte aige dh’imirt air.”

“Asdó, b’ fhéidir, a rígh,” arsa Sitric, “ná féadfadh ár ndícheal teacht suas leis.”

“Ní duine suarach é, a rígh,” arsa Murchadh. “Ní fhéadfadh aon duine suarach an gníomh a dhein sé do dhéanamh. Ní bhéadh lucht airm an rígh úmhal do dhuine shuarach. An fear gur dhein lucht airm an rígh rud air, mar a dheineadar air siúd, ní ró fhuiriste dhó dul i bhfolach ó ríogra na tíre.”

“Ní fheadar an domhan, a rígh,” arsa Sitric. “Ní’l agam-sa le déanamh ach mo bhriathar rígh a thabhairt duit go ndéanfad mo dhícheal ar é thabhairt chun lámha, agus go n-iarfad ar rígh Lochlan a dhícheal a dhéanamh, leis, chuige. Isé ár mbuac go léir, aon fhear a mhillfidh ár smacht, é thabhairt chun lámha chómh luath agus is féidir é.”

Nuair a bhí an méid sin cainte déanta eatartha, d’fhág Murchadh agus M’lsheachlainn slán ag Sitric agus thánadar uaidh. Bhí Amhlaoibh i bhfolach agus é ag éisteacht leis an gcaint. Nuair a bhí an dá bhuidhean imthighthe tháinig sé amach, agus bhí a lán cainte idir é féin agus Sitric feuchaint conus fhéadfaidís teacht as an gcruadh-chás ’n-a rabhdar mar gheall ar an ngníomh a dhein Amhlaoibh.