Nuair a h-innseadh an sgéal do Mhurchadh ní miste a rádh ná gur cuireadh ag machtnamh é. Cé r’ bh’é an fear a sgríbh an leitir sin a tugadh do Chaoilte? Cé ba bhun le breith ar Chaoilte agus é chur isteach i bprísún? Sin cuid des na ceisteanaibh a bhí ag Murchadh ’á fhiafraighe dhé féin. D’inis Caoilte dhó conus mar a dh’ iar Tadhg Óg ua Cealla air bheith ag faire, ’n-a chuardaibh, feuchaint an bhfaghadh sé aon tuairisg ar an Amhlaoibh úd, an comrádaidhe a bhí ag Tadhg Óg i sgoil Ínse Cathaigh. Nuair airigh sé na ráflaí, thall, i dtaobh an Amhlaoibh a tháinig ó Shitric, ó rígh Lochlanach Átha Cliath, ag triall ar rígh críche Lochlan, gur chuimhnigh sé ar an Amhlaoibh a bhí ar iaraidh agus gur bheartuigh sé i n’ aigne radharc fhághail, dá mb’ fhéidir é, ar theachtaire Shitric, le h-ionachus go mb’ fhéidir gur bh’ é an t-Amhlaoibh céadna é. Gur a d’ iaraidh an radhairc sin a dh’fhághail a bhí sé nuair a cuireadh an púicín air.
“Agus anois cad is dóich leat do’n sgéal, a rígh?” ar seisean le Murchadh.
“Tá raint neithe sa sgéal, a Dhuinn,” arsa Murchadh, “atá soiléir go leór.” (Bhí fhios ag Murchadh cé r’ bh’é Caoilte.) “An fear a dh’órduigh an púicín do chur ort-sa bhí fhios aige cad a bhí uait, gur theastuigh uait radharc fhághail air féin. Bhí fhios aige go n-aithneófá é dá bhfaghfá radharc air. Fuair seisean radharc ort-sa sar ar fhéadais-se radharc fhághail air-sean. Do rugadh ’n-a láthair tu nuair a bhí an púicín ort. D’ fheuch sé go maith ort ansan. Is fear é go bhfuil cómhacht aige. Mura mbéadh go bhfuil ní bhéadh an lucht airm úmhal dó. Tá fhios aige cé ’ra mac tu. Siné cúis nár leig eagla dhó aon anchor a thabhairt duit. Tá an méid sin soiléir go leór. Cad ’n-a thaobh dó a thabhairt le tuisgint duit, agus dúinn go léir, as an leitir seo, go bhfuil aithne mhaith aige ort? Inis an méid seo dhom, a Dhuinn. An raibh aithne ag an Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh ort?”
“Ní raibh, a rígh,” arsa Caoilte.
“Is dóich liom, a Dhuinn, go dtuigim an sgéal, ach b’fhéidir dearmhad a bheith orm,” arsa Murchadh. “Má’s aoinne amháin an dá Amhlaoibh do bhí aithne aige ort, ach cheap sé, agus dob’ fhíor dhó é, go rabhais-se deimhnightheach ná raibh. Ansan do sgríbh sé an leitir sin chun a chur ’n-a luighe ort nár bh’é féin an t-Amhlaoibh go rabhais ar a lorg, mar go raibh aithne mhaith aige féin ort, agus go raibh ’fhios agat féin ná raibh aon aithne ag an Amhlaoibh eile ort. Is cuimhin liom an t-Amhlaoibh a bhíodh ag teacht anso ainíos ó Inis Cathaigh i n-aonfheacht le Tadhg Óg ua Cealla. Mheasas gur bh’ ógánach deagh-chroídheach macánta osgailte é, agus is dóich liom gur bh’ é sin meas gach aoinne air. Is iongantach an sgéal é má bhí doimhneas fill ann lastigh de’n mhacántacht agus de’n osgailteacht go léir. B’fhéidir nár bh’fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná labhairt le Niamh agus an nídh go léir do chur ’n-a cómhairle. Anso thall, feuch, atá sí féin agus a h-athair ’n-a gcómhnuighe,” agus thaisbeáin sé an tigh do Chaoilte.
“An bhfuil Niamh ’n-a cómhnuighe anso, a rígh?” arsa Caoilte, agus do las sé go bun na gcluas. Thug Murchadh fé ndeara an lasadh, ach d’iompuigh sé chómh h-oban san, ag feuchaint ar rud éigin eile, gur mheas Caoilte nár thug.
“Tá sí ’n-a cómhnuíghe anso le tamal maith anois. Tá sé chómh maith agam a dh’innsint duit cad ’n-a thaobh.”
Ansan d’inis sé do Chaoilte an dá fholáramh a thug an Legáid uaidh, agus an sgannra a bhí air féin le h-eagla go ndéanfaí aon iaracht ar nimh a thabhairt do’n Árdrígh; conus nár fhéad sé a aigne chur chun suaimhnis go dtí gur chuir sé fhiachaibh ar Niamh teacht go Ceann Cora.
“Tá,” ar seisean, “eagla agam’ leas-mháthair roime n-a súil. An fhaid a bheidh sí anso ní déanfar aon iaracht ar éagcóir a dhéanamh ar an Árdrígh. Tuigean Niamh cad chuige go bhfuil sí anso, agus geallaim dhuit nach miste do Ghormfhlaith eagla bheith aici roime n-a súil. Ní thuigean aoinne eile sa teighlach, ámh, ach Niamh agus a h-athair, cad chuige go bhfuil sí anso. Tuigean fear frithálmha an rígh go bhfuil sé anso chun aire thabhairt do bhia an rígh, díreach mar is gnáth aire thabhairt do bhia aon rígh. Ní’l fhios aige go bhfuil aon chontabhairt fé leith ar m’ athair. Tá sé chómh maith againn dul agus do sgéal-sa a dh’innsint do Niamh feuchaint a’ ndéarfaidh sí go bhfuil dhá Amhlaoibh ann nó ná fuil.”
Bhuaileadar araon anonn chun an tíghe n-a raibh Niamh agus a h-athair ’n-a gcómhnuighe ann. Chuir Niamh agus a h-athair fáilte rómpa mar ba chóir.
D’inis Caoilte a sgéal di, ó thusach go deire, agus thaisbeáin sé an leitir di.
“Coimeádfad an leitir seo, le nbhúr dtoil,” ar sise, “agus taisbeánfad do Thadhg í. Má ’sé Amhlaoibh Thaidhg a sgríbh í aithneóchaidh Tadhg an sgríbhinn.”
“Ná béadh sé chómh maith agam-sa,” arsa Caoilte, “preabadh siar go h-Uíbh Máine agus an leitir a thaisbeáint láithreach dó?”
“Thar a bhfeacaís riamh,” arsa Murchadh.
D’imthigh Caoilte siar. Thaisbeáin sé an leitir do Thadhg Óg ua Chealla.
“Cé ’s dóich leat a sgríbh an leitir sin, a Thaidhg,” ar seisean.
D’ fheuch Tadhg ar an leitir. Do léigh sé í. Do léigh sé airís í. D’fheuch sé ar Chaoilte.
“Cé is dóich leat a sgríbh í?” arsa Caoilte leis.
“Airiú, cá bh’ fhios dómh-sa cé sgríbh í!” arsa Tadhg. “Ní’l aon phioc d’á fhios agam cé sgríbh í,” ar seisean, “ná cad é an brígh atá léi.”
Do stad Caoilte. Chonaic sé nár aithin Tadhg an sgríbhinn. Bhí sé i gcás ’dir dhá chómhairle cé ’cu ba cheart dó an sgéal go léir a dh’innsint dó nó nár cheart, gan cead ó Mhurchadh nó ó Niamh. Fé dheire thuig sé, ó thaisbeáin sé an leitir, gur cheart dó a dh’innsint cad ’n-a thaobh gur thaisbeáin sé í agus cad é an brígh a bhí léi. D’inis sé an sgéal go léir dó, na ráflaí a dh’ airigh sé thall i dtaobh bháis Bhriain agus i dtaobh an Amhlaoibh a chuaidh anonn ó Áth Cliath, ó Shitric, go rígh Lochlan, agus i dtaobh an teachtaireachta a bhí ag an Amhlaoibh sin do’n rígh thall, ’ghá rádh leis go raibh Gormfhlaith go maith, agus an saidhbhreas a bhí uaithi, go raibh sé fághalta aici. Ansan d’inis sé dhó conus mar a chuaidh sé féin i gcómhngar do ríghtheighlach rígh Lochlan feuchaint a’ bhféadfadh sé radharc fhághail ar an Amhlaoibh úd, agus conus mar a cuireadh an púicín air, agus mar a cuireadh sa phrísún é, agus mar a cuireadh anall go Corcaigh é, agus conus mar a thug an captaéin an leitir dó.
D’éist Tadhg leis an innsint go breagh socair go dtí go raibh an focal deirineach ráidhte. Níor labhair sé ansan féin. D’fhan sé gan labhairt ar feadh tamail mhaith. Nuair a bhí a mhachtnamh déanta aige do labhair sé.
“Cad é an saidhbhreas,” ar seisean, “a bhí ó Ghormfhlaith agus a fuair sí?”
“Siní díreach an cheist nách féidir le Niamh ná le Murchadh ná liom féin do réidhteach,” arsa Caoilte. (Níor mhaith leis trácht ar an gcailís gan cead ó Mhurchadh).
“Raghaidh mé leat soir go Ceann Cora,” arsa Tadhg.
Do ghluais an bheirt soir. D’innseadar nár aithin Tadhg an sgríbhinn.
“Shamhluigheas féin gur mar sin a bhéadh,” arsa Niamh.
“Agus ar neóin,” arsa Caoilte, “is tu a dúbhairt an leitir a thaisbeáint dó.”
“Is mé,” ar sise. “Níor bh’ aon dióbháil í thaisbeáint dó. Ní h-é an t-é do labhair an chaint do sgríbh an leitir. Fuair sé duine eile chun na sgríbhinne dhéanamh.”
Bhí Tadhg ana ghruama. Ní raibh focal ag teacht as ach é ag machtnamh. Bhí an triúr eile ag caitheamh tuairimí chómh maith agus d’fhéadadar é, agus bhí gach aon tuairim d’ár tugadh ag dúnadh isteach, i ndiaigh ar ndiaigh, ’ghá chur ’n-a luighe air gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh. An fhaid a bhí na tuairimí ar siúbhal bhí a lán neithe beaga ag teacht chun cuimhne Thaidhg, neithe beaga nár chuir sé blúire suime ionta nuair a chonaic sé ar dtúis iad, ach gur chuir sé mórán suime anois ionta, agus bhíodar ’ghá thaisbeáint dó go raibh gach aon deabhramh gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh.
Thuig Murchadh gur cheart guid na cailíse d’innsint do Thadhg. Do h-innseadh dó é. Níor bheag san.
“Ó,” ar seisean, “nách mé an t-amadán críochnuighthe! Le feall iseadh ghlac sé an Creideamh. Le feall iseadh ghlac sé na mion-Úird, chun go gcurfaí isteach sa n-érdam é. Ba cheart mé chrochadh mar gheall ar leigint dó a leithéid d’ amadán a dhéanamh díom! Feall ab eadh an cion a bhí aige orm! Ó! Ní chuirfead náire an sgéil díom an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfead! Dá mairinn céad ní chuirfinn díom é. A Niamh, caithfir-se agus m’ athair dul siar abhaile.”
“Airiú, a Thaidhg, a laogh,” arsa Niamh, “cad é an gnó atá agat siar dínn? Ná fuil fhios agat cad chuige gur tugadh anso sinn? Cad ’tá chun tu féin a chosg ar aire thabhairt do’n áit thiar?”
“Ní’lim ag dul siar,” ar seisean. “Leanfad an feallaire úd! Bainfead an gealgháire dhé. Ó! An claidhre! An bitheamhnach fill! Leanfad é agus tiocfad suas leis agus bainfead an ceann ó n-a ghuaillibh dé.”
“Go réidh, a Thaidhg,” arsa Murchadh. “Ní’l deimhne ceart i n-aon chor fós againn air gur b’é an t-Amhlaoibh a bhí i n-Inis Cathaigh do sgríbh an leitir sin nó do labhair an chaint atá inti. Dá mbéadh féin ní h-alaidh dhúinn gan feuchaint rómhainn le h-eagla gur bh’ amhlaidh a chuirfimís ar a chumas tuille díobhála dhéanamh dúinn. Má ’sé a dhein an méid díobhála atá déanta ní h-aon dóichín é. Ní foláir cuid d’á ghastacht féin a dh’imirt ’n-a choinnibh. Eirigh-se siar abhaile agus fanadh Niamh agus t’ athair anso. Ní gan fáth a cuireadh amach, thall i gcrích Lochlan, an ráfla úd i dtaobh bháis an Árdrígh. Do cuireadh amach an ráfla i dtreó go mbéadh daoine ag dul i dtaithighe an sgéil agus nuair a thiocfadh an tásg ná déanfaí iomad iongnadh dhé. Do cuireadh amach an ráfla le cúir eile, leis. Do cuireadh amach é mar chómhartha, ’ghá rádh le rígh Lochlan ‘Lean de’n ollmhúchán chómh dian agus fhéadfair é. Ní fheadaraís cad é an neómat a gheóbhadh Brian bás. Bí ollamh.’ Sé sin le rádh, ‘Cuirfimíd chun báis é chómh luath agus is féidir é, ach bídhidh-se ollamh!’ Siné brígh atá leis na ráflaíbh.”
“Gabhaim párdún agat, a rígh,” arsa Tadhg le Murchadh, “ach má tá daoine anso againn atá chómh ceapaithe sin ar an Árdrígh do chur chun báis cad ’n-a thaobh ná beirtear láithreach ortha agus a ndroch bhearta do chur ’n-a leith agus iad do chur chun báis! Cad chuige bheith ag feitheam go dtí go mbeidh an droch bheart déanta acu? Cad é an leigheas ar an ndroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a bheidh an droch bheart déanta?”
“Is fíor dhuit, a Thaidhg,” arsa Murchadh, “gur shuarach an leigheas ar dhroch bheart an cuirptheach do chur chun báis nuair a bhéadh an droch bheart déanta. Ní h-amhlaidh atáthar ag feitheamh go dtí go ndéanfaidh an cuirptheach an droch beart. Is amhlaidh atáimíd ag déanamh ár ndíchil chun an chuirpthigh do chosg ar an ndroch bheart a dhéanamh. Ní féidir cuirptheach do chur chun báis, pé droch amhras a bhéadh agat air, go dtí go mbéadh droch ghníomh éigin agat le cur ’n-a leith. Mura mbéadh droch ghníomh agat le cur n-a leith cad a bhéadh agat le déanamh ach tu féin a chosaint air? Siné atá againn ’á dhéanamh, a Thaidhg. Táimíd ’ghár gcosaint féin ar an gcuirptheach. Eirigh-se siar abhaile, a Thaidhg, agus ná leig ort le h-aoinne aon nídh i dtaobh na cainte seo atá déanta anso againn indiu. Ná bíodh aon eagal ort ná go dtabharfad-sa caoi dhuit, nuair a thiocfaidh an t-am chuige, ar t’aigne shásamh ar an bhfeallaire.”
“Tá go maith, a rígh,” arsa Tadhg. “Tá t’ fhocal agam chuige sin agus táim sásta. Tiocfaidh mo lá.”
Agus d’imthigh sé abhaile.