Niamh · Peter O'Leary

Chapter 26: Púicíní

Cá bhfuair Murchadh an t-eólus a bhí aige ar an ollmhúchán a bhí ar siúbhal i gcríochaibh Lochlan, agus ar an mbun a bhí leis an ollmhúchán? Fuair sé an t-eólus ar an gcuma so. Bhí a ghiollaí turais féin aige agus bhí Caoilte aige mar cheann ortha. Dar leis an bpoibilidheacht isé gnó Bhriain a bhí ortha a dhéanamh, gnó na rígheachta. Ach do thug Murchadh gnó eile, leis, le déanamh do chuid acu go raibh iontaoibh aige asta. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh Gormfhlaith a suaimhneas a cheapadh. Go gcaillfeadh sí an t-anam nó go mbéadh droch obair éigin ’dir lámhaibh aici. Bhí fhios aige nár bh’ aon mhaith bheith a d’iaraidh cosg a chur léi. Dá gcurtí cosg léi i n-aon droch obair amháin ná déanfadh sí ach aghaidh a thabhairt ar dhroch obair eile agus é cheilt níb’ fhearr. Gur bh’ fhearr sgaoileadh léi agus eólus cruinn a dh’ fhághail, a gan fhios di, ar gach aon tsaghas droch oibre a bhéadh ar siúbhal aici. Thug Murchadh an gnó san le déanamh do Chaoilte, d’ “Fhear na gCos,” a ndúbhairt Conn. Níor mhiste an gnó thabhairt le déanamh do Chaoilte. Bhíodh sé ins gach aon chúinne d’oileán na h-Éirean, agus ní sa riocht gcéadna a chítí é aon dá lá as a chéile. ’N-a cheannaidhe Lochlanach a bhíodh sé uaireanta, istigh i gcathair Bhaile Átha Cliath, ag díol éadaí olna a déintí i n-Éirinn an uair sin níb’ fhearr ná mar a déintí iad i n-aon áit lasmuich d’ Éirinn. ’N-a ghráséir a bhíodh sé uaireanta eile agus stoc beag ba seasga aige ’á dhíol le búistéiríbh Lochlanacha i gcathair Chorcaighe. Nuair oireadh dó eólus cruinn fhághail agus gan bheith ag brath ar ráflaí, radharc a shúl féin a dh’ fhághail ar neithibh, théidheadh sé ar bórd loinge, ’n-a Lochlanach mar ’dh eadh, agus théidheadh sé soir go Cathair na Beirbe agus chíodh sé gach nídh a bhíodh ar siúbhal ann. Chonaic sé le n-a shúilibh féin na slóighte d’á ngleusadh, agus d’ airigh sé le n-a chluasaibh na daoine ’ghá innsint d’á chéile gur siar go h-Éirinn a bhí na slóighte sin go léir le dul chun cathana cruadha do throid do’n Árdrígan uasal, do Ghormlóda. Gormlóda a thugaidís ar Ghormfhlaith. Bhí eólus ar chaint na tíre sin ag Caoilte chómh maith agus dá mb’ ann a tógfaí é. Nuair a théidheadh sé ameasg na ndaoine ann ní bhíodh fhios ag aoinne ná gur dhuine de mhuintir na tíre é.

Fuair sé amach, ar a measg, ar dtúis gur bh’í Gormfhlaith a bhí ag cur na h-oibre go léir ar siúbhal, ach is fé riún a h-innstí dhó é. Fuair sé amach, leis, ar an gcuma gcéadna, go raibh Sitric, mac Ghormfhlaith, rígh Lochlanach Átha Cliath, ag cabhrughadh le Gormfhlaith ar gach aon tsaghas cuma. Bhíodh sé coitchianta anonn ’s anall idir an dá chathair ag tabhairt gach aon tsaghas eóluis do rígh Lochlan ar ghnóthaibh na h-Éirean, ar an gcuma ’n-a raibh Brian ag tuitim agus nár bh’ fhéidir dó maireachtaint puínn eile aimsire. Nuair a gheóbhadh sé bás go dtuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ná béadh aon bhreith ag Murchadh ar fhearaibh Éirean a choimeád dlúithte ’n-a chéile mar a bhíodar dlúithte ag Brian. Go mbéadh ríghthe na tíre, thuaidh agus theas, ag marbhughadh a chéile mar gheall ar an Árdrígheacht. Ná béadh aon bhac ar shluagh Lochlanach preabadh chúcha isteach an uair sin agus gabháil de chosaibh ionta i ndiaigh chéile. Go mbéadh a leath ar thaobh na Lochlanach féin, i gcoinnibh an leath eile, chómh luath agus thiocfadh na Lochlanaigh. Gur bh’é buac rígh Lochlan an neart slógh ba mhó fhéadfadh sé chruinniughadh a bheith cruinnighthe gleusta curtha le chéile aige i gcóir bháis Bhriain, nó i gcóir pé rud a thiocfadh. Do thuig rígh Lochlan an nídh sin go h-áluinn, agus bhí sé ag déanamh a dhíchil agus ’á dhéanamh go maith, agus má bhí ní raibh oiread agus cor aige ’á chur dé, ná ag Sitric ’á chur dé, ná raibh cúntas cruinn ag Caoilte ’á thabhairt do Mhurchadh air.

Théidheadh Caoilte go h-oileán Mhanain, leis, agus chíodh sé cad a bhíodh ar siúbhal ann, agus chuireadh sé cúntas cruinn air ag triall ar Mhurchadh.

Thug sé cúpla cuaird óthuaidh go h-Ínsibh Orc agus chonaic sé cad a bhí ar siúbhal ann. Fuair sé go raibh ainim Ghormfhlaith i mbéalaibh na ndaoine ann, agus go raibh talamh saidhbhir geallta i n-Éirinn, saor ó chíos, d’aon fhear a thiocfadh ag cabhrughadh le Gormfhlaith agus le rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath sa chogadh a bhí le teacht.

’N-a chuardaibh go léir, nuair airigheadh Caoilte an cómhrádh ar siúbhal i dtaobh an chogaidh a bhí le teacht agus i dtaobh na dtalmhaintí saidhbhire saora a bhí le fághail de bhár an chogaidh, thugadh sé fé ndeara, nuair a deireadh an fear, “Ní raghad-sa go h-Éirinn. Is buan fear ’n-a dhúthaigh féin. Mharbhóch’ Murchadh mé,” go ndeireadh an bhean, “Is fear meathta thú! Mura dtéidhir-se ann raghad-sa ann! Nó má théidhean tú ann raighmídh go léir ann i n-aonfheacht leat. Tá fir againne a bheidh maith a dhóthin do Mhurchadh, ní h-eadh ach ró mhaith dhó. Is fearr dul go h-Éirinn, pé crích a bhéarfaidh sinn, agus beatha bog sóghail a bheith ag duine ar thalamh bhreagh shaidhbhir, ’ná bheith a d’ iaraidh beatha docht daor a bhaint as na riasgaibh fiaine fuara so!”

Bhí aithne mhaith ar Mhurchadh an uair sin, ní h-amháin ameasg na Lochlanach a bhí ’n-a gcómhnuighe i n-Éirinn, ach ar fuid tíre Lochlan go léir, agus ar fuid na h-Ioruaidhe, agus i n-Ínsíbh Orc, agus chómh fada óthuaidh le h-Inis Tuile. Nuair ba mhaith le mnaoi eagla chur ar leanbh ní deireadh sí ach, “Eist do bhéal nó glaodhfad ar Mhurchadh chúghat!” nó, “Chúghat Murchadh!”

Ní raibh Caoilte i n’ aonar sa n-obair a bhí aige ’á déanamh. Bhí a theachtairí aige le cur uaidh go h-Éirinn nuair a bhíodh eólus éigin ná fuilingeóch’ ríghneas aige le cur ag triall ar Mhurchadh. Chuireadh sé uaidh a theachtaire agus d’fhanadh sé féin thall ag faire chuige, ag lorg tuille eóluis.

Do thárla, lá d’á raibh sé thall i gCathair na Beirbe, gur ghluais ráfla ó bhéal go béal ameasg na ndaoine.

“Ó,” a déarfadh duine le duine, “ar airighis an sgéal nua?”

“Níor airigheas airiú! Cad é an sgéal nua é?” a déarfaí ’á fhreagradh.

“Árdrígh Éirean atá marbh!”

“Eist do bhéal!”

“Ó, go deimhin ní’l aon fhocal bréige ann. Lochlanach óg uasal ó Áth Cliath a thug an sgéal nua anall anso ag triall ar an rígh, agus d’á chómhartha san féin isé Sitric, rígh Lochlanach Átha Cliath do chuir anall é. Tá Brian marbh agus beidh Sitric i n’ Árdrígh anois.”

Ansan déarfadh duine eile a thiocfadh suas:--

“Tá an éagcóir agat. Níor thugais an sgéal sa cheart leat. Ní h-é an t-Árdrígh atá marbh. Ní’l aoinne marbh. Is amhlaidh a chuir Sitric anall anso ó Áth Cliath an priúnsa óg, Amhlaoibh, ’ghá innsint do’n rígh go bhfuil Gormfhlaith go maith agus go bhfuil gach aon nídh ag dul chun cinn aici ar a toil. Go bhfuair sí an saidhbhreas a bhí uaithi agus go bhfuil sí sásta.”

“Cad é an saidhbhreas a bhí uaithi?” a déarfadh duine eile. “Nách í Árdrígan na h-Éirean í? Tá an saidhbhreas san aici le fada anois. Nár bhuailtear a thuille uimpi! Cad a chuir i mbéal an amadáin seo Brian a bheith marbh?”

“Ní fheadar-sa san,” a déarfadh an fear eile, “mura mar seo a dh’eirigh an focal. Dúbhairt Gormfhlaith le h-Amhlaoibh a dh’innsint do’n rígh go raibh Brian ag tuitim leis an aois go tiugh, agus ná féadfadh sé, agus a dhícheal a dhéanamh, seasamh puínn níos sia. Is dócha, nuair a leath an chaint sin ameasg na ndaoine gur chuireadar leis an gcaint agus gur dheineadar a bhás as an gcaint. Nuair a bhíon ráfla ag gabháil tímpal bíon gach aoinne ag cur leis.”

Chuir an chaint sin Caoilte ag machtnamh. Cé r’ bh’ é an t-Amhlaoibh seo? Nó ar bh’fhéidir i n-aon chor gur bh’ é cara Thaidhg Óig uí Chealla é?

“Ní foláir dom, má fhéadaim é, radharc fhághail air,” ar seisean i n’aigne féin.

Chrom sé ar dhruidim, ar feadh raint laethanta, i dtreó an ríghtheighlaigh le pé mangaireacht a bhí ar siúbhal aige. Bhíodh sé ag faire ar na h-uaislibh agus iad ag dul isteach ’s amach. Theip air aon radharc fhághail ar aoinne de shaghas Amhlaoibh. Má theip bhí rud eile nár theip air. Níor theip air ceathrar lucht airm do theacht n-a thímpal do phreib agus prísúnach a dhéanamh dé agus é chur isteach i gcarcair dhaingean, sar a’ raibh fhios aige, ba dhóich leat, cad a bhí ag imtheacht air. Níor labhradh oiread agus focal leis. Níor deineadh ach breith air agus a dhá láimh a cheangal lastiar dé agus púicín a tharang anuas ar a shúilibh agus é thógaint chun siúbhail. Nuair a bhí sé istigh sa phrísún do cuireadh slabhra fan chuim air, agus bhí an ceann eile de’n tslabhra san daingean sa bhfalla. Do baineadh dé an púicín agus do fágadh ansan é i n’ aonar. Tar éis raint aimsire do tugadh bia chuige agus do baineadh an ceangal d’á lámhaibh an fhaid a bhí sé ag ithe an bhídh. Amáireach a bhí chúgainn, tár éis cheithre h-uaire fichid a bheith caithte aige i n’ aonar, do tugadh an bia chuige airís. Do tugadh an bia chuige mar sin gach aon lá. Gach aon uair a thagadh an bia do labhradh Caoilte leis an dteachtaire, agus d’fhiafraigheadh sé dhé cad é an chúis gur cuireadh isteach sa phrísún san é agus gan aon rud déanta as an slígh aige. Ní thugadh an teachtaire aon fhreagra air ach fé mar a bhéadh sé bodhar balbh. D’ imthigh lá agus oídhche, agus d’imthigh lá eile agus oídhche eile, agus d’fhan Caoilte sa phrísún. D’imthigh seachtmhain, agus ambasa bhí gach aon deabhramh go bhfágfaí sa phrísún san é, níor bh’fhios cad é an fhaid. Bhí sé ag machtnamh agus ag machtnamh, agus ní fhéadfadh sé aon tuairim a thabhairt do cad fé ndeara prísúnach a dhéanamh dé. Bhí fhios aige go maith go raibh sé ag cur eóluis ag triall ar Mhurchadh go h-Éirinn ar neart slógh tíre Lochlan agus ar acfuinn na tíre agus ar gach aon tsaghas gnótha stáit d’á raibh ar siúbhal sa n-áit. Ach bhí fhios aige go maith, leis, ná raibh cogadh an uair sin idir an dá thír, idir Éire agus crích Lochlan, agus d’á bhrígh sin, pé eólus a chuirfeadh sé uaidh abhaile go h-Éirinn, nár bh’fhéidir spiaireacht do chur ’n-a leith. Má labhair sé caint na Lochlanach chómh maith agus do labhradar féin í ní dhéanfadh san spiaire dhé nuair ná raibh aon chogadh ar siúbhal idir an dá thír.

Nuair a bhí breis agus seachtmhain caithte sa phrísún aige do labhair sé, lá, leis an dteachtaire, mar seo:--

“A dhuine mhacánta,” ar seisean, “ní’l aon lá a tháinís anso le m’ chuid bídh chúgham nár fhiafraigheas díot cad é an chúis gur deineadh prísúnach díom. Níor thugais aon fhreagra orm. Is maith liom anois an méid seo do rádh leat, agus tá súil agam go raghaidh an focal ag triall ar rígh Lochlan. Pé duine is bun le mise chur isteach sa phrísún so, gan aon droch ghníomh do chur am’ leith, tá an dlígh briste aige agus díolfaidh sé as. Má tugtar aon anchor dom díolfar as chómh daor agus a díoladh riamh a’ h-éagcóir. Mura maith leat labhairt liom-sa labhair le duine éigin eile agus inis an méid sin dó. Labhair leis an t-é a dhein an gníomh so. Ní duine gan úghdarás a dhein an gníomh so.”

D’imthigh an teachtaire. Ní raibh sé abhfad imthighthe nuair a tháinig an ceathrar céadna úd airís. Do rugadar ar Chaoilte. Bhaineadar an slabhra d’á chom. Sháthadar an púicín anuas ar a cheann agus ar a shúilibh. Do rugadar leó amach é agus síos chun an chuain, agus chuireadar ar bórd loinge é. Bhí an long ag dul go h-Éirinn. Do cuireadh suas na seólta agus do ghluais an long. Nuair a bhí an long tamal amach ar uisge do baineadh an púicín de Chaoilte agus do baineadh an ceangal dh’á lámhaibh. Ansan do shín an captaéin leitir chuige. Sidé a bhí sa leitir:--

“A ‘Dhuinn,’ nó a ‘Chaoilte,’ nó a ‘Chosa Buídhe Árda,’
nó pé ainim n-ar maith leat freagairt dó, tá t’ anam ’á
leigint leat an turus so. Mar a deirir, ní’l cogadh idir
rígh Lochlan agus Árdrígh Éirean. Ach má feictar sa tír seo
airís tú ní feicfear beó thú ’n-a dhiaigh san.”

Do léigh sé an leitir agus chuir sé chuige í. Bhí an captaéin agus é féin, agus an fhuirean, síbhialta go leór le n-a chéile go dtí gur sroiseadh cuan Chorcaighe. Do cuireadh i dtír ag calaith an chuain sin é agus do fágadh ansan é. Bhí a dhóthin daoine muinteartha i gCorcaigh aige. Níor bh’fhada an ríghneas a dhein sé eatartha. D’imthigh sé óthuaidh go Ceann Cora. Níor bh’fhada go bhfeacaidh sé an ríghdhamhna, Murchadh. Thaisbeáin sé an leitir dó, agus d’inis sé an sgéal go léir dó, tríd síos.