Bhíodh Murchadh go minic abhfad ó Cheann Cora ag feuchaint i ndiaigh gnóthaí na h-Árdrígheachta fé chómhairle a athar. Nuair a bhíodh sé imthighthe ó Cheann Cora bhíodh sgannra air le h-eagla go ndéanfaí aon droch ghníomh a gan fhios dó. Bhí an fear frithálmha ceapaithe aige chun frithálmha ar an Ardrígh, mar ba cheart agus mar ba ghnáth do réir nósa na h-aimsire sin. Ach cá bh’ fhios dó, dar leis, ná go nglacfadh an fear frithálmha breab dá ndéintí breab mhaith a thairisgint dó. Thuig sé i n-aigne gur i gcoinnibh mná a bhí ar an bhfear an cluiche dh’imirt, i gcoinnibh na mná ba bhreaghtha agus ba mheasa agus ba ghéire d’á raibh i n-Éirinn an uair sin. Cá bh’fhios dó, dar leis, cad iad na cleasa dh’imireóch’ sí ar an bhfear dá mba rud é go dtuigfeadh sí nár bh’fhéidir é bhreabadh. Chonaic an Legáid a diabhal coímhdeachta. Cá bh’ fhios cad é an congnamh a thabharfadh an diabhal coímhdeachta san di i n-aon droch ghnó a bheartóch’ sí a dhéanamh.
“Ní h-aon mhaith,” ar seisean i n’ aigne féin, “bheith ag brath air go bhféadfadh fear frithálmha bheith maith a dhóthin dí féin agus d’á diabhal coímhdeachta. Caithfidh mé bean a chur ag tabhairt aire dhi.”
Ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar aon mhnaoi chun na h-oibre sin ach ar Niamh. Bhí fhios aige dá mbéadh Niamh i n-aice an Árdrígh, agus a fhios a bheith aici cad chuige go raibh sí ann, nár bhaoghal go bhféadfadh Gormfhlaith aon droch nídh dhéanamh a gan fhios di. D’ imthigh sé féin siar go h-Uíbh Máine. Do labhair sé le Niamh. D’inis sé dhi ó thusach go deire an sgéal go léir.
“Ní fhéadfainn-se dul go Ceann Cora agus fanmhaint ann, a rígh,” arsa Niamh. “Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair féin.”
“Ní’l t’ athair-se i n-aon chontabhairt, a rígan,” arsa Murchadh. “Ní mar sin do m’ athair-se. Tá sé i gcontabhairt mhór. Dá bhféadainn féin fanamhaint sa bhaile ní dóich liom go mbéadh aon bhaoghal air. Tá an iomad eagla aici rómham-sa. Nuair a bhím as baile bíon gach aon nídh ar a toil aici, agus ní bhíon aon eagla aici roim aoinne. Ní’l aon phioc d’á fhios agam’ athair go bhfuil aon chontabhairt os a chionn. Dá neósfaí dó é ní fhéadfaimís é chosaint. Do leigfeadh sé amach an sgéal, mar ní chreidfeadh sé focal dé. Tá fhios aige nách bean ró mhaith í, ach ní chreidfeadh sé i n-aon chor go ndéanfadh sí aon iaracht ar é chur chun báis. Dá n-abradh aoinne leis go ndéanfadh, is amhlaidh a thiocfadh fearg air. Déarfadh sé gur le corp droch aigne a déarfadh aoinne a leithéid. Thuigfeadh sé, dá mba ná béadh aon chúis eile aici le gan an gníomh san a dhéanamh, go seachnóch’ sí é ar mhaithe léi féin. Go gcuirfeadh bás an Árdrígh í féin as an Árdríganacht. D’á éaghmais sin, bean ró ábalta iseadh í. Tá curtha ’n-a luighe aici ar aigne m’ athar ná fuil aon nídh is fearr léi ’ná é mhaireachtaint abhfad, mar d’á fhaid a mhairfidh sé gur b’eadh is sia a bhéad-sa gan teacht sa n-Árdrígheacht. Caithfear an t-aireachas a dhéanamh ar m’ athair a gan fhios dó, a Niamh.”
“Ní fheadar, a rígh,” arsa Niamh, “an bhfuil aon bhaoghal go mbéadh dearmhad ort-sa féin sa sgéal.”
“Cad é an dearmhad a dh’fhéadfadh a bheith orm, a rígan?” ar seisean.
“Ba dhóich liom,” ar sise, “go bhfuil gach aon deabhramh ar an gcaint sin a dúbhraís i dtaobh an ruda atá curtha ’n-a luighe aici, mar a deirir, ar aigne t’ athar. D’á fhaid a mhairfidh t’athair iseadh is sia a bheidh Gormfhlaith ’n-a h-Árdrígain agus iseadh is sia a bhéir-se gan teacht sa n-Árdrígheacht. Má chuirean sí féin chun báis é cuirfidh sí í féin as an Árdríganacht láithreach, agus déanfaidh sí Árdrígh dhíot-sa. Tá fhios aici go maith nách baoghal go nglacfaid fir Éirean aoinne eile i n’ Árdrígh. B’fhearr léi í féin do bháth ’ná thusa dh’fheisgint sa n-Árdrígheacht. Sin dá dhíobháil mhóra aici ’á dhéanamh di féin leis an ngníomh. Cá bhfuil an tairbhthe, a rígh?”
“Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a Niamh,” arsa Murchadh, “ach is fé riún atáim ’á innsint duit. Tá níos mó go mór d’ fhios a gnótha agam-sa ’ná mar is dóich léi. Tá, mar is eól duit, a mac ’n-a rígh ar Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath. Tá uisge-fé-thalamh aici ’á dhéanamh le fada riamh a d’iaraidh go bhfaghadh na Lochlanaigh buadh agus go mbéadh a mac féin i n’ Árdrígh ar Éirinn. Éire ag Lochlanaigh agus Sitric i n’ Árdrígh. Siné atá uaithi. Ní fheadair aoinne beó cad é an t-uisge-fé-thalamh a dhein sí chuige sin i gcaitheamh na h-aimsire roim chath Gleanna Mháma. B’ shiné fé ndeár na Lochlanaigh a bheith chómh líonmhar sa chath san agus an cath a bheith chómh dian, chómh fuilteach. Bhí sí deimhnightheach go mbéadh buadh an chatha san ag Lochlanachaibh agus ná tiocfadh Brian ná aoinne eile againn beó ó’n gcath. Tá an t-uisge-fé-thalamh céadna ar siúbhal anois airís aici. Is dóich léi ná fuil fhios agam-sa é. Tá níos mó go mór d’ fhios a gnótha agam ’ná mar is dóich léi. Tá rígh Lochlan ag gleusadh armála agus ag déanamh loingeas agus ’á gcur ar uisge. Tá muintir na h-Ioruaidhe ’ghá ngleusadh féin chun cogaidh, ach ní h-innstear cad é an cogadh é ná cad chuige an gleusadh. Tá ollmhúchán ar siúbhal ar oileán Mhanain agus i n-oileánaibh Alban agus thuaidh i n-Ínsibh Orc. Ní deir aoinne focal i dtaobh cad é an bun atá leis an obair go léir agus leis an ollmhúchán go léir. Tá fhios agam-sa go maith cad é an bun atá leis an ollmhúchán. Tá Gormfhlaith agus a mac, rígh Lochlanach Átha Cliath, ag déanamh a ndíchil ar gach aon tsaghas cuma chun bheith ollamh ar chath uathbhásach eile do bhualadh ar son Árdrígheachta na h-Éirean chómh luath agus gheóbhaid siad an chaoi cheart air. Dá bhfaghadh m’ athair bás díreach nuair a bhéadh an t-ollmhúchán críochnuighthe acu, do thiocfadh san agus a dtoil isteach le n-a chéile go h-áluinn.”
“Tuigim thú, a rígh,” arsa Niamh. “Agus dá mba ná béadh aon fhonn ar t’ athair bás d’fhághail an uair ba mhaith leó é dh’fhághail báis, isé do mheas go dtabharfadh Gormfhlaith congnamh dó chun báis a dh’fhághail.”
“Táim deimhnightheach dé, a rígan,” arsa Murchadh. “Dá mbéadh a gcuid ollmhúcháin curtha chun cinn acu agus iad ollamh, agus ansan go bhfaghadh m’ athair bás oban, bhéadh gnó na h-Éirean ’n-a phraisigh, dar leó. Bhéadh sé ’n-a chogadh dhearg idir mise agus M’lsheachlainn feuchaint cé bhéadh i n’ Árdrígh. B’fhéidir go mbéadh sé ’n-a chath trír, go ndéanfadh Ua Néill thuaidh iaracht ar an Árdrígheacht do shealbhughadh dhó féin. Ansan dá bpreabadh neart maith láidir Lochlanach isteach chúghainn níor ró dheacair dóibh Éire chur fé n-a smacht agus Árdrígh dhéanamh de Shitric.”
“Ambasa, a rígh,” arsa Niamh, “is breagh glan géar an fheuchaint atá aici ’á dhéanamh roímpi. Cad tá agaibh-se ’á dhéanamh? Ní dócha go bhfuiltí-se i nbhúr suidhe díomhaoin agus iad súd ’ghá n-ollamhughadh féin chómh díchealach.”
“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” arsa Murchadh. “Ní’l aon fhaillígh againn ’á dhéanamh. Táimíd ag gleusadh slógh ins gach aon chúinne de’n tír agus ag cur na n-arm is fearr ’n-a lámhaibh. Tá an t-ollmhúchán againne ’á dhéanamh chómh dian chómh díchealach agus atá acu-san, nó b’ fhéidir níos déine, ach táimíd ’ghá dhéanamh a gan fhios chómh maith agus fhéadaimíd é. Táid na mílte fear againn cheana féin ins na dúnaibh agus ins na daingeanaibh anso agus ansúd ar fuid na tíre. Níor dhóich le h-aoinne ná béadh sáidhte i n-ár n-obair go bhfuil oiread nirt againn agus atá.”
“Ba dhóich liom-sa, a rígh,” arsa Niamh, “go bhfuil dearmhad sa nídh sin oraibh. B’fhéidir dá bhfeictí bhúr neart go n-eireófaí as an ollmhúchán thall, mar go dtuigfí nár bh’ aon mhaith bheith a d’iaraidh buadh fhághail oraibh.”
“Ní eireófaí, a rígan,” arsa Murchadh. “Is amhlaidh a déanfaí tuille díchil ar an ollmhúchán thall. Tá Gormfhlaith ró cheapaithe ar an ndroch obair atá curtha roímpi aici. D’á laige a mheasfaidh sí sinne bheith iseadh is dóichíghde gan an iomad nirt a bheith cruinnighthe aici i n-ár gcóir. Tá fhios aici go bhfuilimíd ag gleusadh slógh ach ní’l ’fhios aici cad chuige go bhfuilimíd ’á ngleusadh. Ní’l fhios aici go bhfuil fios a h-oibre féin againn mar atá. Is dóich léi gur chun na h-Árdrígheachta do choimeád ó Mh’lsheachlainn agus ó Ua Néill an gleusadh slógh atá againn ’á dhéanamh. Dá mbeitheá-sa i gCeann Cora i bhfochair m’ athar do thuigfeadh Gormfhlaith gur ag faire uirthi féin a bheitheá ann. Ansan ní bhéadh aon bhaoghal go ndéanfadh sí aon droch nidh air. Tá an iomad eagla aici rómhat-sa. Ní fheadar an domhan cad a dhéanfad mura bhféadair teacht go Ceann Cora agus fanmhaint ann.”
“Ní fhéadfainn imtheacht ó m’ athair féin, a rígh,” arsa Niamh. “Ní h-aon mhaith dhuit bheith ’ghá iaraidh orm. Faigh duine éigin eile.”
“Feuch, a rígan,” arsa Murchadh, “cad é an bac atá ar t’ athair teacht i n-aonfheacht leat! Ná déanfadh do dhritháir aire thabhairt do’n rígheacht so Uíbh Máine? Tá sé chómh ceangailte ar Thadhg Mhór ua Chealla beart a dhéanamh i gcoinnibh namhad Éirean agus ’tá sé orm-sa, agus go deimhin, agus ní gádh dhom san do rádh le h-inghín Thaidhg, tá Tadhg Mór ua Cealla chómh h-ollamh ar bheart a dhéanamh i gcoinnibh namhad Éirean agus ’tá aon fhear, uasal ná íseal, d’á bhfuil beó i n-Éirinn indiu.”
“An bhfuil fhios agat cad a dhéanfair, a rígh,” arsa Niamh. “Labhair le m’ athair agus inis gach aon rud dó, tríd síos, fé mar atá innste agat dómh-sa. B’fhéidir ansan go dtuigfeadh sé gur ceart dó dul go Ceann Cora agus fanmhaint ann, agus mise do bhreith leis agus do choimeád i n’ fhochair ann.”
Do dhein Murchadh an nídh sin. D’inis sé do Thadhg Mhór ua Chealla an sgéal go léir tríd síos, an t-ollmhúchán a bhí ar siúbhal thall i gcríochaibh Lochlan agus i gcríochaibh na h-Ioruaidhe agus ins na h-oileánaibh, agus an t-uisge-fé-thalamh a bhí ag an Árdrígan ’á dhéanamh chun na h-Éirean a thabhairt fé smacht na Lochlanach agus Ardrígh a dhéanamh d’á mac féin, de Shitric. Thaisbeáin sé dhó gach deimhne d’á raibh aige ar an méid sin sgéil. D’inis sé dhó an dá fholáramh a thug an Legáid dó féin, tré bhéal Cholla. Nuair airigh Tadhg an sgéal is beag ná gur b’ amhlaidh a bhí sé ar buile toisg nár h-innseadh fadó dhó é. Shocaruigh sé láithreach ar theacht go Ceann Cora agus Niamh a thabhairt leis. Do tugadh tigh breagh glan uasal solusmhar dóibh, chun cómhnuighthe ann, i n-aice thíghe mhóir Bhriain. Do fuaradh, mar ghnó súl le déanamh do Thadhg Mór bheith ag cabhrughadh leis an Ardrígh i ngnóthaibh stáit. Níor bh’ aon iongnadh, ansan, Niamh do theacht ann. Do thuig gach aoinne ná fanfadh sí sa bhaile i ndiaigh a h-athar.