“LADY, DOST THOU NOT FEAR TO STRAY.”
Cuid de’n chéad ghnó a dhein Brian, chómh luath agus bhí sé socair daingean sa n-Árdrígheacht, ab eadh na h-eaglaisí a bhí loitithe i ndiaigh na Lochlanach do dheisiughadh agus do shlánughadh agus do chur i dtreó airís. Chuir sé suas an eaglais mhór i gCill Dálua; agus an eaglais i n-Inis Cathaigh; agus dhein sé athnuachaint ar an eaglais i dTuaim Gréine. Dhein sé bóithre móra ó thaobh taobh agus ó cheann ceann d’ oileán na h-Éirean, agus dhein sé drochaid bhreaghtha leathana láidire ins na h-áiteanaibh ’n-a dtéidheadh na bóithre sin treasna aibhní, i dtreó gur dhein sé tairbhthe ana mhór do’n phoibilidheacht, mar gur chuir sé ar chumas daoine dul ar chuardaibh fada gan an iomad trioblóide. Bhí áthas mór ar an bpoibilidheacht mar gheall ar na h-oibreachaibh sin.
Dhein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán áiteana, agus chuir sé buidheana maithe láidire fear isteach ins na dúnaibh sin agus ins na daingeanaibh sin, mar lucht coimeádta, i dtreó go mbeidís ann i gcómhnúighe chun na tíre do chosaint agus chun smacht an Árdrígh do chur i bhfeidhm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do mheasfadh an smacht san do mhilleadh. Do neartuigh sé ar an gcuma san ríghtheighlach Chaisil, agus ríghtheighlach Cheanfheabhrad, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Cé, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Guir, agus an ríghtheighlach i nDún gCrot, agus mórán eile de dhúnaibh agus de ríghtheighlachaibh ar fuid na h-Éirean, agus chuir sé na buidheana fear isteach ionta chun iad a choimeád agus do chosaint. Do neartuigh san a chómhacht féin go mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáth agus eagla do chur ar a namhaid, amuich agus i mbaile.
Chuir sé lucht léighinn agus eóluis ag sgrúdadh agus ag breithniughadh na sean dlighthe agus ’ghá dtabhairt chun soluis, an chuid acu a bhí imthighthe a’ cuimhne; agus fé mar a chonaic sé gádh leó, chuir sé i bhfeidhm airís aon chuid acu a bhí imthighthe a’ feidhm le faillígh nó de thoradh aimsire. Níor ró dheacair dó san a dhéanamh. Bhí a leithéid d’uraim i gcómhnuighe riamh ag an nGaedhal do dhlígh na rígheachta nár ghádh a dhéanamh ach a chur i n-iúil dó go raibh an dlígh ann chun a chur fhiachaibh air an dlígh do chómhlíonadh. Bíon iongnadh anois ar sgoláirthibh nuair a chíd siad ná raibh aicme áirighthe, ceapaithe chun na dlígh chur i bhfeidhm, i n-Éirinn fadó. Is dóich leó, agus is fiór dhóibh é, gur bh’ obair bhaoth dlígh dhéanamh dos na daoine atá ar an saoghal anois, ná bheith ag brath air go ndéanfaidís an dlígh sin do chómhlíonadh, mura gceapfaí aicme láidir chun a chur fhiachaibh ortha an dlígh chómhlíonadh. Ní thuigid siad conus a fhéadadh dlighthe dhéanamh i n-Éirinn fadó agus ansan a dh’fhágáilt fé-s na daoine féin na dlighthe do chómhlíonadh. Do féadtí san do dhéanamh mar, chómh luath agus thuigeadh an phoibilidheacht an dlígh bheith ann, do chuireadh toil phoibilidhe na ndaoine fhiachaibh ar gach duine fé leith an dlígh do chómhlíonadh. B’ fhearr le gach duine fé leith, go mór, an dlígh do chómhlíonadh ’ná fulang leis an ndroch mheas phoibilidhe a bhéadh air dá bhfeiceadh na daoine é ag tabhairt droch mheas nó tarcaisne do’n dlígh. Tá soluídí maithe againn ar fheidhm de’n tsórd san sa n-aimsir seo féin. Má théidhean nós áirighthe i bhfeidhm ar an bpoibilidheacht anois féin feuch cá bhfuil an duine fé leith go mbeidh sé de mhisneach aige an nós san do bhriseadh! Aigne phoibilidhe na ndaoine isí chuireadh dlighthe i bhfeidhm i n-Éirinn fadó, agus is fearr a chuireadh sí i bhfeidhm iad, agus is iomláine, ’ná mar a thagan le neart armála dlighthe chur i bhfeidhm anois.
Ná measadh aoinne, ámhthach, ná bristí dlighthe i n-Éirinn fadó. Do bristí go deimhin. Ach nuair a thagadh an t-é ar a ndéintí an éagcóir, os cómhair an bhreithimh, agus nuair a thugadh an breitheamh a bhreith, do glactí an bhreith ar gach taobh agus do déintí d’á réir. Bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine, aoinne ná taisbeánfadh an uraim sin do’n dlígh ná béadh an rath air. Níor ró dheacair dlighthe fóghanta do chur i bhfeidhm ameasg daoine de’n tsórd san.
Dhein Brian nídh eile do chabhruigh go mór leis chun na ndlighthe do chur i bhfeidhm. Ó’n lá a ghlac sé arm gaisge, agus gan é ach chúig bliana déag, do thaisbeáin sé, ’n-a ghníomharthaibh agus ’n-a bhéasaibh agus ins gach aon tsaghas deighleála idir é féin agus daoine eile, go raibh beann thar bár aige ar an gceart, ná déanfadh sé éagcóir ar aon Chríostaidhe, pé ’cu caraid nó namhaid é, pé ’cu íseal nó uasal é. Do tugadh an méid sin fé ndeara. Ansan, fé mar a leath cómhacht Bhriain agus fé mar a mhéaduigh a chreideamhaint, do dhein daoine eile, uasal agus íseal, aithris air. Ar ball, bhí acu go léir, nó dúbhradar go léir go raibh acu, beann thar bár ar an gceart, fé mar a bhí ag Brian. Do glacadh an ceart ’n-a nós acu. Ansan bhí neart an nóis ag cur le neart an chirt. Bhí neart eile ag cur leis an dá neart san. B’é neart é sin ’ná neart an Chreidimh.
Ná bíodh aon iongnadh ar aoinne gan aon ghádh a bheith le neart armála chun dlighthe chur i bhfeidhm nuair a bhí na trí nirt sin, neart cirt, agus neart nóis, agus neart Creidimh, ag oibriughadh as acfuinn a chéile chun dlighthe chur i bhfeidhm.
Tugaimís fé ndeara cad a thuit amach do Bhrian i n-aon phúnc amháin de’n cheart agus de’n bheann a bhí aige ar an gceart. Chonaic gach aoinne go raibh aon bheart amháin éagcóra ná ceadóchadh Brian ar aon tsaghas cleas ná résún. B’í beart éagcóra í sin ’ná masla thabhairt do mhnaoi. Chonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raibh gráin gan teóra ag Brian ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. Mar gheall ar an uraim a bhí acu do Bhrian do dhein na fir go léir, uasal agus íseal, aithris air sa nídh sin, leis. Má b’ uasal an rud do Bhrian an ghráin sin a bheith aige ar ghníomharthaibh de’n tsórd san, dob’ uasal an rud é, dar leó, d’ aon fhear. As san dúbhairt gach fear go raibh gráin aige féin ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. As san do thug gach fear mar bhéas dó féin bheith ag maoidheamh as nár thug sé riamh “masla ná tarcaisne do mhnaoi.” Do lean an aithris ar Bhrian, agus do lean an chaint, agus do lean an maoidheamh. As san do neartuigh an nós agus do tugadh fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineadh fir Bhriain gníomhartha de’n tsórd san. Fé mar a leath cómhacht Bhriain do leath na nósa a bhí ag fearaibh Bhriain. Ar ball do tugadh fé ndeara ná deintí na gníomhartha gráinneamhla úd i n-aon bhall i n-Éirinn.
Ansan, nuair a thagadh Niamh agus a h-athair go Ceann Cora, agus nuair a chíodh na ríghthe óga Niamh, do chuimhnighdís ar an uaisleacht agus ar an nósmhaireacht a bhí tagaithe ar Ghaedhlaibh Éirean go léir agus deiridís eatartha féin:--“Níor mhiste dhi slat ríoga do thógaint ’n-a láimh, agus fáinne óir i mbara na slaite, agus siúbhal ’n-a h-aonar ó Thonn Clíodhna go Dún Sobhairce, agus ní baoghal go ndéanfadh aon fhear Gaedhlach, uasal ná íseal, oiread agus focal neamh-uramach do labhairt léi.”
Dúbhradh an chaint sin, nó caint de’n tsórd, chómh minic sin, agus do tuigeadh chómh maith san fírinne na cainte, gur measadh, ’n-a dhiaigh san, nuair a bhí Brian agus Niamh agus an chuid eile acu sa n-iúir, nár chaint a bhí sa sgéal ach gur dhein óigbhean uasal éigin an siúbhal san, ’n-a h-aonar, ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna, agus an tslat ’n-a láimh aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar an slígh ach an uraim agus an onóir ba mhó a dh’fhéadfaí a thabhairt di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanachus na h-Éirean go dtí go dtáinig an file Gallda, Ua Mórdha, agus gur chúm sé an dán úd:--
“Lady, dost thou not fear to stray, &c.”
Is fiú an sgéal san machtnamh a dhéanamh air. Is ’mó rígh agus ímpire n-a bhfuil cúntas ortha i seanachus an domhain agus n-a bhfuil moladh mór ar a ngníomharthaibh agus ar a ngradam, ar an gcuma ’n-ar chuireadar tíortha fada fairsinge fé smacht a lámh, agus ar an gcuma ’n-ar chuireadar, má ba ríghthe fóghanta iad, dlighthe tairbhtheacha i bhfeidhm. Ní dóich liom, ámhthach, go bhfeaca riamh fós d’á thabhairt, ar obair ná ar shaothar aon rígh ná aon ímpire acu, moladh de shaghas an mholta so a thugan an sgéal seanachais seo ar Bhrian. Ní nósmhaireacht, ná macántacht, ná gníomhartha onóracha, ná uraim do bhantracht, is gnáth ag leanmhaint slógh agus cogaidh agus armála agus cathana fuilteacha. Neamh-shuim ins na neithibh sin iseadh is gnáth ’á leanmhaint riamh. Neamh-shuim i ngach deagh-nós, neamh-shuim i gceart an fhir thall, neamh-shuim sa n-uraim is dual do mhnáibh; an beithigheach allta ’ghá thaisbeáint féin sa duine; gabháil do chosaibh ins gach dualgas d’á mbainean le dlígh, le deagh-nós, le Creideamh; siniad na neithe is gnáth ag leanmhaint cogaidh agus cómhraic agus cathana fuilteacha.
Ní raibh Brian riamh, ó táinig sé i n-aois a chúig mblian ndéag, ach sáidhte i gcogaíbh. Bhí a ghaolta go léir chómh sáidhte ins na cogaíbh agus bhí sé féin. I n-aimhdheóin na gcogaí go léir do thuill Brian agus a shlóighte an moladh atá sa sgéal úd i dtaobh na mná óige agus i dtaobh na h-onóra a fuair sí ar feadh na slíghe go léir ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna. Tá buadh ag Brian sa méid sin ar chómhachtaibh agus ar ríghthibh agus ar ímpiríbh an domhain riamh.
Táimíd anois ag dul sa deichmhadh céad blian ó fuair Brian agus a shlóighte an buadh san. Do choimeád ár sínsear cuimhne air. Thugadar dúinne an cuimhne sin le coimeád. Is ceart dúinn greim daingean a choimeád air. Caithtear go minic ins na súilibh orainn ná fuil aon nídh ag baint le n-ár sínsear gur féidir dúinn aon mhaoidheamh ró mhór a dhéanamh as. Tá againn, i sgéal na mná óige sin, cúis mhaoidhte agus adhbhar creideamhna ná fuil a leithéid le fághail i seanachus aon tíre eile fé luighe na gréine indiu. Tá ceangailte orainn, ní h-amháin cuimhne choimeád ar an adhbhar creideamhna san, ach fós beart a dhéanamh d’á réir.