Niamh · Peter O'Leary

Chapter 23: Mearbhall Aigne

Nuair a bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht do thusnuigh breis des na h-uaislibh ar bheith ag teacht go Ceann Cora as gach áird i gcian agus i gcómhngar. Níor bhfada go mb’ éigean tuille slíghe dhéanamh sa ríghtheighlach. B’éigean an ríghtheighlach do chur i méid. B’éigean tighthe nua do chur suas, i n-aice an tíghe mhóir, i dtreó, nuair a thiocfadh rígh cúige nó priúnsa nó fear léighinn, go bhféadfaí é chur chun cómhnuighthe ar a shuaimhneas, pé fada gairid ba mhaith leis fanmhaint.

Chuir an obair sin tuille gnótha ar Mheargach agus ar na ceárdaidhthibh a bhí ag obair aige. D’á éaghmuis sin, chómh luath agus bhí Brian i n’ Árdrígh ar Éirinn bhí na ríghthe eile, ríghthe na gcúigí, ag cur fios go Ceann Cora ar gach aon tsaghas airm. Ní raibh aon mheas ar chlaidheamh ná ar shleagh ná ar thuaigh mura bhféadfaí a rádh gur i gCeann Cora, i gceártain Mheargaigh, a deineadh iad. Do chuir san, leis, tuille gnótha ar Mheargach. B’ éigean dó tuille gaibhní agus tuille de gach aon tsaghas ceárdaithe do chur ag obair. Bhí cúram mór air, ach bhí nídh ar a aigne ba mheasa dhó chuige ’ná an cúram, d’á mhéid é. Bhí fhios aige go raibh an chailís dhaor úd guidithe as an mainistir agus gur bh’ é féin fé ndeár é. Bhí fhios aige gur dhein sé beart shímplídhe nuair a thug sé an mhacshamhail úd na h-eochrach isteach i láimh aoinne le breith síos ag triall ar Cholla. Bhí fhios aige go raibh sé ceart aige féin dul síos agus í thabhairt isteach i láimh Cholla féin. Dá ndeineadh sé mar sin thiocfadh an fhírinne amach láithreach, agus ní guidfí an chailís.

Bhí sé ag machtnamh ar an méid sin ó’n lá a bhí an Legáid ag caint leis agus d’á mhéid machtnamh a dhein sé ar an sgéal iseadh is mó a bhí an sgéal ag breith ghreama ar a chroídhe. Bhí an sgéal ’á chur amú ar a ghnó agus ag baint codla na h-oídhche dhé. Níor bh’ fhéidir dó labhairt le h-aoinne ’n-a thaobh, ná cómhairle dh’iaraidh ar aon duine de’n mhuintir a bhí ’n-a thímpal, ná ar aon duine de theighlach Bhriain, le h-eagla gur tuille díobhála a dhéanfadh sé. Fé dheire shocaruigh sé ar dhul síos agus ar labhairt le Colla féin. Chuaidh sé síos agus do labhair sé le Colla.

“Feuch, a Athair,” ar seisean, “tá mo chroídhe briste ó bheith ag machtnamh ar an gcuma úd ’n-ar deineadh amadán díom i dtaobh na h-eochrach agus i dtaobh na cailíse. Ní fhéadfainn fanmhaint a thuille gan teacht chun cainte le t’ onóir. Ní foláir rud éigin a dhéanamh chun teacht suas leis an mbitheamhnach, pé h-é féin. Brisfidh mo shláinte nó imtheóchad as mo mheabhair mura ndeintear rud éigin.”

“Tá m’ aigne féin chómh suaithte le t’ aigne-se mar gheall air, a dhuin’uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag machtnamh go ceann bliana air ní dóich liom go bhféadfainn cuimhneamh ar cad is ceart a dhéanamh. Dá dtagadh an t-Árdrígh chúgham anso agus go ndéarfadh sé gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, cad a bhéadh agam le rádh leis? B’fhéidir go ndéarfadh sé i n’ aigne féin go bhfuil an chailís sin ró dhaor chun í fhágáilt anso. Níor bh’ aon iongnadh liom go ndéarfadh. B’fhéidir go dtuigfeadh sé i n’ aigne gur cheart cailís chómh luachmhar a thabhairt do phríomh-eaglais na h-Éirean. Gur mhaith an tseóid í d’ Árdrígh Éirean le bronnadh ar phríomh-eaglais Éirean, ar eaglais Árdmhacha. Is ar eaglais Árdmhacha ba cheart í bhronnadh. Siné a déarfadh aoinne a chífeadh í. Táim mar a bhéinn i n-uisge bheirithe ó fuair Brian an Árdrígheacht agus ná feadar cad é an neómat a bhéadh sé chúgham isteach ’ghá rádh gur mhaith leis an chailís sin a dh’fheisgint. Is truagh chráidhte nár choimeád sé í an chéad lá agus gan i thabhairt i n-aon chor dúinn!”

“Cad déarfá, a Athair,” arsa Meargach, “dá dtéidhinn agus an sgéal a dh’innsint do Mhurchadh ó thusach go deire?”

“Caithfear an sgéal a dh’innsint gan a thuille ríghnis, dó féin nó do Bhrian,” arsa Colla. “D’innseas féin an sgéal do’n Legáid, mar is eól duit. Dá n-iartí an chailís orm an fhaid a bhí an Legáid anso do neósfadh an Legáid do’n Árdrígh cad a bhí imthighthe uirthi. Bhéadh an Legáid idir mé agus an t-Árdrígh agam. Anois tá an Legáid imthighthe agus tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an chailís orm. Má deir Brian, ‘Cad ’n-a thaobh nár innsis dúinn láithreach go raibh sí imthighthe?’ cad a bheidh le rádh agam? Déarfar gur breagh a thugas uain do’n bhitheamhnach ar imtheacht slán agus an chailís a bhreith leis agus do chur ó aon fhághail a bheith ar í thabhairt thar n-ais.”

“B’fhéidir, a Athair,” arsa Meargach, “go mbéadh sé chómh maith againn dul chun cainte le Murchadh agus an sgéal a dh’innsint dó ó thusach go deire. Mise fé ndeár an t-olc go léir. Ní raibh aon cheart agam gan teacht anso chun cainte leat-sa sar ar thugas uaim an eochair! Ní fheadar an tsaoghal cad d’ imthigh orm agus a leithéid de ghnó leanbaidhe dhéanamh. Nuair a chonac an aibíd agus an cochal do baineadh de m’ chosaint mé glan.”

“Is uathbhásach an sgéal é,” arsa Colla. “Ní fheadar an tsaoghal cá dtáinig an aibíd. Thaisbeáin an Legáid na manaigh go léir duit agus dúbhairt sé go ndúbhraís nár bh’ aoinne acu a bhí ann.”

“Dúbhart,” arsa Meargach, “agus dob’ fhíor dhom é. Ní h-aoinne acu a bhí ann.”

“Ní miste dhom a dh’innsint duit,” arsa Colla, “go raibh sórd droch amhrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn, ar an Athair Art mac Duibh, ach dúbhart-sa leis dá mba dhó san a thabharfá-sa macshamhail na h-eochrach go n-aithneófá é.”

“D’ aithneóchainn, a Athair,” arsa Meargach. “Tá a lán des na manaigh atá anso agus d’ aithneóchainn iad, leis. An manach gur thugas an eochair dó ní fheaca roimis sin é ná ó shin.”

“Ní baoghal go bhfeacaís ó shin é,” arsa Colla, “agus ní dócha gur baoghal go bhfeicfir airís é má fhéadan sé coimeád as do radharc. Is dóich liom d’á luathacht a bheidh an sgéal go léir innste do Mhurchadh againn gur b’ eadh is fearr é.”

D’imthigh an bheirt suas go Luimneach agus as san go Ceann Cora. Fuaradar caoi ar chaint a dhéanamh le Murchadh agus d’innseadar dó gach nídh fé mar a thuit amach, i dtaobh na cailíse. Cheistigh sé iad go dlúth, díreach mar a cheistigh an Legáid Colla. D’á fheabhas a cheistigh sé iad, ámhthach, iseadh ba mhó a chuaidh an sgéal i n-aimhréidh air agus iseadh ba dheacara dhó aon tuairim a thabhairt do cé r’ bh’ é an bitheamhnach. Dúbhairt sé leó gur bh’fhearr gan an sgéal do leigint amach.

“Isé mo thuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an bitheamhnach, ná fuil sé ró fhada uainn an neómat so, agus go bhfuil sé ag faire go dlúth orainn feuchaint cad a dhéanfaimíd. Ní h-aon duine iasachta é. Thaisbeáin sé an iomad eóluis. Bhí fhios aige cá raibh an chailís i gcoimeád, agus bhí fhios aige cá raibh an eochair, agus bhí fhios aige cé r’ bh’ é an gabha a dhein an eochair. Is iongantach an bob a bhuail sé ort, a Mheargaigh!” ar seisean, ag cur sgeartadh gáire as.--“Má airighim-se aon fhocal ó m’ athair,” ar seisean, “’ghá rádh gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, nó gur mhaith leis í chur go h-Árdmhacha, cuirfidh mé dhé é. Ní mór dhúinn go léir bheith ag faire coitchianta feuchaint an bhfaighmís aon phioc de radharc ná de bhalaith an bhitheamhnaigh.”

Chuir an méid sin aigne na beirte chun suaimhnis mórán. Tháinig Meargach go Luimneach chun a ghnótha, agus tháinig Colla abhaile chun na mainistreach.

Nuair fhágadar Murchadh do chrom seisean ar mhachtnamh. Thuig sé áilneacht na cailíse agus a daoire. Bhí fhios aige, pé r’ bh’ é an bitheamhnach, go ndéanfadh an chailís sin fear saidhbhir dé i gcaitheamh a shaoghail, dá bhféadadh sé í dhíol, agus go ndéanfadh sí daoine saidhbhre d’á shliocht ar feadh seacht nglún. Bhí fhios aige nár bh’ fhéidir í dhíol i n-Éirinn: Dá gceannaightí í i n-aon mhainistir ná i n-aon eaglais i n-Éirinn go n-aireófí teacht tháirsí go luath, ó bhéal go béal, ameasg ríghthe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go léir. Bhí fhios aige, d’á bhrígh sin, nár bh’fhéidir í dhíol gan í chur amach a’ h-Éirinn. Tré cheannaighe éigin Lochlanach a caithfí san do dhéanamh. Bhí gach aon bhaoghal, dar leis, go raibh san déanta cheana. Bhí an iomad aimsire fághalta ag an mbitheamhnach, agus do réir an bhuib a bhuail sé ar Mheargach níor bhitheamhnach é do thabharfadh aon fhaillígh sa n-aimsir a tugadh dó. Má bhí an chailís imthighthe thar faraige ní raibh ann ach fiantas, dar leis, bheith ag cuimhneamh ar theacht suas léi go deó. “Ach ní’l agam le déanamh ach bheith ag faire chúgham,” ar seisean i n’ aigne féin.

“Ní chuirfinn thar mo leasmháthair é!” ar seisean, a’ machtnamh eile. “Is aici bhí an chailís i gcoimeád sar ar cuireadh síos í go h-Inis Cathaigh. Agus is cuimhin liom go maith nách le h-aon deagh-thoil a sgar sí leis an seóid uasail. Ach cé r’ bh’ é an manach? Agus cá bhfuair sé an aibíd agus an cochal má ba mhanach bréige é? Conus a fuair sé amach gur bh’ é Meargach a dhein an eochair? Ní dócha go gcuirfeadh sí féin aibíd agus cochal uímpi----Ach cad é sin agam ’á rádh! D’aithneóch’ an gabha í láithreach. Má ’sí a dhein an gníomh, agus go deimhin, a rígan, ní chuirfinn-se thort é, bhí duine éigin aici chun na h-oibre dhéanamh di. Cé r’ bh’ é an duine sin?----Ní fheadar an tsaoghal. Ní’l agam ach bheith ag faire chúgham.----Ach caithfear feuchaint ad’ dhiaigh go géar, a rígan, i neithibh eile leis. Ní gan chúis a thug an Legáid an foláramh deirineach so dhom agus é ag imtheacht, tar éis an fholáraimh chéadna thabhairt dom tamal roimis sin. Ó, ambasa ní dhéanfaidh sé an gnó dhom aon mhíogarnach a theacht orm.”