Niamh · Peter O'Leary

Chapter 22: Cíos An Árdrígh

Chómh luath agus bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht thusnuigh a chíos ar theacht chuige isteach ó gach aon pháirt d’ Éirinn. Deirtear gur tugadh Brian Bóramha air mar gheall ar an gcíos a dh’éilimh sé. Ní dóich liom go bhfuil fírinne sa n-abairt sin. Ní h-é Brian a cheap an cíos. Bhí cíos an Árdrígh ceapaithe na céadta blian sar a dtáinig Brian chun na h-Árdrígheachta. Nuair a tháinig Brian chun na h-Árdrígheachta do chuir gach rígh cúige ag triall air an cíos a bhí ceangailte air, do réir dlíghe na h-Éirean, do chur ag triall ar Árdrígh Éirean. Deir cuid de’n tseanachus gur b’é cúis ’n-ar tugadh Brian Bóramha air ’ná so. Bóraimhe ab ainim do’n bhaile ’n-a raibh ríghtheighlach Bhriain, ag ceann na cora. Do tugadh, as san, “Ceann Cora” ar an ríghtheighlach agus do tugadh Brian Bóraimhe ar Bhrian féin toisg é bheith ’n-a chómhnuighe ar an mBóraimhe. Measaim gur mó an chiall atá leis an gcaint sin ’ná leis an gcaint eile.

Lá Samhna an lá a bhí ceapaithe i gcómhnuighe riamh chun cíosa an Árdrígh do chur isteach, agus ’seo mar a bhí an cíos socair:

Ó Chonachtaibh ocht gcéad bó agus ocht gcéad muc.

Ó mhuintir Chorcomaruadh deich gcéad damh agus deich gcéad caoira agus deich gcéad brat.

Ó Chorcabaoisgne deich gcéad damh agus deich gcéad molt agus deich gcéad muc agus deich gcéad brat.

Ó mhuintir Chiarruidhe deich gcéad damh agus deich gcéad bó agus deich gcéad muc.

Ó mhuintir Mhúsgráidhe trí chéad bó reamhar agus trí chéad loilígheach agus trí chéad muc agus céad brat.

Ó Thír Chonail chúig céad bó agus chúig céad brat.

Ó Thír Eóghain trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.

Ó Chlann Rudhríghe trí caoghaid bó agus trí caoghaid muc.

Ó Oirghiallaibh céad agus trí fichid bó.

Ó Chúige Laighean trí chéad bó reamhar agus trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.

Mar sin dóibh mór-thímpal na h-Éirean go léir. Ní’l curtha síos anso agam ach fíor bheagán des na cíosanaibh, oiread díreach agus thaisbeánfaidh an tslígh ar a ndíoltí an cíos, agus an fághaltas cíosa a bhíodh ag tuitim ar na cineachaibh agus ar na dúthaibh fé leith.

Bhí a gcion de’n chíos ar na Lochlanaigh, leis, an chuid acu a bhí socair i mbailtibh móra na h-Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath trí caoghaid píopa fíona do thabhairt mar chíos d’ Árdrígh Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Luimníghe trí chéad agus trí fichid píopa d’ fhíon dearg a thabhairt mar chíos dó.

B’fhéidir go bhfiafróch’ duine conus fhéadfadh Lochlanaigh Luimníghe cíos a dhíol le h-Árdrígh Éirean má bhíodar go léir díbeartha a’ Luimneach?

Bhí an chuid acu nár ghéill do Bhrian díbeartha, ach an chuid acu do ghéill dó agus do gheall bheith dílis dó, do fágadh ann iad. Fear eagnaidhe, tuisgionach, ab eadh Brian. Daoine go raibh eólus mór acu ar gach gnó ceannaigheachta ab eadh na Lochlanaigh a bhí ins na catharachaibh cuan i n-Éirinn an uair sin. Do thuig Brian gur bh’ ana thairbhtheach an rud do mhuintir na h-Éirean ceannaighthe de’n tsórd san a bheith ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. Go dtabharfaidís isteach ó dhúthaibh iasachta earaí nár bh’ fhéidir a dhéanamh i n-Éirinn agus go gceannóchaidís ó mhuintir na h-Éirean, le díol ins na dúthaibh iasachta, na h-earaí a déanfaí i n-Éirinn agus nár bh’ fhéidir a dhíol i n-Éirinn. Mar gheall air sin iseadh fhág sé na Lochlanaigh ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. D’fhág sé iad i mBaile Átha Cliath, i bPortláirge, i gCorcaigh, agus i Luimneach, agus i mbailtibh beaga eile n-a bhféadfadh loingeas teacht isteach chúcha. Chuir sé fé chíos iad, ámhthach, agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an chíosa acu. Ní raibh an cíos ró throm agus an fhaid a dhíoladar an cíos bhíodar fé chosnamh Bhriain.

Thagadh an cíos isteach ó Éirinn go léir, gach aon lá Samhna, go teighlach Bhriain i gCeann Cora. Dob’ uathbhásach an saidhbhreas é. Ach do caithtí é go léir. Bhíodh suas le trí mhíle bó ann de bhuaibh ramhara, agus trí chéad déag muc, agus do h-ithtí an fheóil sin go léir, bhí an teighlach chómh mór san, agus bhíodh oiread san daoine, uasal agus íseal, ag teacht agus ag imtheacht ann coitchianta. Bhíodh trí chéad agus chúig cinn fhichid ann de phíopaí fíona, d’ fhíon dearg, agus trí caoghaid píopa des na fíontaibh eile, agus d’óltí an fíon go léir, mar bhí féile agus fairsinge i ríghtheighlach Bhriain, agus saidhbhreas agus uaisleacht, thar gach teighlach Árdrígh d’á raibh i n-Éirinn ó aimsir Chormaic mhic Airt. Deirtí an uair sin go raibh Brian ar dhuine des na trí Árdríghtibh ba ghlórmhaire d’á raibh i n-Éirinn riamh. Conaire Mór mac Eidirsgeóil an chéad Árdrígh dhíobh san, Cormac mac Airt an tarna h-Árdrígh dhíobh, agus Brian Bóraimhe an trímhadh h-Árdrígh dhíobh. Choimeád Brian an mhórdhacht san agus an gradam san agus an chómhacht ríoga san ’n-a lán neart agus ’n-a lán tsoillse an fhaid a mhair a réim i n-Árdrígheacht na h-Éirean.

Bhí sé ríoga ’n-a phearsan. Fear fionn, árd, deaghchúmtha dob’ eadh é; fear géagach, fuinneamhail, cuthaigh. Bhí a cheannacha solusmhar. Bhí éadan leathan, árd, bán air. Bhí srón fhada dhíreach air agus í beagáinín ró théagartha, ba dhóich leat, do’n chuid eile d’á cheannachaibh. Ní raibh puínn fhéasóige air agus féasóg dhonn ab eadh an méid a bhí air sar ar liath sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá le gach ball eile d’á cheannachaibh é nuair fheuchfá ar gach ball fé leith dhíobh, .i. go raibh an ball san beagáinín ró mhór; ach nuair fheuchfá ar a aghaidh i n-aonfheacht chífeá go raibh na ceannacha go léir do réir a chéile cruinn. Isé rud is mó a thabharfá fé ndeara, ámthach, ’ná go raibh, dar leat, an iomad báine ’n-a chúntanós. Ansan, nuair fheuchfá ar a phearsan ba dhóich leat, ar an gcéad amharc, go raibh na géaga pas beag ró mhór, ró théagartha, do’n chabhail, ach nuair a thómhaisfeá an cliabh chífeá go raibh an cliabh san níba théagartha go mór ’ná cliabh aon fhir eile des na fearaibh a bhí ar a theighlach. Ansan ar ball, ní ró mhór an iongnadh a bhéadh ort nuair a chífeá a chlaidheamh aige ’á chasadh i dtreó gur dhóich leat ná béadh meaghchaint slaite ann, agus nuair a bhéarfá ad’ láimh féin ar an gclaidheamh gcéadna go gcaithfeá do dhá láimh a chur ar an ndornchur chun é chasadh i n-aon chor. Thuigfeá ad’ aigne ansan gur bh’ é téagar agus neart na ngéag fé ndeara do’n chabhail feuchaint chómh caol.

Bhí an croídhe agus an aigne agus an mheabhair chinn, agus an tuisgint, agus an fhoidhne, agus an fhaidearaídhe, agus an géire inntleachta, chómh maith ar gach aon tsaghas cuma le neart an chuirp agus na ngéag.

Nuair a bhíodh an fear san ag riar na slógh agus ’ghá gcur i n-íodhnaibh catha agus nuair a labhradh sé leis na fearaibh, do h-airightí an uile fhocal uaidh go h-árd agus go glan, ó cheann ceann de pháirc an chamtha; agus i spéirlinn catha, dá labhradh sé árd, ag stiúrughadh na bhfear nó ’ghá ngríosadh chun an chómhraic, do mhothuigheadh na fir a bhíodh i n’ aice píoparnach ’n-a gcluasaibh, bhí a leithéid sin d’uchtach aige agus a leithéid sin de neart ’n-a chliabh agus ’n-a cheann agus ’n-a ghuth. Nuair a labhradh an guth san i lár an chatha do chritheadh an namhaid, agus is minic a bhaineadh fuaim an ghutha san a misneach díobh agus go n-iompuighdís agus go dteithidís. Níor bh’ aon iongnadh an fear san do ghabháil tré shlóightibh namhad mar a ghaibh, agus é theacht chun Árdrígheacht na h-Éirean mar a tháinig.

Bhí ana dheabhramh agá mhac, Murchadh, leis. Bhí an téagar céadna ag Murchadh ins na géagaibh, agus an fheuchaint chaol sa chabhail aige mar gheall ar théagar na ngéag. Bhí sé i n-aigne Dhúlainn Óig agus i n-aigne na bhfear eile n-a raibh aithne acu ar an mbeirt, gur throime agus gur threise agus gur bh’fhearr d’fhear Murchadh ’ná a athair an lá b’fhearr a bhí an t-athair.

Bhí an bheirt tréan go maith. Bhí fir thréana ar Dhál gCais, agus d’ admhuighdar go léir ná raibh aon bhreith riamh ag aon fhear eile acu ar aoinne de’n bheirt sin.