Níor bh’ fhada go raibh Amhlaoibh imthighthe as aigne agus a’ cuimhne gach aoinne i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora, lasmuich de Thadhg Óg ua Chealla. Bhíodh Colla agus an Legáid ag cuimhneamh go minic ar an gcailís a guideadh, ach níor chuimhnighdar i n-aon chor ar Amhlaoibh ’n-a taobh. Agus ar nóin, nídh nár bh’ iongnadh, níor bh’ fhéidir dóibh cuimhneamh ar Ghormfhlaith. Chuimhnigheadh an Legáid uaireanta ar Ghormfhlaith, ach do dhíbireadh sé an smaoineamh as a chroídhe. Is aici a bhí an chailís sar ar thug Brian do Cholla í. Ach conus fhéadfadh an rígan san, dar leis, a bhí chómh h-uasal, chómh fial, leis an mainistir agus leis na manaigh, ag bronnadh fíona agus gach nídh eile d’á fheabhas ortha, an rígan a bhronn an ímhágh san na Maighdine Muire ar Cholla, conus fhéadfadh sí aon lámh a bheith aici i nguid na cailíse? Gan amhras, dar leis, ba mhó ab fhiú an chailís, naoi n-uaire, ’ná a raibh tabhartha dhóibh aici, agus ’ná a bhféadfadh sí a thabhairt dóibh i gcaitheamh a saoghail. Ach ní chuirfeadh san fhiachaibh ar mhnaoi dh’á sórd an chailís do ghuid. Níor dhiabhal gadaigheachta an diabhal coimhdeachta a bhí aici.
Chuimhnigh an Legáid ar an sagart a cuireadh anonn go dtí an Róimh. Is air a bhí cúram an érdaim sar ar críochnuigheadh ’n-a shagart é. Ar bh’ fhéidir go mbéadh sé de mhí-fhortiún air go spriocfadh an t-áirseóir é agus go ndéanfadh sé a leithéid de ghníomh? Cé r’ bh’é an manach a chuaidh suas go Luimneach agus d’inis an bhréag do Mheargach agus do fuair an eochair uaidh? Pé r’ bh’é féin ní raibh sé ameasg na manach a bhí sa mhainistir an lá a tháinig Meargach anuas chun iad go léir a dh’fheisgint. B’é an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha an t-aoinne amháin ná feacaidh Meargach an lá san.
Ní fheacaidh Meargach Amhlaoibh an lá san, ach níor chuimhnigh an Legáid i n-aon chor ar Amhlaoibh. Ní chuimhneóch’ aoinne ar Amhlaoibh sa sgéal. Ní chuimhneóch’ aoinne go ndéanfadh Amhlaoibh a leithéid de ghníomh. Bhí sé ró osgailte, ró ghealgháiriteach, ró mhacánta i n’ fheuchaint.
Do réir gach deabhraimh ní raibh aoinne chun na cailíse ghuid ach an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha. Bhí buairt agus doilghíos ar an mbeirt, ar Cholla agus ar an Legáid fé mar a bhí an méid sin ag dul ’n-a luighe ar a n-aigne. Bhí sé ag brúth isteach agus ag dul ’n-a luighe ar aigne gach duine acu abhfad sar ar thráchtadar le n-a chéile air. Nuair a thráchtadar air ní puínn cainte a dheineadar air.
Art ab ainim do’n tsagart, Art mac Duibh. Andeas ó Mhúscraídhe ab eadh é. Daoine ana chreideamhnacha ab eadh a mhuintir. Bhí a lán acu i n-armáil Bhriain. Bhí ana chion ag Colla air.
“Má dhein sé an gníomh san,” arsa Colla, agus an bheirt ag tagairt do’n ghnó, “ní cuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh orm a rádh gur truagh nár ghlaoidh Dia as an saoghal mé sar ar deineadh an gníomh!”
“Ní fada gur mithid dó bheith ag teacht thar n-ais ó’n Róimh,” arsa’n Legáid. “Má dhein sé an gníomh ní dócha go dtiocfaidh sé thar n-ais anso.”
“Ó, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor dhuit é! Níor chuimhnigheas riamh air sin: Má dhein sé an gníomh ní thiocfaidh sé thar n-ais. Má thagan sé thar n-ais taisbeánfaidh san go soiléir nár dhein sé riamh é!”
Níor dhóich leis an Legáid go dtaisbeánfadh a theacht thar n-ais nár dhein sé an gníomh, ach ní dúbhairt sé aon rud. Do leig sé do Cholla an méid sin sóláis a bheith aige.
Suim laethanta ’n-a dhiaigh san do tháinig Art. Thug sé a lán teachtaireachtaí ó’n Róimh leis, teachtaireachtaí ag triall ar Cholla, agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar Bhrian. Thug sé leitir ó’n bPápa ag triall ar an Legáid. Thug sé a lán rudaí beannuighthe leis ag triall ar an mainistir, taise naomh agus ímhághana agus neithe de’n tsórd san. Agus thug sé leabhar Aifrinn leis do’n mhainistir, agus leabhar Soísgéal a bhí sgríobhtha i Laidion. Ach ní raibh aon nídh d’ár thug sé leis ba mhó gur deineadh iongnadh dhé ’ná éide Aifrinn a bhí déanta d’éadach snáthóir agus gur dhóich le duine gur bh’ ór ar fad í, bhí sí chómh greanta san.
Ní raibh aon tseó ach ar dhein na manaigh go léir de chúram de ’n tsagart óg. Agus ní raibh aon teóra leis an áthas a bhí ortha nuair a chonacadar sa bhaile acu féin airís é. Bhíodh sé ag déanamh a dhíchil ar na ceisteana d’ fhreagairt a bhíodh ag teacht ó’n uile thaobh air agus iad go léir ’n-a thímpal.
“Cad é an fhaid a bhís ar uisge?”
“A’ raibh droch aimsir agaibh, a Airt?”
“Cad é an saghas daoine na Rómhánaigh, a Airt?”
“A’ dtuigfidís aon fhocal Gaeluinne ó dhuine, a Airt?”
“A’ bhfuil siad chómh buidhe agus a deirtear iad a bheith?”
“An daoine fóghanta iad?”
“A’ bhfuil Creideamh acu, a Airt?”
“Is dócha gur Laidion ab éigean duit a labhairt leó i gcómhnuighe, a Airt?”
“Is dócha, a Airt, gur fear breagh naomhtha an Pápa.”
“An cathair ana mhór cathair na Rómha, a Airt?”
Chomáineadar leó ar an gcuma san. Bhí Colla agus an Legáid ag feuchaint ortha agus ag feuchaint ar Art. Ar ball do dhruid an bheirt i leith taoibh.
“Chíon tú féin anois, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “nár dhéin an fear san riamh a leithéid de ghníomh.”
“Chím,” arsa’n Legáid. “Níor dhein. Ní fhéadfadh sé é. Tá san soiléir go leór. Ach chuaidh manach éigin, nó duine éigin i riocht manaigh, suas go Luimneach ag triall ar an ngabha agus fuair sé macshamhail na h-eochrach uaidh. Chonaic Meargach iad go léir an lá thugas anuas anso é, agus ní fheacaidh sé ortha an manach a fuair an eochair uaidh. Is éagsamhlach an sgéal é. Ní fheadar an tsaoghal cad is ceart dom a dhéanamh ’n-a thaobh mar sgéal. Tá aon chontabhairt amháin os cionn an tsagairt óig seo agus is ceart é thabhairt as an gcontabhairt sin.”
“Cad í an chontabhairt atá os a chionn, a Thighearna Easboig?” arsa Colla. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal ná féadfadh aoinne an ghadaigheacht san a chur ’n-a leith.”
“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í chur ’n-a leith,” arsa’n Legáid. “Ní gádh dhúinn ach feuchaint air. Ach feuch conus mar a sheasuighean an sgéal. Bhí an chailís sa n-érdam agus cúram an érdaim ar Art. Ní fheacaidh aoinne an chailís ó’n lá a dh’imthigh Art go dtí an lá a thánag-sa anso. Chuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oídhche sin. Bhí an bosca folamh. Raghaidh an sgéal san amach luath nó mall. Pé áit ’n-a bhfuil Amhlaoibh tá fhios aige go raibh an bosca folamh an oídhche sin. Neósfaidh Amhlaoibh an sgéal san. Raghaidh an sgéal ó bhéal go béal. Cad ’déarfar? Cad a bheidh le rádh ach, ‘Ní raibh aoinne chun na cailíse thógaint ach fear an érdaim.’”
“Tá an sgéal go h-olc, a Thighearna Easboig. Cad is dóich leat is ceart a dhéanamh?”
“Ní foláir a dhéanamh amach, ar dtúis, nách é Art a fuair an mhacshamhail do’n eochair ó Mheargach. Dá mbéadh an méid sin socair bhéadh Art ó bhaoghal. Dá bhféadfá-sa, gan aon nídh do leigint ort, a chur fhiachaibh ar Art culaith manaigh do chur uime agus dul ag déanamh gnótha an érdaim, d’fhéadfaí Meargach a thabhairt anuas, fé mar a thugas-sa anuas cheana é, agus leigint dó radharc fhághail ar Art. Ansan do neósfadh sé dhúinn ar bh’ é sin an manach a fuair an eochair nó nár bh’é.”
“Ach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ní gádh dul chun na trioblóide sin i n-aon chor. Tá aithne mhaith ag Meargach ar Art le fada riamh. Dá mb’ é Art a gheóbhadh an eochair d’ aithneóch’ Meargach é le linn na h-eochrach a thabhairt dó.”
“Ó, má’s mar sin é,” arsa’n Legáid, “ní gádh dhúinn a thuille de dhuagh an sgéil a dh’ fhághail. Má deirtear aon fhocal choídhche i gcoinnibh an tsagairt óig seo mar gheall ar an gcailís glanfaidh Meargach é. Neósfaidh Meargach nách dó a thug sé an eochair, agus beidh ’fhios ag gach aoinne gur b’é an fear a fuair an eochair a ghuid an chailís. Ní gádh a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail.”
“Ní gádh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “dhúinn a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail, chómh fada agus a théidhean aon amhras a bheith ar Art, ach ba mhaith liom, dá bhféadainn é, teacht suas leis an bhfear a fuair an eochair. Manach ab eadh é do réir mar adeir Meargach. Bhí eólus na mainistreach go maith aige, agus eólus an érdaim. Bhí fhios aige an eochair a bheith agam-sa agus gan aon bhreith a bheith ag aoinne ar í fhághail as mo láimh. Bhí fhios aige gur bh’é Meargach a dhein í. Cé h-é an fear a dh’fhéadfadh an t-eólus san go léir a bheith aige agus nách duine des na manachaibh é, agus a chuaidh suas ag triall ar Mheargach i riocht manaigh?”
“Ní fhéadfadh sé dul suas go Luimneach i riocht manaigh,” arsa’n Legáid, “gan culaith manaigh a bheith aige le cur uime.”
“Ní féadfadh go díreach,” arsa Colla, “agus cá raibh sí le fághail aige?”
“An dóich leat,” arsa’n Legáid, “a’ bhféadfá a dhéanamh amach ó-s na manaigh ar thug aoinne acu culaith manaigh ar iasacht d’ aoinne le déanaighe? Má cheistighean tú iad air sin seachain agus ná leig uait aon nídh i dtaobh na cailíse. Dá mbéadh ’fhios ag an mbitheamhnach go bhfuiltear ar a thóir ní bhéadh aon bhreith againn ar theacht suas leis.”
“Ní’l agam ach an gnó dhéanamh chómh h-aicilíghe agus d’fhéadfad é,” arsa Colla.
Ansan do tugadh aghaidh ar ghnóthaíbh eile agus do fágadh an sgéal san ar an gcuma san.
Do chríochnuigh an Legáid an gnó a bhí aige le déanamh i n-Éirinn. Ansan chuaidh sé go Ceann Cora agus d’fhág sé slán ag an Árdrígh. D’fhág sé slán ag teighlach an Árdrígh. D’inis sé do Bhrian cad é an sgéal áthais a bhéadh aige do’n Phápa nuair a neósfadh sé dhó na neithe móra a bhí déanta ag Brian do’n Chreideamh i n-Éirinn, agus na neithe ba mhó ’ná san a bhí i ndán dó a dhéanamh anois nuair a bhí a chómhacht agus a ghradam agus a dhlighthe i bhfeidhm ar Éirinn go léir. Dúbhairt Brian leis go neósfadh sé an fhírinne do’n Phápa nuair a neósfadh sé na neithe sin dhó. Ansan do bhronn Brian seóide uaisle air, agus do sgaradar.
D’fhág an Legáid slán ag Murchadh, agus d’fhág sé slán ag Gormfhlaith.
Isé focal déanach adúbhairt sé le Colla agus é ag imtheacht amach ar an loing, ó Inis Cathaigh: “An cuimhin leat, a Cholla,” ar seisean, “an focal úd adúbhart leat i dtaobh Bhriain agus an nímhe?”
“Is cuimhin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Do labhras leis an Ríghdhamhna. Tá gach nídh socair díreach mar a chómhairlíghis.”
“Labhair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go ndúbhart leat labhairt airís leis.”
“Déanfad, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.
Chuaidh an Legáid ar bórd na loinge agus do ghluais an long amach ó Inis Cathaigh, siar bhéal na Sionainne, thar Léim Chúchulainn, amach an fharaige mhór.
Do dhein na manaigh i n-Inis Cathaigh a ngnó do réir na riaghal. Bhí an sgoluigheacht ins na sgoileanaibh agus na h-úrnuighthe ins na h-eaglaisibh, an trosgadh agus an treighneas agus gach gnó diadha eile ar siúbhal mar ba cheart, fé chomairce Sheanáin naomhtha. Bhí Colla go díchealach agus go dúrthachtach ag feuchaint i ndiaigh gach aon nídh agus i ndiaigh gach aon duine. Bhí eochair an bhosca iarainn ’n-a sheilbh féin aige go h-aireach, agus ní fheidir aoinne sa tigh ná go raibh an chailís dhaor úd istigh go daingean sa bhosca iarainn fé’n nglas. Ní raibh, ámhthach.