Niamh · Peter O'Leary

Chapter 20: Bitheamhntas

D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé cuaird ar an érdam ag cur gach aon rud i dtreó ann. Thug sé an tráthnóna ag níghe agus ag glanadh agus ag sgiomar agus ag slachtughadh go dtí go raibh gach aon rud ar áilleacht aige. Fuair sé eochair an chórtha dhaingin ó Cholla chun na n-árthaí airgid agus óir a bhí istigh ann do thógaint amach agus do ghlanadh. Nuair a bhíodar glan aige chuir sé isteach airís iad. Bhí an oídhche ann sar a raibh an obair go léir déanta aige.

Nuair a bhí an doircheacht aige tharaing sé amach an mhacshamhail eochrach a bhí aige féin. D’osgail sé an bosca ’n-a raibh an chailís dhaor. Thóg sé amach an chailís. Chuir sé i bhfolach sa n-érdam í. Chuir sé an glas ar an mbosca airís, agus shocaruigh sé é díreach ar an ndul ’n-a raibh sé cheana. Dhún sé an córtha daingean, agus do rug sé eochair an chórtha ag triall ar Cholla agus thug sé dhó í. D’imthigh sé a chodla. Shín sé ar an leabaidh, ach má shín níor thuit aon neul codlata air. D’eirigh sé tímpal na h-aimsire céadna ’n-ar eirigh sé an mhaidion roimis sin. Thug sé agaidh ar an mbád gcéadna. Bhí ceirthlín fé n’ osgail aige. Thug sé an díoluigheacht uaidh agus níor cuireadh aon speic air. Tháinig sé go Ceann Cora. Bhí Gormfhlaith ag faire agus í ag feitheamh leis. Chómh luath agus a dúbhradh léi go raibh sé ann tháinig sí chuige. Do rug sí léi isteach é i seómra uaigneach. D’osgail sé an cheirthlín agus shín sé chúichi an chailís. Ansan iseadh bhí an mhóráil uirthi! Ní fheidir sí conus a thaisbeánfadh sí dhó méid an bhuidhchais a bhí aici air.

Níor bh’ aon iongnadh í bheith buidheach dé. Dob’ áluinn an tseóid an chailís sin. Dar leis an mbeirt ní raibh seóid eile mar í le fághail sa domhan an uair sin.

Nuair a bhí tamal beag caithte acu ag feuchaint uirthi agus ag déanamh iongnadh dhi do thóg Gormfhlaith léi í agus chuir sí i gcoimeád í.

“Agus,” ar sise, “beidh an tseamróg ag an t-é a gheóbhaidh amach as mo láimh-se airís í!”

D’órduigh sí chúig dosaein fíona, d’fhíon altórach, do chur i gciseán agus é thabhairt d’ Amhlaoibh le breith síos go h-Inis Cathaigh agus le cur isteach sa n-érdam, i gcóir na sagart. Do cuireadh capal agus cárbad leis féin agus leis an gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair a shrois sé an mhainistir do tógadh an ciseán agus do cuireadh isteach sa n-érdam é, agus bhí Colla agus na sagairt go léir buidheach de’n Bhanríghin. Agus ní baoghal ná gur tugadh d’ Amhlaoibh a chion de’n bhuidhchas.

Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Do ghluais obair na mainistreach agus obair an ríghtheighlaigh i gCeann Cora, ag dul ar aghaidh go breagh réidh gan chosg gan cheataighe, go dtí gur tháinig an Legáid anall ó’n Róimh. Ansan do fuaradh amach, mar a h-innseadh thuas, go raibh an chailís imthighthe.

An lá bhí an Legáid i Luimneach ag caint le Meargach bhí fhios ag Amhlaoibh go raibh sé ann agus bhí fhios aige cad a bhí uaidh. Bhí fhios aige go maith go neósfadh Meargach do’n Legáid gur dhein sé an macshamhail do’n eochair. Níor fhan sé le n-a thuille. D’euluigh sé amach as an mainistir agus phreab sé suas go Ceann Cora. D’inis sé do Ghormfhlaith cad a bhí ar siúbhal. Chonaic Colla i gCeann Cora é, ach níor dhein Colla aon iongnadh dhé sin. Cheap sé go mb’ fhéidir gur chiseán eile fíona a bhí ag dul síos.

Chuir Gormfhlaith Amhlaoibh i bhfolach go dtí go dtáinig an oídhche. Ansan do ghuid sí amach é i lár na h-oídhche agus chuir sí chun siúbhail é i riocht giolla turais, agus chuir sí i n-aonfheacht leis giolla turais eile go raibh iontaoibh maith aici as. Bhí dhá chapal mhaithe ag an mbeirt, agus bhíodar tamal maith de’n tslígh ar bhóthar Bhaile Átha Cliath sar a dtáinig an lá ortha. Nuair a tháinig an lá do chonaic na daoine iad ach níor dheineadar aon iongnadh de bheirt ghiollaí turais. Shroiseadar Baile Átha Cliath. Bhí leitir ó Ghormfhlaith ag Amhlaoibh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath. Thaisbeáin sé an leitir. D’inis an leitir do Shitric gach aon rud. Níor bh’fhada go raibh Amhlaoibh ar bórd luinge agus é ag dul soir abhaile go crích Lochlan.

Bhí sé thoir sa bhaile, slán foláin, saor ó bhaoghal, gan bheann ar Cholla ná ar an Legáid, ar Mhurchadh ná ar Bhrian, agus Tadhg Óg ua Cealla ag briseadh a chroídhe ag gol ’n-a dhiaigh agus ag cuardach na ndúthaí dhó.

Dá mbéadh fhios ag Tadhg cad a bhí déanta aige bhéadh sé ag cuardach na ndúthaí dhó agus ní h-ar mhaithe leis é. Dá mbéadh fhios ag Niamh cad a bhí déanta aige níor bh’ fhada an mhaill uirthi dhá thaobh an sgéil úd do thabhairt d’á chéile. Fuaradar araon amach ’n-a dhiaigh san cad a bhí déanta aige.