Tímpal na h-aimsire sin bhí cuid des na Lochlanaigh féin ag tusnughadh ar an gCreideamh a ghlacadh, go mór mór, an chuid acu a bhí tar éis cur fútha i n-Éirinn agus cómhnuighe a dhéanamh dóibh féin ann, agus tar éis cleamhnaisí dhéanamh le mnáibh Éireanacha. D’eirigh an cómhngas, agus ansan an gaol, idir iad féin agus na cómharsain a bhí ’n-a dtímpal. As san amach do thusnuighdar ar nósaibh na h-Éirean do ghlacadh. Chuaidh eólus ar an gCreideamh i bhfeidhm ortha i ndiaigh ar ndiaigh, agus thusnuighdar ar an gCreideamh do ghlacadh. Chun iad féin d’ollamhughadh i gceart i gcóir an Chreidimh thusnuighdar ar dhul isteach ins na sgoileanaibh chómh maith le cách, agus rud a chuirean iongnadh anois ar dhaoine ná tuigean i gceart an mhór-aigne atá sa n-Éireanach, bhí fáilte rómpa ins na sgoileanaibh chómh maith agus a bhí roim chách.
Lá, agus an obair ar siúbhal i sgolaibh na mainistreach, tháinig ógánach uasal chun an oileáin. Bhí folt fionn air, ag tuitim go trom anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí clóca, nó brat, aniar ar a shlinneánaibh mar ba cheart a bheith ar mhac rígh, agus bhí sé ríoga ’n-a cruith agus ’n-a phearsain. Go mór mór, bhí an tsúil ríoga ag taithneamh ’n-a cheann, súil iona raibh fíor uaisleacht, gan uabhar, úmhluigheacht gan cheann-ísleacht, fírinne aigne gan nochtadh aigne. Tháinig sé go dorus na mainistreach. Tháinig an dóirseóir chuige.
“D’oirfeadh dom, le d’thoil, an t-Abb a dh’ fheisgint,” ar seisean leis an ndóirseóir.
“Tá go maith, a rígh,” arsa’n dóirseóir. “Buail mar seo, le d’thoil.”
Do rugadh i láthair Cholla é.
“Cad é seo atá uait, a mhic?” arsa’n t-Abb leis.
“Tá, a Athair,” ar seisean, “gur mhaith liom, dá mb’ é do thoil é, raint aimsire chaitheamh sa mhainistir seo ag déanamh foghluma.”
“Cé h-é thu, le d’ thoil?” arsa’n t-Abb.
“Tadhg ua Cealla is ainim dom, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus adtuaidh ó Uíbh Máine do thánag.”
“Airiú,” arsa’n t-Abb, “an mac do Thadhg Mhór ua Chealla thu!”
“Iseadh, a Athair,” arsa’n t-ógánach.
Do cuireadh isteach láithreach é sa sgoil a bhí oireamhnach dó. Bhí an Tadhg ua Cealla san ocht mbliana déag d’ aois an uair sin.
Cúpla lá i ndiaigh an lae a tháinig Tadhg ua Cealla tháinig ógánach eile isteach sa mhainistir. Lochlanach ab eadh é, agus ba léir gur mhac rígh é. Bhí folt gruaige air a bhí chómh dubh le gual, agus bhí a chroicean chómh geal leis an sneachta. Bhí luisne chroídhreac ’n-a dhá leacain, agus bhí gealgháire ’n-a dhá shúil agus ’n-a bhéal i dtreó go raibh báigh ag gach aoinne leis ar an gcéad amharc.
Do tugadh i láthair Cholla é.
“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis, “agus cá mbíon cómhnuighe ort nuair a bhíon tú sa bhaile?”
“Lochlanach iseadh mé, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus Amhlaoibh is ainim dom. Amhlaoibh Óg a tugtar orm, mar Amhlaoibh is ainim dom’ athair leis. Thánag anso chun sgoluigheachta dh’fhághail, mar deir gach aoinne gur anso atá an sgoluigheacht is fearr le fághail.”
“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Is dócha nách d’ár gCreideamh tú, ach ní dheinean san deifrígheacht ar bith. Tabharthas ó Dhia iseadh an Creideamh. Múinfear duit anso pé léighean nó pé eólus atá uait, agus ní baoghal duit go ndéanfaidh aoinne aon cur isteach ort mar gheall ar chreideamh.”
“Táim ’ghá chuimhneamh le fada, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “gur mhaith an rud dom eólus éigin do chur ar bhúr gCreideamh. Ní féidir do dhuine creideamh do ghlacadh gan eólus a chur ar dtúis air. Má chím ó’n eólus gur nídh fóghanta é ba chóir gur mhaith an rud dom é ghlacadh. Pé ’cu ghlacfad é nó ná glacfad cad é an díobháil a dhéanfaidh sé dhom eólus do chur air?”
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa’n t-Abb. “Lean do thoil agus do thuisgint féin sa nídh sin. Go dtugaidh Dia agus Seanán naomhtha dhuit an t-eólus atá uait!”
Do cuireadh Amhlaoibh Óg isteach sa sgoil do ceapadh a bhí oireamhnach dó, agus cá gcurfaí é ach isteach sa sgoil chéadna ’n-ar cuireadh Tadhg ua Cealla.
Níor bh’ fhada gur chuir an bheirt aithne mhaith ar a chéile. Níor bh’fhada gur eirigh caradas mór eatartha. Bhíodar araon go h-ana mhaith chun an léighinn a thógaint, agus ba dheacair d’aoinne a dh’innsint cé ’cu b’fhearr chuige. Ins gach nídh a bhain le neart géag agus le cleasaibh lúth dob’ é an sgéal céadna é. Ní raibh aon bhreith ag aoinne de’n bheirt ar bhuachtaint i gceart ar an bhfear eile. Ach bhí so le feisgint soiléir go leór. Ní raibh aon fhear eile ins na sgolaibh sin a dh’fhéadfadh cimilt le h-aoinne de’n bheirt i n-aon rud a bhain le neart cuirp ná le cleasaibh lúth.
Ní raibh Tadhg Óg ua Cealla abhfad i n-Inis Cathaigh nuair a rugadh soir go Ceann Cora é, go ríghtheighlach Bhriain féin. Bhí aithne mhaith agus cion mór ag Brian ar athair an fhir óig sin, ar Thadhg Mhór ua Chealla. Ní h-aon iongnadh nár fágadh Tadhg Óg abhfad gan breith soir go Ceann Cora.
Agus dar ndó’ nuair a h-iaradh ar Thadhg dul soir níor bh’ fhéidir a chara agus a chómhalta, Amhlaoibh, a dh’ fhágáilt ’n-a dhiaigh sa mhainistir. B’ éigean dóibh araon dul soir. Chómh luath agus do cuireadh aithne thoir ortha ba dhóich leat gur anuas as an spéir a thuiteadar, tháinig a leithéid sin d’ uraim ag gach aoinne dhóibh agus a leithéid sin de chion ag gach aoinne ortha.
Bhí fhios ag gach aoinne gur mhac rígh Tadhg Óg ua Cealla, agus isé rud a deireadh na daoine a chíodh é ’ná, “An t-é ná déanfadh ach feuchaint air, gan aon phioc d’á fhios a bheith aige cé h-é féin, d’ aithneóch’ sé gur mac rígh é!” Bhí an uraim ag ár sínsear riamh do’n rígh agus do mhac an rígh. Ní’limíd féin ró shaor ó’n ngalar gcéadna.
Bhí tuairim láidir ag daoine gur mhac rígh Amhlaoibh, leis, bíodh ná dúbhairt sé féin, luath ná mall, gur bh’eadh. Níor admhuigh sé gur bh’eadh agus ní lúgha ’ná mar a shéan sé gur bh’eadh.
Áit chun an uile shaghas cleasaidheachta, idir ruith agus léim agus iomrasgáil agus caitheamh cloch araige agus tógaint ualaí troma, ab eadh Ceann Cora an uair sin, agus bhí fir óga ann nár bh’fhuiriste buachtaint ortha ins na gníomharthaibh sin. Bhí an bheirt a tháinig aniar ó Inis Cathaigh maith a ndóthin do’n chuid ab fhearr acu, ’sé sin d’á gcómhnaoisibh. Ní raibh aon breith acu, ámhthach, ar aon chimilt a dhéanamh leis na fearaibh stáluighthe cruadha a bhí ann.
I n-éaghmais na lúthchleas bhíodh cleasa agus gleacaidheacht ar na h-airm acu. Bhíodh airm éadtroma ann dos na buachailíbh chun bheith ag déanamh taithíghe dhíobh. D’imir gach duine de’n bheirt cluiche ar gach arm des na h-airm sin leis na buachailíbh ab fearr a bhí ar theighlach Bhriain, agus chuireadar iongnadh ar gach aoinne. Bhíodh capal bata acu ann agus marcach bréige anáirde air agus éide ar an marcach, agus gníomh fir ab eadh ruith chun an mharcaigh sin agus buille thuaigh a thabhairt dó sa cheathramhain agus idir éide agus ceathramha do ghearadh leis an mbuille sin i dtreó go dtuitfeadh an chos ar thaobh de’n chapal agus an marcach ar an dtaobh eile.
Dubhairt Amhlaoibh gur dhóich leis go ndéanfadh sé an gníomh san. Do tugadh tuagh Mhurchadh mhic Bhriain chuige. Bhí sí ró throm dó. Do tugadh tuagh ná raibh chómh trom chuige. Do cuireadh anáirde an fear bréige ar an gcapal bréige. Do chas Amhlaoibh an tuagh agus do rith sé chun an mharcaigh agus do bhuail sé a bhuille. Chuir an buille stangadh sa n-éide a bhí ar ceathramhain an fhir bhréige. Sin ar chuir.
Do cuireadh suas an fear bréige airís agus éide shlán air. Do rug Tadhg Óg ua Cealla ar thuaigh eile. Do thoibh sé féin an tuagh. Bhain sé casadh as an dtuaigh agus do rith sé chun an mharcaigh bhréige. Tháinig an tuagh anuas ar an gceathramhain. Do thuit an chos ar thaobh de ’n chapal agus an fear ar an dtaobh eile.
Do leath a dhá shúil ar Amhlaoibh.
“Ó!” ar seisean, “agus níor chuiris leath do nirt leis an mbuille!”
“Do chuireas,” arsa Tadhg, “ach níor dhóich leat gur chuireas. Cleas iseadh é. Chuiris-se oiread nirt leis an mbuille agus chuireas-sa leis, ach níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar. Ní’l ann ar fad ach cleas, agus taithíghe ar an gcleas.”
“B’fhéidir é,” arsa Amhlaoibh, “ach mo thruagh-sa an fear go n-imireófá-sa an cleas san air i láthair catha.”
Do rug Amhlaoibh ar bhogh Mhurchadh. Mheas sé an bogh do lúbadh. Do theip air.
“Ba mhaith liom aon urchar amháin a dh’fheisgint uait, a rígh,” ar seisean le Murchadh.
“Chífir agus fáilte, a mhic ó,” arsa Murchadh. Do rug Murchadh ar an mbogh agus do lúb sé é agus chuir sé an tsrang air mar ba chóir chun lámhaigh. Ansan do rug sé ar shaighid agus chuir sé an saighead leis an sraing. Bhí an bogh dhá shlait ar faid. Chuir sé an lámh chlé n-a lár. Tharaing sé an tsrang leis an láimh dheis go dtí gur dhóich le duine ná raibh dhá throigh idir dhá cheann an bhogha. Thug sé aghaidh ar an dtaobh thall de’n ghleann. Do thárla éan faraige bheith ag gluaiseacht fan an ghleanna thall, lasmuich, dar le n-a raibh láithreach, de raon aon urchair. Do sheinn an tsrang. Do ghluais an saighead. Bhí súil gach aoinne ar an saighead agus ar an éan. Chonacadar ag teacht chun a chéile iad. Do chuaidh an saighead tríd an éan agus thuiteadar araon chun tailimh thall ar thaobh an ghleanna. Do rith buachail anonn agus thug sé leis anall iad. Bhí iongnadh agus alltacht ar Amhlaoibh nuair a thuig sé i n’ aigne cad é an neart nár bh’fholáir a bheith sa bhfear a chaith an t-urchar san.