Is dócha gur mithid tuairisg éigin a thabhairt ar cad d’imthigh ar Amhlaoibh. Tá innste cheana conus mar a bhí sé féin agus Gormfhlaith ana mhór le n-a chéile go luath tar éis iad do chur aithne ar a chéile i gCeann Cora. Ó’n gcéad lá a chonaic Gormfhlaith é do chrom sí ar ana chúram a dhéanamh dé i gcómhnuighe. Sa chaint dóibh do chuir Gormfhlaith isteach i n-aigne an ógánaigh na smaointe céadna a bhí ’n-a h-aigne féin i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Árdrígheachta na h-Éirean. Dhein sí an obair sin, i ndiaigh ar ndiaigh, go h-ana réidh agus go h-ana ghasta. Chuir sí isteach i n’ aigne, a gan fhios dó nách mór, an fuath agus an mhioscais chéadna a bhí ’n-a croídhe féin i gcoinnibh Bhriain agus i gcoinnibh Mhurchadh. Dhein sí rud eile. Do mhúin sí dhó,--níor dheacair di é, ámhthach,--conus an fuath do choimeád istigh agus an gealgháire do thaisbeáint lasmuich.
Lá d’á raibh sé féin agus Tadhg Óg ua Cealla i gCeann Cora bhí sé féin agus Gormfhlaith i n-áit fé leith agus iad ag caint, agus gan aon choinne ag Tadhg ná ag aoinne eile nách ag trácht a bhíodar ar mhuintir Amhlaoibh a bhí thoir sa bhaile. Ní h-ar aon nídh dh’á shórd san a bhíodar ag caint. Bhí Gormfhlaith ag cur síos d’ Amhlaoibh ar Bhrian agus ar Mhurchadh, agus ar an gcuma ’n-a raibh an uile shaghas éagcóra ag an mbeirt ’á dhéanamh uirthi féin. Ní raibh seóid ná duais saidhbhir riamh aici nár tógadh uaithi chun é bhronnadh ar rígh éigin nó ar phriúnsa éigin, i dtreó go mbéadh sé buidheach de Bhrian.
“Nár chóir, a rígan,” arsa Amhlaoibh, “go dtuigfeadh sé i n’ aigne nár bheag dó a chuid féin do bhronnadh agus gan cuid duine eile do bhronnadh.”
“Is cuma leis, a mhic ó,” ar sise. “Aon rud uasal n-a gcuirfidh sé a shúil agus a lámh air ní bheidh suaimhneas ná sástacht aigne air go dtí go mbeidh an rud san tabhartha uaidh aige do rígh éigin nó d’ uasal éigin. Do chuir an Pápa chúghainn anall anso ó’n Róimh seóid ana shaidhbhir, cailís óir a bhí chómh trom san gur bh’ar éigin fhéadfá í dh’iompar ad’ láimh. Bhí muirighean mo dhá lámh féin inti. Dob’ fhiú saidhbhreas mór í mar gheall ar a raibh d’ór inti agus gan trácht ar a thuille. Ach an órnáid oibre a bhí geártha uirthi, ba mhó ab fhiú an órnáid ealadhanta san ’ná an t-ór féin. Agus d’á éaghmais sin go léir bhí crios uirthi de chlochaibh loghmhara agus cheannóch’ gach cloch díobh leath na Múmhan duit! Ní thabharfainn an chailís sin ar shaidhbhreas na Múmhan. Ní thabharfainn go deimhin. Ba liom-sa an chailís sin má ba le Brian í. Cad a dhein sé? Chómh luath agus tháinig Colla agus na manaigh sin thíos go h-Inis Cathaigh do rug sé leis síos an chailís uasal san agus thug sé do Cholla í, gan oiread agus a fhiafraighe dhíom-sa ar mhaith liom é nó ar bh’oth liom é! Cad ’deirir leis sin, a Amhlaoibh? Ná déanfadh cailís ba lúgha ab fhiú ’ná an chailís sin an gnó do mhainistir Ínse Cathaigh?”
An fhaid a bhí an méid sin cainte ag Gormfhlaith ’á rádh níor labhair Amhlaoibh. Nuair a bhí an chaint ráidhte aici níor labhair sé puínn. An méid cainte do labhair sé ní h-ar an gcailís a labhair sé í. Níor bh’fhada go ndeigh sé ag triall ar an gcuid eile de’n teighlach mar a raibh Tadhg. Chríochnuighdar an chuaird agus tháinig an bheirt abhaile go h-Inis Cathaigh.
Tamal ’n-a dhiaigh san iseadh tháinig an fonn ar Amhlaoibh chun an Chreidimh a ghlacadh. Níor bh’fhada a bhí an Creideamh glacaithe aige nuair adúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Chuir Colla an mí teástála air, mar a dúbhradh. D’imthigh an mí agus do h-ollamhuigheadh é agus do cuireadh ins na mion-Órdaibh é. Do deineadh deacon dé agus do cuireadh isteach sa n-érdam é. Istigh sa n-érdam san a bhí an córtha láidir, agus istigh sa chórtha san a bhí an bosca iarainn agus an chailís uasal istigh sa bhosca.
An fear n-a raibh cúram an érdaim air roime Amhlaoibh bhí sé, mar a dúbhradh, imthighthe anonn go dtí an Róimh. D’fhan culaith éadaigh leis, culaith manaigh, ’n-a dhiaigh sa n-érdam. Fuair Amhlaoibh an chulaith, idir aibíd agus cochal. Chuir sé an chulaith i gcoimeád. Bhí gnó aige dhi. Ansan do leig sé air le Colla go raibh gnó ag an mBanrighin dé agus gur mhaith leis cead fhághail chun dul go Ceann Cora. Fuair sé an cead. D’imthigh sé suas. Níor bh’ fhada gur iar sé airís an cead céadna. Má iar do fuair. Nuair a bhí taithighe déanta aige ar an gcead san d’ iaraidh agus d’fhághail dhein sé rud eile. Do thóg sé leis aibíd agus cochal an mhanaigh a bhí roimis sa n-érdam chun a sheómra codlata agus chuir sé uime iad. D’fhill sé a ghruaig fhada dhubh fé’n gcochal agus dhún sé an aibíd tímpal a mhuiníl agus d’fheuch sé sa sgáthán.
“Déanfair an gnó!” ar seisean i n’ aigne féin.
Cúpla lá ’n-a dhiaigh san tháinig sé ag triall ar Cholla agus d’iar sé cead dul suas go Ceann Cora.
“Tá, a Athair,” ar seisean, “bád ag dul suas ar eirighe lae ar maidin. Raghaidh mé suas ar an mbád san agus ansan féadfad, b’fhéidir, bheith anuas níos tráthamhla.”
“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.
Ní h-ar eirighe lae a bhí an bád san ag dul suas go Luimneach ach uair a’ chloig roim lá. D’eirigh Amhlaoibh uair gho leith a’ chloig roim lá agus chuir sé uime culaith an mhanaigh agus d’fhill sé a ghruaig fé’n gcochal, agus siúd chun an bháid é. Bhí an doircheacht ann agus níor chuir aoinne aon speic air. Dhíol sé an t-éileamh agus chuaidh sé isteach. Nuair a shrois sé Luimneach is ar cheártain Mheargaigh a thug sé aghaidh. Chonaic sé Meargach.
“Dúbhairt Colla liom, a dhuin’uasail,” ar seisean, “a fhiafraighe dhíot a’ bhféadfá macshamhail a dhéanamh dó’n eochair úd a dheinís dó chun na cailíse chur fé ghlas.”
“Cad d’imthigh ar an eochair a dheineas dó?” arsa Meargach.
“Níor inis sé dhom, a dhuin’uasail, cad d’imthigh uirthi ná ar imthigh aon rud uirthi,” arsa Amhlaoibh, go símplídhe.
“Tá go maith,” arsa Meargach. “Is cuimhin liom an eochair. Ní bheidh mé neómat ’á déanamh duit. Suigh ansan. Ní fiú dhuit imtheacht. Tabharfaidh mé dhuit í láithreach.”
B’ fhíor dhó. Cúpla buille chasúr agus cúpla sgríob bara-ciomalta agus bhí an eochair déanta.
“Seo,” arsa Meargach. “Siní agat í. Seachain agus ná caill í mar a cailleadh an ceann eile.”
“Gura maith agat, a dhuin’uasail,” arsa’n manach bréige.
Tháinig Amhlaoibh amach as an gceártain agus an eochair aige. Bhí sgannra air an fhaid a bhí sé istigh le h-eagla go ndéarfadh Meargach, “Raghad féin síos ag triall ar Cholla leis an eochair seo.” Ní dúbhairt. Thug sé an eochair do’n mhanach, dar leis, agus bhí Amhlaoibh sásta.
Chómh luath agus bhí sé ar an dtaobh amuich de’n cheártain d’imthigh sé i n-áit chaothamhail éigin agus bhain sé dhé an aibíd agus an cochal agus bhí sé ’n-a riocht féin. Dhein sé ceirthlín bheag chruaidh de’n aibíd agus de’n chochal agus chuir sé fé n’ osgail an cheirthlín, agus d’imthigh sé suas go Ceann Cora. Chonaic sé Gormfhlaith. D’inis sé dhi cad a bhí déanta aige, agus thaisbeáin sé an eochair di.
“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a tógadh uait an chailís sin bheartuigheas am’ aigne go dtabharfainn chúghat tar n-ais í nó go gcaillfinn an t-anam. Tá an eochair seo agam anois, agus féadfad an chailís a thabhairt liom agus an bosca dh’fhágailt am dhiaigh agus an glas air, agus ní aithneóchaidh aoinne an chailís a bheith imthighthe ní fios cathin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar amach nuair a bhíon aon ócáid áirighthe ann. Ní tógtar amach an chailís dhaor choídhche.--Tá aon chontabhairt amháin sa sgéal, ámhthach. Dá ráineóch’ Measgach agus Colla bheith ag caint agus go bhfiafróch’ Meargach de Cholla, ‘Ar dhein an eochair nua úd a dheineas duit an gnó?’ nó rud éigin de’n tsórd san, bhí an sgéal amuich orm. Ní mór dhom an chailís a thabhairt chúghat, a rígan, chómh luath agus d’ fhéadfad é, agus ansan bheith ag faire chúgham.”
Bhí áthas an domhain ar Ghormfhlaith. Ní raibh aon chuimhneamh aici go ndéanfadh an buachail sin a leithéid de ghníomh, agus é dhéanamh chómh ciúin, chómh gasta. Do mhol sí é agus do mol sí airís é. Do rug sí air agus chrom sí ar é phógadh. Do phóg sí go dlúth é, airís agus airís eile, agus “Mo ghrádh mo leanbh!” ar sise leis, i n-aghaidh gach póige d’ár thug sí dhó. Ansan do chrom sí ar ghol. Ansan d’ áirimh sí airís dó na h-éagcórtha troma cruadha a bhí d’á ndéanamh uirthi, Brian ’ghá ndéanamh uirthi agus Murchadh ag séideadh féi. Ar ball do chuaidh sí chun suaimhnis, agus thriomuigh sí a súile, agus tháinig a snua féin agus a gnaoi féin di. D’fheuch Amhlaoibh uirthi agus thuig sé i n’ aigne gur mhór an tíránach Brian agus gur bh’ é rud Murchadh ’ná annsgian díoblaidhe, agus an t-é a chuirfeadh as an saoghal an bheirt gó mbéadh comaoine mhór curtha ar an saoghal aige.
“Suigh ansan go fóil, a laogh,” ar sise. “Beidh mé thar n-ais chúghat láithreach.”
D’imthigh sí. Níor bh’fhada gur fhill sí, agus rud éigin aici ’n-a láimh, fillte i n-éadach. D’osgail sí an t-éadach. Ímhágh do’n Mhaighdin Mhuire iseadh ’bhí aici, ímhágh airgid. An t-é a dhein an ímhágh san dhein sé go maith í. Bhí sí tímpal sé h-órla ar aoirde agus bhí sí cúmtha ana chruinn do’n réir sin, agus í fírinneach ’n-a déanamh do réir mar ba cheart cló duine a bheith. Ach bhí nídh thairis sin inti. Tháinig leis an gceárdaidhe, pé r’ bh’ é féin, sgáil gnaoi éigin do chur sa n-aghaidh i dtreó gur dhóich leat nuair fheuchfá ar an aghaidh gur bh’ í aghaidh na Maighdine féin a bhéadh ann. D’fheuch Amhlaoibh ar an ímhágh, agus má fheuch do mhothuigh sé ag teacht ’n-a chroídhe, do’n ímhágh san, uraim nár mhothuigh sé a leithéid riamh roimis sin ’n-a chroídhe.
“Is áluinn an ímhágh í sin, a rígan!” ar seisean.
“Seo, a mhic ó,” arsa Gormfhlaith, “beir leat síos go dtí an mhainistir í sin, agus tabhair do Cholla í, agus abair leis gur mise chuir chuige í, agus gur b’ shiné gnó a bhí agam díot-sa indiu, chun na h-ímhágha san a bhreith síos ag triall air agus í bhronnadh air. Ímhágh dheas iseadh í. Ní thabharfainn-se, ámhthach, an chailís úd ar mhíle, ní h-eadh, ach ar deich míle, d’á sórd. Beidh áthas mór ar Cholla nuair a gheobhaidh sé an ímhágh san. Cuirfidh an t-áthas san é ó aon chuimhneamh i n-aon chor a bheith aige go bhféadfá-sa aon ghnó eile bheith anso ainíos indiu agat ach chun í sin a bhreith síos ag triall air. Déanfaidh an t-áthas rud eile. Nuair iarfair-se ar Cholla cead teacht ainíos airís amáireach tabharfaidh sé dhuit an cead gan cheistiúchán.”
“Tuigim thu, a rígan,” arsa Amhlaoibh.
Bhí sé ag imtheacht agus an ímhágh aige, agus an cheirthlín fé n’ osgail aige. Do labhair Gormfhlaith airís agus na deóracha le n-a súilibh.
“Tabhair aire mhaith dhuit féin, a laogh,” ar sise. “Beart ana chontabharthach iseadh an bheart atá idir lámhaibh agat. Ní tusa amháin atá sa chontabhairt feasta. Táim-se anois chómh fada isteach sa chontabhairt agus ataoí-se. Tabhair aire mhaith dhuit féin.”
“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” ar seisean, agus d’ imthigh sé.
Tháinig sé chun na mainistreach. Chuaidh sé chun an érdaim. D’ osgail sé an cheirthlín agus chuir sé an cochal agus an aibíd sa n-áit ’na bhfuair sé ar dtúis iad. Siúd ag triall ar Cholla ansan é.
“Seo, a Athair,” ar seisean, “rud a chuir an Bhanrighin anuas chúghat-sa. Siné gnó a bhí aici dhíom indiu, chun go dtabharfainn chúghat anuas é sin.”
D’fheuch Colla ar an ímhágh. Do stad sé ar feadh tamail agus é ag feuchaint uirthi.
“Ó,” ar seisean, “is áluinn an ímhágh í sin! Is beannuighthe an ímhágh í. Ní fhéadaim gan grádh do’n Mhaighdin Mhuire do mhothughadh ag lasadh istigh am’ chroídhe nuair fheuchaim ar an ímhágh sin! Abradh an saoghal a rogha rud,” ar seisean, “bean mhaith iseadh Gormfhlaith! Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhronnfadh sí an ímhágh so orainn. Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhéadh a leithéid i n-aon chor aici.”
“Dúbhairt sí liom dul suas airís amáireach, a Athair,” arsa Amhlaoibh, “go raibh gnó éigin eile aici dhíom.”
“Tá go maith, a mhic ó. Comáin leat,” arsa Colla.