An fhaid a bhí mór-shluagh Bhriain ag teacht abhaile ó Theamhair go Ceann Cora an uair sin ní raibh aon lá gan an uile shaghas ráflaí ag gluaiseacht ameasg na bhfear ar na neithibh iongantacha a bhí, dar le daoine, ar siúbhal lastuaidh i Leath Chuinn. Bhí mór-shluagh uathbhásach ag M’lsheachlainn ’á chruinniughadh, a deirthí. Clanna Néill go léir ag cruinniughadh as gach áird agus a gcáirde leó. Lochlanaigh ag dul amach ó Bhaile Átha Cliath ag cabhrughadh le M’lsheachlainn i gcoinnibh Bhriain. Lochlanaigh ag dul óthuaidh ó’n Múmhain chun díoltais a dhéanamh ar Bhrian agus ar Leath Mhogha. Slóighte Lochlanach ag teacht anall tar faraige ag cabhrughadh le Lochlanaigh na h-Éirean i gcoinnibh Bhriain, i gcoinnibh an aon fhir amháin a bhí tar éis cómhacht Lochlanach do chur ar neamhnídh i n-Éirinn. Dar le lucht na ráflaí dhein Brian botún uathbhásach nuair a thug sé an bhliain do Mh’lsheachlainn chun a nirt a chruinniughadh agus chun é féin do chur i dtreó i gcóir an chatha mhóir a troidfí nuair a bhéadh an bhliain istigh.
Dubhairt daoine ná raibh aon bhrígh leis na ráflaibh sin. Dúbhairt daoine eile go raibh agus gach aon bhrígh leó, agus go neósfadh an aimsir go raibh brígh leó.
D’ airigh Brian agus a lucht cómhairle na ráflaí go léir. Níor chuir sé aon tsuim ionta. Ní dúbhairt sé ’seadh ná ní h-eadh leó. Níor ghádh dhó é. Ní raibh aon pháirt de Leath Chuinn ná raibh a theachtairí aige ann agus cúntas cruinn aige d’á fhághail uatha ar gach aon rud a bhí ag tuitim amach lastuaidh. Isé Caoilte a bhí ’n-a cheann ar na teachtairíbh sin. Chuireadh sé duine acu ódheas i n-aghaidh an lae nách mór, le blúire éigin eóluis, ag triall ar Bhrian.
Bhí fhios ag Niamh agus agá dritháir Caoilte bheith ag déanamh na h-oibre sin. Bhí nídh ar a n-aigne féin a bhí ag déanamh buartha dhóibh. B’é nídh é sin ’ná cad a bhí imthighthe ar Amhlaoibh nó cé ’cu beó nó marbh a bhí sé. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Thadhg, mar ní áiteóch’ an saoghal air ná gur deineadh éagcóir throm éigin ar Amhlaoibh. Go dtiocfadh sé thar n-ais gan teip mura mbéadh nár fágadh ar a chumas teacht. Bhí an nídh sin ag déanamh buartha do Niamh, ach má seadh ní buairt de’n tsaghas chéadna a bhí aige ’á dhéanamh di. Bhí an dá mhachtnamh úd ’n-a h-aigne aici mar gheall air, agus gan ar a cumas an dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile.
Dúbhairt Tadhg gur dhóich leis gur mhaith an rud teachtaire chur óthuaidh ag triall ar Chaoilte ’ghá rádh leis bheith ar thuairisg an t-é a bhí uatha. Go mb’ fhéidir go dtiocfaí suas le tuairisg éigin air lastuaidh, go mór mór ameasg Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do socaruigheadh air sin. Do soláthruigheadh an teachtaire. Do sgríobhadh leitir fhada agus do tugadh dó í le breith ag triall ar Chaoilte. Do cuireadh síos sa leitir sin an uile bhlúire eóluis d’á raibh ag an mbeirt ar Amhlaoibh. Do cuireadh síos a chómharthaí go léir inti, a dhriuch agus a dheabhramh, a aos do réir tuairim, a théagar agus a aoirde agus dath a ghruaige. Ní baoghal ná gur mhol Tadhg a phearsa agus a thréithe. D’imthigh an teachtaire agus do rug sé leis an leitir. Tar éis raint aimsire tháinig sé suas le Caoilte agus thug sé dhó í. Do léigh Caoilte an leitir. Má léigh ba chuimhin leis láithreach an t-ógánach Lochlanach a bhí ar iaraidh. Bhí aithne mhaith aige air, ach ní raibh, dar leis, aithne ag Amhlaoibh air-sean. Chuir sé leitir thar n-ais ag triall ar Niamh agus ar Thadhg ’ghá innsint dóibh go raibh aithne aige ar Amhlaoibh, agus go ndéanfadh sé a dhícheal ar a dh’ fhághail amach cá raibh sé, nó an raibh sé beó.
Bíodh nár chuir Brian suim ins na ráflaíbh, mar nár ghádh dhó é, do dhein sé an uile shaghas díchil ar a shlóightibh do mhéadughadh agus do neartughadh agus do chur i dtreó i gcóir na h-oibre a bhí roimis ar theacht na h-athbhliana. Chuir sé tuille fear isteach ins gach buidhin d’á shluagh, agus dhein sé buidheana eile i dteannta na mbuidhean a bhí aige. Chruinnigh sé ualaí móra éadaigh agus ualaí móra arbhair ó gach aon pháirt de’n Mhúmhain agus d’á raibh d’ oileán na h-Éirean fé n-a smacht. Tháinig ualaí móra iarainn go Ceann Cora ó gach áit ’n-a raibh iaran ’á thógaint as an dtalamh, agus b’éigean do Mheargach oiread eile gaibhní chur ag obair agus bhí ag obair cheana aige, i dtreó go raibh na h-airm d’á ndéanamh níos tiúgha ar dúbailt ’ná mar a déintí roimis sin iad. Nuair a chonaic lucht na ráflaí an t-éirleach oibre ar fad ar siúbhal: “Ach!” adeiridís, “buadhfaidh Brian ar Mh’lsheachlainn agus ar a bhfuil de Lochlanachaibh fé luighe na gréine!”
Do fuaradh amach lastuaidh, i gcaitheamh na bliana, cad é an t-éirleach ollmhúcháin a bhí ar siúbhal i gCeann Cora. Má fuaradh isé rud a dhein gach rígh des na ríghthibh thuaidh ’ná cúbadh chuige agus M’lsheachlainn a dh’ fhágáilt gan chabhair gan chongnamh. Thugadar cómhairle chómhngarach neamh-chongantach dó. Dúbhradar leis, nuair ná raibh ar a chumas an Árdrígheacht do chosaint ar Bhrian nár bh’ fhearra dhó rud a dhéanfadh sé ’ná an Árdrígheacht a thabhairt do Bhrian agus luighe isteach fé Bhrian ’n-a rígh cúige. Dúbhradar leis nár bh’ aon mhaith dhóibh féin dul i gcoinnibh Bhriain agus Dhál gCais. Ná géillfeadh Dál gCais an fhaid a bhéadh duine acu beó, agus ná fágfaidís namhaid beó ’n-a ndiaigh. Ná géillfeadh ríogra Uladh ach chómh beag. Gur bh’ amhlaidh a dhéanfadh an dá shluagh a chéile do dhísgiughadh. Ansan nár bh’fhios cé aige go mbéadh Éire, ná cé aige go mbéadh Árdrígheacht na h-Éirean. Gur bh’ fhearr an tsíthcháin agus géilleadh do Bhrian.
B’ éigean do Mh’lsheachlainn bheith sásta. Tháinig deire na bliana. Do ghluais Brian agus a mhór-shluagh óthuaidh airís go Teamhair. Tháinig M’lsheachlainn ag triall air agus thug sé dhó an Árdrígheacht agus do luigh sé féin isteach ’n-a rígh cúige fé Bhrian. Ar Chúige na Mídhe iseadh dh’ fhág Brian ’n-a rígh é.
Bhí a lán daoine sásta go maith. Bhí a lán daoine agus ba chuma leó. Agus bhí raint daoine agus bhíodar ana mhí-shásta. Bhí Gormfhlaith ar an raint sin.